Datasets:

DOI:
License:
fdelucaf's picture
Upload 25 files
f1a8d25 verified
Is iad tairbhithe Chonradh Marrakech ná daoine dalla, daoine atá faoi mhallachar amhairc nach féidir a fheabhsú chun go mbeidh feidhm amhairc acu atá coibhéiseach go substaintiúil le feidhm amhairc duine nach bhfuil an mallachar sin orthu, nó daoine atá faoi mhíchumas aireachtála nó léitheoireachta, lena n-áirítear disléicse nó aon mhíchumas foghlama eile, lena gcuirtear cosc orthu saothair chlóite a léamh go dtí an leibhéal céanna, go substaintiúil, le daoine nach bhfuil faoin míchumas sin, agus daoine nach bhfuil ábalta, mar thoradh ar mhíchumas coirp, breith ar leabhar nó leabhar a láimhseáil, nó nach bhfuil ábalta a súile a fhócasú nó a bhogadh a mhéid a bheadh inghlactha de ghnáth don léitheoireacht, a mhéid nach bhfuil na daoine sin ábalta, mar thoradh ar na mallachair nó ar na míchumais sin, saothair chlóite a léamh go dtí an leibhéal céanna go substaintiúil le daoine nach bhfuil na mallachair ná na míchumais sin orthu.
Maidir le daoine dalla, daoine lagamhairc nó daoine atá faoi mhíchumas léitheoireachta cló ar aon bhealach eile, is iomaí bac atá rompu fós chun leabhair agus ábhar clóite eile atá cosanta le cóipcheart nó le cearta gaolmhara a rochtain.
Tá an gá chun méadú a dhéanamh ar líon na saothar agus an ábhair cosanta eile atá i gcóipeanna i bhformáidí inrochtana atá ar fáil do na daoine sin agus feabhas a chur ar a gciorclaíocht agus ar a scaipeadh aitheanta ar leibhéal idirnáisiúnta.
I gcomhréir le Tuairim 3/15 ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh [4], caithfear na heisceachtaí nó na teorainneacha ar chóipcheart agus ar chearta gaolmhara nó na teorainneacha leis na cearta sin chun cóipeanna i bhformáidí inrochtana de shaothair áirithe agus d'ábhar eile dá bhforáiltear i gConradh Marrakech a chur chun feidhme laistigh den réimse a chomhchuibhítear le Treoir 2001/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle [5].
Is amhlaidh atá i gcás na socruithe maidir le hallmhairiú agus le honnmhairiú a fhorordaítear leis an gconradh, sin a mhéid a beartaíodh iad, i ndeireadh na dála, chun cóipeanna i bhformáid inrochtana a fhoilsítear i gcríoch páirtí eile a chur in iúl don phobal nó a dháileadh i gcríoch páirtí, gan toiliú na sealbhóirí cirt a fháil.
Maidir le Treoir (AE) 2017/1564 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle [6], is é is aidhm léi oibleagáidí nach mór don Aontas a chur chun feidhme faoi Chonradh Marrakech a chur chun feidhme ar bhealach comhchuibhithe chun feabhas a chur ar infhaighteacht cóipeanna i bhformáid inrochtana do dhaoine is tairbhithe i mBallstáit uile an Aontais agus ar a gciorclaíocht de chóipeanna i bhformáid inrochtana den chineál sin laistigh den mhargadh inmheánach, agus cuirtear de cheangal ar na Ballstáit leis an Treoir eisceacht shainordaitheach a thabhairt isteach ar chearta áirithe sealbhóirí cirt atá comhchuibhithe ag dlí an Aontais.
Is é is aidhm leis an Rialachán seo ná na hoibleagáidí faoi Chonradh Marrakech a chur chun feidhme maidir leis na socruithe i leith cóipeanna i bhformáid inrochtana a onnmhairiú agus a allmhairiú chun críocha neamhthráchtála chun leasa daoine is tairbhithe idir an tAontas agus tríú tíortha atá ina bpáirtithe i gConradh Marrakech agus na coinníollacha don onnmhairiú agus don allmhairiú sin a leagan síos ar bhealach aonfhoirmeach laistigh den réimse a chomhchuibhítear le Treoracha 2001/29/CE agus (AE) 2017/1564 chun a áirithiú go gcuirtear na bearta sin i bhfeidhm go comhsheasmhach ar fud an mhargaidh inmheánaigh agus nach ndéantar an comhchuibhiú ar chearta eisiacha agus eisceachtaí atá ann sna Treoracha sin a chur i mbaol leo.
Ba cheart a áirithiú leis an Rialachán seo gur féidir cóipeanna i bhformáid inrochtana de leabhair, lena n-áirítear ríomhleabhair, irisleabhair, nuachtáin, irisí agus scríbhinní eile, nodaireachtaí, lena n-áirítear bileoga ceoil, agus ábhar clóite eile, lena n-áirítear i bhfoirm fuaime, cibé acu digiteach nó analógach, a rinneadh in aon Bhallstát i gcomhréir leis na forálacha náisiúnta a glacadh de bhun Threoir (AE) 2017/1564 a dháileadh, a chur in iúl nó a chur ar fáil do dhuine is tairbhí nó d'eintiteas údaraithe dá dtagraítear i gConradh Marrakech.
Ar fhormáidí inrochtana áirítear, mar shampla, Braille, cló mór, ríomhleabhair oiriúnaithe, closleabhair agus craoltaí raidió.
Agus “cuspóir neamhthráchtála Chonradh Marrakech” á chur san áireamh [7], níor cheart an dáileadh, an cur in iúl don phobal ná cur ar fáil don phobal a dhéantar i gcás cóipeanna i bhformáid inrochtana do dhaoine dalla, do dhaoine lagamhairc nó do dhaoine atá faoi mhíchumas léitheoireachta cló ar aon bhealach eile nó d'eintitis údaraithe sa tríú tír a dhéanamh ach ar bhonn neamhbhrabúsach ag eintitis údaraithe atá bunaithe i mBallstát.
Leis an Rialachán seo freisin ba cheart ceadú d'onnmhairiú agus rochtain ar chóipeanna i bhformáid inrochtana a dhéantar i gcomhréir le cur chun feidhme Conradh Marrakech, ó thríú tír, ag daoine is tairbhithe san Aontas agus ag eintitis údaraithe atá bunaithe i mBallstát, chun críoch neamhthráchtála chun leasa daoine dalla, daoine lagamhairc nó daoine atá faoi mhíchumas léitheoireachta cló ar aon bhealach eile.
Ba cheart go mbeadh sé indéanta na cóipeanna i bhformáid inrochtana sin a scaipeadh sa mhargadh inmheánach faoi na coinníollacha céanna agus a bhaineann le cóipeanna i bhformáid inrochtana a dhéantar san Aontas i gcomhréir le Treoir (AE) 2017/1564.
Chun feabhas a chur ar infhaighteacht cóipeanna i bhformáid inrochtana agus chun cosc a chur ar scaipeadh neamhúdaraithe saothar nó ábhair eile, ba cheart d'eintitis údaraithe a ghabhann do dháileadh, do chur in iúl don phobal nó do chur ar fáil don phobal cóipeanna i bhformáid inrochtana oibleagáidí áirithe a chomhlíonadh.
Ba cheart tionscnaimh ó na Ballstáit chun cuspóirí Chonradh Marrakech agus chun malartú cóipeanna i bhformáid inrochtana de shaothair áirithe le tríú tíortha atá ina bpáirtithe sa chonradh sin a chur chun cinn, agus chun tacú le heintitis údaraithe chun faisnéis a mhalartú agus a chur ar fáil a spreagadh.
Ba cheart go n-áireofaí leis na tionscnaimh sin forbairt treoirlínte nó dea-chleachtas maidir le cóipeanna i bhformáid inrochtana, i gcomhairle le hionadaithe eintiteas údaraithe, le daoine is tairbhithe agus le sealbhóirí cirt.
Maidir le haon phróiseáil sonraí pearsanta a dheantar faoin Rialachán seo tá sé bunriachtanach go n-urramaítear léi cearta bunúsacha, lena n-áirítear an ceart chun measa ar an saol príobháideach agus ar shaol an teaghlaigh agus an ceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint faoi Airteagal 7 agus Airteagal 8 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (“an Chairt”), agus tá sé ríthábhachtach go mbeidh aon phróiseáil den sórt sin, faoi mar a fhéadfaidh eintitis údaraithe a dhéanamh faoi chuimsiú an Rialacháin seo agus faoi mhaoirsiú údaráis inniúla na mBallstát, go háirithe na húdaráis neamhspleácha phoiblí arna n-ainmniú ag na Ballstáit, i gcomhréir le Treoir 95/46/CE [8] agus Treoir 2002/58/CE [9] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
Ráthaíonn Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine atá faoi Mhíchumas (“UNCRPD”), ar páirtí ann an tAontas, do dhaoine faoi mhíchumais an ceart rochtain a fháil ar fhaisnéis agus ar oideachas agus an ceart páirt a ghlacadh sa saol cultúrtha, eacnamaíoch agus sóisialta ar bhonn comhionann le daoine eile.
Ceanglaítear le UNCRPD ar na páirtithe sa Choinbhinsiún gach beart is gá a dhéanamh, i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta, chun a áirithiú nach bhfágann na dlíthe lena gcosnaítear cearta maoine intleachtúla go gcruthaítear bacainní míréasúnacha nó idirdhealaitheacha ar rochtain ag daoine faoi mhíchumais ar ábhair chultúrtha.
Faoin gCairt, toirmisctear gach cineál idirdhealaithe, lena n-áirítear ar fhoras míchumais, agus aithníonn agus urramaíonn an tAontas an ceart atá ag daoine faoi mhíchumas chun leas a bhaint as bearta a dheartar chun a neamhspleáchas, a lánpháirtiú sóisialta agus gairmiúil agus a rannpháirtíocht i saol an phobail a áirithiú.
Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon na hoibleagáidí faoi Chonradh Marrakech i leith cóipeanna i bhformáid inrochtana de shaothair áirithe agus ábhar eile a onnmhairiú agus a allmhairiú chun críocha neamhthráchtála agus chun leasa daoine is tairbhithe idir an tAontas agus tríú tíortha atá ina bpáirtithe i gConradh Marrakech a chur chun feidhme go haonfhoirmeach, agus na coinníollacha don onnmhairiú ná don allmhairiú sin a leagan síos, a ghnóthú go leordhóthanach, ach, de bharr a fhairsinge agus a éifeachtaí, gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach.
I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.
Bunaítear le Rialachán (AE) 2016/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle plean ilbhliantúil do na stoic troisc, scadáin agus saláin i Muir Bhailt (“an plean”).
Is é is cuspóir don phlean rannchuidiú le cuspóirí an chomhbheartais iascaigh a bhaint amach agus, go háirithe, a áirithiú go ndéanfaidh saothrú bheo-acmhainní bitheolaíocha na mara líon na speiceas saothraithe a athbhunú agus a chothabháil os cionn leibhéil is féidir uastáirgeacht inbhuanaithe (UTI) a tháirgeadh.
Leagtar amach in Airteagal 1 de Rialachán (AE) 2016/1139 na stoic éisc i Muir Bhailt lena mbaineann, lena n-áirítear an stoc scadáin i Muir na Boitnia agus an stoc scadán i mBá na Boitnia.
Chun acmhainn iomlán síolraithe na stoc sin a chosaint, bunaítear in Iarscríbhinn I agus Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán sin pointí tagartha caomhnaithe áirithe, lena n-áirítear raonta básmhaireachta iascaireachta agus pointí tagartha do bhithmhais stoic sceite.
Léiríodh sa mheastóireacht eolaíoch a rinne an Chomhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara (ICES) in 2017 ar an stoc scadáin i Muir na Boitnia agus ar an stoc scadáin i mBá na Boitnia go bhfuil an dá stoc sin cosúil le chéile.
Dá bharr sin, rinne ICES stoc amháin den dá stoc, d'athraigh siad teorainneacha a limistéir gheografaigh dáileacháin agus rinne siad meastachán in athuair ar UTI na raonta básmhaireachta iascaireachta agus ar na pointí tagartha caomhnaithe ábhartha chomh maith.
Ba é an toradh a bhí air sin sainmhíniú ar an stoc agus ar na luachanna uimhriúla a bhí éagsúil ón sainmhíniú agus ó na luachanna a bhunaítear in Airteagal 1 de Rialachán (AE) Uimh. 2016/1139 agus in Iarscríbhinn I agus Iarscríbhinn II a ghabhann leis.
Foráiltear le hAirteagal 5(6) de Rialachán (AE) 2016/1139, i gcás, ar bhonn comhairle eolaíoch, ina measann an Coimisiún nach léiríonn na pointí tagartha caomhnaithe a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán sin cuspóirí an phlean i gceart a thuilleadh, go bhféadfar na pointí sin, mar ábhar práinne, a thíolacadh le hathbhreithniú chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.
Is iomchuí pointí (e) agus (f) d'Airteagal 1(1) de Rialachán (AE) Uimh. 2016/1139 agus Iarscríbhinn I agus Iarscríbhinn II a ghabhann leis a leasú go práinneach chun a áirithiú go socrófar na deiseanna iascaireachta do na stoic ábhartha i gcomhréir leis na pointí tagartha caomhnaithe atá tugtha cothrom le dáta.
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) 2016/1139 a leasú dá réir sin,
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Leasaítear Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 211/2011 mar a leanas:
cuirtear an méid seo a leanas in ionad théacs an ráitis príobháideachais a leagtar amach sa tsamhail don fhoirm ráitis tacaíochta ag deireadh chuid A:
“Ráiteas príobháideachais: I gcomhréir leis an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí, ní úsáidfear na sonraí pearsanta a sholáthróidh tú ar an bhfoirm seo ach amháin chun tacú leis an tionscnamh agus cuirfear ar fáil iad do na húdaráis náisiúnta inniúla iad chun críche fíorú agus deimhniú amháin.
Tá tú i dteideal rochtain ar do shonraí pearsanta a iarraidh ar eagraithe an tionscnaimh seo, mar aon leis na sonraí sin a cheartú, a scriosadh agus a bpróiseáil a shrianadh.
Déanfaidh na heagraithe do shonraí a stóráil ar feadh 18 mí ar a mhéad, tar éis dháta cláraithe an tionscnaimh bheartaithe ó na saoránaigh, nó 1 mhí amháin tar éis an tionscnamh sin a thíolacadh don Choimisiún, cibé acu is túisce.
Féadfar iad a choinneáil níos faide ná na teorainneacha ama sin i gcás imeachtaí riaracháin nó dlí, is é sin ar feadh 1 seachtain amháin ar a mhéad tar éis na himeachtaí sin a thabhairt i gcrích.
Gan dochar d’aon réiteach riaracháin ná breithiúnach eile, beidh an ceart agat gearán a chur faoi bhráid údarás cosanta sonraí am ar bith, go háirithe sa Bhallstát ina bhfuil gnáthchónaí ort, san ionad oibre nó in áit an tsáraithe a líomhnaítear, má mheasann tú go ndearnadh do shonraí a phróiseáil go neamhdhleathach.
Is iad eagraithe an tionscnaimh ó na saoránaigh na rialaitheoirí de réir an Rialacháin Ghinearálta maidir le Cosaint Sonraí, agus tá a gcuid sonraí teagmhála le fáil ar an bhfoirm seo.
Tá sonraí teagmhála an oifigigh cosanta sonraí (más ann dó) ar fáil ar láithreán gréasáin an tionscnaimh seo i gclár an Choimisiúin Eorpaigh, mar atá ar an bhfoirm seo.
Is féidir teacht ar shonraí teagmhála an údaráis náisiúnta a gheobhaidh agus a phróiseálfaidh do shonraí pearsanta agus sonraí teagmhála na n-údarás náisiúnta cosanta sonraí anseo: http://ec.europa.eu/citizens-initiative/public/data-protection?lg=ga.”;
Le Rialachán (CE) Uimh. 1683/95 ón gComhairle [2], leagadh síos formáid aonfhoirmeach do víosaí.
I bhfianaise teagmhais thromchúiseacha góchumtha agus calaoise, meastar go bhfuil amhras tarraingthe ar an dearadh coiteann don ghreamán víosa atá i gcúrsaíocht le 20 bliain.
Dá bhrí sin, ba cheart dearadh coiteann nua a bhunú ina mbeadh gnéithe slándála níos nua-aimseartha chun go mbeidh an greamán víosa níos sláine agus chun brionnú a chosc.
Arna iarraidh sin d'Éirinn nó don Ríocht Aontaithe, ba cheart don Choimisiún socruithe iomchuí a dhéanamh leis an mBallstát iarrthach chun faisnéis theicniúil a mhalartú leis an mBallstát sin chun go n-eiseoidh an Ballstát sin víosaí náisiúnta.
Urramaítear leis an Rialachán seo na cearta bunúsacha agus na prionsabail a aithnítear, go háirithe, le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.
Is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen nach bhfuil an Ríocht Aontaithe rannpháirteach iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2000/365/CE ón gComhairle [3]; dá bhrí sin, níl an Ríocht Aontaithe rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.
Is é atá sa Rialachán seo gníomh atá ag cur le acquis Schengen nó atá gaolmhar leis ar dhóigh eile, de réir bhrí Airteagal 3(1) d'Ionstraim Aontachais 2003, Airteagal 4(1) d'Ionstraim Aontachais 2005 agus Airteagal 4(1) d'Ionstraim Aontachais 2011, faoi seach.
Maidir leis an Íoslainn agus leis an Iorua, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le acquis [5] Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe B, de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle [6].
Maidir leis an Eilvéis, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt [7], ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe B, de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2008/146/CE ón gComhairle [8].
Maidir le Lichtinstéin, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Phrótacail idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin maidir le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt [9], ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe B, de Chinneadh 1999/437/CE, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2011/350/AE ón gComhairle [10].
oibriú an chaidéil dóiteáin éigeandála le 2 phíobán dóiteáin a cheanglaítear den phríomhphíobán dóiteáin atá á oibriú,
tástáil ar na cian-stoprialtáin éigeandála chun breosla a sholáthar do choirí, do phríomhinnill agus d'innill chúnta, agus le haghaidh gaothráin aerála,
tástáil ar chianrialtáin agus ar neasrialtáin chun maolairí dóiteáin a dhúnadh,
tástáil ar chórais braite dóiteáin agus aláraim dóiteáin,
tástáil ar dhúnadh ceart na ndoirse dóiteáin,
oibriú na gcaidéal ruma,
dúnadh na ndoirse bulcaide uisce-obacha; ó neas-suíomhanna agus ó chiansuíomhanna araon,
léiriú go bhfuil príomhdhaoine den chriú ar an eolas faoin bplean rialaithe damáiste,
bád tarrthála amháin agus bád sábhála amháin, ar a laghad, a ísliú ar an uisce, iad a thosú agus a gcórais tiomána agus stiúrtha a thástáil, agus iad a ardú arís ón uisce agus iad a chur ar ais ina suíomhanna stuála ar bord,
seiceáil ar gach bád tarrthála agus ar gach bád sábhála agus a áirithiú go bhfreagraíonn siad don fhardal,
tástáil ar fhearas stiúrtha agus ar fhearas stiúrtha cúnta na loinge nó an árthaigh.
Sna cigireachtaí díreofar ar thaithíocht an chriú ar na nósanna imeachta sábháilteachta, na nósanna imeachta éigeandála, cothabháil, na cleachtais oibre, sábháilteacht paisinéirí, nósanna imeachta an droichid agus na hoibríochtaí a bhaineann le lastas agus feithiclí, agus ar cé chomh héifeachtach is atá an criú sna réimsí sin.
Déanfar seiceáil ar chumas na maraithe orduithe agus treoracha a thuiscint agus, i gcás inarb iomchuí é, a thabhairt, agus ar a gcumas tuairisciú ar ais sa teanga chomónta oibre, mar atá ar taifead i logleabhar na loinge.
Déanfar an fhianaise dhoiciméadaithe go bhfuair an criú oiliúint speisialta a sheiceáil, go háirithe maidir leo seo a leanas:
scéimeanna ráthaithe taiscí a dhéanann seachaíocht ar chearta agus oibleagáidí taisceoirí cumhdaithe i gcás dócmhainneachta.
Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás eintitis dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (d) den chéad fhomhír d’Airteagal 1(1), gurb airde an rangú tosaíochta atá ag gnáthéilimh neamhurraithe, ina ndlíthe náisiúnta lena rialaítear gnáthimeachtaí dócmhainneachta, ná mar atá ag éilimh neamhurraithe de thairbhe ionstraimí fiachais lena gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:
1 bhliain ar a laghad atá in aibíocht chonarthach bhunaidh na n-ionstraimí fiachais;
níl díorthaigh leabaithe ag na hionstraimí fiachais agus ní díorthaigh iontu féin iad;
tagraítear go sonrach sa doiciméadacht chonarthach ábhartha agus, i gcás inarb infheidhme, sa réamheolaire a bhaineann le heisiúint don rangú níos ísle faoin mír seo.
Áiritheoidh na Ballstáit gurb airde an rangú tosaíochta atá ina dlíthe náisiúnta lena rialaítear gnáthimeachtaí dócmhainneachta, ag éilimh neamhurraithe de thairbhe ionstraimí fiachais a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos i bpointe (a), pointe (b) agus pointe (c) de mhír 2 den Airteagal seo, ná mar atá ag éilimh neamhurraithe de thairbhe ionstraimí dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (d) d’Airteagal 48(1).
Gan dochar do mhír 5 ná do mhír 7, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh feidhm ag a ndlíthe náisiúnta lena rialaítear gnáthimeachtaí dócmhainneachta, mar a glacadh ar an 31 Nollaig 2016 iad, maidir leis an rangú i ngnáthimeachtaí dócmhainneachta i dtaca le héilimh neamhurraithe de thairbhe ionstraimí fiachais arna n-eisiúint ag eintitis dá dtagraítear i bpointí (a) go (d) den chéad fhomhír d’Airteagal 1(1) den Treoir seo, roimh an dáta a dtiocfaidh bearta faoin dlí náisiúnta i bhfeidhm lena dtrasuítear Treoir (AE) 2017/2399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle .
I gcás inar ghlac Ballstát, tar éis an 31 Nollaig 2016 agus roimh 28 Nollaig 2018,dlí náisiúnta lena rialaítear an rangú i ngnáthimeachtaí dócmhainneachta i dtaca le héilimh neamhurraithe de thairbhe ionstraimí fiachais arna n-eisiúint tar éis dháta theacht i bhfeidhm dlí náisiúnta den sórt sin, ní bheidh feidhm ag mír 4 den Airteagal seo maidir le héilimh de thairbhe ionstraimí fiachais arna n-eisiúint tar éis dháta theacht i bhfeidhm an dlí náisiúnta sin, ar choinníoll go gcomhlíontar an méid seo a leanas:
faoin dlí náisiúnta sin, is airde an rangú tosaíochta a bhíonn ag éilimh neamhurraithe de thairbhe ionstraimí fiachais a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos i bpointe (a) den fhomhír seo, i ngnáthimeachtaí dócmhainneachta, ná mar a bhíonn ag éilimh de thairbhe ionstraimí dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (d) d’Airteagal 48(1).
Ar an dáta a dtiocfaidh bearta faoin dlí náisiúnta i bhfeidhm lena trasuítear Treoir (AE) 2017/2399 , beidh an rangú tosaíochta céanna ag na héilimh neamhurraithe de thairbhe ionstraimí fiachais dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír, agus atá ag an gceann dá dtagraítear i bpointe (a), pointe (b) agus pointe (c) de mhír 2 agus i mír 3 den Airteagal seo.
Chun críocha phointe (b) de mhír 2 agus phointe (a)(ii) den chéad fhomhír de mhír 5, ionstraimí fiachais a bhfuil ús athraitheach acu, a dhíorthaítear ó ráta tagartha a úsáidtear go forleathan agus ionstraimí fiachais nach bhfuil ainmnithe in airgeadra intíre an eisitheora, ní mheasfar, díreach mar gheall ar na gnéithe sin amháin, gur ionstraimí fiachais iad a bhfuil díorthaigh leabaithe acu, ar choinníoll go ndéantar an bunairgead, an aisíocaíocht agus an t-ús a ainmniú san airgeadra céanna.
I gcás na mBallstát inar glacadh roimh an 31 Nollaig 2016 dlí náisiúnta lena rialaítear gnáthimeachtaí dócmhainneachta, ina ndéantar gnáthéilimh neamhurraithe de thairbhe ionstraimí fiachais arna n-eisiúint ag eintitis dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (d) den chéad fhomhír d’Airteagal 1(1) a roinnt ina dhá rangú tosaíochta éagsúla nó níos mó, nó i gcás ina n-athraítear an rangú tosaíochta maidir le gnáthéilimh neamhurraithe de thairbhe ionstraimí fiachais den chineál sin i dtaca le gach gnáthéileamh neamhurraithe eile den rangú céanna, féadfaidh siad foráil a dhéanamh go bhfuil an rangú céanna ag ionstraimí fiachais ag a bhfuil an rangú tosaíochta is ísle i measc na n-éileamh neamhurraithe agus atá ag na héilimh a chomhlíonann coinníollacha phointe (a), pointe (b) agus pointe (c) de mhír 2 agus mhír 3 den Airteagal seo.’
De bharr an táirgthe dhomhandaithe tá méadú ag teacht ar an ngá creat comhsheasmhach a fhorbairt lena nascófar léirmhíniú agus comhtháthú staidrimh ó réimsí éagsúla.”;
i gcuspóir 2.1.1, leasaítear an dara mír mar a leanas:
cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fleasc:
táscairí a tháirgeadh maidir le dáileadh ioncaim, tomhaltais agus saibhris ar theaghlaigh agus comhiomlán na gcuntas náisiúnta agus sonraí ó shuirbhéanna ar theaghlaigh nó sonraí riaracháin a réiteach;”;
naisc le cuntais náisiúnta a neartú i réimsí na cosanta sóisialta, na sláinte agus an oideachais;
forbairt creat tomhais ar cháilíocht saoil, lena ndéantar peirspictíocht an teaghlaigh a threisiú sna cuntais náisiúnta;
forbairt táscairí gaolmhara ‘OTI agus lastall’ lena dtomhaistear inbhuanaitheacht chomhshaoil agus éifeachtaí seachtracha le peirspictíocht cuntais náisiúnta;”;
cuirtear isteach na fleasca a leanas i ndiaidh an cúigiú fleasc:
táscairí sóisialta tráthúla a fhorbairt tuilleadh, lena n-áirítear ardteicnící i gcomhair tuar reatha agus meastacháin shealadacha;
tacú le comhroinnt idirnáisiúnta sonraí i gcomhair sonraí maicreacnamaíocha chun an t-ualach ar tháirgeoirí sonraí a laghdú agus chun an fháil ar shonraí inchomparáide comhsheasmhacha a fheabhsú d'úsáideoirí;
forbairt agus mionchoigeartú táscairí comhiomlánaithe ar ioncam agus ar ghnéithe d'éagothroime saibhris;
neamhionannas inscne a thomhas agus a anailísiú, lena n-áirítear an difreálach pá;”;
i gcuspóir 2.1.2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na fleisce deiridh den dara mír:
staidreamh comhchuibhithe ar phraghsanna tithe a bheith ar fáil agus a mhéadú do gach Ballstát.”;
I bhfianaise eachtraí tromchúiseacha góchumtha agus calaoise, is léir go bhfuil amhras tarraingthe ar an bhformáid aonfhoirmeach do cheadanna cónaithe atá ann faoi láthair agus atá in úsáid le 20 bliain anuas.
Ba cheart, dá bhrí sin, dearadh comhchoiteann nua do cheadanna cónaithe do náisiúnaigh tríú tír a cheapadh ina mbeidh gnéithe slándála níos nua-aimseartha chun go mbeidh ceadanna cónaithe den sórt sin níos sláine agus d'fhonn calaois a chosc.
Tá sé de cheart ag náisiúnaigh tríú tír a bhfuil cead cónaithe bailí acu a dréachtaíodh san fhormáid aonfhoirmeach agus a d'eisigh ceann de na Ballstáit a chuireann acquis Schengen i bhfeidhm ina iomláine gluaiseacht faoi shaoirse ar feadh tréimhse 90 lá ar a mhéid laistigh de limistéar Schengen ar choinníoll go gcomhlíonann siad na coinníollacha maidir le dul isteach dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle [3] (Cód Teorainneacha Schengen).
Le reachtaíocht an Aontais maidir le dul isteach agus cónaí ag náisiúnaigh tríú tír, leagtar amach scéimeanna lena ndeonaítear cearta breise sogluaiseachta agus coinníollacha sonracha maidir le dul isteach agus fanacht sna Ballstáit atá faoi cheangal ag an acquis sin.
Úsáidtear an fhormáid aonfhoirmeach a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 1030/2002 i gcás ceadanna cónaithe a eisítear i gcomhréir leis an reachtaíocht sin.
Mar sin, chun go mbeidh na húdaráis inniúla in ann náisiúnaigh tríú tír a d'fhéadfadh leas a bhaint as na cearta sogluaiseachta áirithe sin a shainaithint, tá sé tábhachtach go ndéanfaí na hiontrálacha ábhartha, amhail “taighdeoir”, “mac léinn” nó “aistrí ionchorparáideach (ICT)” a thaispeáint go soiléir ar an gcead cónaithe i gcomhréir leis an reachtaíocht ábhartha de chuid an Aontais.
I gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.
Ós rud é go gcuireann an Rialachán seo le acquis Schengen, cinnfidh an Danmhairg, i gcomhréir le hAirteagal 4 den Phrótacal sin, laistigh de thréimhse 6 mhí tar éis don Chomhairle an Rialachán seo cinneadh a dhéanamh, an gcuirfidh sí an Rialachán seo chun feidhme ina dlí náisiúnta.
I gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 agus le hAirteagal 4a(1) de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus gan dochar d'Airteagal 4 den Phrótacal sin, níl an dá Bhallstát sin rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl siad faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.
Ba cheart foráil a dhéanamh maidir le hidirthréimhse nuair a bheidh na Ballstáit in ann seancheadanna cónaithe a úsáid go fóill ionas go mbeidh na Ballstáit in ann an stoc atá ann cheana a ídiú.
Thar ceann na Comhairle
Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Meitheamh 2018 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 26 Meitheamh 2018.
Comhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus an Úcráin, den pháirt eile (IO L 161, 29.5.2014, lch. 3).
Cinneadh 2002/639/CE ón gComhairle an 12 Iúil 2002 lena gcuirtear cúnamh macra-airgeadais forlíontach ar fáil don Úcráin (IO L 209, 6.8.2002, lch. 22).
Cinneadh Uimh. 646/2010/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2010 lena gcuirtear cúnamh macra-airgeadais ar fáil don Úcráin (IO L 179, 14.7.2010, lch. 1).
Cinneadh 2014/215/AE ón gComhairle an 14 Aibreán 2014 lena gcuirtear cúnamh macra-airgeadais ar fáil don Úcráin (IO L 111, 15.4.2014, lch. 85).
Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).
Cinneadh 2010/427/AE ón gComhairle an 26 Iúil 2010 lena mbunaítear eagrúchán agus feidhmiú na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí (IO L 201, 3.8.2010, lch. 30).
Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 480/2009 ón gComhairle an 25 Bealtaine 2009 lena mbunaítear Ciste Ráthaíochta do ghníomhaíochtaí seachtracha (IO L 145, 10.6.2009, lch. 10).
Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 ón gComhairle (IO L 298, 26.10.2012, lch. 1).
Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1268/2012 ón gCoimisiún an 29 Deireadh Fómhair 2012 maidir le rialacha cur i bhfeidhm Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais (IO L 362, 31.12.2012, lch. 1).
Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 ón gComhairle an 18 Nollaig 1995 maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint (IO L 312, 23.12.1995, lch. 1).
Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne na calaoise agus neamhrialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).
Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).
RÁITEAS COMHPHÁIRTEACH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA, ÓN gCOMHAIRLE AGUS ÓN gCOIMISIÚN
Meabhraíonn an Pharlaimint, an Chomhairle agus an Coimisiún go bhfuil sé mar réamhchoinníoll i dtaca le cúnamh macra-airgeadais a thabhairt nach mór don tír is tairbhí sásraí éifeachtacha daonlathacha a urramú — lena n-áirítear córas parlaiminteach ilpháirtí — maille leis an smacht reachta, agus ráthaíocht a thabhairt go n-urramófar cearta an duine.
Déanfaidh an Coimisiún agus an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí faireachán ar chomhlíonadh an réamhchoinníll sin le linn shaolré an chúnaimh macra-airgeadais a thabharfaidh an tAontas.
Ar bhonn Rialachán (AE) Uimh. 258/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle [3], téann cómhaoiniú an Aontais i bhfoirm deontas oibriúcháin chun sochair d'Fhondúireacht na gCaighdeán Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais (“Fondúireacht IFRS”), atá ina comharba dlíthiúil ar Fhondúireacht an Choiste um Chaighdeáin Idirnáisiúnta Chuntasaíochta, agus don Bhord Maoirseachta um Leas an Phobail (PIOB) go dtí an 31 Nollaig 2020.
Ar bhonn Rialachán (AE) Uimh. 258/2014, chuaigh cómhaoiniú an Aontais i bhfoirm deontas oibriúcháin chun sochair an Ghrúpa Chomhairligh Eorpaigh um Thuairisciú Airgeadais (EFRAG) go dtí an 31 Nollaig 2016.
An 12 Samhain 2013, d'fhoilsigh an Coimisiún tuarascáil Philippe Maystadt, comhairleoir speisialta don Choimisinéir a bhfuil an margadh agus seirbhísí inmheánacha de chúram air (“tuarascáil an chomhairleora speisialta”), inar leag sé amach athchóirithe féideartha ar rialachas EFRAG agus é mar aidhm leo rannchuidiú an Aontais le forbairt na gcaighdeán idirnáisiúnta cuntasaíochta a threisiú.
Rinne an Coimisiún grinnfhaireachán ar chur chun feidhme an athchóirithe ar rialachas EFRAG agus chuir sé Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas go cuí faoin dul chun cinn i dtaca leis sin.
Ar an mbonn sin, is cuí leanúint de EFRAG a mhaoiniú le linn na tréimhse 2017 go 2020 chun cuspóirí fadtéarmacha chlár an Aontais a bhaint amach, eadhon tacú le gníomhaíochtaí sonracha i réimse an tuairiscithe airgeadais agus na hiniúchóireachta.
Ba cheart do Bhord EFRAG, agus ionadaíocht chothrom idir leasanna poiblí agus leasanna príobháideacha á léiriú aige, a áirithiú go ngeallann comhaltaí an Bhoird gníomhú ar mhaithe le leas an phobail Eorpaigh.
Iarrtar ar an Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí, ar an Údarás Baincéireachta Eorpach, ar an Údarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde agus ar an mBanc Ceannais Eorpach rannchuidiú go gníomhach le hobair Bhord EFRAG, a mhéid is féidir.
Ba cheart don Choimisiún tuarascáil a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle go bliantúil maidir le gnóthachtálacha agus gníomhaíochtaí móra EFRAG sa bhliain roimhe sin.
Ba cheart, freisin, forbairtí i dtaca le critéar leathnaithe leas an phobail a scrúdú sa tuarascáil sin agus forléargas mionsonraithe ar na forbairtí i réimse na gCaighdeán Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais a thabhairt.
Níor cheart cobhsaíocht airgeadais a chur i gcontúirt san Aontas ná bac a chur ar fhorbairt eacnamaíoch an Aontais mar thoradh ar chaighdeáin chuntasaíochta.
Maidir le forbairt IFRS, PIOB agus EFRAG, ba cheart tagairt a dhéanamh freisin, i dtuarascáil bhliantúil an Choimisiúin, don obair leantach ar na moltaí ó Pharlaimint na hEorpa agus dá gcur chun feidhme.
Ina theannta sin, spreagtar Fondúireacht IFRS, PIOB agus EFRAG páirt a ghlacadh go rialta, ar bhonn bliantúil ar a laghad, in éisteachtaí arna n-eagrú ag Parlaimint na hEorpa d'fhonn cuntas iomlán a thabhairt maidir le forbairt na gcaighdeán idirnáisiúnta um thuairisciú agus iniúchóireacht airgeadais.
Ba cheart don Choimisiún faisnéis a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ar bhonn níos rialta maidir le hiarrachtaí comhpháirteacha Fhondúireacht IFRS, PIOB agus EFRAG, ós rud é go bhfuil na trí chomhlacht comhchistithe ag an Aontas agus go bhfuil siad ag obair chun na cuspóirí céanna a bhaint amach.
Ba cheart don Choimisiún freisin machnamh a dhéanamh ar athruithe féideartha ar fheidhmiú agus ar stádas dlíthiúil príobháideach EFRAG san fhadtéarma.
Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon an buiséad atá ag clár Aontais a mhéadú don tréimhse 2017 go 2020 chun tacú le gníomhaíochtaí EFRAG, ar gníomhaíochtaí iad a rannchuidíonn le gnóthú chuspóirí beartais an Aontais maidir le tuairisciú airgeadais, a ghnóthú go leordhóthanach ach gur fearr, de bharr a fhairsinge agus a éifeachtaí, is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach.
Chun leanúnachas cistiúcháin a áirithiú do EFRAG, ba cheart don Rialachán seo teacht i bhfeidhm lá a fhoilsithe agus ba cheart feidhm a bheith aige ón 1 Eanáir 2017,
Beartaítear go mbeidh éifeacht dhíspreagthach láidir ag na smachtbhannaí ar choirpigh ionchasacha, le héifeacht ar fud an Aontais.
Maidir leis an bhfíric go ndéantar cion coiriúil laistigh d'eagraíocht choiriúil mar a shainmhínítear í i gCinneadh Réime 2008/841/CGB ón gComhairle [10], ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go ndéantar é sin a mheas mar imthoisc ghéaraitheach i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme arna mbunú lena gcórais dlí.
Ba cheart dóibh a áirithiú go ndéantar an imthoisc ghéaraitheach a chur ar fáil do bhreithimh lena bhreithniú agus pianbhreith á cur ar chiontóirí acu, cé nach bhfuil aon oibleagáid ann ar bhreithimh an imthoisc ghéaraitheach sin a chur san áireamh ina bpianbhreith.
Níl sé d'oibleagáid ar na Ballstáit foráil a dhéanamh don imthoisc ghéaraitheach i gcás ina ndéantar foráil leis an dlí náisiúnta go bhfuil na cionta coiriúla mar a shainmhínítear iad i gCinneadh Réime 2008/841/CGB inphionóis mar chion ar leithligh agus d'fhéadfadh sé go dtiocfadh smachtbhannaí níos déine as.
I bhfianaise, go háirithe, shoghluaisteacht dhéantóirí na coire agus shoghluaisteacht na bhfáltas a thagann as gníomhaíochtaí neamhdhleathacha ar chostas leasanna airgeadais an Aontais, mar aon leis na himscrúduithe trasteorann casta atá i gceist leis sin, ba cheart do gach Ballstát a dhlínse a bhunú d'fhonn cur ar a chumas gníomhaíochtaí den sórt sin a chomhrac.
Ba cheart do gach Ballstát a áirithiú dá bharr sin go gcumhdaítear ina dhlínse cásanna ina ndéantar cionta coiriúla trí theicneolaíocht na faisnéise agus na cumarsáide ar a bhfuarthas rochtain óna gcríoch a úsáid.
I bhfianaise na ndlínsí iomadúla a d'fhéadfadh bheith ann do chionta coiriúla trasteorann a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go n-urramaítear prionsabal ne bis in idem ina iomláine agus an dlí náisiúnta lena ndéantar an Treoir seo a thrasuí á chur i bhfeidhm.
Ba cheart do na Ballstáit rialacha a leagan síos maidir le tréimhsí teorann atá riachtanach d'fhonn cur ar a gcumas gníomhaíochtaí neamhdhleathacha ar chostas leasanna airgeadais an Aontais a chomhrac.
I gcás cionta coiriúla is inphionóis le smachtbhanna uasta ceithre bliana príosúnachta ar a laghad, ba cheart gurbh ionann an tréimhse teorann agus cúig bliana ar a laghad ón uair a rinneadh an cion coiriúil.
Ba cheart nár dhochar an méid sin do na Ballstáit sin nach leagann tréimhsí teorann amach d'imscrúdú, d'ionchúiseamh ná d'fhorfheidhmiú.
Gan dochar do na rialacha maidir le comhar trasteorann agus le cúnamh dlíthiúil frithpháirteach in imeachtaí coiriúla ná do rialacha eile faoi dhlí an Aontais, go háirithe faoi Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle [11], tá gá le foráil iomchuí a dhéanamh do chomhar idir na Ballstáit agus an Coimisiún chun gníomhaíocht éifeachtach a áirithiú i gcoinne na gcionta coiriúla a shainmhínítear sa Treoir seo lena ndéantar difear do leasanna airgeadais an Aontais, lena n-áirítear malartú faisnéise idir na Ballstáit agus an Coimisiún mar aon le cúnamh teicniúil agus oibríochtúil a sholáthraíonn an Coimisiún do na húdaráis náisiúnta inniúla agus a theastódh uathu chun comhordú ar a gcuid imscrúduithe a éascú.
Níor cheart a bheith i gceist le cúnamh den sórt sin go mbeadh an Coimisiún rannpháirteach i nósanna imeachta imscrúdaithe nó ionchúisimh cásanna coiriúla aonair a sheolann na húdaráis náisiúnta.
Ba cheart don Chúirt Iniúchóirí agus do na hiniúchóirí atá freagrach as buiséid institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais a iniúchadh aon fhíoras arbh fhéidir a cháiliú mar chion coiriúil faoin Treoir seo a nochtadh don Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus d'údaráis inniúla eile, agus ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go ndéanfaidh comhlachtaí náisiúnta iniúchóireachta de réir bhrí Airteagal 59 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 amhlaidh, i gcomhréir le hAirteagal 8 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013.
Ba cheart don Choimisiún tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir leis na bearta arna nglacadh ag na Ballstáit chun an Treoir seo a chomhlíonadh.
Féadfaidh tograí lena gcuirtear san áireamh éabhlóidí a d'fhéadfadh tarlú, go háirithe maidir le buiséad an Aontais a mhaoiniú, bheith ag gabháil leis an tuarascáil, más gá.
Ba cheart an Treoir seo a chur in ionad an Choinbhinsiúin le haghaidh na mBallstát atá faoina ceangal.
Chun pointe (d) d'Airteagal 3(4) de Threoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle [12] a chur i bhfeidhm, ba cheart an tagairt do chalaois thromchúiseach lena ndéantar difear do leasanna airgeadais an Aontais mar a shainmhínítear in Airteagal 1(1) agus Airteagal 2(1) den Choinbhinsiún a fhorléiriú mar chalaois lena ndéantar difear do leasanna airgeadais an Aontais mar a shainmhínítear in Airteagal 3 agus in Airteagal 7(3) den Treoir seo nó, maidir le cionta i gcoinne an chomhchórais CBL, mar a shainmhínítear in Airteagal 2(2) den Treoir seo.
Áirítear ar chur chun feidhme ceart na Treorach seo ag na Ballstáit sonraí pearsanta a phróiseáil ag na húdaráis náisiúnta inniúla, agus sonraí den sórt sin a mhalartú idir na Ballstáit ar láimh amháin, agus idir comhlachtaí inniúla de chuid an Aontais ar an lámh eile.
Ba cheart an phróiseáil a dhéantar ar shonraí pearsanta ar an leibhéal náisiúnta idir údaráis náisiúnta inniúla a rialú le acquis an Aontais.
Ba cheart malartú sonraí pearsanta idir na Ballstáit a dhéanamh i gcomhréir le Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle [13].
Sa mhéid a phróiseálann institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais sonraí pearsanta, ba cheart feidhm a bheith ag Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle [14] nó, i gcás inarbh infheidhme, ag gníomhartha dlí eile de chuid an Aontais lena rialaítear próiseáil sonraí pearsanta ag na hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí sin mar aon leis na rialacha is infheidhme maidir le rúndacht imscrúduithe breithiúnacha.
Níor cheart aon oibleagáidí cuntasaíochta ná tuairiscithe a leagan síos leis an Rialachán do pháirtithe príobháideacha, lena n-áirítear feirmeoirí agus foraoiseoirí.
Bíonn tionchar díreach suntasach ag earnáil LULUCF, lena n-áirítear talamh talmhaíochta, ar an mbithéagsúlacht agus ar sheirbhísí éiceachórais.
Ar an ábhar sin, is cuspóir tábhachtach de chuid na mbeartas sin a mbíonn tionchar acu ar an earnáil sin a áirithiú go mbeidh comhleanúnachas ann le cuspóirí straitéis bithéagsúlachta an Aontais.
Ba cheart gníomhaíochtaí a dhéanamh d’fhonn gníomhaíochtaí, a bhaineann le maolú agus oiriúnú araon, a chur chun feidhme san earnáil sin, agus d’fhonn tacú leis na gníomhaíochtaí sin, freisin.
Ba cheart comhleanúnachas a áirithiú idir an Comhbheartas Talmhaíochta agus an Rialachán seo freisin.
Ní mór do gach earnáil a cion féin a dhéanamh i dtaca le laghdú astaíochtaí gás ceaptha teasa.
Is éiceachórais éifeachtacha iad bogaigh le haghaidh stóráil carbóin.
Dá bhrí sin, d’fhéadfaí astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú in earnáil LULUCF ach bogaigh a chosaint agus a athbhunú.
Ba cheart Mionchoigeartú an Phainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (“IPCC”) ar Threoirlínte IPCC 2006 d’Fhardail Náisiúnta Gás Ceaptha Teasa a bhaineann le bogaigh a chur san áireamh sa chomhthéacs sin.
Tá gá le córas stóinsithe cuntasaíochta chun a áirithiú go rannchuideoidh earnáil LULUCF le laghdú 40 % ar a laghad ar astaíochtaí gás ceaptha teasa an Aontais agus le sprioc fhadtéarmach Chomhaontú Pháras.
Chun cuntais chruinne ar astaíochtaí agus aistrithe a chinneadh i gcomhréir le Treoirlínte IPCC 2006 d’Fhardail Náisiúnta Gás Ceaptha Teasa (“Treoirlínte IPCC”), ba cheart na luachanna arna dtuairisciú go bliantúil agus an tiontú idir catagóirí úsáide talún faoi Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a úsáid le haghaidh catagóirí úsáide talún, chun sruthlíniú a dhéanamh dá réir sin ar an gcur chuige a úsáidtear faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide agus ar an gcur chuige a úsáidtear faoi Phrótacal Kyoto.
Ba cheart a mheas go bhfuil talamh a thiontaítear go catagóir úsáide talún eile le linn bhogadh de réir a chéile chuig an gcatagóir sin ar feadh an luacha réamhshocraithe de 20 bliain dá dtagraítear sna Treoirlínte IPCC.
Níor cheart do na Ballstáit a bheith in ann maolú a dhéanamh ar an luach réamhshocraithe sin ach amháin le haghaidh talamh foraoisithe agus é sin féin a dhéanamh in imthosca teoranta lena dtugtar údar maith faoi Threoirlínte IPCC.
Athruithe a dhéantar sna Treoirlínte IPCC arna nglacadh ag Comhdháil na bPáirtithe i gCreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide nó ag Comhdháil na bPáirtithe ag feidhmiú mar Chruinniú na bPáirtithe i gComhaontú Pháras, ba cheart iad a léiriú, mar is iomchuí, sna ceanglais tuairiscithe faoin Rialachán seo.
Sna Treoirlínte IPCC atá comhaontaithe go hidirnáisiúnta, sonraítear gur féidir cuntas mar nialas a thabhairt ar dhóchán bithmhaise san earnáil fuinnimh ar an gcoinníoll go dtugtar cuntas ar na hastaíochtaí sin san earnáil LULUCF.
San Aontas, tugtar cuntas faoi láthair ar na hastaíochtaí ó dhóchán bithmhaise mar nialas de bhun Airteagal 38 de Rialachán (AE) Uimh. 601/2012 ón gCoimisiún agus de bhun na bhforálacha a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 525/2013; dá bhrí sin, ní dhéanfaí comhsheasmhacht le Treoirlínte IPCC a áirithiú ach amháin dá ndéanfaí na hastaíochtaí sin a léiriú go cruinn faoin Rialachán seo.
Bíonn astaíochtaí agus aistrithe ó thalamh foraoise ag brath ar roinnt dálaí nádúrtha agus ar thréithe dinimiciúla foraoise a bhaineann le haois, chomh maith le cleachtais bhainistithe ón am a chuaigh thart agus ón am i láthair, ar cleachtais iad a bhfuil an-difear eatarthu i measc na mBallstát.
Dá mbainfí úsáid as bonnbhliain, ní bheadh sé indéanta na fachtóirí sin agus na hiarmhairtí timthriallacha ar astaíochtaí agus aistrithe a eascraíonn astu, agus a n-éagsúlacht idirbhliantúil, a léiriú.
Ina ionad sin, ba cheart foráil a dhéanamh leis na rialacha cuntasaíochta ábhartha maidir le húsáid a bhaint as leibhéil thagartha, chun na hiarmhairtí a bhíonn ag tréithe nádúrtha agus ag tréithe a bhaineann go sonrach le tír ar leith a chur as an áireamh.
Aon struchtúr foraoise atá míchothrom ó thaobh aoise, ba cheart é a chur san áireamh i leibhéil tagartha foraoise agus níor cheart srian gan chúis a chur ar a dhéine agus a bheidh bainistiú foraoise sa todhchaí, agus chun go bhféadfar linnte carbóin fadtéarmacha a chothabháil nó a neartú.
Ós rud é gur cás ar leith é cás stairiúil na Cróite, le leibhéal tagartha foraoise an Bhallstáit sin d’fhéadfaí a chur san áireamh go raibh a críoch faoi fhorghabháil i rith na tréimhse tagartha agus go raibh imthosca ann, le linn an chogaidh agus ina dhiaidh, ag a raibh tionchar ar bhainistiú foraoise.
Ba cheart na rialacha cuntasaíochta ábhartha prionsabail bainistithe inbhuanaithe foraoisí arna nglacadh ag na Comhdhálacha Aireachta um Chosaint Foraoisí san Eoraip (“Eoraip na bhForaoisí”) a chur san áireamh.
Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, saotharlann tagartha de chuid an Aontais Eorpaigh um ghalar Newcastle a ainmniú.
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 25.
Is iad seo a leanas feidhmeanna agus dualgais shaotharlann tagartha an Aontais Eorpaigh um ghalar Newcastle:
na modhanna a úsáidtear sna Ballstáit chun galar Newcastle a dhiagnóisiú a chomhordú i gcomhairle leis an gCoimisiún, tríd an méid seo a leanas go sonrach:
tréithchineálacha de víreas ghalar Newcastle a thíopáil, a stóráil agus a sholáthar i gcomhair tástálacha séireolaíocha agus chun antaiséirim a ullmhú;
séirim chaighdeánacha agus imoibreáin tagartha eile a sholáthar do shaotharlanna tagartha náisiúnta d'fhonn caighdeánú a dhéanamh ar na tástálacha agus ar na himoibreáin a úsáidtear sna Ballstáit;
bailiúchán de thréithchineálacha agus d'aonraígh de víreas ghalar Newcastle a thiomsú agus a choinneáil;
tástálacha comparáideacha tréimhsiúla ar nósanna imeachta diagnóiseacha a eagrú ar leibhéal an Aontais;
sonraí agus faisnéis maidir leis na modhanna diagnóise a úsáidtear agus torthaí na dtástálacha a dhéantar san Aontas a bhailiú agus a chomhthiomsú;
aonraígh de víris ghalar Newcastle a thréithriú trí bhíthin na modhanna is nua-aimseartha chun go mbeidh tuiscint níos fearr ar eipidéimeolaíocht ghalar Newcastle;
coinneáil ar an eolas faoi threochtaí i bhfaireachas, in éipidéimeolaíocht agus i gcosc ghalar Newcastle ar fud an domhain;
saineolas maidir le víreas ghalar Newcastle agus víris ábhartha eile a choinneáil chun gur féidir diagnóis dhifreálach mhear a dhéanamh;
eolas barainneach a chur ar ullmhú agus ar úsáid táirgí imdhíoneolaíochta tréidliachta a úsáidtear chun galar Newcastle a dhíothú agus a rialú;
cabhrú go gníomhach le diagnóisiú ráigeanna de ghalar Newcastle sna Ballstáit trí aonraígh víris a fháil i gcomhair deimhniú diagnóise, tréithriú agus staidéir éipidéimeolaíochta;
oiliúint agus athoiliúint saineolaithe ar dhiagnóisiú saotharlainne a éascú d'fhonn teicníochtaí a chomhchuibhiú ar fud an Aontais.”;
leasaítear Airteagal 19 mar a leanas:
cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:
A mhéid is gá chun na bearta a leagtar síos san Airteagal seo a chur i bhfeidhm mar is cuí, cuirfidh na Ballstáit faoi bhráid an Choimisiúin, de réir chreat an Bhuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, faisnéis maidir le staid an ghalair agus na bearta rialaithe arna gcur i bhfeidhm.”;
cuirtear an mhír seo a leanas isteach:
Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha a leagan síos maidir leis an bhfaisnéis a bheidh le cur faoi bhráid an Choimisiúin ag na Ballstáit dá bhforáiltear i gcomhréir le mír 5 den Airteagal seo.
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 21:
Le Rialachán (AE) Uimh. 1295/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, bunaíodh Clár Eoraip na Cruthaitheachta (2014 go 2020) chun tacú le hearnálacha cultúir agus cruthaitheachta na hEorpa.
Is é is cúis le sainiúlacht Cheolfhoireann Óige an Aontais Eorpaigh (EUYO) gur ceolfhoireann Eorpach í a théann thar theorainneacha cultúrtha agus gur ceoltóirí óga atá inti a roghnaítear i gcomhréir le critéir chrua cháilíochta le linn dianphróiseas bliantúil éisteachta sna Ballstáit uile.
Is í an t-aon cheolfhoireann san Aontas í a earcaíonn ó na Ballstáit uile.
Ón uair a cruthaíodh í, tá EUYO ag rannchuidiú leis an gcomhphlé idirchultúrtha agus leis an meas frithpháirteach agus an tuiscint fhrithpháirteach a chur chun cinn.
Tá EUYO ina ambasadóir cultúir ag an Aontas sa mhéid is go gcuireann sé saibhreas agus éagsúlacht chultúir na hEorpa, agus tallanna úra, os comhair an phobail.
Chomh maith leis sin, tá sé ag rannchuidiú leis an eolas ar oidhreacht cheoil na hEorpa, le cúrsaíocht saothar Eorpach agus le soghluaisteacht daoine óga tréitheacha Eorpacha thar theorainneacha náisiúnta agus Eorpacha.
Cuireann EUYO oiliúint rialta ar cheoltóirí óga trí chlár cónaithe agus tairgeann sé deiseanna léirithe, agus déantar, ar an gcaoi sin, gairmeacha idirnáisiúnta na gceoltóirí óga a atreisiú agus a scileanna a fhorbairt faoi threoir stiúrthóirí cáiliúla.
Ba cheart do EUYO éagsúlú a dhéanamh, ar bhonn leanúnach, ar a ioncam trí thacaíocht airgeadais a lorg go gníomhach ó fhoinsí eile seachas maoiniú an Aontais chun a inbhuanaitheacht a ráthú agus d'fhonn a spleáchas ar mhaoiniú an Aontais a laghdú.
Dá bhrí sin, ba cheart do EUYO a áirithiú go mbeidh cost-éifeachtúlacht ina bhainistíocht.
Ba cheart do EUYO féachaint lena infheictheacht a mhéadú, lena n-áirítear sna meáin thraidisiúnta agus sna meáin dhigiteacha araon, agus le ceol a sheinm in imeachtaí Eorpacha agus i níos mó Ballstát.
Ba cheart do EUYO, i gcomhar lena chomhpháirtithe comhlacha náisiúnta, feasacht ar éisteachtaí bliantúla a mhéadú d'fhonn ionadaíocht níos cothroime a bhaint amach ar cheoltóirí ó na Ballstáit uile laistigh den cheolfhoireann.
Ba cheart do ghníomhaíochtaí EUYO a bheith i gcomhréir le cuspóirí Chlár Eoraip na Cruthaitheachta, go háirithe lena chuspóir chun tacú le forbairt an lucht féachana/éisteachta, agus i gcomhréir le tosaíochtaí an Fhochláir Chultúir.
Dá bhrí sin, ba cheart do EUYO páirt ghníomhach a ghlacadh i bhforbairt an lucht féachana/éisteachta, agus aird ar leith á tabhairt ar dhaoine óga.
Bunaíodh EUYO de bhun rún ó Pharlaimint na hEorpa an 8 Márta 1976 agus is ceolfhoireann ar leith é, dá bhrí sin, i measc cheolfhoirne na hEorpa.
Tá rannchuidiú EUYO aitheanta ag na Ballstáit agus ag institiúidí an Aontais, lena n-áirítear ag Uachtaráin as diaidh a chéile ar an gCoimisiún agus ar Pharlaimint na hEorpa.
De thoradh a stádais shainiúil, a chuspóirí agus a ghníomhaíochtaí straitéiseacha a tharchéimníonn leas agus tairbhe aon Bhallstáit amháin nó roinnt Ballstát agus a léiríonn go soiléir go bhfuil breisluach Eorpach ag gabháil leo, tá EUYO incháilithe mar chomhlacht arna aithint i mbunghníomh de réir bhrí phointe (d) d'Airteagal 190(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1268/2012 ón gCoimisiún, lena gceadaítear deontais a dhámhachtain gan glao ar thograí.
Ba cheart maoiniú a dheonú do EUYO, ar bhonn eisceachtúil, go dtí deireadh Chlár Eoraip na Cruthaitheachta an 31 Nollaig 2020.
Dá bhrí sin, ba cheart EUYO a áireamh, mar eisceacht, i measc na mbeart a thairbhíonn de thacaíocht ón bhFochlár Cultúir agus ó Shraith Thrasearnálach Chlár Eoraip na Cruthaitheachta araon.
Chun feidhmiú rianúil EUYO a áirithiú, ba cheart dó bheith in ann tairbhe a bhaint as tacaíocht a luaithe is féidir, go háirithe le haghaidh costais arna dtabhú in 2018 roimh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.
Dá bhrí sin, ba cheart feidhm chúlghabhálach a bheith ag an Rialachán seo ón 1 Eanáir 2018.
Ba cheart feabhas a chur ar bhainistiú dramhaíola san Aontas d’fhonn cáilíocht an chomhshaoil a chosaint, a chaomhnú agus a fheabhsú, sláinte an duine a chosaint, úsáid stuama, éifeachtúil agus réasúnach acmhainní nádúrtha a áirithiú agus prionsabail an gheilleagair chiorclaigh a chur chun cinn.
Chun an t-ualach rialála ar bhunaíochtaí nó gnóthais bheaga a laghdú, ba cheart simpliú ar na ceanglais ceadaithe agus clárúcháin do bhunaíochtaí nó gnóthais bheaga a thabhairt isteach.
Maidir leis na tuarascálacha cur chun feidhme a ullmhaíonn na Ballstáit gach 3 bliana, is léir nárbh uirlis éifeachtach iad chun comhlíonadh a fhíorú nó chun cur chun feidhme maith a áirithiú, agus is léir go bhfuil ualaigh riaracháin nach bhfuil gá leo á gcruthú acu.
Is iomchuí, dá bhrí sin, go n-aisghairfear na forálacha a chuireann oibleagáid ar na Ballstáit tuarascálacha den sórt sin a tháirgeadh.
In ionad sin, ba cheart na críocha a bhaineann le faireachán ar chomhlíonadh a bheith bunaithe go heisiach ar na sonraí a thuairiscíonn na Ballstáit gach bliain don Choimisiún.
Tá sonraí a thuairiscíonn na Ballstáit bunriachtanach don Choimisiún chun comhlíonadh dhlí an Aontais maidir le dramhail ar fud na mBallstát a mheas.
Ba cheart cáilíocht, iontaofacht agus inchomparáideacht an staidrimh a fheabhsú trí phointe iontrála aonair a thabhairt isteach le haghaidh na sonraí dramhaíola go léir, trí cheanglais tuairiscithe atá imithe i léig a scriosadh, trí mhodheolaíochtaí tuairiscithe náisiúnta a thagarmharcáil agus trí thuarascáil chun cáilíocht sonraí a sheiceáil a thabhairt isteach.
Tá tuairisciú iontaofa ar shonraí i dtaca le bainistiú dramhaíola ríthábhachtach le haghaidh cur chun feidhme éifeachtúil agus chun inchomparáideacht sonraí i measc na mBallstát a áirithiú.
Dá bhrí sin, agus tuairisciú á dhéanamh acu maidir le baint amach na spriocanna a leagtar amach i dTreoir 2000/53/CE, Treoir 2006/66/CE agus Treoir 2012/19/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, ba cheart do na Ballstáit úsáid a bhaint as na rialacha is déanaí atá forbartha ag an gCoimisiún agus as na modheolaíochtaí is déanaí atá forbartha ag na húdaráis inniúla naisiúnta faoi seach atá freagrach as na Treoracha sin a chur chun feidhme.
Tá feidhm ag ord na réiteach dramhaíola a leagtar síos i dTreoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle mar ord tosaíochta i reachtaíocht an Aontais maidir le dramhaíl a chosc agus a bhainistiú.
Nuair atá cuspóirí na Treorach seo á gcomhlíonadh acu, ba cheart do na Ballstáit na bearta is gá a dhéanamh chun ord tosaíochta ord na réiteach dramhaíola a chur san áireamh agus cur chun feidhme praiticiúil na dtosaíochtaí sin a áirithiú.
I gcomhthéacs ghealltanas an Aontais i dtaobh aistriú i dtreo geilleagar ciorclach, ba cheart athbhreithniú a dhéanamh ar Threoir 2000/53/CE, Treoir 2006/66/CE agus Treoir 2012/19/AE agus, más gá, ba cheart iad a leasú, ag cur san áireamh a gcur chun feidhme agus ag tabhairt aird, inter alia, ar an bhféidearthacht spriocanna a shocrú d’ábhair shonracha atá sna sruthanna dramhaíola ábhartha.
Le linn an athbhreithnithe ar Threoir 2000/53/CE, ba cheart aird a thabhairt freisin ar fhadhb na bhfeithiclí a bhfuil a ré caite acu ach nach bhfuil curtha san áireamh, lena n-áirítear loingsiú feithiclí caite a bhfuil drochamhras ann gur feithiclí a bhfuil a ré caite acu iad, agus Treoirlínte na gComhfhreagraithe Uimh. 9 maidir le loingsithe feithiclí dramhaíle.
Le linn an athbhreithnithe ar Threoir 2006/66/CE, ba cheart forbairt theicniúil ar chineálacha ceallraí nua nach mbaineann feidhm as substaintí guaiseacha a chur san áireamh.
Chun Treoir 2000/53/CE a leasú agus a fhorlíonadh agus chun Treoir 2012/19/AE a leasú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le pointe (b) d’Airteagal 4(2) agus Airteagail 5(5), 6(6) agus 8(2) de Threoir 2000/53/CE, arna leasú leis an Treoir seo, agus Airteagal 19 de Threoir 2012/19/AE, arna leasú leis an Treoir seo.
Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.
Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna mBallstát, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.
Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le Treoir 2000/53/CE i dtaca le hAirteagal 7(2) agus Airteagal 9(1d) di, arna leasú leis an Treoir seo, agus chun Treoir 2012/19/AE a chur chun feidhme i dtaca le hAirteagal 16(9) di, arna leasú leis an Treoir seo, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún.
Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí na Treorach seo, eadhon feabhas a chur ar bhainistiú dramhaíola san Aontas, agus ar an gcaoi sin rannchuidiú le cosaint, caomhnú agus feabhsú cháilíocht an chomhshaoil agus le húsáid stuama agus réasúnach acmhainní nádúrtha, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr fhairsinge agus éifeachtaí na mbeart, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach.
Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir 2000/53/CE, Treoir 2006/66/CE agus Treoir 2012/19/AE a leasú dá réir sin.
I gcomhréir le Dearbhú Comhpháirteach Polaitiúil an 28 Meán Fómhair 2011 ó na Ballstáit agus ón gCoimisiún maidir le doiciméid mhíniúcháin, ghlac na Ballstáit mar chúram orthu féin, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, doiciméad amháin nó níos mó a chur leis an bhfógra maidir lena mbearta trasuite, ar doiciméid iad lena mínítear an gaol idir codanna de threoir agus páirteanna comhfhreagracha na n-ionstraimí náisiúnta trasuite.
Ba cheart na sonraí foluiteacha a bhaint ó bhunachair sonraí ábhartha an Choimisiúin.
Bhunaigh agus chomhaontaigh an tAontas agus an Ríocht Aontaithe an mhodheolaíocht maidir le sciar úsáide gach cuóta ráta taraife aonair, i gcomhréir le ceanglais Airteagal XXVIII de CGTT 1994, agus dá bhrí sin, ba cheart an mhodheolaíocht sin a choinneáil go hiomlán chun a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm go comhsheasmhach í.
Sna cásanna sin nach bhfacthas aon trádáil i ndáil le cuóta ráta taraife sonrach thar an tréimhse ionadaíoch, ba cheart úsáid a bhaint as dhá chur chuige mhalartacha chun cion úsáide na Ríochta Aontaithe a bhunú.
Sna cásanna sin inarb ann do chuóta ráta taraife eile a bhfuil sainiú táirge comhionann air, ba cheart cion úsáide an chuóta ráta taraife chomhionainn sin a chur i bhfeidhm ar an gcuóta ráta taraife nach bhfacthas aon trádáil ann thar an tréimhse ionadaíoch.
Sna cásanna sin nach ann do chuóta ráta taraife a bhfuil sainiú táirge comhionann air, ba cheart an fhoirmle chun an cion úsáide a ríomh a chur i bhfeidhm ar allmhairí an Aontais sna línte taraifí comhfhreagracha lasmuigh den chuóta ráta taraife.
Maidir leis na cuótaí rátaí taraife talmhaíochta lena mbaineann, le hAirteagal 184 go hAirteagal 188 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, foráiltear an bunús dlí is gá chun na cuótaí rátaí taraife a riar tar éis iad a bheith cionroinnte de réir an Rialacháin seo.
I dtaca leis seo, leagtar amach cainníochtaí na gcuótaí rátaí taraife lena mbaineann i gCuid A den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Ba cheart an riarachán sin a dhéanamh, dá bhrí sin, agus aird chuí á tabhairt do chuspóirí an Chomhbheartais Talmhaíochta, mar a leagtar síos é in CFAE, agus don ilfheidhmiúlacht atá ag gníomhaíochtaí talmhaíochta.
Maidir leis na cuótaí rátaí taraife lena gcumhdaítear formhór táirgí iascaigh, táirgí tionsclaíocha agus táirgí talmhaíochta próiseáilte áirithe, déantar riarachán na gcuótaí rátaí taraife de bhun Rialachán (AE) Uimh. 32/2000.
Leagtar amach cainníochtaí na gcuótaí rátaí taraife i dtrácht in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin agus ba cheart na cainníochtaí sin a leagtar amach i gCuid B den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo a chur in ionad na hIarscríbhinne sin.
Tá ceithre chuótaí ráta taraife iascaigh nach ndéantar a riar faoi Rialachán (CE) Uimh. 32/2000 ach faoi Rialachán (CE) Uimh. 847/2006 ón gCoimisiún, lena gcuirtear Cinneadh 2006/324/CE ón gComhairle i bhfeidhm.
Ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun forálacha Rialachán (CE) Uimh. 847/2006 maidir leis na ceithre chuóta ráta taraife iascaigh a oiriúnú i gcomhréir leis na cainníochtaí cionroinnte a leagtar síos sa Rialachán seo.
Chun a chur san áireamh go raibh caibidlíocht le Baill EDT dá ndéanfar difear ar siúl i gcomhthráth leis an ngnáthnós imeachta reachtach chun an Rialachán seo a ghlacadh, ba cheart an chumhacht gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún chun leasú a dhéanamh ar Chodanna A agus C den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo i dtaca le cainníochtaí na gcuótaí rátaí taraife cionroinnte a liostaítear iontu, chun go gcuirfear san áireamh aon chomhaontuithe a thabharfar i gcrích nó aon fhaisnéis ábhartha a d’fhéadfadh sé a fháil i gcomhthéacs na caibidlíochta sin a léireodh go mbeadh coigeartú ar chionroinnt na dtaraif-chuótaí idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe ag teastáil mar gheall ar fhachtóirí sonracha nach raibh eolas aige orthu roimhe sin, agus comhsheasmhacht leis an modheolaíocht chomhchoiteann a comhaontaíodh go comhpháirteach leis an Ríocht Aontaithe á háirithiú san am céanna.
Ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh a tharmligean chuig an gCoimisiún i gcás ina dtiocfar ar fhaisnéis ábhartha ó fhoinsí eile a bhfuil suim acu i gcuóta ráta taraife ar leith.
Ina theannta sin, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 32/2000 a leasú chun an chumhacht gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún chun Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin a leasú.
I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, agus i bhfianaise tharraingt siar na Ríochta Aontaithe ón Aontas, is gá agus is iomchuí go leagfar síos rialacha maidir le cuótaí rátaí taraife a chionroinnt a áirítear i sceideal an Aontais i dtaca leis an EDT.
Ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí arna saothrú a ghnóthú, i gcomhréir le hAirteagal 5(4) de CAE.
I gcomhréir le hAirteagal 4(3) de Rialachán (CEE, Euratom) Uimh. 1182/71 ón gComhairle, tiocfaidh deireadh le feidhm gníomhartha atá socraithe ar dháta ar leith ar dhul in éag uair dheireanach an lae ar an dáta sin.
Ba cheart, dá bharr sin, feidhm a bheith ag an Rialachán seo ón lá i ndiaidh an lae a thiocfaidh deireadh le feidhm Rialachán (CE) Uimh. 32/2000 maidir leis an Ríocht Aontaithe, mar gur gá don Aontas Eorpach agus don Ríocht Aontaithe araon a fhios a bheith acu ónsin ar aghaidh cad iad na hoibleagáidí a bheidh orthu maidir leis an EDT.
Ba cheart, áfach, go mbeadh feidhm ag forálacha an Rialacháin seo lena leagtar amach tarmligean na cumhachta agus tabhairt na gcumhachtaí cur chun feidhme ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.
Á chur san áireamh na ceanglais nós imeachta atá ag an ngnáthnós imeachta reachtach agus an gá le gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh ina dhiaidh sin chun an Rialachán seo a chur i bhfeidhm, ar thaobh amháin, agus an riachtanas go mbeadh na cuótaí rátaí taraife cionroinnte ann agus réidh le cur i bhfeidhm ag an nóiméad nach gcumhdódh sceideal lamháltas agus ceangaltas an Aontais an Ríocht Aontaithe a thuilleadh, a d’fhéadadh a bheith chomh luath le 30 Márta 2019, ar an taobh eile, tá sé riachtanach go dtiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm a luaithe is féidir,
Rinneadh Rialachán (CE) Uimh. 91/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a leasú go substaintiúil roinnt uaireanta.
Ós rud é go bhfuil tuilleadh leasuithe le déanamh air, ba cheart an Rialachán sin a athmhúnlú ar mhaithe le soiléireacht.
Cuid thábhachtach de ghréasáin iompair an Aontais is ea na hiarnróid.
Tá gá le staidreamh i ndáil le hiompar earraí agus paisinéirí d'iarnród ionas go bhféadfaidh an Coimisiún faireachán a dhéanamh ar an gcomhbheartas iompair agus é a fhorbairt, mar aon le gnéithe iompair na mbeartas a bhaineann leis na réigiúin agus leis na gréasáin tras-Eorpacha.
Tá gá le staidreamh freisin i ndáil le sábháilteacht iarnróid ionas go bhféadfaidh an Coimisiún gníomhaíocht an Aontais i réimse na sábháilteachta iompar a ullmhú agus faireachán a dhéanamh uirthi.
Bailíonn Gníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh sonraí faoi thionóiscí faoi Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2004/49/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i dtaca le táscairí sábháilteachta comhchoiteanna agus maidir le modhanna comhchoiteanna chun costais tionóisce a ríomh.
Ina theannta sin, is gá staidreamh ar leibhéal an Aontais maidir le hiompar d'iarnród ionas go gcomhlíonfar na cúraimí faireacháin dá bhforáiltear in Airteagal 15 de Threoir 2012/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
Ba cheart staidreamh ar leibhéal an Aontais i ndáil le gach modh iompair a bhailiú de réir coincheapa coiteanna agus caighdeáin choiteanna ionas go bhféadfaí an inchomparáideacht is iomláine is féidir idir modhanna iompair a bhaint amach.
Tá sé tábhachtach go ndéanfar dúbláil na hoibre a sheachaint, agus an úsáid is fearr is féidir a bhaint as an bhfaisnéis atá ann cheana, ar faisnéis í ar féidir í a úsáid chun críocha staidrimh.
Chuige sin, agus d'fhonn faisnéis inrochtana go héasca agus úsáideach a chur ar fáil do shaoránaigh an Aontais agus do pháirtithe leasmhara eile maidir le sábháilteacht iompair d'iarnród agus maidir le hidir-inoibritheacht an chórais iarnróid, lena n-áirítear an bonneagar iarnróid, ba cheart comhaontuithe comhair iomchuí a bhunú maidir le gníomhaíochtaí staidrimh idir seirbhísí an Choimisiúin agus eintitis ábhartha, lena n-áirítear ar an leibhéal idirnáisiúnta.
Ba cheart go mbainfí cothromaíocht amach idir riachtanais na n-úsáideoirí agus an t-ualach a chuirtear ar fhreagróirí agus staidreamh Eorpach á sholáthar acu.
Sa tuarascáil a chuir an Coimisiún faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ar an taithí a fuair sé agus Rialachán (CE) Uimh. 91/2003 á chur i bhfeidhm, thagair an Coimisiún don fhíric gurb é an toradh is dócha a bheidh ar fhorbairtí fadtéarmacha scriosadh nó simpliú na sonraí atá bailithe cheana féin de réir an Rialacháin sin, agus gurb í an aidhm an tréimhse chun sonraí a tharchur a laghdú i ndáil le sonraí bliantúla faoi phaisinéirí iarnróid.
Ba cheart don Choimisiún leanúint de thuarascálacha a sholáthar go tráthrialta maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo.
De thoradh gnóthais iarnróid atá faoi úinéireacht phoiblí agus gnóthais iarnróid atá faoi úinéireacht phríobháideach a bheith ag oibriú san am céanna i margadh iompair tráchtála d'iarnród, is gá a shonrú go sainráite cén fhaisnéis staidrimh ba cheart do ghnóthais iarnróid a sholáthar agus ba cheart do Eurostat a scaipeadh.
Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon caighdeáin choiteanna staidrimh a chruthú lena bhféadfar sonraí comhchuibhithe a tháirgeadh agus atá le cur i bhfeidhm i ngach Ballstát faoi údarás na gcomhlachtaí agus na n-institiúidí atá i gceannas ar staidreamh oifigiúil a tháirgeadh, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr a scála agus a éifeachtaí, gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach.
Is é Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a sholáthraíonn an creat tagartha do na forálacha a leagtar síos sa Rialachán seo.
Chun forbairtí nua sna Ballstáit a léiriú agus ag leanúint le bailiú comhchuibhithe sonraí i ndáil le hiompar d'iarnród ar fud an Aontais, ag an am céanna, agus d'fhonn ardcháilíocht na sonraí arna dtarchur ag na Ballstáit a chaomhnú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca leis an Rialachán seo a leasú le hoiriúnú a dhéanamh ar na sainmhínithe teicniúla agus le foráil a dhéanamh do shainmhínithe teicniúla breise.
Ba cheart don Choimisiún a áirithiú nach gcuirfidh na gníomhartha tarmligthe sin ualach riaracháin breise suntasach ar na Ballstáit ná ar na freagróirí.
Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún maidir le sainiú na faisnéise atá le soláthar le haghaidh na dtuarascálacha ar cháilíocht agus inchomparáideacht na dtorthaí, agus maidir leis na socruithe i leith scaipeadh na dtorthaí sin ag an gCoimisiún (Eurostat).
Chuathas i gcomhairle leis an gCoiste um an gCóras Staidrimh Eorpach,
Liosta substaintí dá dtagraítear i bpointe (b) de phointe 1 d'Airteagal 1
P-Meitiltia-amfataimín nó 4-Meitiltia-amfataimín, dá dtagraítear i gCinneadh 1999/615/CGB ón gComhairle [1].
Parameatocsaimeitiolamfataimín nó N-meitil-1-(4-meatocsaifeinil)-2-aimíneaprópán, dá dtagraítear i gCinneadh 2002/188/CGB ón gComhairle [2].
2,5-démheatocsa-4-iadaifeineitiolaimín, 2,5-démheatocsa-4-eitiltiaifeineitiolaimín, 2,5-démheatocsa-4-(n)-próipiltiaifeineitiolaimín agus 2,4,5-trimeatocsa-amfataimín, dá dtagraítear i gCinneadh 2003/847/CGB ón gComhairle [3].
einsilpipioraisín nó 1-beinsil-1,4-diasóicioglaiheacsán nó N-beinsilpipioraisín nó beinsilpipioraisín, dá dtagraítear i gCinneadh 2008/206/CGB ón gComhairle [4].
eitilmeatcátíonón, dá dtagraítear i gCinneadh 2010/759/AE ón gComhairle [5].
eitil-5-(4-meitilfeinil)-4,5-dé-hiodrocsasóil-2-aimín (4,4′-DMAR) agus 1-cioglaiheicsil-4-(1,2-défeinileitil)pipioraisín (MT-45), dá dtagraítear i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1873 ón gComhairle [6].
eitiolamfataimín, dá dtagraítear i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1874 ón gComhairle [7].
ada-2,5-dé-mheatocsa-N-(2-meatocsaibeinsil)feineitiolaimín (25I-NBOMe), 3,4-déchlóra-N-[[1- (démheitiolaimín)cioglaiheicsil]meitil]beansaimíd (AH-7921), 3,4-meitiléindé-ocsaipireavaléarón (MDPV) agus 2-(3-meatocsaifeinil)-2-(eitilaimíni)cioglaiheacsanón (meatocsataimín), dá dtagraítear i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1875 ón gComhairle [8].
5-(2-aimíneapróipil)iondóil, dá dtagraítear i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1876 ón gComhairle [9].
10 1-feinil-2-(pioróilidéin-1-il) peantán-1n (α-pioróilidéinovalerifeanón, α-PVP), dá dtagraítear i gCinneadh (AE) 2016/1070 ón gComhairle [10].
Meithil2-[[1-(cioglaiheicilmeitil)-1H-iondóil-3-carbóinil]aimíni] 3,3-démheitiolbútánóáit(MDM CHMICA), dá dtagraítear i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2017/369 ón gComhairle [11].
N-(1-feineitilpipiridin-4-il)-N-feinilaicriolaimíd (aicrilílfeantáinil), dá dtagraítear i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE)2017/1774 [12].
Cinneadh 1999/615/CGB ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 1999 lena sainmhínítear 4-MTA mar dhruga sintéiseach nua atá le cur faoi réir bearta rialaithe agus pionóis choiriúla (IO L 244, 16.9.1999, lch. 1).
Cinneadh 2002/188/CGB ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 maidir le bearta rialaithe agus smachtbhannaí coiriúla i ndáil le PMMA, an druga sintéiseach nua (IO L 63, 6.3.2002, lch. 14).
Cinneadh 2003/847/CGB ón gComhairle an 27 Samhain 2003 maidir le bearta rialaithe agus smachtbhannaí coiriúla i ndáil le 2C-I, 2C-T-2, 2C-T-7 agus TMA-2, drugaí sintéiseacha nua (IO L 321, 6.12.2003, lch. 64).
Cinneadh 2008/206/CGB ón gComhairle an 3 Márta 2008 maidir le 1-beinsilpipioraisín (BZP) a shainiú mar shubstaint shícighníomhach nua atá le cur faoi réir bearta rialaithe agus forálacha coiriúla (IO L 63, 7.3.2008, lch. 45).
Cinneadh 2010/759/AE ón gComhairle an 2 Nollaig 2010 maidir le 4-meitilmeatcátíonón (meifeadrón) a chur faoi réir bearta rialaithe (IO L 322, 8.12.2010, lch. 44).
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1873 ón gComhairle an 8 Deireadh Fómhair 2015 maidir le 4-meitil-5-(4-meitilfeinil)-4,5-dé-hiodrocsasóil-2-aimín (4,4′-DMAR) agus 1-cioglaiheicsil-4-(1,2-défeinileitil)pipioraisín (MT-45) a chur faoi réir bearta rialaithe (IO L 275, 20.10.2015, lch. 32).
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1874 ón gComhairle an 8 Deireadh Fómhair 2015 maidir le 4-meitiolamfataimín a chur faoi réir bearta rialaithe (IO L 275, 20.10.2015, lch. 35).
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1875 ón gComhairle an 8 Deireadh Fómhair 2015 maidir le 4-iada-2,5-dé-mheatocsa-N-(2-meatocsaibeinsil)feineitiolaimín (25I-NBOMe), 3,4-déchlóra-N-[[1-(démheitiolaimín)cioglaiheicsil]meitil]beansaimíd (AH-7921), 3,4-meitileindé-ocsaipireavaléarón (MDPV) agus 2-(3-meatocsaifeinil)-2-(eitilaimíni)cioglaiheacsanón (meatocsataimín) a chur faoi réir bearta rialaithe (IO L 275, 20.10.2015, lch. 38).
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1070 ón gComhairle an 27 Meitheamh 2016 maidir le 1-feinil-2-(pioróilidéin-1-il) peantán-1n (α-pioróilidéinovalerifeanón, α-PVP) a chur faoi réir bearta rialaithe (IO L 178, 2.7. 2016, lch. 18).
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2017/369 ón gComhairle an 27 Feabhra 2017 maidir le meitil 2-[[1-(cioglaiheicsilmeitil)-1H-iondóil-3-carbóinil]aimíni]-3,3-démheitiolbútánóáit (MDMB-CHMICA) a chur faoi réir bearta rialaithe (IO L 56, 3.3.2017, lch. 210).
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1774 ón gComhairle an 25 Meán Fómhair 2017 maidir le N-(1-feineitilpipiridin-4-il)-N-feinilaicriolaimíd (aicrilílfeantáinil) a chur faoi réir bearta rialaithe (IO L 251, 29.9.2017, Ich.21).
Tá Treoir 86/278/CEE agus Treoir 87/217/CEE ón gComhairle bunaithe ar Airteagal 100 agus Airteagal 235 den Chonradh ag bunú Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa, arb iad Airteagal 115 agus Airteagal 352 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) anois.
Baineann leasuithe ar na Treoracha sin sa Chinneadh seo le beartas an Aontais maidir leis an gcomhshaol agus tá siad ina n-iarmhairt dhíreach ar Threoir 91/692/CEE ón gComhairle a aisghairm ar bhonn Airteagal 192(1) CFAE.
Is iomchuí, dá bhrí sin, na leasuithe sin ar Threoir 94/63/CE a bhunú ar Airteagal 192(1) CFAE.
Tá Treoir 94/63/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle bunaithe ar Airteagal 100a den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, arb é Airteagal 114 CFAE anois.
Glacadh Treoir 91/692/CEE chun réasúnaíocht agus feabhas a dhéanamh, ar bhonn earnála, ar na forálacha maidir le faisnéis a tharchur agus tuarascálacha a fhoilsiú i dtaca le treoracha áirithe maidir le cosaint an chomhshaoil.
Chun an cuspóir sin a ghnóthú, rinneadh le Treoir 91/692/CEE roinnt treoracha a leasú trí cheanglais tuairiscithe aonfhoirmeacha a thabhairt isteach.
Tá cur chun feidhme na gceanglas tuairiscithe a tugadh isteach le Treoir 91/692/CEE tar éis teacht chun bheith anróiteach agus mí-éifeachtach.
Anuas air sin, rinneadh mórán de na gníomhartha de chuid an Aontais a leasaíodh le Treoir 91/692/CEE a ionadú agus níl iontu a thuilleadh na ceanglais tuairiscithe mar a tugadh isteach iad leis an Treoir sin.
Mar shampla, le Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, aisghaireadh seacht ngníomh de chuid an Aontais i réimse an bheartais uisce agus níor tugadh ar aghaidh chuig an Treoir sin an córas tuairiscithe a tugadh isteach le Treoir 91/692/CEE.
Ina theannta sin, níl aon tagairt i dTreoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle do Threoir 91/692/CEE agus, ina ionad sin, déantar foráil inti do chóras tuairiscithe ar leithligh.
Ní dhéantar foráil i dTreoir 91/692/CEE maidir le huirlisí leictreonacha a úsáid.
Leis an bhforbairt rathúil ar Reportnet na Gníomhaireachta Eorpaí Comhshaoil agus na tionscnaimh earnála maidir le tuairisciú a shruthlíniú, amhail an Córas Faisnéise Uisce don Eoraip, tá an gá atá le hionstraim chothrománach maidir leis an tuairisciú agus a héifeachtacht á dtabhairt faoi cheist tuilleadh.
Ar deireadh, le glacadh Threoir 2007/2/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus le forbairt ghaolmhar an Chórais Chomhroinnte um Fhaisnéis Chomhshaoil, tugadh isteach cur chuige cothrománach níos nua-aimseartha agus níos éifeachtaí maidir le bainistiú faisnéise agus tuairisciú a bhaineann le beartas comhshaoil an Aontais.
Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir 91/692/CE a aisghairm.
Níl formhór na dTreoracha a leasaíodh le Treoir 91/692/CEE i bhfeidhm a thuilleadh.
Tá Treoracha 86/278/CEE agus 87/217/CEE fós i bhfeidhm, áfach.
Le Treoir 86/278/CEE, ceanglaítear ar na Ballstáit tuarascáil a sholáthar maidir le cur chun feidhme na Treorach sin ar bhonn ceistneoir nó achoimre arna ndréachtú ag an gCoimisiún i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos i dTreoir 91/692/CEE.
Chun folús dlíthiúil a sheachaint mar gheall ar Threoir 91/692/CEE a aisghairm, is gá tagairt don nós imeachta dá dtagraítear i dTreoir 86/278/CEE a chur in ionad na tagartha do Threoir 91/692/CEE.
Ní gá do na Ballstáit tuairisciú faoi Threoir 87/217/CEE a thuilleadh tar éis ghlacadh Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, lena bhforáiltear do dheireadh a chur de réir a chéile le haispeist amh agus le tairgí a bhfuil aispeist iontu a tháirgeadh agus a úsáid san Aontas.
Is iomchuí, dá bhrí sin, na ceanglais tuairiscithe sin a leagtar amach sa Treoir sin a scriosadh.
Tar éis theacht i bhfeidhm Threoir 91/692/CEE, bhí tagairt don Treoir sin sna Rialacháin agus sna Treoracha seo a leanas: Treoir 94/62/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 94/63/CE, Treoir 1999/31/CE ón gComhairle, Treoir 2000/53/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2009/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
Mar chuid de phlean gníomhaíochta AE don gheilleagar ciorclach, bheartaigh an Coimisiún Treoracha 94/62/CE, 1999/31/CE, 2000/53/CE agus 2008/98/CE a leasú chun an tagairt do Threoir 91/692/CEE a ionadú.
Chun a áirithiú go bhfuil forálacha áirithe de na hIarscríbhinní a ghabhann le Treoir 86/278/CEE cothrom le dáta, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca leis na forálacha sin a oiriúnú don dul chun cinn teicniúil agus eolaíoch.
Níor cheart é a bheith mar thoradh ar na hIarscríbhinní a ghabhann le Treoir 2009/31/CE a oiriúnú go ndéanfaí ísliú ar an leibhéal sábháilteachta ná lagú ar na prionsabail faireacháin, dá bhforáiltear leis na critéir atá sna hIarscríbhinní sin.
I gcomhréir le hAirteagal 9 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), agus a bheartais agus a ghníomhaíochtaí á sainiú agus á gcur chun feidhme aige, is gá don Aontas na ceanglais atá nasctha le hardleibhéal fostaíochta a chur chun cinn a chur i gcuntas, le cosaint shóisialta leormhaith a ráthú, leis an eisiamh sóisialta a chomhrac, agus le hardleibhéal oideachais, oiliúna agus cosanta do shláinte an duine.
Ina theannta sin, agus mar a leagtar amach in Airteagal 11 CFAE, is gá ceanglais maidir le cosaint an chomhshaoil a chomhtháthú i mbeartais agus gníomhaíochtaí an Aontais, go háirithe d'fhonn forbairt inbhuanaithe a chur chun cinn.
Déantar foráil le hAirteagal 120 agus le hAirteagal 121 CFAE go bhfuil sé de cheangal ar na Ballstáit a mbeartais eacnamaíocha a sheoladh d'fhonn rannchuidiú le cuspóirí an Aontais a bhaint amach, agus i gcomhthéacs na mór-threoirlínte a fhoirmeoidh an Chomhairle.
Mar sin, is ábhar leasa choitinn é beartais eacnamaíocha na mBallstát a chomhordú.
Tá roinnt Ballstát ann agus ghabh siad trí phróiseas coigeartaithe, nó tá siad fós ag gabháil trí phróiseas den saghas sin, chun míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha a tháinig chun cinn san am atá caite a cheartú, agus tá go leor Ballstát ann a chaithfidh aghaidh a thabhairt ar an dúshlán a bhaineann le hacmhainneacht fáis íseal.
Tá cur chun feidhme athchóirithe struchtúracha aitheanta ag an Aontas mar cheann dá thosaíochtaí beartais lena bhféadfar an téarnamh a sheoladh ar bhealach na hinbhuanaitheachta, an acmhainneacht fáis a réadú, an cumas coigeartaithe a neartú, agus tacú le próiseas an chóineasaithe.
Próiseas casta is ea é athchóirithe a dhéanamh agus teastaíonn tacar iomlán d'eolas ríspeisialaithe agus de scileanna, chomh maith le fís fhadtéarmach chuige.
Ní gan dua a thugtar faoi athchóirithe struchtúracha a dhéanamh ar mhórán réimsí beartais phoiblí, de bhrí go mbíonn tamall ann sula dtagann ann do thionchar na n-athchóirithe céanna.
Dá bhrí sin, tá sé ríthábhachtach iad a cheapadh agus a chur i bhfeidhm go tráthúil agus ar dhóigh éifeachtúil, bíodh sé do gheilleagar atá ag dul trí ghéarchéim nó do gheilleagar atá lag ó thaobh struchtúir de atá siad.
Sa chomhthéacs sin, tá an tacaíocht atá tugtha ag an Aontas i bhfoirm cúnamh teicniúil tábhachtach le blianta beaga anuas ó thaobh tacú le coigeartú eacnamaíoch a dhéanamh sa Ghréig agus sa Chipir.
Tá úinéireacht ar athchóirithe struchtúracha ar an talamh ríthábhachtach chun go gcuirfear chun feidhme go rathúil iad.
Féadfaidh na Ballstáit tairbhiú de thacaíocht chun díriú ar dhúshláin maidir le ceapadh agus cur chun feidhme athchóirithe struchtúracha fáschothaitheacha i gcomhréir le cuspóirí eacnamaíocha agus sóisialta an Aontais.
D'fhéadfadh na dúshláin sin brath ar imthosca éagsúla, amhail cumas teoranta riaracháin agus institiúideach chomh maith leis an tslí a ndéantar dlí an Aontais a chur i bhfeidhm agus a chur chun feidhme a bheith neamhleor.
Tá taithí leathan ag an Aontas ar thacaíocht shonrach a thabhairt do riaracháin náisiúnta agus d'údaráis eile de chuid na mBallstát maidir le méadú cumais agus gníomhaíochtaí dá samhail in earnálacha áirithe (e.g. cánachas, custaim agus tacaíocht d'fhiontair bheaga agus mheánmhéide) agus i ndáil leis an mbeartas comhtháthaithe a chur chun feidhme.
Maidir leis an taithí atá ag an Aontas ar chúnamh a thabhairt d'údaráis náisiúnta athchóirithe a dhéanamh, ba cheart í a úsáid chun feabhas a chur ar chumas an Aontais tacaíocht a thabhairt do na Ballstáit.
Teastaíonn gníomhaíocht chuimsitheach chomhtháite le tacaíocht a thabhairt do na Ballstáit sin a bhfuil athchóirithe spreagtha fáis á ngabháil de láimh acu agus a iarrann cúnamh ar an Aontas ina leith sin.
Sa Tuarascáil Speisialta ó Chúirt na nIniúchóirí (19/2015) dar teideal 'Aird níos mó ar thorthaí ag teastáil chun soláthar cúnaimh theicniúil don Ghréig a fheabhsú', áirítear moltaí úsáideacha maidir le cúnamh teicniúil a bheith á sholáthar ag an gCoimisiún do na Ballstáit.
Tá na moltaí sin le cur i gcuntas i gcur chun feidhme na tacaíochta faoin Rialachán seo.
I bhfiainise an méid sin, tá sé riachtanach Clár Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach (“an Clár”) a bhunú arb é is cuspóir dó cumas na mBallstát athchóirithe spreagtha fáis de chineál riaracháin agus struchtúrach a ullmhú agus a chur chun feidhme, agus an cumas sin a neartú, ar dhóigheanna éagsúla, lena n-áirítear trí chúnamh a thabhairt chun cistí de chuid an Aontais a úsáid ar dhóigh éifeachtúil éifeachtach.
Tá an Clár beartaithe chun rannchuidiú le spriocanna comhchoiteanna a bhaint amach maidir le tacú le téarnamh eacnamaíoch, comhtháthú agus poist a chruthú, iomaíochas agus táirgiúlacht na hEorpa a neartú, agus infheistíocht san fhíorgheilleagar a spreagadh.
Fágfaidh sé sin go mbeidh freagairt níos fearr ann ar na dúshláin eacnamaíocha agus sóisialta ardleibhéal leasa shóisialta chomh maith le hardleibhéal seirbhísí sláinte a bhaint amach agus ar bhochtaineacht agus eisiamh sóisialta a chomhrac.
Is é an Coimisiún ba cheart tacaíocht a thabhairt faoin gClár, arna iarraidh sin ag Ballstát, i réimsí a bhaineann le comhtháthú, iomaíochas, táirgiúlacht, nuálaíocht, fás cliste, inbhuanaithe agus cuimsitheach, poist agus infheistíocht, amhail buiséad agus cánachas, an tseirbhís phoiblí, athchóirithe institiúideacha agus riaracháin, córais cheartais, an comhrac in aghaidh calaoise, éilliú sciúradh airgid agus imghabháil chánach, an timpeallacht ghnó, forbairt na hearnála príobháidí, infheistíocht, iomaíocht, soláthar poiblí, rannpháirtíocht phoiblí i bhfiontair, próisis príobháidithe, rochtain ar mhaoiniú, beartais i leith na hearnála airgeadais, trádáil, forbairt inbhuanaithe, oideachas agus oiliúint, beartais maidir le margadh an tsaothair, sláinte phoiblí, tearmann, beartais inimirce, talmhaíocht, forbairt tuaithe agus iascach.
Ba cheart na Ballstáit a bheith in ann tacaíocht a iarraidh ar an gCoimisiún faoin gClár i ndáil le hathchóirithe a chur chun feidhme i gcomhthéacs na bpróiseas rialachais eacnamaíoch, go háirithe moltaí tír-shonracha i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh, i ndáil le gníomhaíochtaí a bhaineann le dlí an Aontais a chur chun feidhme, agus i ndáil le cláir coigeartaithe eacnamaíocha a chur chun feidhme.
Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann freisin tacaíocht a iarraidh i ndáil le hathchóirithe atá á ngabháil de láimh acu ar a dtionscnaimh féin chun comhtháthú, infheistíocht, fás inbhuanaithe, cruthú post agus iomaíochas a bhaint amach.
D'fhéadfadh an Coimisiún treoir a sholáthar maidir le príomhghnéithe na hiarratais ar thacaíocht.
I ndiaidh dó idirphlé a dhéanamh leis an mBallstát iarrthach, lena n-airítear i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh, ba cheart don Choimisiún anailís a dhéanamh ar an iarraidh, agus prionsabail na trédhearcachta, na córa comhionainne agus an bhainistithe fhónta airgeadais á gcur i gcuntas, agus an tacaíocht atá le tabhairt bunaithe ar phráinn, ar leithead agus ar dhoimhneacht na bhfadhbanna arna sainaithint a chinneadh, agus bunaithe ar na riachtanas tacaíochta i leith na réimsí beartais a bheidh beartaithe, bunaithe ar anailís ar tháscairí socheacnamaíocha agus ar chumas ginearálta riaracháin an Bhallstáit.
Bunaithe ar an anailís sin, agus na gníomhaíochtaí agus na bearta atá ann cheana agus atá á maoiniú le cistí de chuid an Aontais nó le cláir de chuid an Aontais á gcur i gcuntas, ba cheart don Choimisiún teacht ar chomhaontú leis an mBallstát lena mbaineann maidir leis na réimsí tosaíochta, na cuspóirí, amlíne tháscach, raon feidhme na mbeart tacaíochta a bheidh le soláthar agus iomlán measta na ranníocaíochta airgeadais do thacaíocht den sórt sin, a bheidh le leagan amach i bplean comhair agus tacaíochta.
Chun críocha trédhearcachta, inter alia, ba cheart don Choimisiún, faoi na coinníollacha a leagtar amach sa Rialachán seo, na pleananna comhair agus tacaíochta a sholáthar do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.
Beidh EUR 50000 de chaipiteal tosaigh ag cistí caipitil fiontair cáilitheacha arna mbainistú go hinmheánach agus ag bainisteoirí seachtracha um chistí caipitil fiontair cáilitheacha araon.”;
Beidh ar a laghad aon ochtú de na forchostais sheasta arna dtabhú ag an mbainisteoir an bhliain roimhe sin ina gcistí dílse i gcónaí.
Féadfaidh údarás inniúil an Bhallstáit bhaile an ceanglas sin a choigeartú i gcás inar tháinig athrú ábharach ar ghnó an bhainisteora ón mbliain roimhe sin.
I gcás nach bhfuil bliain de ghnó curtha i gcrích ag bainisteoir um chiste caipitil cáilitheach, is éard a bheidh sa cheanglas aon ochtú de na forchostais atá beartaithe ina phlean gnó, seachas má bhíonn coigeartú ar an bplean sin de dhíth ar údarás inniúil an Bhallstáit bhaile.
I gcás inar mó ná EUR 250000000 luach na gcistí caipitil fiontair cáilitheacha arna mbainistiú ag an mbainisteoir, cuirfidh an bainisteoir suim bhreise de chistí dílse ar fáil.
Beidh suim bhreise na gcístí dílse comhionann le 0,02 % den mhéid atá luach iomlán na gcistí caipitil fiontair cáilitheacha níos mó ná EUR 250000000.
Féadfaidh údarás inniúil an Bhallstáit bhaile bainisteoir um chistí caipitil fiontair cáilitheacha a údarú gan suas le 50 % de shuim bhreise na gcistí dílse dá dtagraítear i mír 4 a sholáthar má bhaineann an bainisteoir sin leas as ráthaíocht ar an méid céanna arna thabhairt ag institiúid creidmheasa nó ag gnóthas árachais a bhfuil a oifig chláraithe i mBallstát, nó i dtríú tír ina bhfuil sé faoi réir rialacha stuamachta a measann údarás inniúil an Bhallstáit bhaile a bheith comhionann leo siúd atá leagtha síos i ndlí an Aontais.
Déanfar cistí dílse a infheistiú i sócmhainní leachtacha nó sócmhainní is féidir a chomhshó go héasca ina n-airgead tirim sa ghearrthéarma agus ní áireofar seasaimh amhantracha iontu.”.
In Airteagal 12, cuirtear an mhír seo a leanas leis:
Cuirfidh údarás inniúil an Bhallstáit bhaile an fhaisnéis ar fad a bhailítear faoin Airteagal seo ar fáil d’údarás inniúil gach ciste caipitil fiontair cháilithigh lena mbaineann, d’údarás inniúil gach Ballstáit óstaigh lena mbaineann agus do ÚEUM go tráthúil trí mheán na nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagal 22.”.
In Airteagal 13(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):
méid na gcistí dílse atá ar fáil ag an mbainisteoir sin chun cothabháil a dhéanamh ar na hacmhainní daonna agus teicniúla leordhóthanacha is gá chun a chistí caipitil fiontair cáilitheacha a bhainistiú go cuí;”.
i mír 1, scriostar pointe (e);
Cuirfidh údarás inniúil an Bhallstáit bhaile an bainisteoir amhail dá dtagraítear i mír 1 ar an eolas faoi cé acu ar cláraíodh nó nár cláraíodh é mar bhainisteoir um chiste caipitil fiontair cáilitheach, tráth nach déanaí ná dhá mhí tar éis dóibh an fhaisnéis ar fad dá dtagraítear sa mhír sin a sholáthar.
Beidh clárú i gcomhréir leis an Airteagal seo ina chlárú chun críocha Airteagal 3(3) de Threoir 2011/61/AE maidir le bainistiú cistí caipitil fiontair cáilitheacha.
Maidir le bainisteoir um chiste caipitil fiontair cáilitheach amhail dá dtagraítear san Airteagal seo, tabharfaidh sé fógra d’údarás inniúil an Bhallstáit bhaile maidir le haon athruithe ábharacha ar na coinníollacha do chlárú tosaigh i gcomhréir leis an Airteagal seo sula gcuirfear athruithe den sórt sin chun feidhme.
Má chineann údarás inniúil an Bhallstáit bhaile ceanglais a fhorchur nó diúltú do na hathruithe sin dá dtagraítear sa chéad fhomhír, déanfaidh sé, laistigh d’aon mhí amháin ón bhfógra maidir leis na hathruithe sin a fháil, an bainisteoir um chiste chaipitil fiontair cáilitheach a chur ar an eolas.
Féadfaidh an t-údarás inniúil fadú suas le haon mhí amháin a chur leis an tréimhse sin i gcás ina measann sé gur gá sin mar gheall ar shaintosca an cháis, tar éis dó fógra a thabhairt do bhainisteoir an chiste chaipitil fiontair cháilithigh.
Féadfar na hathruithe sin a chur chun feidhme mura gcuirfidh an t-údaras inniúil ábhartha i gcoinne na n-athruithe laistigh den tréimhse mheasúnaithe ábhartha.
D’fhonn cur i bhfeidhm aonfhoirmeach an Airteagail seo a áirithiú, féadfaidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt chun an fhaisnéis atá le tabhairt do na húdaráis inniúla san iarratas ar chlárú mar a leagtar amach i mír 1 a shonrú tuilleadh agus chun na coinníollacha mar a leagtar amach i mír 2, a shonrú tuilleadh.
Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
D’fhonn cur i bhfeidhm aonfhoirmeach an Airteagail seo a áirithiú, féadfaidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt maidir le foirmeacha caighdeánacha, teimpléid chaighdeánacha agus nósanna imeachta caighdeánacha i gcomhair sholáthar na faisnéise do na húdaráis inniúla san iarratas ar chlárú a leagtar amach i mír 1 agus sna coinníollacha a leagtar amach i mír 2.
Tugtar an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Déanfaidh ÚEUM athbhreithnithe piaraí a eagrú agus a chur i gcrích i gcomhréir le hAirteagal 30 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 chun comhsheasmhacht na bpróiseas clárúcháin arna ndéanamh ag na húdaráis inniúla de bhun an Rialacháin seo a neartú.”.
Cuirtear isteach na hairteagail seo a leanas:
Bíonn an tAontas ag rannchuidiú le hardleibhéal cosanta do thomhaltóirí a áirithiú, agus le tomhaltóirí a chur i gcroílár an mhargaidh inmheánaigh trí thacú le beartais na mBallstát agus trí na bearta sin a chomhlánú trí bhíthin deimhin a dhéanamh de gur féidir le saoránaigh lántairbhe a bhaint as an margadh inmheánach agus, ar an dóigh sin, go dtugtar aird ar a leasanna dlíthiúla agus eacnamaíocha agus go gcosnaítear na leasanna sin mar is ceart.
Cuid thábhachtach den mhargadh inmheánach agus a chumais trasteorann is ea earnáil seirbhísí airgeadais a fheidhmíonn go maith agus atá iontaofa.
Is gá, chuige sin, creat stóinseach rialála agus maoirseachta a áirithíonn cobhsaíocht airgeadais, thacaíonn le geilleagar inbhuanaithe san am céanna.
Ina theannta sin, ba cheart d'earnáil seirbhísí airgeadais a fheidhmíonn go maith agus atá iontaofa ardleibhéal cosanta a sholáthar do thomhaltóirí agus d'úsáideoirí deiridh eile seirbhísí airgeadais, lena n-áirítear infheisteoirí miondíola, coigilteoirí, sealbhóirí polasaí árachais, comhaltaí agus tairbhithe cistí pinsin, scairshealbhóirí aonair, iasachtaithe agus FBManna.
Ó bhí 2007 ann, tá buille buailte ag an ngéarchéim airgeadais agus eacnamaíoch ar mhuinín úsáideoirí deiridh eile seirbhísí airgeadais, go háirithe muinín tomhaltóirí.
Chun a gcuid muiníne i bhfóntacht na hearnála airgeadais a athbhunú agus chun rannchuidiú lena dea-chleachtais, tá sé tábhachtach, mar sin cur le leibhéal rannpháirteachas agus rannpháirtíocht ghníomhach tomhaltóirí agus úsáideoirí deiridh eile seirbhísí airgeadais, lena n-áirítear infheisteoirí miondíola, coigilteoirí, sealbhóirí polasaí árachais, comhaltaí agus tairbhithe ciste pinsin, scairshealbhóirí aonair, iasachtaithe agus FBManna chomh maith le geallsealbhóirí a ionadaíonn a leasanna, i gceapadh beartas an Aontais agus i gceapadh beartas iltaobhach ábhartha eile i réimse an airgeadais.
Chun na cuspóirí sin a bhaint amach, tar éis tionscnamh traspháirtí ó Pharlaimint na hEorpa, thionscain an Coimisiún treoirthionscadal ag deireadh 2011 a raibh sé mar aidhm leis deontais a sholáthar chun tacú le lárionad saineolais airgeadais a fhorbairt a rachadh chun sochair do thomhaltóirí, d'úsáideoirí deiridh eile agus do gheallsealbhóirí a dhéanann ionadaíocht ar a leasanna siúd, chun feabhas a chur ar a gcumas sin bheith rannpáirteach i bpróiseas ceaptha beartas an Aontais i réimse na seirbhísí airgeadais agus chun forbairt córas baincéireachta athléimneach a chothú.
Ba iad na príomhchuspóirí beartais a bhí ann a áirithiú go bhfaigheadh lucht ceaptha beartas an Aontais, agus dlí nua an Aontais á thionscnamh acu, tuairimí seachas tuairimí gairmithe de chuid na hearnála airgeadais, a áirithiú go ndéanfaí leasanna tomhaltóirí agus úsáideoirí deiridh eile na seirbhísí airgeadais a léiriú i ndlí nua an Aontais, gurbh fhearr a dhéanfaí an pobal trí chéile a chur ar an eolas faoi na saincheisteanna a bhíonn i dtreis i rialáil airgeadais, as a leanann feabhsú ar litearthacht airgeadais, agus a áirithiú go bhfeabhsófaí rannpháirteachas gníomhach tomhaltóirí agus úsáideoirí deiridh seirbhísí airgeadais eile i bpróiseas ceaptha beartas an Aontais i réimse na seirbhísí airgeadais, as a leanann dlí Aontais dea-chothromaithe.
Dá bharr sin, idir 2012 agus 2015, agus tar éis glao oscailte ar thograí, dhámh an Coimisiún deontais oibriúcháin do dhá einiteas neamhbhrabúis, mar atá Finance Watch agus Better Finance.
Dámhadh na deontais sin in 2012 agus 2013 faoi threoirthionscadal a mhair dhá bhliain, agus, ó 2014, i bhfoirm gníomhaíocht ullmhúcháin.
Anuas air sin, in 2016, cinneadh deontais ghníomhaíochta a sholáthar in ionad deontas oibriúcháin, toisc go n-áirítear le deontais gníomhaíochta go ndéantar rialú níos fearr ar chaiteachas bhuiséad an Aontais.
Ós rud é gur féidir gníomhaíocht ullmhúcháin a úsáid go ceann suas le trí bliana as a chéile faoi Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle [3], tá gá le gníomh reachtach chun bunús dlí sholáthar do chistiú gníomhachtaí den sórt sin ó 2017 ar aghaidh.
Cuireadh Finance Watch ar bun le deontais ón Aontas in 2011 mar chomhlachas idirnáisiúnta neamhbhrabúis faoi dhlí na Beilge.
Is é an misean atá aige leasanna na sochaí sibhialta a chosaint i réimse an airgeadais.
Mar thoradh ar dheontais ón Aontas, d'éirigh le Finance Watch foireann de shaineolaithe cáilithe a chur le chéile laistigh de ghearrthréimhse, a bhí in ann staidéir, anailís ar bheartais agus gníomhaíochtaí cumarsáide a dhéanamh i réimse na seirbhísí airgeadais.
D'eascair Better Finance as cónaidhmeanna Eorpacha infheisteoirí agus scairshealbhóirí a bhí ann cheana agus a atheagraíodh agus a athbhrandáladh roinnt uaireanta ó bhí 2009 ann.
A bhuí le deontais ón Aontas, rinne Better Finance lárionad saineolais airgeadais a chur ar bun arb é a phríomhfhócas leasanna tomhaltóirí, infheisteoirí aonair, scairshealbhóirí aonair, coigilteoirí agus úsáideoirí deiridh eile seirbhísí airgeadais, rud atá ag luí lena cineál a mball agus a acmhainní.
Ba é an chonclúid a baineadh as an meastóireacht a rinneadh in 2015 ar an treoirthionscadal agus ar an ngníomhaíocht ullmhúcháin ina dhiaidh sin gur gnóthaíodh na cuspóirí beartais, a bheag nó a mhór.
Tá obair déanta ag Finance Watch agus Better Finance ar réimsí comhlántacha beartais agus tá siad tar éis díriú ar phobail éagsúla.
Chlúdaigh a ngníomhaíochtaí,le chéile, an chuid is mó de chlár oibre polaitiúil airgeadais an Aontais ó 2012 agus, a mhéid a lamháil a n-acmhainní, rinne Finance Watch agus Better Finance iarrachtaí a ngníomhaíocht a leathnú chun go mbeadh clúdach geografach leathan acu laistigh den Aontas.
Chuir an dá eagraíocht luach breise ar fáil d'iomlán ghníomhaíochtaí a mball náisiúnta agus do thomhaltóirí an Aontais.
Is minic nach mbíonn an saineolas teicniúil a bhaineann go sonrach le seirbhísí airgeadais agus próiseas ceaptha beartas gaolmhar an Aontais ag eagraíochtaí náisiúnta atá ag déileáil le raon leathan saincheisteanna tomhaltóirí.
Ina theannta sin, níor sainaithníodh aon eagraíochtaí comhchosúla eile ar leibhéal an Aontais go dtí seo.
Cé gur thaispeáin an mheastóireacht nár fhreagair aon iarratasóir eile do na glaonna bliantúla comhleanúnacha don togra ó 2012, ba cheart don Chlár a bheith ar oscailt do thairbhithe féideartha eile tar éis dheireadh na tréimhse 2017-2020 má chomhlíonann siad ceanglais an Chláir.
In ainneoin iarrachtaí rialta, níor éirigh le Finance Watch and Better Finance mórchistiú cobhsaí a mhealladh ó dheontóirí nach cuid den tionscal airgeadais iad, agus, dá bhrí sin, tá an dá eagraíocht fós ag brath go mór ar chistiú ón Aontas chun a bheith inbhuanaithe ó thaobh airgeadais.
Dá bhrí sin, tá gá le comhchistiúchán ón Aontas faoi láthair chun a áirithiú go bhfaighidh siad na hacmhainní is gá chun na cuspóirí beartais inmhianaithe a bhaint amach sna blianta atá amach romhainn, trí chobhsaíocht airgeadais a sholáthar do na heagraíochtaí sin agus dá saineolaithe agus dá bhfoireann riaracháin ar éirigh leo go dtí seo a ngníomhaíochtaí ábhartha a thosú laistigh de ghearrthréimhse.
Dá bhrí sin, is gá clár Aontais a bhunú don tréimhse 20172020 chun tacú le gníomhaíochta Finance Watch agus Better Finance (an “Clár”), rud a fhorlíonfaidh beartais dá samhail a shaothraíonn na Ballstáit ar an leibhéal náisiúnta.
Tá an chobhsaíocht airgeadais ríthábhachtach i gcaomhnú an tsaineolais, agus i gcás pleanáil tionscadail don dá eagraíocht.
Ba cheart go mbeadh sé d'aidhm ag na heagraíochtaí a fhaigheann tacaíocht faoin gClár, mar sin féin, ar chion an mhaoinithe ó fhoinsí eile a mhéadú.
Dá leanfaí de bheith ag cistiú Finance Watch agus Better Finance le linn na tréimhse 20172020, a bheag nó a mhór mar a rinneadh faoin ngníomhaíocht ullmhúcháin, d'áiritheofaí go mairfeadh an dea-thionchar a bhí ag an dá eagraíocht go dtí seo.
Is é is cuspóir don Rialachán seo é a bheith indéanta athghealladh a dhéanamh ar a bhfuil fágtha de na méideanna a gealladh chun tacú le cur chun feidhme Chinneadh (AE) 2015/1523 ón gComhairle agus Chinneadh (AE) 2015/160 ón gComhairle dá bhforáiltear faoi Rialachán (AE) Uimh. 516/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, nó na méideanna sin a leithdháileadh ar ghníomhaíochtaí eile faoi na cláir náisiúnta i gcomhréir le tosaíochtaí an Aontais agus riachtanais na mBallstát i réimsí sonracha an tearmainn agus na himirce.
Is é is cuspóir dó freisin a áirithiú freisin go ndéanfaí an t-athghealladh nó an leithdháileadh sin ar bhealach trédhearcach.
Gheall an Coimisiún cistiú do chláir náisiúnta na mBallstát faoin gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht chun tacú le cur chun feidhme Chinneadh (AE) 2015/1523 agus Chinneadh (AE) 2015/1601.
Leasaíodh Cinneadh (AE) 2015/1601 le Cinneadh (AE) 2016/1754 ón gComhairle.
Níl feidhm ag na Cinntí sin a thuilleadh.
Tá cuid den chistiú arna leithdháileadh faoi Chinneadh (AE) 2015/1523 agus faoi Chinneadh (AE) 2015/1601 in 2016 agus i roinnt cásanna in 2017 le fáil go fóill i gcláir náisiúnta na mBallstát.
Ba cheart do na Ballstáit bheith in ann úsáid a bhaint as na méideanna atá fágtha chun leanúint d'athlonnú a chur chun feidhme trí na méideanna sin a athghealladh maidir leis an ngníomhaíocht chéanna faoi na cláir náisiúnta.
Ba cheart do na Ballstáit 20 % ar a laghad de na méideanna sin a athghealladh do ghníomhaíochtaí i gcláir náisiúnta nó iad a aistriú chucu, le haghaidh iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta nó tairbhithe cosanta idirnáisiúnta a aistriú, le haghaidh athlonnaithe nó iontrálacha daonnúla ad-hoc eile, agus le haghaidh bearta ullmhúcháin maidir le hiarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta a aistriú i ndiaidh dóibh teacht isteach san Aontas, lena n-áirítear ar muir, nó le haghaidh tairbhithe ar chosaint idirnáisiúnta a aistriú.
Níor cheart a áireamh sna bearta sin ach na bearta dá dtagraítear i bpointí (a), (b), (e) agus (f) den dara fomhír d'Airteagal 5(1) de Rialachán (AE) Uimh. 516/2014.
I gcás ina bhfuil údar cuí leis, agus cláir náisiúnta na mBallstát á n-athbhreithniú, ba cheart do na Ballstáit bheith in ann úsáid a bhaint as suas le 80 % de na méideanna sin chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin eile i réimsí an tearmainn agus na himirce, i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 516/2014.
Tá riachtanais shuntasacha ag na Ballstáit sna réimsí sin go fóill.
Níor cheart é a bheith indéanta na méideanna atá fágtha a athghealladh don ghníomhaíocht chéanna, ná a aistriú chuig gníomhaíochtaí eile faoin gclár náisiúnta ach aon uair amháin agus le formheas an Choimisiúin.
Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go ndéanfar na cistí a leithdháileadh i modh lena n-urramaítear go hiomlán na prionsabail a leagtar amach i Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, go háirithe prionsabail na héifeachtúlachta agus na trédhearcachta.
Ba cheart an spriocghrúpa atá incháilithe d'aistriú mar aon le líon na mBallstát óna ndéantar aistrithe a mhéadú chun níos mó solúbthachta a thabhairt do na Ballstáit agus aistrithe á ndéanamh acu, agus aird á tabhairt ar riachtanais shonracha mionaoiseach neamhthionlactha, nó iarratasóirí leochaileacha eile agus staid shonrach bhaill teaghlaigh tairbhithe cosanta idirnáisiúnta.
Ba cheart an méadú sin a léiriú leis na forálacha sonracha a bhaineann le cnapshuimeanna le haghaidh tairbhithe cosanta idirnáisiúnta a athlonnú agus a aistriú ó Bhallstát amháin go Ballstát eile.
Ba cheart leordhóthain ama a bheith ag na Ballstáit agus ag an gCoimisiún chun na cláir náisiúnta a athbhreithniú chun freastal ar na hathruithe ábhartha dá bhforáiltear leis an Rialachán seo.
Dá bhrí sin, ba cheart maolú ar Airteagal 50(1) de Rialachán (AE) Uimh. 514/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chur i bhfeidhm maidir lena bhfuil fágtha de na méideanna a gealladh, chun tacú le cur chun feidhme Chinneadh (AE) 2015/1523 agus Chinneadh (AE) 2015/1601 lena ndéanfar an spriocdháta don saoradh a fhadú 6 mhí d'fhonn an nós imeachta a bhaineann le hathbhreithniú na gclár náisiúnta a chur i gcrích, dá dtagraítear in Airteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 514/2014.
Ba cheart leordhóthain ama a bheith ag na Ballstáit freisin chun úsáid a bhaint as na méideanna a athghealladh don ghníomhaíocht chéanna nó a aistríodh chuig gníomhaíochtaí eile roimh shaoradh na méideanna sin.
Dá bhrí sin, nuair a fhormheasann an Coimisiún athghealladh nó aistriú na méideanna sin faoin gclár náisiúnta, ba cheart a mheas gur gealladh na méideanna lena mbaineann i mbliain athbhreithnithe an chláir náisiúnta lena bhformheastar an t-athghealladh nó an t-aistriú lena mbaineann.
Ba cheart don Choimisiún tuarascáil a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ar bhonn bliantúil maidir le cur chun feidhme acmhainní le haghaidh aistriú iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta agus tairbhithe cosanta idirnáisiúnta, go háirithe a mhéid a bhaineann le haistrithe méideanna chuig gníomhaíochtaí eile faoin gclár náisiúnta mar a fhoráiltear sa Rialachán seo.
Ní dhéantar difear don chistiú atá ar fáil faoi Airteagal 17 de Rialachán (AE) Uimh. 516/2014 leis an Rialachán seo.
Déantar cuspóirí an Rialacháin seo a shaothrú gan dochar do na caibidlíochtaí leanúnacha maidir le hathchóiriú Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
I gcomhréir le hAirteagal 3 agus le hAirteagal 4a(1) de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal le CAE agus le CFAE, tá fógra tugtha ag Éirinn, le litir an 7 Nollaig 2018, gur mian léi bheith rannpháirteach i nglacadh agus i gcur i bhfeidhm an Rialacháin seo.
I bhfianaise an ghá atá lena áirithiú nach ndéanfar saoradh ar a bhfuil fágtha de na méideanna a gealladh chun tacú le cur chun feidhme Chinneadh (AE) 2015/1523 agus Chinneadh (AE) 2015/1601, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Mura leasófar Rialachán (AE) Uimh. 516/2014 roimh dheireadh 2018, ní bheidh an cistiú ábhartha ar fáil a thuilleadh lena úsáid ag na Ballstáit faoi na cláir náisiúnta a fhaigheann tacaíocht ón gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht.
I bhfianaise a phráinne atá sé Rialachán (AE) Uimh. 516/2014 a leasú, measadh gurb iomchuí foráil a dhéanamh maidir le heisceacht ar an tréimhse 8 seachtaine dá dtagraítear in Airteagal 4 de Phrótacal Uimh. 1 maidir le ról na bParlaimintí náisiúnta san Aontas Eorpach, atá i gceangal le CAE, le CFAE agus leis an gConradh lena mbunaítear an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach.
I gcás ina measann an Lárionad, an Coimisiún nó tromlach de na Ballstáit go bhfuil ábhar imní ann, mar gheall ar an bhfaisnéis a comhroinneadh ar shubstaint shícighníomhach nua a bailíodh de bhun Airteagal 5a i mBallstát amháin nó níos mó, go bhféadfaidh rioscaí don tsláinte nó rioscaí sóisialta a bheith ag gabháil leis an tsubstaint shícighníomhach nua ar leibhéal an Aontais, déanfaidh an Lárionad tuarascáil tosaigh a tharraingt suas ar an tsubstaint shícighníomhach nua.
Chun críche na míre seo, cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas maidir lena mian go ndéanfaí tuarascáil tosaigh a tharraingt suas.
Ar shroicheadh thromlach na mBallstát, tabharfaidh an Coimisiún treoir don Lárionad dá réir agus cuirfidh sé na Ballstáit ar an eolas ina leith.
Sa tuarascáil tosaigh beidh céadléiriú ar an méid seo a leanas:
cineál, líon agus scála na dteagmhas a léiríonn fadhbanna sláinte agus sóisialta ina bhféadfadh an tsubstaint shícighníomhach a bheith i gceist, agus patrúin úsáide na substainte sícighníomhaí nua;
cur síos ceimiceach agus fisiceach ar an tsubstaint shícighníomhach nua agus na modhanna agus na réamhtheachtaithe a úsáidtear lena monarú nó lena heastóscadh;
cur síos cógaseolaíoch agus tocsaineolaíoch ar an tsubstaint shícighníomhach nua;
rannpháirtíocht grúpaí coiriúla i monarú nó i ndáileadh na substainte sícighníomhaí nua.
Beidh an fhaisnéis seo a leanas sa tuarascáil tosaigh freisin:
faisnéis maidir le húsáid mhíochaine na substainte sícighníomhaí nua sa duine agus sa tréidliacht, lena n-áirítear a húsáid mar shubstaint ghníomhach i dtáirge íocshláinte lena úsáid ag an duine nó i dtáirge íocshláinte tréidliachta;
faisnéis maidir le húsáid tráchtála agus thionsclaíoch na substainte sícighníomhaí nua, ar mhéid na húsáide sin, agus ar úsáid na substainte ar mhaithe le taighde eolaíoch agus forbairt eolaíoch;
faisnéis i dtaobh cé acu atá nó nach bhfuil an tsubstaint shícighníomhach nua faoi réir aon bhearta sriantacha sna Ballstáit;
faisnéis i dtaobh cé acu atá nó nach bhfuil an tsubstaint shícighníomhach nua á measúnú faoi láthair, nó an raibh sí á measúnú, laistigh den chóras a bunaíodh le Coinbhinsiún Aonair um Dhrugaí Támhshuanacha 1961, arna leasú le Prótacal 1972, agus le Coinbhinsiún maidir le Substaintí Síceatrópacha 1971 (“córas na Náisiún Aontaithe”).
faisnéis ábhartha eile, i gcás ina bhfuil sí ar fáil.
Chun críche na tuarascála tosaigh, úsáidfidh an Lárionad faisnéis atá ar fáil dó.
I gcás ina measann an Lárionad gur gá déanamh amhlaidh, iarrfaidh sé ar na pointí comhtheagmhála náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 5 faisnéis bhreise a sholáthar maidir leis an tsubstaint shícighníomhach nua.
Soláthróidh na pointí comhtheagmhála náisiúnta an fhaisnéis sin laistigh de 2 sheachtain tar éis dóibh an iarraidh a fháil.
Iarrfaidh an Lárionad, gan moill mhíchuí, ar an nGníomhaireacht Leigheasra Eorpach faisnéis a sholáthar i dtaobh cé acu atá nó nach bhfuil, ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal náisiúnta, an tsubstaint shícighníomhach nua ina substaint ghníomhach i gceann amháin de na nithe seo a leanas:
táirge íocshláinte lena úsáid ag an duine nó i dtáirge íocshláinte tréidliachta a bhfuil údarú margaíochta faighte aige i gcomhréir le Treoir 2001/83/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2001/82/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle nó Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;
táirge íocshláinte lena úsáid ag an duine nó i dtáirge íocshláinte tréidliachta atá ina ábhar d'iarratas ar údarú margaíochta;
táirge íocshláinte lena úsáid ag an duine nó i dtáirge íocshláinte tréidliachta a bhfuil a údarú margaíochta curtha ar fionraí ag an údarás inniúil;
táirge neamhúdaraithe íocshláinte lena úsáid ag an duine i gcomhréir le hAirteagal 5 de Threoir 2001/83/CE nó i dtáirge íocshláinte tréidliachta arna ullmhú ar an toirt ag duine ar tugadh údarú dó nó di déanamh amhlaidh faoin dlí náisiúnta i gcomhréir le pointe (c) d'Airteagal 10(1) de Threoir 2001/82/CE;
táirge íocshláinte imscrúdaitheach mar a shainmhínítear é i bpointe (d) d'Airteagal 2 de Threoir 2001/20/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
I gcás ina mbaineann an fhaisnéis le húdaruithe margaíochta arna ndeonú ag na Ballstáit, cuirfidh na Ballstáit lena mbaineann faisnéis den sórt sin ar fáil don Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach arna iarraidh sin di.
Iarrfaidh an Lárionad, gan mhoill mhíchuí, ar Europol faisnéis a sholáthar maidir le rannpháirtíocht grúpaí coiriúla i monarú, i ndáileadh agus i modhanna dáilte, agus i ngáinneáil na substainte sícighníomhaí nua, agus in aon úsáid a bhaintear as an tsubstaint shícighníomhach nua.
Iarrfaidh an Lárionad, gan mhoill mhíchuí, ar an nGníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, ar an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú agus ar an Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia an fhaisnéis agus na sonraí atá ar fáil acu ar an tsubstaint shícighníomhach nua a sholáthar dó.
Is le socruithe oibre a rialófar sonraí an chomhair idir an Lárionad agus na comhlachtaí agus na gníomhaireachtaí dá dtagraítear i mír 5, i mír 6 agus i mír 7 den Airteagal seo.
Tabharfar socruithe oibre den sórt sin i gcrích i gcomhréir leis an dara mír d'Airteagal 20.
Urramóidh an Lárionad na coinníollacha maidir le húsáid na faisnéise, ar coinníollacha iad a chuirfear in iúl don Lárionad, lena n-áirítear coinníollacha maidir le rochtain ar dhoiciméid, maidir le slándáil faisnéise agus sonraí agus cosaint sonraí rúnda, lena n-áirítear sonraí íogaire agus faisnéis rúnda ghnó.
Cuirfidh an Lárionad an tuarascáil tosaigh faoi bhráid an Choimisiúin agus na mBallstát laistigh de chúig seachtaine ó na hiarrataí ar fhaisnéis dá dtagraítear i mír 5, i mír 6 agus i mír 7 a dhéanamh.
I gcás ina mbailíonn an Lárionad faisnéis maidir le roinnt substaintí sícighníomhacha nua a measann sé go bhfuil struchtúr ceimiceach comhchosúil acu, cuirfidh sé faoi bhráid an Choimisiúin agus na mBallstát tuarascálacha tosaigh aonair, nó tuarascálacha comhcheangailte tosaigh ina mbeidh trácht ar roinnt substaintí sícighníomhacha nua, ar choinníoll go mbeidh saintréithe gach substainte sícighníomhaí nua sainaitheanta go soiléir, agus déanfaidh sé amhlaidh laistigh de 6 seachtaine ó na hiarrataí ar fhaisnéis dá dtagraítear i mír 5, i mír 6 agus i mír 7 a dhéanamh.
Bunaíodh an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair (“EU-OSHA”) le Rialachán (CE) Uimh. 2062/94 ón gComhairle chun rannchuidiú le feabhsú na timpeallachta oibre, a mhéid a bhaineann le sábháilteacht agus sláinte oibrithe a chosaint, trí ghníomhaíocht a cheaptar chun eolas sa réimse sin a mhéadú agus a scaipeadh.
Ón uair a bunaíodh é in 1994, bhí ról tábhachtach ag EU-OSHA maidir le tacaíocht a thabhairt d'fheabhsú na sábháilteachta agus na sláinte ag an obair ar fud an Aontais.
San am céanna, tá forbairtí i réimse na sábháilteachta agus na sláinte ceirde agus tá forbairtí teicneolaíochta ann.
Dá bhrí sin, ba cheart an téarmaíocht a úsáidtear chun cur síos a dhéanamh ar chuspóirí agus ar chúraimí EU-OSHA i Rialachán (CE) Uimh. 2062/94 a oiriúnú chun na forbairtí sin a léiriú.
Leasaíodh Rialachán (CE) Uimh. 2062/94 roinnt uaireanta.
Maidir leis na rialacha lena rialaítear EU-OSHA, ba cheart iad a bhunú, a mhéid is féidir agus a chineál trípháirteach á chur san áireamh, i gcomhréir le prionsabail Ráiteas Comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa, ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh agus ón gCoimisiún Eorpach maidir le gníomhaireachtaí díláraithe an 19 Iúil 2012.
Ós rud é go ndíríonn na trí ghníomhaireacht thrípháirteacha, eadhon EU-OSHA, an Foras Eorpach chun dálaí maireachtála agus oibre a fheabhsú (Eurofound) agus an Lárionad Eorpach um Fhorbairt na Gairmoiliúna (Cedefop), ar shaincheisteanna a bhaineann leis an margadh saothair, leis an timpeallacht oibre, leis an ngairmoideachas agus an ghairmoiliúint, agus le scileanna, tá gá le dlúth-chomhordú eatarthu.
Dá bhrí sin, ba cheart do EU-OSHA, agus é i mbun a chuid oibre, comhlánú a dhéanamh ar obair Eurofound agus Cedefop i gcás ina bhfuil réimsí leasa comhchosúla acu, agus san am céanna, taobhú le huirlisí a fheidhmíonn go maith, amhail meabhráin tuisceana.
Ba cheart do EU-OSHA leas a bhaint as bealaí le feabhas a chur ar éifeachtúlacht agus ar shineirgí agus ba cheart dó, ina chuid gníomhaíochtaí, dúbláil ar ghníomhaíochtaí Eurofound agus Cedefop agus ar ghníomhaíochtaí an Choimisiúin a sheachaint.
Ina theannta sin, i gcás inarb ábhartha, ba cheart do EU-OSHA féachaint le comhar éifeachtúil a dhéanamh leis na hacmhainní taighde atá ag institiúidí an Aontais agus ag comhlachtaí speisialaithe seachtracha.
Ba cheart don Choimisiún dul i gcomhairle leis na príomhgheallsealbhóirí, lena n-áirítear comhaltaí an Bhoird Bainistíochta agus Feisirí de chuid Pharlaimint na hEorpa, le linn na meastóireachta ar EU-OSHA.
Is léiriú an-luachmhar é cineál trípháirteach Cedefop, Eurofound agus EU-OSHA ar chur chuige cuimsitheach atá bunaithe ar an idirphlé sóisialta idir na comhpháirtithe sóisialta agus údaráis an Aontais agus na húdaráis náisiúnta, rud atá thar a bheith tábhachtach chun teacht ar réitigh shóisialta agus eacnamaíocha atá comhpháirteach agus inbhuanaithe.
Nuair a thagraítear don tsábháilteacht agus don tsláinte ag an obair sa Rialachán seo, táthar ag tagairt don tsláinte fhisiceach agus don mheabhairshláinte araon.
Chun an próiseas cinnteoireachta EU-OSHA a shruthlíniú agus chun rannchuidiú le héifeachtúlacht agus le héifeachtacht a fheabhsú, ba cheart strúchtúr rialachais dé-leibhéil a thabhairt isteach.
Chun na críche sin, ba cheart ionadaíocht a bheith ag na Ballstáit, ag eagraíochtaí náisiúnta na bhfostóirí agus na bhfostaithe agus ag an gCoimisiún ar Bhord Bainistíochta a ndílsítear na cumhachtaí is gá dó, lena n-áirítear an chumhacht an buiséad a ghlacadh agus an doiciméad clársceidealaithe a fhormheas.
Sa doiciméad clársceidealaithe, ina bhfuil clár oibre ilbhliantúil EU-OSHA agus a chlár oibre bliantúil, ba cheart don Bhord Bainistíochta tosaíochtaí straitéiseacha ghníomhaíochtaí EU-OSHA a leagan síos.
Thairis sin, ba cheart a áireamh ar na rialacha arna nglacadh ag an mBord Bainistíochta maidir le coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú bearta chun rioscaí a d'fhéadfadh a bheith ann a bhrath ag céim luath.
Chun go bhfeidhmeoidh EU-OSHA mar is cuí, ba cheart do na Ballstáit, na bhfostóirí agus d'eagraíochtaí Eorpacha na bhfostaithe, agus don Choimisiún a áirithiú, maidir leis na daoine a bheidh le ceapadh ar an mBord Bainistíochta, go bhfuil eolas iomchuí acu i réimse na sláinte agus na sábháilteachta ag an obair d'fhonn cinntí suntasacha straitéiseacha a dhéanamh agus chun maoirsiú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí EU-OSHA.
Ba cheart an Bord Feidhmiúcháin a chur ar bun agus é de chúram air cruinnithe an Bhoird Bainistíochta a ullmhú ar shlí iomchuí agus tacú lena phróisis cinnteoireachta agus faireacháin.
Agus cúnamh á thabhairt don Bhord Bainistíochta aige, ba cheart don Bhord Feidhmiúcháin bheith in ann, i gcás inar gá ar chúiseanna práinne, cinntí sealadacha áirithe a ghlacadh thar ceann an Bhoird Bainistíochta.
Ba cheart don Bhord Bainistíochta rialacha nós imeachta an Bhoird Feidhmiúcháin a ghlacadh.
Ba cheart don Stiúrthóir Feidhmiúcháin a bheith freagrach as bainistiú foriomlán EU-OSHA i gcomhréir leis an treoir straitéiseach a leagann an Bord Bainistíochta amach, lena n-áirítear riarachán laethúil agus bainistiú airgeadais agus acmhainní daonna.
Ba cheart don Stiúrthóir Feidhmiúcháin na cumhachtaí a chuirtear de chúram air nó uirthi a fheidhmiú.
Ba cheart é a bheith indéanta na cumhachtaí sin a chur ar fionraí i gcúinsí eisceachtúla, amhail coinbhleachta leasanna nó mainneachtain thromchúiseach oibleagáidí faoi Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh (na Rialacháin Foirne) a chomhlíonadh.
Is prionsabal bunúsach de dhlí an Aontais é prionsabal an chomhionannais.
Ceanglaítear leis nach mór an comhionannas idir mná agus fir a áirithiú i ngach réimse, lena n-áirítear fostaíocht, obair agus pá.
Ba cheart do gach páirtí díriú ar ionadaíocht chothrom a bhaint amach idir mná agus fir ar an mBord Bainistíochta agus ar an mBord Feidhmiúcháin.
Ba cheart don Bhord Bainistíochta an aidhm sin a shaothrú freisin maidir lena Chathaoirleach agus lena Leas-Chathaoirligh i dteanna a chéile, agus ba cheart do na grúpaí a dhéanann ionadaíocht ar na rialtais agus ar eagraíochtaí na bhfostóirí agus na bhfostaithe ar an mBord Bainistíochta an aidhm sin a shaothrú freisin maidir le comhaltaí malartacha a ainmniú chun freastal ar chruinnithe an Bhoird Bainistíochta.
Tá oifig idirchaidrimh ag EU-OSHA sa Bhruiséil.
Ba cheart an fhéidearthacht an oifig sin a oibriú a choinneáil.
Tá eagraíochtaí san Aontas agus sna Ballstáit cheana a sholáthraíonn an cineál céanna faisnéise agus seirbhísí is a sholáthraíonn EU-OSHA.
In ainneoin an ardleibhéil riosca a bhaineann le hairgeadraí fíorúla, mar a léiríodh i dtuarascáil ón gCoimisiún an 26 Meitheamh 2017 maidir leis an measúnú ar na rioscaí a bhaineann le sciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta a dhéanann difear don mhargadh inmheánach agus atá bainteach le gníomhaíochtaí trasteorann, níl an inniúlacht ag údaráis chustaim faireachán a dhéanamh orthu.
Is ionstraimí airgeadais iad ionstraimí soshannta iompróra a chuireann ar chumas an tsealbhóra fhisiciúil íocaíocht suime airgid a éileamh gan é a bheith cláraithe ná ainmnithe chuige sin.
Is éasca iad a úsáid chun méideanna ar luach as cuimse a aistriú agus tá cosúlachtaí suntasacha idir iad agus airgeadra i dtéarmaí leachtachta, anaithnideachta agus na rioscaí go ndéanfaí mí-úsáid a bhaint astu.
Is tráchtearraí iad a bhfuil cóimheas ard idir luach agus toirt luaite leo a úsáidtear mar stórtha luacha fíorleachtacha, a bhfuil margadh trádála idirnáisiúnta inrochtana ann cheana féin dóibh, rud a fhágann gur féidir iad a thiontú ina n-airgeadra gan ach costais bheaga idirbhirt a thabhú.
Cuirtear tráchtearraí den sórt sin i láthair ar bhealach caighdeánaithe den chuid is mó, rud a fhágann gur féidir an luach atá leo a fhíorú go tapa.
Is cártaí réamhíoctha iad cártaí neamh-ainmniúla a stórálann luach airgeadais nó cistí is féidir a úsáid le haghaidh idirbhearta íocaíochta, nó a thugann rochtain orthu, chun earraí nó seirbhísí a fháil nó chun airgeadra a fhuascailt.
Ní bhíonn na cártaí sin nasctha le cuntas bainc.
Maidir le cártaí réamhíoctha, cuimsítear leo cártaí réamhíoctha anaithnide amhail dá dtagraítear i dTreoir (AE) 2015/849.
Baintear úsáid fhorleathan astu le haghaidh cuspóirí dlisteanacha éagsúla agus baineann leas sóisialta soiléir le cuid de na hionstraimí sin.
Is éasca cártaí réamhíoctha den sórt sin a aistriú agus is féidir iad a úsáid chun méideanna de luach suntasach a aistriú thar na teorainneacha seachtracha.
Dá bhrí sin, ní mór cártaí réamhíoctha a áireamh sa sainmhíniú ar airgead tirim, go háirithe más féidir iad a cheannach d’uireasa nósanna imeachta díchill chuí ón gcustaiméir.
Fágfaidh sé sin go bhféadfar na rialuithe a leathnú chun cineálacha ar leith cártaí réamhíoctha a chumhdach ag cur san áireamh an teicneolaíocht atá ar fáil, má tá fianaise ann go bhfuil bunús leis sin, ar choinníoll go ndéantar rialuithe den sórt sin a leathnú, ag féachaint don chomhréireacht agus don in-fhorfheidhmitheacht phraiticiúil.
Chun sciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta a chosc, ba cheart oibleagáid airgead tirim a dhearbhú a fhorchur ar dhaoine nádúrtha atá ag teacht isteach san Aontas nó ag dul amach as.
Chun srian míchuí ar shaorghluaiseacht nó ró-ualach maidir le foirmiúlachtaí riaracháin ar shaoránaigh agus ar údaráis a sheachaint, ba cheart an oibleagáid a bheith faoi réir thairseach EUR 10000.
Ba cheart go mbeadh feidhm aige maidir le hiompróirí a bhfuil suimeanna den sórt sin á n-iompar acu ar a seilbh, ina mbagáiste nó sa chóirr iompair a dtrasnaíonn siad na teorainneacha seachtracha ann.
Ba cheart go gceanglófaí orthu an t-airgead tirim a chur ar fáil do na húdaráis inniúla lena rialú, agus más gá, é a thabhairt ar aird do na húdaráis sin.
Maidir leis an sainmhíniú ar “iompróir”, ba cheart a thuiscint nach n-áirítear leis an sainmhíniú sin iompróirí a iompraíonn earraí nó daoine go gairmiúil.
Maidir le gluaiseachtaí airgid thirim neamhthionlactha, mar shampla airgead tirim a thagann isteach san Aontas nó a théann amach as i bpacáistí poist, lastais chúiréara, bagáiste neamhthionlactha nó lasta i gcoimeádán, ba cheart go mbeadh an chumhacht ag na húdaráis inniúla a cheangal ar an seoltóir nó ar an bhfaighteoir, nó ionadaí de chuid an fhaighteora, dearbhú nochta a dhéanamh, bíodh sé sin go córasach nó ar bhonn cás ar chás, i gcomhréir leis na nósanna imeachta náisiúnta.
Ba cheart go gcumhdódh nochtadh den sórt sin roinnt eilimintí, nach bhfuil á gcumhdach ag an ngnáthdhoiciméadacht a chuirtear faoi bhráid na n-údarás custaim, amhail doiciméid loingseoireachta agus dearbhuithe custaim.
Is eilimintí den sórt sin tionscnamh, ceann scríbe, foinse eacnamaíoch agus úsáid bheartaithe an airgid thirim.
Ba cheart go mbeadh an oibleagáid maidir le hairgead tirim neamhthionlactha a nochtadh faoi réir tairseach atá comhionann leis an tairseach a bhaineann le hairgead tirim atá ar iompar ag iompróirí.
Ba cheart roinnt eilimintí caighdeánaithe sonraí maidir le gluaiseacht an airgid thirim amhail sonraí pearsanta an dearbhóra, an úinéara, nó an fhaighteora, an fhoinse eacnamaíoch agus an úsáid atá beartaithe a bhaint as an airgead tirim a thaifeadadh, chun cuspóirí an Rialacháin seo a ghnóthú.
Go háirithe, maidir leis an dearbhóir, úinéir, nó faighteoir, tá sé riachtanach go ndéanfaidís a gcuid sonraí pearsanta mar atá siad ina gcuid doiciméad aitheantais a thabhairt, chun íoslaghdú a dhéanamh ar an riosca go ndéanfaí earráidí maidir lena gcéannacht agus ar na moilleanna a thiocfadh as an ngá a d’fhéadfadh a bheith le fíorú ina dhiaidh sin.
Maidir leis an oibleagáid airgead tirim neamhthionlactha a dhearbhú agus an oibleagáid maidir le hairgead tirim neamhthionlactha a nochtadh, ba cheart go dtabharfaí de chumhacht do na húdaráis inniúla gach rialú riachtanach a dhéanamh ar dhaoine, ar a mbagáiste, ar an gcóir iompair a úsáidtear chun teorainneacha seachtracha a thrasnú agus ar aon choinsíneacht nó gabhdán neamhthionlactha a thrasnaíonn an teorainn sin agus a bhféadfadh airgead tirim a bheith iontu, nó ar chóir iompair a bhfuil siad á n-iompar inti.
I gcás ina mainnítear na hoibleagáidí sin a chomhlíonadh, ba cheart do na húdaráis inniúla dearbhú ex officio a chumadh do tharchur na faisnéise ábhartha d’údaráis eile ina dhiaidh sin.
Chun a áirithiú go gcuirfidh na húdaráis inniúla i bhfeidhm go haonfhoirmeach iad, ba cheart na rialuithe a bheith bunaithe go príomha ar anailís riosca, a bhfuil sé mar chuspóir léi na rioscaí a shainaithint agus meastóireacht a dhéanamh orthu agus na frithbhearta is gá a fhorbairt.
Maidir le creat comhchoiteann bainistithe riosca a bhunú, níor cheart go gcuirfeadh sé sin bac ar na húdaráis inniúla seiceálacha randamacha nó rialuithe gan choinne a dhéanamh cibé uair a measann siad gur gá sin.
I gcás ina mbraitear méideanna airgid thirim atá faoi bhun na tairsí agus ina bhfuil tásca ann go bhféadfadh baint a bheith ag an airgead tirim le gníomhaíocht choiriúil faoi mar a chumhdaítear leis an Rialachán seo, ba cheart go mbeadh ar chumas na n-údarás inniúil, i gcás airgead tirim tionlactha, faisnéis a thaifeadadh faoin iompróir, faoin úinéir agus i gcás ina mbeadh sé ar fáil, faoi fhaighteoir beartaithe an airgid thirim, lena n-áirítear ainm iomlán, mionsonraí teagmhála, mionsonraí i dtaca le nádúr agus méid nó luach an airgid thirim, a fhoinse eacnamaíoch agus a úsáid bheartaithe.
I gcás airgead tirim neamhthionlactha, ba cheart go mbeadh na húdaráis inniúla in ann faisnéis a thaifeadadh maidir le dearbhóir, le húinéir, le seoltóir, agus le faighteoir nó faighteoir beartaithe an airgid thirim, lena n-áirítear ainm iomlán, mionsonraí teagmhála, mionsonraí i dtaca le nádúr agus méid nó luach an airgid thirim, lena fhoinse eacnamaíoch agus a úsáid bheartaithe.
Ba cheart an fhaisnéis sin a chur ar aghaidh chuig AFA (Aonad um Fhaisnéis Airgeadais) an Bhallstáit i dtrácht, ar cheart dó a áirithiú go ndéanfaidh an AFA aon fhaisnéis ábhartha a tharchur go spontáineach nó arna iarraidh sin chuig na AFAnna sna Ballstáit eile.
Tá na haonaid sin ainmnithe mar eilimintí moil sa chomhrac i gcoinne sciúradh airgid agus mhaoiniú na sceimhlitheoireachta a fhaigheann agus a phróiseálann faisnéis ó fhoinsí éagsúla amhail institiúidí airgeadais agus déanann siad anailís ar an bhfaisnéis sin chun cinneadh a dhéanamh an bhfuil forais ann chun tuilleadh fiosraithe a dhéanamh, ar forais iad a d’fhéadfadh gan a bheith follasach do na húdaráis inniúla a bhailíonn na dearbhuithe agus a dhéanann rialuithe faoin Rialachán seo.
Chun sreabh éifeachtach faisnéise a ráthú, ba cheart go mbeadh na AFAnna go léir nasctha leis an gCóras Faisnéise Custaim (an “CFC”) arna bhunú le Rialachán (CE) Uimh. 515/97 ón gComhairle agus ba cheart go mbeadh na sonraí a tháirgeann nó a mhalartaíonn na húdaráis inniúla agus na AFAnna comhoiriúnach agus inchomparáide.
Ag aithint a thábhachtaí d’obair iardain rathúil ar an Rialachán seo atá sé go mbeadh malartú éifeachtach faisnéise ann idir na húdaráis ábhartha, lena n-áirítear AFAnna laistigh den chreat dlíthiúil a chumhdaíonn na heintitis sin, agus an gá atá ann le comhar idir na AFAnna laistigh den Aontas a neartú, ba cheart don Choimisiún, faoin 1 Meitheamh 2019, measúnú a dhéanamh féachaint an féidir sásra comhchoiteann a bhunú chun sciúradh airgid agus maoiniú seimhlitheoireachta a chomhrac.
Tá sé an-ábhartha méideanna airgid thirim atá faoi bhun na tairsí a bhrath i gcásanna ina bhfuil tásca de ghníomhaíocht choiriúil ann sa chomhthéacs sin.
Dá thoradh sin, ba cheart go bhféadfaí freisin faisnéis maidir le suimeanna atá faoi bhun na tairsí a roinnt leis na húdaráis inniúla i mBallstáit eile má tá tásca de ghníomhaíocht choiriúil ann.
Is fadhbanna suntasacha ar leibhéal an Aontais fós iad sciúradh airgid agus maoiniú gaolmhar na sceimhlitheoireachta agus na coireachta eagraithe, ar fadhbanna iad a dhéanann damáiste do shláine agus cobhsaíocht na hearnála airgeadais agus don chlú atá uirthi agus a chuireann margadh inmheánach agus slándáil inmheánach an Aontais i gcontúirt.
D’fhonn dul i ngleic leis na fadhbanna sin agus cur i bhfeidhm Threoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a chomhlánú agus a threisiú, is é an aidhm atá leis an Treoir seo sciúradh airgid a chomhrac tríd an dlí coiriúil, rud a chumasóidh comhar trasteorann níos éifeachtúla agus níos tapa idir údaráis inniúla.
Ní bheadh ach tionchar an-bheag ag bearta nach nglacfaí ach ar leibhéal náisiúnta nó ar leibhéal an Aontais amháin gan comhordú agus comhar idirnáisiúnta a chur san áireamh.
Dá bhrí sin, ba cheart na bearta arna nglacadh ag an Aontas chun sciúradh airgid a chomhrac a bheith ag teacht le gníomhaíochtaí eile arna ndéanamh i bhfóraim idirnáisiúnta agus ba cheart iad a bheith chomh dian leo ar a laghad freisin.
Agus bearta á ndéanamh ar leibhéal an Aontais, ba cheart leanúint d’aird ar leith a thabhairt ar mholtaí an Tascfhórsa um Ghníomhaíocht Airgeadais (FATF) agus ar ionstraimí de chuid eagraíochtaí agus comhlachtaí idirnáisiúnta eile atá ag glacadh páirt ghníomhach sa chomhrac i gcoinne sciúradh airgid agus mhaoiniú na sceimhlitheoireachta.
Ba cheart gníomhartha dlíthiúla ábhartha an Aontais a chur ar chomhréim tuilleadh, nuair is cuí, leis na Caighdeáin Idirnáisiúnta maidir le Sciúradh Airgid agus maidir le Maoiniú Sceimhlitheoireachta agus Maoiniú Leata a Chomhrac, ar ghlac FATF iad i mí Feabhra 2012 (“Moltaí athbhreithnithe FATF”).
Ós rud é gur shínigh an tAontas Coinbhinsiún Chomhairle na hEorpa maidir le Sciúradh, Cuardach, Urghabháil agus Coigistiú a Dhéanamh ar na Fáltais ó Choireacht agus maidir le Maoiniú na Sceimhlitheoireachta, ba cheart dó ceanglais an Choinbhinsiúin sin a thrasuí ina dhlíchóras.
Le Cinneadh Réime 2001/500/CGB ón gComhairle, leagtar síos ceanglais maidir le coir a dhéanamh as sciúradh airgid.
Ní cuimsitheach go leor atá an Cinneadh Réime, áfach, agus níl coiriúlú reatha an sciúrtha airgid sách comhleanúnach ach oiread chun sciúradh airgid a chomhrac go héifeachtach ar fud an Aontais, agus dá thoradh sin, bíonn bearnaí forfheidhmithe agus bacainní sa chomhar idir na húdaráis inniúla sna Ballstáit dhifriúla.
An sainmhíniú ar ghníomhaíochtaí coiriúla ar cionta preideacáide iad chun críocha sciúradh airgid, ba cheart é a bheith sách comhionann i ngach ceann de na Ballstáit.
Na cionta ar fad atá inphionóis le téarma príosúnachta mar a leagtar amach sa Treoir seo, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go measfar iad mar cionta preideacáide chun críocha sciúrtha airgid.
Ina theannta sin, sa mhéid nach ndéantar sin cheana le cur i bhfeidhm na dtairseach pionóis sin, ba cheart do na Ballstáit raon cionta a áirithiú laistigh de gach catagóir a leagtar amach sa Treoir seo.
Sa chás sin, ba cheart go mbeadh na Ballstáit ábalta a chinneadh cén chaoi raon na gcionta sin a theorannú laistigh de gach catagóir.
I gcás ina n-áirítear i gcatagóir cionta, amhail an sceimhlitheoireacht nó coireanna comhshaoil, cionta a leagtar amach i ngníomhartha dlí an Aontais, ba cheart tagairt a dhéanamh do na gníomhartha dlí sin sa Treoir seo.
Ba cheart do na Ballstáit, áfach, aon chion a leagtar amach sna gníomhartha dlí sin a mheas mar chion preideacáide don sciúradh airgid.
Aon pháirt inphionóis ar bith i gcion preideacáide, mar a choiriúlaítear é i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, a dhéanamh, ba cheart é sin a mheas mar ghníomhaíocht choiriúil chun críocha na Treorach seo.
I gcásanna ina dtugtar cead le dlí an Aontais do na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le smachtbhannaí eile nach smachtbhannaí coiriúla iad, níor cheart ceangal a chur ar na Ballstáit leis an Treoir seo na cionta sna cásanna sin a aicmiú mar chionta preideacáide chun críocha na Treorach seo.
Ó thaobh an sciúrtha airgid a chomhrac, baineann rioscaí agus dúshláin nua le húsáid na n-airgeadraí fíorúla.
Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go dtugtar aghaidh go hiomchuí ar na rioscaí sin.
De dheasca thionchar na gcoireanna sciúrtha airgid arna ndéanamh ag sealbhóirí oifige poiblí ar an réimse poiblí agus ar shláine institiúidí poiblí, ba cheart go bhféadfadh na Ballstáit a mheas pionóis níos déine a chur san áireamh maidir le sealbhóirí oifige poiblí ina gcreat náisiúnta i gcomhréir lena dtraidisiúin dhlíthiúla.
Ba cheart coireanna cánach a bhaineann le cánacha díreacha agus cánacha indíreacha a chumhdú sa sainmhíniú ar ghníomhaíocht choiriúil, i gcomhréir le Moltaí athbhreithnithe FATF.
Ós rud é gur féidir i ngach Ballstát gur ionann coireanna difriúla cánach agus gníomhaíocht choiriúil a bhféadfar pionós a ghearradh ina leith trí bhíthin na smachtbhannaí dá dtagraítear sa Treoir seo, d’fhéadfadh na sainmhínithe ar choireanna cánach bheith difriúil sa dlí náisiúnta.
Níl sé mar aidhm ag an Treoir seo, áfach, go ndéanfaí na sainmhínithe ar choireanna cánach i ndlí náisiúnta a chomhchuibhiú.
Ba cheart do na Ballstáit, in imeachtaí coiriúla maidir le sciúradh airgid, cúnamh sa bhealach is leithne agus is féidir a chur ar fáil dá chéile, agus a áirithiú go malartaítear faisnéis ar bhonn éifeachtach agus tráthúil i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus le creat dlíthiúil an Aontais atá ann cheana.
Níor cheart go ndéanfadh difríochtaí idir na sainmhínithe sa dlí náisiúnta ar chionta preideacáide bac a chur ar chomhar idirnáisiúnta in imeachtaí coiriúla maidir le sciúradh airgid.
Ba cheart comhar a ghéarú le tríú tíortha, go háirithe trí spreagadh agus tacaíocht a thabhairt do bhunú beart agus sásraí chun sciúradh airgid a chomhrac agus trí chomhar idirnáisiúnta níos fearr a áirithiú sa réimse seo.
Níl feidhm ag an Treoir seo maidir le sciúradh airgid a bhaineann le maoin a gnóthaíodh ó chionta coiriúla a dhéanann dochar do leasanna airgeadais an Aontais, rud atá faoi réir rialacha sonracha mar a leagtar síos i dTreoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
Beidh an méid seo gan dochar don fhéidearthacht atá ag na Ballstáit an Treoir seo agus Treoir (AE) 2017/137 a thrasuí trí bhithín creat cuimsitheach amháin ar an leibhéal náisiúnta.
De réir Airteagal 325(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), na bearta a dhéanann na Ballstáit chun calaois a dhéanann dochar dá leasanna airgeadais féin a chomhrac, tá siad leis na bearta céanna a dhéanamh chun calaois a dhéanann dochar do leasanna airgeadais an Aontais a chomhrac.
Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú gur inphionóis iad cineálacha áirithe gníomhaíochta sciúrtha airgid freisin nuair is ionann an duine a rinne an ghníomhaíocht choiriúil ónar gineadh an mhaoin agus an duine a rinne an ghníomhaíocht sciúrtha airgid (“féinsciúradh”).
I gcásanna den sórt sin, más rud é nach é amháin go bhfuil seilbh nó úsáid maoine i gceist leis an ngníomhaíocht sciúrtha airgid, ach go bhfuil aistriú, tiontú, maoin a cheilt nó bréagriocht a chur uirthi agus gur cúis í le níos mó damáiste ná an damáiste a rinneadh mar gheall ar an ngníomhaíocht choiriúil, mar shampla, tríd an mhaoin a fhaightear ó ghníomhaíocht choiriúil a chur i gcúrsaíocht agus, tríd an méid sin a dhéanamh, a tionscnamh neamhdhleathach a cheilt, ba cheart gur inphionóis a bheadh an ghníomhaíocht sciúrtha airgid sin.
Chun go mbeidh éifeacht le bearta an dlí choiriúil chun cur i gcoinne an sciúrtha airgid, ba cheart gurb indéanta ciontú a dhéanamh gan é a bheith riachtanach a shuíomh go beacht cén gníomhaíocht choiriúil a ghin an mhaoin, nó ciontú roimhe sin nó ciontú comhuaineach don chion sin a bheith ann, agus na cúinsí agus an fhianaise ábhartha uile á gcur san áireamh.
Ba cheart go mbeadh na Ballstáit, i gcomhréir lena gcórais náisiúnta dlí, in ann é seo a áirithiú trí mhodhanna eile seachas tríd an reachtaíocht.
Ina theannta sin, níor cheart go gcuirfeadh sé aon bhac le hionchúisimh i leith sciúradh airgid dá mba i mBallstát eile nó i dtríú tír a rinneadh an gníomhaíocht choiriúil, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos sa Treoir seo.
Is é is aidhm don Treoir seo an sciúradh airgid a choiriúlú nuair a dhéantar d’aon ghnó é agus i bhfios gur tháinig an mhaoin ó ghníomhaíocht choiriúil.
Sa chomhthéacs sin, ní cheart go ndéanfadh an Treoir seo aon idirdhealú idir cásanna inar tháinig an mhaoin go díreach ó ghníomhaíocht choiriúil agus cásanna inar tháinig an mhaoin go hindíreach ó ghníomhaíocht choiriúil, i gcomhréir leis an sainmhíniú leathan atá ar “fáltais”, mar a leagtar síos i dTreoir 2014/42/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
I ngach cás, nuair atáthar ag meas ar tháinig an mhaoin ó ghníomhaíocht choiriúil agus an raibh sé sin ar eolas ag an duine, ba cheart cúinsí ar leith an cháis sin a chur san áireamh, mar shampla an fhíric gur díréireach luach na maoine agus ioncam dleathach an duine atá cúisithe agus go ndearnadh an ghníomhaíocht choiriúil sa tréimhse ama chéanna agus a tharla fáil na maoine.
Is féidir an rún taobh thiar den sciúradh airgid agus an t-eolas air a bhunú ar chúinsí oibiachtúla fíorasacha.
Ba cheart feabhas a chur ar bhainistiú dramhaíola san Aontas d’fhonn cáilíocht an chomhshaoil a chosaint, a chaomhnú agus a fheabhsú, sláinte an duine a chosaint, úsáid stuama, éifeachtúil agus réasúnach acmhainní nádúrtha a áirithiú, prionsabail an gheilleagair chiorclaigh a chur chun cinn, éifeachtúlacht fuinnimh a mhéadú agus spleáchas an Aontais ar acmhainní allmhairithe a laghdú.
Ba cheart na spriocanna a leagtar síos i dTreoir 1999/31/CE ón gComhairle lena leagtar síos srianta ar líonadh talún a neartú chun go dtabharfaí léiriú níos fearr iontu ar uaillmhian an Aontais gluaiseacht go geilleagar ciorclach agus chun dul chun cinn a dhéanamh i gcur chun feidhme Theachtaireacht ón gCoimisiún an 4 Samhain 2008 dar teideal “An tionscnamh amhábhar: ag freastal ar ár riachtanais chriticiúla d’fhás agus do phoist san Eoraip” trí laghdú de réir a chéile a dhéanamh go híosmhéid an méid dramhaíola a chuirtear i líonadh talún i gcás dramhaíl atá ceaptha do líonadh talún do dhramhaíl neamhghuaiseach.
Ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit a áirithiú go n-oirfidh laghdú den sórt sin do bheartas comhtháite a áirithíonn go ndéanfar ord na réiteach dramhaíola a chur i bhfeidhm go fónta, go bhfeabhsóidh sé bogadh i dtreo coiscthe lena n-áirítear athúsáid, ullmhú d’athúsáid agus athchúrsáil, agus go gcoiscfidh sé bogadh ó chur i líonadh talún i dtreo loiscthe.
Chun comhchuibheas níos fearr i ndlí an Aontais maidir le dramhaíl a áirithiú, ba cheart na sainmhínithe a leagtar amach i dTreoir 1999/31/CE a ailíniú, i gcás inarb ábhartha, leo sin i dTreoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
Ní mór an sainmhíniú atá ann faoi láthair ar “lonnaíocht scoite” a oiriúnú maidir leis na réigiúin is forimeallaí, chun sainiúlachtaí lonnaíochtaí den sórt sin a chur i gcuntas, rud a dhéanann imní ábhartha éagsúil ó thaobh an chomhshaoil i gcomparáid le réigiúin eile a chur in iúl.
Ba cheart raon feidhme Threoir 1999/31/CE a ailíniú le raon feidhme Threoir 2006/21/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus ba cheart di leanúint de thaisceadh dramhaíola ó na tionscail eastóscacha nach gcumhdaítear le Treoir 2006/21/CE a chumhdach.
Thiocfadh sochair shoiléire chomhshaoil, eacnamaíocha agus shóisialta as srianú breise a dhéanamh ar chur i líonadh talún, ag tosú le sruthanna dramhaíola atá faoi réir bailiú ar leithligh, amhail plaistigh, miotail, gloine, páipéar agus bithdhramhaíl.
Ba cheart féidearthacht theicniúil, chomhshaoil nó eacnamaíoch na hathchúrsála nó aisghabháil eile ar dhramhaíl iarmharach atá mar thoradh ar dhramhaíl a bhailítear ar leithligh a chur san áireamh i gcur chun feidhme na srianta sin ar líonadh talún.
Is sciar mór de dhramhaíl chathrach í dramhaíl chathrach in-bhithmhillte.
Trí dhramhaíl chathrach in-bhithmhillte neamhchóireáilte a chur i líonadh talún, cruthaítear iarmhairtí suntasacha diúltacha comhshaoil ó thaobh astaíochtaí gás ceaptha teasa agus truailliú uisce dromchla, screamhuisce, ithreach agus aeir.
Bíodh is go leagtar amach cheana le Treoir 1999/31/CE spriocanna d’atreorú líonadh talún maidir le dramhaíl in-bhithmhillte, is iomchuí tuilleadh srianta a chur ar bun maidir le dramhaíl in-bhithmhillte a chur i líonadh talún trí thoirmeasc a chur ar dhramhaíl in-bhithmhillte a chur i líonadh talún, ar dramhaíl í a bhailítear ar leithligh lena hathchúrsáil i gcomhréir le Treoir 2008/98/CE.
Chun a áirithiú go gcuirfear ord na réiteach dramhaíola i bhfeidhm go cuí, ba cheart bearta iomchuí a dhéanamh chun srianta ar chur i líonadh talún a chur i bhfeidhm, amhail ó 2030, maidir le gach dramhaíl atá oiriúnach le haghaidh athchúrsála nó le hábhar eile nó aisghabháil fuinnimh.
Níor cheart feidhm a bheith ag na srianta sin i gcás gur féidir a léiriú nach bhfuil an dramhaíl oiriúnach le haghaidh athchúrsála nó aisghabháil eile agus go dtiocfadh an toradh comhshaoil is fearr as an líonadh talún i gcomhréir le hord na réiteach dramhaíola a leagtar síos i dTreoir 2008/98/CE.
Níl an bonneagar bainistithe dramhaíola a bhfuil gá leis forbartha go hiomlán ag mórán Ballstát fós.
Le leagan síos spriocanna maidir le laghdú líonadh tálún, ceanglófar mórathruithe ar bhainistiú dramhaíola i mórán Ballstát agus éascóidh sé tuilleadh dul chun cinn agus infheistíochta i mbailiú ar leithligh, sórtáil agus athchúrsáil dramhaíola agus seachnófar an cás ina mbeadh ábhair in-athchúrsáilte sáinnithe ar an leibhéal is ísle d’ord na réiteach dramhaíola.
Tá gá le laghdú de réir a chéile a dhéanamh ar chur i líonadh talún chun tionchair dhíobhálacha ar shláinte an duine agus ar an gcomhshaol a sheachaint agus chun a áirithiú go ndéanfar ábhair dhramhaíola atá luachmhar ó thaobh an gheilleagair de a aisghabháil de réir a chéile agus go héifeachtach trí bhainistiú dramhaíola cuí agus i gcomhréir le hord na réiteach dramhaíola a leagtar síos i dTreoir 2008/98/CE.
Ba cheart leis an laghdú sin forbairt ar acmhainneacht iomarcach do chóireáil saoráidí dramhaíola iarmharaí a sheachaint, amhail trí aisghabháil fuinnimh nó cóireáil bhitheolaíoch mheicniúil íosghráid ar dhramhaíl chathrach neamhchóireáilte, mar dá bharr sin, d’fhéadfadh sé go mbainfí an bonn de bhaint amach ullmhú fadtéarmach an Aontais d’athúsáid agus spriocanna athchúrsála an Aontais le haghaidh dramhaíl chathrach faoi mar a leagtar síos i dTreoir 2008/98/CE.
Ar an gcuma chéanna, bíodh is gur cheart do na Ballstáit gach beart is gá a dhéanamh chun a áirithiú nach gcuirtear ach dramhaíl chóireáilte i líonadh talún d’fhonn cosc a chur ar thionchair dhíobhálacha ar shláinte an duine agus ar an gcomhshaol, níor cheart, le comhlíonadh na hoibleagáide sin, ró-acmhainneachtaí a chruthú do chóireáil dramhaíola cathrach iarmharaí.
Sa bhreis air sin, chun comhsheasmhacht a áirithiú idir na spriocanna a leagtar síos i dTreoir 2008/98/CE agus an sprioc maidir le laghdú ar líonadh talún a leagtar amach i dTreoir 1999/31/CE, arna leasú leis an Treoir seo, agus chun pleanáil chomhordaithe a áirithiú ar na bonneagair agus na hinfheistíochtaí a bhfuil gá leo chun na spriocanna sin a bhaint amach, ba cheart, maidir leis na Ballstáit a chuir níos mó ná 60 % dá ndramhaíl chathrach in 2013 i líonadh talún de réir sonraí a tuairiscíodh faoi Cheistneoir Chomhpháirteach ECFE agus Eurostat, an deis a bheith acu cinneadh a dhéanamh an t-am a leathnú chun an sprioc líonta talún a bunaíodh do 2035 a chomhlíonadh.
Chun iontaofacht na sonraí a áirithiú, tá sé tábhachtach na rialacha a leagan síos ar bhealach níos beaichte ar dá réir ba cheart do na Ballstáit dramhaíl chathrach a cuireadh i líonadh talún a thuairisciú.
Ba cheart don tuairisciú bheith bunaithe ar an méid dramhaíola cathrach arna chur i líonadh talún tar éis oibríochtaí cóireála chun dramhaíl den sórt sin a ullmhú i gcomhair cur i líonadh talún dá éis sin, amhail cobhsú dramhaíola cathrach in-bhithmhillte, agus ar an ionchur in oibríochtaí loiscthe diúscartha.
Maidir le dramhaíl chathrach a théann isteach in oibríochtaí cóireála sula ndéantar dramhaíl a athchúrsáil agus a aisghabháil, amhail sórtáil agus cóireáil mheicniúil, ba cheart an dramhaíl atá ann mar thoradh ar oibríochtaí den sórt sin ar a ndearnadh líonadh talún ar deireadh a mheas freisin chun críocha an sprioc líonta talún a ríomh.
Agus an oibleagáid a leagtar síos i dTreoir 1999/31/CE á cur chun feidhme chun a áirithiú go ndéantar dramhaíl a chóireáil sula gcuirfear i líonadh talún í, ba cheart do na Ballstáit an chóireáil is oiriúnaí a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear cobhsú an chodáin orgánaigh dramhaíola, chun na héifeachtaí díobhálacha a bhaineann le dramhaíl den sórt sin a chur i líonadh talún ar an gcomhshaol agus ar shláinte an duine a laghdú a oiread is féidir.
Agus oiriúnacht cóireála á measúnú, ba cheart do na Ballstáit bearta atá curtha i bhfeidhm cheana féin chun na héifeachtaí díobhálacha sin a laghdú a chur i gcuntas, go háirithe deighilt bithdhramhaíola agus bailiú ar leithligh páipéir agus cairtchláir.
Chun cur chun feidhme níos fearr, níos tráthúla agus níos aonfhoirmí den Treoir seo a áirithiú agus chun aon laigí sa chur chun feidhme a réamh-mheas, ba cheart córas de thuarascálacha luathrabhaidh a bhunú chun easnaimh a bhrath agus chun a bheith in ann gníomhaíocht a dhéanamh roimh na spriocdhátaí chun na spriocanna a bhaint amach.
Chun cuidiú le cuspóirí Threoir 1999/31/CE a bhaint amach, agus chun an t-aistriú go geilleagar ciorclach a threisiú, ba cheart don Choimisiún comhordú agus malartú faisnéise agus dea-chleachtas a chur chun cinn i measc na mBallstát agus earnálacha éagsúla an gheilleagair.
Tá tuairisciú iontaofa ar shonraí i dtaca le bainistiú dramhaíola ríthábhachtach le haghaidh cur chun feidhme éifeachtúil, chun bonneagar cóireála dramhaíola a phleanáil go stuama, agus chun inchomparáideacht sonraí i measc na mBallstát a áirithiú.
Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le Treoir 1999/31/CE a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún i dtaca le hAirteagail 5a(4) agus 15(5) agus Airteagail 15b agus 15c di, arna leasú leis an Treoir seo.
Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir 1999/31/CE a leasú dá réir sin.
I ndáil leis an Treoir seo measann an reachtóir go bhfuil údar cuí le doiciméid den sórt sin a tharchur,
TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:
Substaint an-tocsaineach é an mearcair ar bagairt mhór dhomhanda é ar shláinte an duine, lena n-áirítear agus é i bhfoirm meitilmearcair in acmhainní éisc agus bia mara, sna héiceachórais agus san fhiadhúlra.
Mar gheall ar nádúr trasteorann an truaillithe mearcair, tagann idir 40 % agus 80 % d'iomlán dheascadh an mhearcair san Aontas isteach san Aontas ón taobh amuigh.
Mar sin, is gá gníomhú ar an leibhéal áitiúil, an leibhéal réigiúnach, an leibhéal náisiúnta agus an leibhéal idirnáisiúnta.
Tagann an chuid is mó d'astaíochtaí mearcair agus de na rioscaí a ghabhann leo a mbeadh risíocht leo chun cinn mar thoradh ar ghníomhaíochtaí antrapaigineacha, amhail mianadóireacht phríomha agus próiseáil mearcair, úsáid mearcair i dtáirgí agus i bpróisis thionsclaíocha, i mianadóireacht óir ceardaíochta agus mionscála agus i bpróiseáil dhó guail agus láimhseáil dramhaíola mearcair.
Leis an Seachtú Clár Gníomhaíochta don Chomhshaol a glacadh le Cinneadh Uimh. 1386/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle [3], bunaítear an cuspóir fadtéarmach mar atá an comhshaol a bheith neamhthocsaineach agus, chuige sin, sonraítear ann go dteastaíonn gníomh chun a áirithiú go maolófar drochéifeachtaí móra ceimiceán ar shláinte an duine agus ar an gcomhshaol faoi 2020.
Tá sé mar aidhm ag an Teachtaireacht an 28 Eanáir 2005 ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle dar teideal “Straitéis an Chomhphobail Maidir Le Mearcair”, mar a athbhreithníodh an 7 Nollaig 2010 (“an Straitéis”), scaoileadh antrapaigineach mearcair dhomhanda chun an aeir, an uisce agus na talún a íoslaghdú agus, nuair is féidir, a chealú ar deireadh.
Le deich mbliana anuas rinneadh dul chun cinn mór san Aontas i réimse an bhainistithe mearcair tar éis ghlacadh na Straitéise agus réimse leathan beart a bhaineann le hastaíochtaí mearcair, soláthar, éileamh agus úsáid, agus bainistiú barrachas agus stoic mearcair.
Moltar sa Straitéis gur cheart caibidlíocht faoi ionstraim idirnáisiúnta maidir le mearcair a bheadh ceangailteach ó thaobh dlí de agus cur i gcrích na hionstraime sin a bheith mar thosaíocht toisc nach bhféadann gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais amháin cosaint éifeachtach shaoránaigh an Aontais ar dhrochéifeachtaí mearcair don tsláinte a ráthú.
Shínigh an tAontas agus 26 Bhallstát an Coinbhinsiún Minamata maidir le Mearcair 2013 (“an Coinbhinsiún”).
Chuir an Eastóin agus an Phortaingéil, an dá bhallstát nár shínigh an Coinbhinsiún, a ngealltanas in iúl chun é a dhaingniú.
Mar sin, tá sé geallta ag an Aontas agus ag a chuid Ballstát uile é a chur i gcrích, a thrasuí agus a chur chun feidhme.
Má faightear formheas an tAontas and má dhaingníonn na Ballstáit an Coinbhinsiúin go tapa, spreagfar mórúsáideoirí agus mór-astairí mearcair domhanda, a shínigh an Coinbhinsiún, é a dhaingniú agus a chur chun feidhme.
Ba cheart don Rialachán seo acquis an Aontais a chomhlanú agus na forálacha a theastaíonn a leagan síos chun a áirithiú go bhfuil sé go hiomlán ar aon dul leis an gCoinbhinsiún ionas gur féidir leis an Aontas agus lena chuid Ballstát é a fhormheas nó é a chur chun feidhme faoi seach.
Maidir le gníomhaíocht bhreise, arna gabháil de láimh ag an Aontas, a théann thar cheanglais an Choinbhinsiúin, amhail i gcás Rialachán (CE) Uimh. 1102/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle [4], bheidís ina ngníomhaíochtaí ceannródaíocha le haghaidh táirgí agus próisis atá saor ó mhearcair.
I gcomhréir le hAirteagal 193 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), níor cheart go gcuirfeadh an Rialachán seo cosc ar na Ballstáit bearta cosanta níos déine a thabhairt isteach ná a choinneáil, ar choinníoll go bhfuil na bearta sin i gcomhréir leis na Conarthaí agus go mbeidh fógra tugtha don Choimisiún ina leith.
Ba cheart an cosc ar onnmhairiú mearcair a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 1102/2008 a chomhlánú le srianta ar allmhairiú mearcair atá éagsúil ag brath ar an bhfoinse, ar úsáid bheartaithe agus ar ionad tionscnaimh an mhearcair.
Ba cheart go mbeadh feidhm i gcónaí ag Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle [5] maidir le hallmhairí dramhaíola mearcair, go háirithe a mhéid a bhaineann le cumhachtaí na n-údarás inniúil faoin Rialachán sin.
Tá sé d'aidhm ag forálacha an Rialacháin seo maidir le mearcair agus meascáin mearcair a allmhairiú a áirithiú go gcomhlíonann an tAontas agus na Ballstáit oibleagáidí an Choinbhinsiúin maidir le trádáil mearcair.
Ba cheart toirmeasc a chur ar onnmhairiú, allmhairiú agus monarú réimse táirgí ar cuireadh mearcair leo agus atá freagrach as cion mór d'úsáid mearcair agus comhdhúl mearcair laistigh den Aontas agus ar fud an domhain.
Ba cheart go mbeadh feidhm ag an Rialachán seo gan dochar d'fhorálacha acquis infheidhme an Aontais lena socraítear ceanglais níos déine maidir leis na táirgí ar cuireadh mearcair leo, lena n-áirítear maidir le huasmhéid mearcair.
Ba cheart úsáid mearcair agus comhdhúl mearcair sna próisis táirgthe a chéimniú amach, agus chuige sin ba cheart dreasachtaí a sholáthar le haghaidh substaintí malartacha do mhearcair, ar substaintí iad ag a bhfuil saintréithe atá neamhurchóideach, nó i gcás ar bith, níos lú contúirte acu don chomhshaol agus do shláinte an duine.
Déantar le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle [6], amhail ón 10 Deireadh Fómhair 2017, monarú, cur ar an margadh agus úsáid cúig dhúil feinilmearcair arb eol go n-úsáidtear iad, go háirithe mar chatalaígh, i dtáirgeadh pólúireatáin, a thoirmeasc.
Ba cheart úsáid catalaígh eile a bhfuil mearcair iontu i dtáirgeadh pólúireatáin a thoirmeasc amhail ón 1 Eanáir 2018.
Ba cheart táirgeadh alcóláití lena mbaineann úsáid mearcair mar leictreoid a chéimniú amach agus próisis táirgthe indéanta saor ó mhearcair a chur in ionad próisis táirgthe mar sin chomh luath agus is féidir.
In éagmais na bpróiseas táirgthe ábhartha saor ó mhearcair a bheith ar fáil, ba cheart coinníollacha oibriúcháin a leagan síos do tháirgeadh meitioláite nó eitioláite sóidiam nó potaisiam lena mbaineann úsáid mearcair.
Ba cheart bearta a ghlacadh chun laghdú a dhéanamh ar úsáid mearcair, ar bearta iad arb aidhm dóibh an úsáid a chéimniú amach sa tairgeadh sin chomh luath agus is féidir agus in aon chás roimh 1 Eanáir 2028.
Dá ndéanfaí táirgí nua a mbeadh mearcair curtha leo a mhonarú agus a chur ar an margadh agus dá n-úsáideofaí próisis mhonaraithe nua a bheadh bunaithe ar mhearcair mhéadófaí úsáid mearcair agus comhdhúl mearcair mar aon le hastaíochtaí mearcair san Aontas.
Ba cheart na gníomhaíochtaí nua sin a thoirmeasc mar sin ach amháin má thaispeánann measúnú go mbeadh tairbhí móra don chomhshaol nó don tsláinte ag baint leis an táirge nua a mbeadh mearcair curtha leis nó le próiseas táirgthe nua agus nach mbeadh rioscaí suntasacha acu don chomhshaol ná do shláinte an duine agus nach mbeadh aon roghanna eile saor ó mhearcair ar fáil a bheadh indéanta go teicniúil a mbeadh na tairbhí sin ag baint leo.
Is í úsáid mearcair agus comhdhúl mearcair i mianadóireacht cheardaíochta agus mhionscála agus i bpróiseáil óir is cúis le cion mór d'úsáid agus d'astaíochtaí mearcair ar fud an domhain, arb úsáid í lena ngabhann éifeachtaí diúltacha do phobail áitiúla agus ar leibhéal domhanda.
Ba cheart d'úsáid mearcair agus comhdhúl mearcair mar sin, dá bhrí sin an úsáid sin a thoirmeasc faoin Rialachán seo agus í a rialú ar an leibhéal idirnáisiúnta.
Gan dochar do thoirmeasc na húsáide sin agus sa bhreis ar phionóis éifeachtacha, chomhréireacha agus athchomhairleacha a bheith á gcur chun feidhme ag na Ballstáit i leith sáruithe ar an Rialachán seo, is iomchuí freisin foráil a dhéanamh maidir le plean náisiúnta i gcás níos mó ná cásanna ar leith de neamhchomhlíonadh leis an toirmisc sin, chun dul i ngleic le fadhb na mianadóireachta agus na próiseála óir ceardaíochta agus mionscála inar úsáideadh malgamú mearcair chun mearcair a eastóscadh ó mhian.
Is é úsáid mearcair i malgam fiaclóireachta an úsáid mearcair is mó san Aontas agus is foinse truaillithe suntasach é.
Ba cheart úsáid malgaim fiaclóireachta a chéimniú amach dá bhrí sin i gcomhréir leis an gCoinbhinsiún agus leis na pleananna náisiúnta atá bunaithe go háirithe ar na bearta a liostaítear i gCuid II d'Iarscríbhinn A, a ghabhann leis an gCoinbhinsiún.
Ba cheart don Choimisiún measúnú agus tuairisciú a dhéanamh ar an indéantacht malgam fiaclóireachta a chéimniú amach san fhadtéarma, b'fhearr dá ndéanfaí é sin faoi 2030, agus na pleananna náisiúnta a cheanglaítear leis an Rialachán seo á gcur san áireamh agus lánurramú á dhéanamh ar inniúlachtaí na mBallstát chun seirbhísí sláinte agus cúram sláinte a sheachadadh.
Thairis sin, ba cheart bearta sonracha de chosaint choisctheach sláinte a ghlacadh le haghaidh daoine den phobal atá soghonta, amhail leanaí agus mná atá torrach nó mná atá ag cothú an linbh ar an gcíoch.
Ba cheart úsáid an mhalgaim fiaclóireachta i bhfoirm capsúil a dháileadh cheanna agus deighilteoirí malgaim a bheith á n-úsáid i saoráidí fiaclóireachta ina n-úsáidtear malgam fiaclóireachta nó ina mbaintear líontaí fiaclóireachta malgaim nó fiacla ina bhfuil na líontaí sin a dhéanamh éigeantach chun cleachtóirí fiaclóireachta agus othair a chosaint ar a bheith ó risíocht do mhearcair agus chun a áirithiú go mbaileofar agus go ndúiscraífear é i gcomhréir le bainistiú sábháilte dramhaíola, agus nach scaoilfear in imthosca ar bith, isteach sa chomhshaol é.
I ndáil leis seo, ba cheart mearcair a bheith á úsáid i mbulc ag cleachtóirí fiaclóireachta a thoirmeasc.
Capsúil malgaim amhail iad sin a thuairiscítear sna caighdeáin Eorpacha [EN ISO 13897:2004 agus EN ISO 24234:2015], tá siad oiriúnach lena n-úsáid ag fiaclóirí.
Thairis sin, ba cheart leibhéal íoséifeachtacht choinneála deighlteoirí do mhalgaim a shocrú.
Ba cheart comhlíonadh deighilteoirí malgaim a bheith bunaithe ar chaighdeáin ábhartha, amhail caighdeán Eorpach EN ISO 11143:2008.
Mar gheall ar líon oibreoirí eacnamaíocha san earnáil fiaclóireachta a mbeadh tionchar ag an athrú sin orthu trí chur i bhfeidhm na gceanglas sin, is iomchuí dóthain ama a thabhairt chun go mbeifear in ann dul in oiriúint do na ceanglais nua.
Maidir le hoiliúint mac léinn fiaclóireachta agus cleachtóirí fiaclóireachta i dtaobh úsáid malairtí saor ó mhearcair, go háirithe do ghrúpaí soghonta amhail leanaí agus mná atá torrach nó mná atá ag cothú an linbh ar an gcíoch, chomh maith le taighde ar shláinte béil agus nuálaíocht chun eolas a fheabhsú ar ábhair atá ann cheana agus ar theicnící athshlánaithe agus chun ábhair nua a fhorbairt, is féidir leo cabhrú le húsáid mearcair a laghdú.
Le Treoir 91/477/CEE ón gComhairle [3], bunaíodh beart tionlacain don mhargadh inmheánach.
Chruthaigh sé cothromaíocht, ar lámh amháin, idir an gealltanas saorghluaiseacht áirithe a áirithiú i gcás roinnt arm tine agus comhpháirteanna bunriachtanacha díobh laistigh den Aontas, agus, ar an lámh eile, idir an gá leis an tsaorghluaiseacht sin a rialú trí ráthaíochtaí slándála atá oiriúnach do na táirgí sin a úsáid.
Is gá feabhsú breise a dhéanamh ar ghnéithe áirithe de Threoir 91/477/CEE ar shlí chomhréireach d'fhonn dul i ngleic le mí-úsáid arm tine chun críoch coiriúil, agus gníomhartha sceimhlitheoireachta a tharla le déanaí á gcur san áireamh.
Sa chomhthéacs sin, ina theachtaireacht an 28 Aibreán 2015 i ndáil leis an gClár Oibre Eorpach maidir leis an tSlándáil, d'iarr an Coimisiún go ndéanfaí athbhreithniú ar an Treoir sin agus go mbeadh cur chuige comhchoiteann ann maidir le hairm a dhíghníomhachtú chun a n-athghníomhachtú ag coirpigh a chosc agus gan iad a bheith á n-úsáid ag coirpigh.
A fhad agus a fhaightear airm tine go dleathach agus a shealbhaítear i gcomhréir le Treoir 91/477/CEE iad, ba cheart feidhm a bheith ag forálacha naisiúnta maidir le hiompar arm, fiach nó lámhach targaidí.
Chun críocha Threoir 91/477/CEE, ba cheart a chumhdach leis an sainmhíniú ar bhróicéir aon duine nádúrtha nó dlítheanach, lena n-áirítear comhpháirtíochtaí, agus ba cheart a mheas go n-áirítear iasachtú agus léasú leis an téarma “soláthar”.
Ós rud é go gcuireann bróicéirí seirbhísí ar fáil atá comhchosúil leis na seirbhísí a sholáthraíonn déileálaithe, ba cheart iad a chumhdach freisin le Treoir 91/477/CEE i leith oibleagáidí sin na ndéileáilithe atá ábhartha do ghníomhaíochtaí na mbróicéirí, a mhéid atá siad in ann na hoibleagáidí sin a chomhlíonadh agus a mhéid nach gcomhlíonann déileálaí iad maidir leis an idirbheart foluiteach céanna.
Ní hamháin go n-áirítear le gníomhaíochtaí déileálaí an mhonaraíocht ach freisin modhnú nó tiontú arm tine, comhpháirteanna bunriachtanacha agus armlóin, amhail giorrú airm tine iomláin, as a dtiocfaidh athrú ar a gcatagóir nó ar a bhfochatagóir.
Maidir le gníomhaíochtaí neamhthráchtála, ar gníomhaíochtaí príobháideacha amháin iad, amhail lámhlódáil agus athlódáil armlóin ó chomhpháirteanna armlóin dá n-úsáid féin nó modhnú arm tine nó comhpháirteanna bunriachtanacha atá faoi úinéireacht an duine lena mbaineann, amhail athruithe ar an stoc nó ar an treoir nó cothabháil chun dul i ngleic le caitheamh agus cuimilt comhpháirteanna bunriachtanacha, níor cheart a mheas gur gníomhaíochtaí iad nach gceadófaí ach do dhéilealaí iad a ghabháil de láimh.
Chun inrianaitheacht na n-arm tine agus na gcomhpháirteannna bunriachtanacha go léir a mhéadú agus chun a saorghluaiseacht a éascú, ba cheart na hairm tine uile nó a gcomhpháirteanna bunriachtanacha uile a mharcáil le marcáil shoiléir, bhuan agus uathúil agus a chlárú i gcórais chomhdúcháin sonraí na mBallstát.
Maidir leis na taifid a bheidh á gcoimeád sna córais chomhdúcháin sonraí, is é ba cheart a bheith iontu an fhaisnéis go léir lena lamhálfar nasc a bheith idir arm tine agus a úinéir agus ba cheart dóibh ainm an mhonaróra nó an bhranda, tír nó ionad an mhonaraithe, cineál, déanamh, samhail, cailibre agus sraithuimhir an airm tine nó aon mharcáil uathúil a bheith curtha ar fhráma nó ar ghlacadóir an airm tine a thaifeadadh.
Ba cheart comhpháirteanna bunriachtanacha seachas an fráma nó an glacadóir a thaifeadadh sna córais chomhdúcháin sonraí faoi thaifead a bhaineann leis an arm tine ar faoi a bheidh siad feistithe.
Chun cosc a chur ar mharcálacha a bheith á scriosadh go héasca agus chun soiléiriú a dhéanamh ar na comhpháirteanna bunriachtanacha ar cheart na marcálacha a ghreamú díobh, ba cheart rialacha comhchoiteanna Aontais maidir leis an marcáil a thabhairt isteach.
Níor cheart feidhm a bheith ag na rialacha sin ach amháin maidir le hairm tine nó le comhpháirteanna bunriachtanacha a dhéanfar a mhonarú nó a allmhairiú isteach san Aontas an 14 Meán Fómhair 2018 nó ina dhiaidh sin, nuair a chuirfear ar an margadh iad, agus, san am céanna, ba cheart airm tine agus páirteanna díobh a bheidh monaraithe nó allmhairithe isteach san Aontas roimh an dáta sin leanúint de bheith cumhdaithe ag na ceanglais mharcála agus chlárúcháin faoi Threoir 91/477/CEE a bheidh infheidhme go dtí an dáta sin.
I bhfianaise nádúr contúirteach agus bhuanfas na n-arm tine agus a gcomhpháirteanna bunriachtanacha, chun a áirithiú go bhfuil na húdaráis inniúla in ann airm tine agus comhpháirteanna bunriachtanacha a rianú chun críche imeachtaí riaracháin agus coiriúla, agus aird á tabhairt ar na dlíthe nós imeachta náisiúnta, tá sé riachtanach go ndéanfar na taifid sna córais chomhdúcháin sonraí a choimeád ar feadh tréimhse 30 bliain i ndiaidh scriosadh na n-arm tine nó na gcomhpháirteanna riachtanacha lena mbaineann.
Ba cheart gur ag na húdaráis inniúla amháin a bheadh rochtain ar na taifid sin agus ar na sonraí pearsanta gaolmhara uile agus níor cheart an rochtain sin a cheadú ach amháin go dtí 10 mbliana i ndiaidh scriosadh an airm tine nó na gcomhpháirteanna bunriachtanacha lena mbaineann chun údaruithe a dheonú nó a tharraingt siar nó le haghaidh imeachtaí custaim, lena n-áirítear forchur féideartha pionós riaracháin, agus go dtí 30 bliain i ndiaidh scriosadh an airm tine nó na gcomhpháirteanna bunriachtanacha lena mbaineann i gcás inar gá an rochtain sin chun an dlí coiriúil a fhorfheidhmiú.
Tá sé tábhachtach faisnéis a chomhroinnt go héifeachtúil idir déileálaithe agus bróicéirí, ar lámh amháin, agus na húdaráis inniúla náisiúnta, ar an lámh eile, chun go n-oibreodh na córais chomhdúcháin sonraí go héifeachtach.
Ba cheart do dhéileálaithe agus do bhróicéirí, dá bhrí sin, faisnéis a sholáthar gan mhoill mhíchuí do na húdaráis inniúla náisiúnta.
Chun an méid sin a éascú, ba cheart do na húdaráis inniúla náisiúnta meán nasc leictreonach a bhunú a bheidh inrochtana ag déileálaithe agus ag bróicéirí, inar féidir an fhaisnéis a chur isteach trí ríomhphost nó é a dhéanamh go díreach trí bhunachar sonraí nó trí chlárlann eile a áireamh.
Maidir leis an oibleagáid atá ar na Ballstáit córas faireacháin a bheith i bhfeidhm acu chun a áirithiú go bhfuil na coinníollacha d'údarú arm tine á gcomhlíonadh le linn a ré, ba cheart na Ballstáit a bheith in ann cinneadh a dhéanamh an bhfuil tástáil mhíochaine nó shíceolaíoch roimh ré le baint a bheith aige leis an measúnú.
Gan dochar do dhlíthe náisiúnta lena dtugtar aghaidh ar an ndliteanas gairmiúil, níor cheart a thoimhdiú leis an measúnú sin ar an bhfaisnéis mhíochaine nó shícheolaíoch ábhartha go sanntar aon dliteanas don ghairmí leighis nó do dhaoine eile a sholáthraíonn faisnéis den sórt sin i gcás ina mbaintear mí-úsáid as airm tine a shealbhaítear i gcomhréir le Treoir 91/477/CEE.
Ba cheart airm tine agus armlón a stóráil ar bhealach sábháilte nuair nach ndéantar iad a mhaoirsiú láithreach.
Má stóráiltear ar bhealach eile seachas i dtaisceadán iad, ba cheart airm tine agus armlón a stóráil ar leithligh óna chéile.
Nuair atá an t-arm tine agus an t-armlón le tabhairt ar láimh d'iompróir lena n-iompar, ba cheart an t-iompróir sin a bheith freagrach as an maoirsiú cuí agus as an stóráil chuí.
Ba cheart na critéir maidir le stóráil chuí agus maidir le hiompar sábháilte a shainmhíniú sa dlí náisiúnta, agus líon agus catagóir na n-arm tine agus an armlóin lena mbaineann á gcur i gcuntas.
Níor cheart do Threoir 91/477/CEE difear a dhéanamh do rialacha na mBallstát a lamhálann idirbhearta dlíthiúla a bhfuil airm tine, comhpháirteanna bunriachtanacha agus armlón mar chuid díobh atá le socrú trí ordú poist, tríd an idirlíon nó trí chianchonarthaí de réir mar a shainmhínítear iad i dTreoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle [4], mar shampla trí bhíthin catalóga ceant ar líne nó mionfhógraí, teileafóin nó ríomhphoist.
Mar sin féin, tá sé bunriachtanach go bhféadfaí céannachtaí na bpáirtithe in idirbhearta den sórt sin agus a gcumas dlíthiúil idirbhearta den sórt sin a dhéanamh a sheiceáil agus go seiceálfar iarbhír céannachtaí na bpáirtithe in idirbhearta den sórt sin agus a gcumas dlíthiúil idirbhearta den sórt sin a dhéanamh.
Maidir le ceannaitheoirí, is iomchuí dá bhrí sin a áirithiú go ndéanfaidh déileálaí nó bróicéir ceadúnaithe nó údaraithe, nó údarás poiblí nó ionadaí údaráis den sórt sin, a gcéannacht a sheiceáil agus, i gcás inarb ábhartha, an fíoras go bhfuil siad údaraithe arm tine, comhpháirteanna bunriachtanacha nó armlón a fháil a fhíorú, sula seachadfar é, nó ar a dhéanaí ar é a sheachadadh.
Ba cheart rialacha níos déine a thabhairt isteach le Treoir 91/477/CEE do na hairm tine is contúirtí chun a áirithiú nach lamhálfar, seachas i roinnt eisceachtaí teoranta cuí-réasúnaithe, úinéireacht a bheith ar na hairm sin ná iad a shealbhú nó a thrádáil.
I gcás nach n-urramaítear na rialacha sin, ba cheart do na Ballstáit na bearta iomchuí uile a dhéanamh a bhféadfadh gaibhniú na n-arm tine sin a bheith ar áireamh iontu.
Ba cheart an fhéidearthacht a bheith ag na Ballstáit, áfach, fáil agus seilbh arm tine, comhpháirteanna bunriachtanacha agus armlón a aicmítear i gcatagóir A a údarú nuair is gá chun críocha oideachais, cultúrtha, lena n-áirítear scannáin agus an amharclann, taighde nó stairiúla.
D'fhéadfaí, inter alia, armadóirí, promhthithe, monaróirí, saineolaithe creidiúnaithe, fóiréinseolaithe agus, i gcásanna áirithe, iad siúd atá rannpháirteach i dtaifeadtaí scannáin nó teilifíse a áireamh ar na daoine údaraithe sin.
Chomh maith leis sin, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann daoine aonair a údarú chun airm tine, comhpháirteanna bunriachtanacha agus armlón a aicmítear i gcatagóir A a fháil agus a shealbhú don chosaint naisiúnta, amhail i gcomhthéacs oiliúint mhíleata shaorálach dá bhforáiltear faoin dlí náisiúnta.
Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann a roghnú údaruithe a thabhairt do mhúsaeim agus do bhailitheoirí aitheanta chun airm tine, comhpháirteanna bunriachtanacha agus armlón a aicmítear i gcatagóir A a fháil agus a shealbhú nuair is gá chun críocha stairiúla, cultúrtha, eolaíocha, teicniúla, oideachais nó oidhreachta, ar choinníoll go dtaispeánann músaeim agus bailitheoirí den sórt sin fianaise, sula dtabharfar údarú den sórt sin, go mbeidh na bearta riachtanacha déanta acu chun dul i ngleic le haon rioscaí don tslándáil phoiblí nó don ord phoiblí, lena n-áirítear trí stóráil chuí.
Le haon údarú den sórt sin, ba cheart an staid shonrach a chur i gcuntas agus a léiriú, lena n-airítear cineál agus cuspóirí an bhailiúcháin, agus ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh córas i bhfeidhm chun faireachán a dhéanamh ar bhailitheoirí agus ar bhailiúcháin.
Níor cheart cosc a chur ar dhéileálaithe agus ar bhróicéirí airm tine, comhpháirteanna bunriachtanacha agus armlón a aicmítear i gcatagóir A a láimhseáil i gcásanna ina mbeidh fáil agus seilbh arm tine, comhpháirteanna bunriachtanacha agus armlóin den sórt sin lamháilte go heisceachtúil, i gcás go mbeidh a láimhseáil riachtanach chun críocha díghníomhachtú nó tiontú, nó aon uair a cheadaítear sin ar shlí eile faoi Threoir 91/477/CEE, arna leasú leis an Treoir seo.
Níor cheart, ach an oiread, cosc a chur ar dhéileálaithe ná ar bhróicéirí airm tine, comhpháirteanna bunriachtanacha agus armlón den sórt sin a láimhseáil i gcásanna nach gcumhdaítear le Treoir 91/477/CEE, arna leasú leis an Treoir seo, amhail airm tine, comhpháirteanna bunriachtanacha agus armlón a bheidh le honnmhairiú lasmuigh den Aontas nó airm a bheidh le fáil ag na fórsaí armtha, na póilíní nó na húdaráis phoiblí.
Ba cheart do dhéileálaithe agus do bhróicéirí a bheith in ann diúltú aon idirbheart amhrasach a chur i gcrích chun urchair iomlána armlóin nó comhpháirteanna beophríméir armlóin a fháil.
Féadfar a mheas go bhfuil idirbheart amhrasach más rud é, mar shampla, go mbaineann cainníochtaí leis atá neamhchoitianta le haghaidh na húsáide príobháidí a shamhlaítear, má dhealraíonn sé nach bhfuil cur amach ag an gceannaitheoir ar úsáid an armlóin nó má áitíonn an ceannaitheoir íoc in airgead tirim agus gan an té sin a bheith toilteanach cruthú ar a chéannacht nó a céannacht a sholáthar.
Ba cheart do dhéileálaithe agus do bhróicéirí a bheith in ann freisin idirbhearta amhrasacha den sórt sin a thuairisciú do na húdaráis inniúla.
Is ard an riosca é go ndéanfar airm acústacha agus cineálacha eile arm lámhaigh caocha a thiontú ina bhfíorairm tine.
Tá sé bunriachtanach, dá bhrí sin, aghaidh a thabhairt ar fhadhb na n-arm tine tiontaithe sin a bheith á n-úsáid i ndéanamh cionta coiriúla, go háirithe trína n-áireamh laistigh de raon feidhme Threoir 91/477/CEE.
Anuas air sin, chun go seachnófar an riosca go mbeidh airm rabhaidh agus chomhartha á monarú ar shlí a chumasaíonn iad a thiontú chun go bhféadfar urchar, piléar nó diúracán a dhíchur leo trí ghníomhaíocht tiomántáin indóite, ba cheart don Choimisiún sonraíochtaí teicniúla a ghlacadh chun a áirithiú nach féidir iad a thiontú amhlaidh.
Agus an t-ardriosca atá ann airm tine nach bhfuil díghníomhachtaithe i gceart a athghníomhachtú á chur san áireamh agus chun an tslándáil ar fud an Aontais a fheabhsú, ba cheart airm tine den sórt sin a chuimsiú le Treoir 91/477/CEE.
Ba cheart sainmhíniú a thabhairt ar airm tine dhíghníomhachtaithe a chuimseoidh na prionsabail ghinearálta a bhaineann le hairm tine a dhíghníomhachtú dá bhforáiltear leis an bPrótacal i gcoinne Monarú agus Gáinneáil Aindleathach Arm Tine, a bPáirteanna agus a gComhpháirteanna agus Armlón, a ghabhann le Cinneadh 2014/164/AE ón gComhairle [5], a dhéanann an Prótacal sin a thrasuí i gcreat dlíthiúil an Aontais.
Tá dlúthpháirtíocht, i measc shaoránaigh an Aontais agus i measc na mBallstát, ar cheann de na luachanna uilechoiteanna ar a bhfuil an tAontas Eorpach tógtha.
Treoraíonn an comhluach sin gníomhaíochtaí an Aontais agus soláthraíonn sé an aontacht is gá chun na dúshláin shochaíocha atá ann faoi láthair agus na cinn a bheidh ann amach anseo a láimhseáil, ar dúshláin iad a bhfuil Eorpaigh óga toilteanach cabhrú dul i ngleic leo trína ndlúthpháirtíocht a chur in iúl sa chleachtas.
Spreagann an Dlúthpháirtíocht an spéis atá ag daoine óga sa tionscadal comhchoiteann Eorpach.
Cumhdaítear prionsabal na dlúthpháirtíochta in Airteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE) agus i mbrollach Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.
San aitheasc ar Staid an Aontais an 14 Meán Fómhair 2016, leagadh béim ar an ngá atá le hinfheistiú a dhéanamh i ndaoine óga agus fógraíodh go mbunófaí an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach d'fhonn deiseanna a chruthú do dhaoine óga ar fud an Aontais rannchuidiú lánbhrí a dhéanamh don tsochaí, dlúthpháirtíocht a léiriú agus a scileanna, inniúlachtaí agus eolas a fhorbairt agus, sa chaoi sin, taithí ríluachmhar daonna a fháil, rud atá ríthábhachtach freisin maidir le saoránacht ghníomhach agus thiomanta an Aontais teacht chun cinn.
Sa Teachtaireacht uaidh an 7 Nollaig 2016 dar teideal “Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach”, leag an Coimisiún béim ar an ngá atá leis an dúshraith a neartú d'obair dhlúthpháirtíochta ar fud na hEorpa, níos mó deiseanna agus deiseanna níos fearr le haghaidh gníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta ardchaighdeáin a sholáthar do dhaoine óga i raon leathan réimsí, agus tacaíocht a thabhairt do ghníomhaithe náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla, maidir lena n-iarrachtaí chun déileáil le dúshláin agus géarchéimeanna éagsúla.
Sheol an Teachtaireacht sin an chéad chéim den Chór Dlúthpháirtíochta Eorpach faoina mbainfear leas as cláir éagsúla de chuid an Aontais chun deiseanna oibre deonaí, cúrsa oiliúna nó post a sholáthar do dhaoine óga ar fud an Aontais.
Ba cheart do na gníomhaíochtaí seo, bídís curtha chun feidhme roimh nó tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, leanúint de na rialacha agus na coinníollacha a chur i bhfeidhm a leagtar síos sna cláir Aontais faoi seach a mhaoinigh iad, faoin gcéad chéim den Chór Dlúthpháirtíochta Eorpach.
I gcomhthéacs an Rialacháin seo, féadfar an dlúthpháirtíocht a thuiscint mar mheon na freagrachta i dtaobh gach duine i ndáil le gach duine a bheith tiomanta don leas coiteann, rud a léirítear trí ghníomhaíochtaí nithiúla a dhéanamh gan smaoineamh ar leas a fháil mar chúiteamh.
Ba cheart deiseanna atá inrochtana go héasca a thabhairt do dhaoine óga chun tabhairt faoi ghníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta ardchaighdeáin a bhfuil gné láidir Eorpach ag baint leo mar bhealach chun rannchuidiú le neart a chur le comhthathú, dlúthpháirtíocht, uilechuimsitheacht shóisialta agus daonlathas i dtíortha rannpháirteacha chun sochair do phobail áitiúla, agus fós feabhas a chur ar a n-inniúlachtaí le haghaidh a bhforbartha pearsanta agus, sa chaoi sin, borradh a chur faoina bhféinmheas, a neamhspleáchas agus a spreagadh chun foghlama, a bhforbairt oideachais, ealaíonta, teanga, chultúrtha, shóisialta agus ghairmiúil a spreagadh, mar aon lena saoránacht ghníomhach, a n-infhostaitheacht agus a n-aistriú isteach sa mhargadh saothair á éascú.
Thacódh na gníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta sin freisin le soghluaisteacht na rannpháirtithe.
Bunaítear leis an Rialachán seo clár maidir le gníomhaíocht an Aontais, clár ar a dtugtar an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach agus atá mar bhonn le hathrú sochaíoch dearfach a shaothrú trí thacaíocht a chur ar fáil do phobail de dhaoine aonair agus d'eintitis atá tiomanta don dlúthpháirtíocht a fheabhsú ar fud na hEorpa.
Sa chaoi sin, saothraítear leis ionstraim chaiteachais de ghníomhaíocht an Aontais a bhunaítear d'fhonn í a theacht i bhfeidhm ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo ar bhonn leanúnach agus leagtar síos leis freisin an bonn don Chór Dlúthpháirtíochta Eorpach mar phobal, agus mar fhoinse spreagtha do mheon neartaithe dlúthpháirtíochta san Eoraip trí thionchar níos leithne a bheith ag na gníomhaíochtaí a dhéantar faoi chuimsiú an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh.
Ba cheart go mbeadh na gníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta a chuirtear ar fáil do dhaoine óga ar ardcháilíocht, sa mhéid is gur cheart dóibh rannchuidiú le cuspóirí an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh a shaothrú, agus cuidiú le dúshláin shochaíocha a shárú, agus aghaidh á tabhairt fós leo ar riachtanais pobal áitiúil.
Ba cheart go dtabharfadh gníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta an deis do dhaoine óga inniúlachtaí luachmhara a fháil le haghaidh forbairt phearsanta, shóisialta, shibhialta agus ghairmiúil, ba cheart go mbeadh gné láidir foghlama agus oiliúna ag baint leo, ba cheart go mbeadh rochtain orthu ag gach duine óg, agus ba cheart go ndéanfaí iad a chur chun feidhme i ndálaí atá slán, sláintiúil agus bailíochtaithe mar is ceart.
Níor cheart go mbeadh tionchar diúltach ag gníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta ar phoist ná sealanna oiliúna atá ann cheana agus ba cheart dóibh rannchuidiú le tiomantais cuideachtaí maidir le freagracht shóisialta chorparáideach a threisiú, ach gan teacht ina n-ionad.
Aon eintiteas atá toilteanach a bheith rannpháirteach sa Chór Dlúthpháirtíochta Eorpach, bíodh sé maoinithe ó bhuiséad an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh, ag clár eile de chuid an Aontais nó ag foinse eile maoinithe, ba cheart dó lipéad cáilíochta a fháil ar choinníoll go gcomhlíontar na riachtanais shonracha.
Níor cheart feidhm a bheith ag an gceanglas lipéad cáilíochta a fháil maidir le daoine nádúrtha atá ag lorg tacaíocht airgeadais dá dtionscadail dlúthpháirtíochta ar son grúpa neamhfhoirmiúil rannpháirtithe.
Leis an lipéad cáilíochta a shanntar do na heagraíochtaí rannpháirteacha, ba cheart go deimhneofar go bhfuil na heagraíochtaí sin in ann cáilíocht na ngníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta a shaothraíonn siad a áirithiú.
Ba cheart do chomhlachtaí cur chun feidhme an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh an próiseas lena sanntar lipéad cáilíochta a dhéanamh ar bhealach inrochtana agus trédhearcach.
Ba cheart athmheasúnú a dhéanamh go tráthrialta ar an lipéad cáilíochta a sannadh agus ba cheart go bhféadfaí an lipéad cáilíochta a chúlghairm más amhlaidh, i gcomhthéacs an athmheasúnaithe, go suítear nach gcomhlíontar a thuilleadh na coinníollacha faoinar sannadh é.
Dhéanfadh an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach pointe aonair iontrála a sholáthar do ghníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta ar fud an Aontais.
Ba cheart comhsheasmhacht agus comhlántacht an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh le beartais agus cláir ábhartha eile an Aontais a áirithiú.
Ba cheart don Chór Dlúthpháirtíochta Eorpach tógáil ar láidreachtaí agus sineirgí na gclár atá ann cheana agus na gclár a bhí ann rompu, go háirithe na cláracha Erasmus+ agus An tAos Óg i mBun Gníomhaíochta.
Ba cheart dó freisin comhlánú a dhéanamh ar na hiarrachtaí a dhéanann na Ballstáit chun tacú le daoine óga agus a n-aistriú ón scoil go hobair a éascú faoi scéimeanna amhail Ráthaíocht don Aos Óg arna bhunú i gcomhréir le Moladh ón gComhairle an 22 Aibreán 2013 maidir le Ráthaíocht don Aos Óg a bhunú trí dheiseanna breise a sholáthar dóibh páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta i bhfoirm cúrsaí oiliúna nó post laistigh dá mBallstát féin nó thar theorainneacha.
Ba cheart comhlántacht a áirithiú freisin le líonraí atá ann cheana ar leibhéal an Aontais a bhaineann leis na gníomhaíochtaí faoin gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach, amhail Líonra Eorpach na Seirbhísí Fostaíochta Poiblí, EURES agus líonra Eurodesk.
Ina theannta sin, ba cheart comhar comhlántach agus dílis idir na scéimeanna gaolmhara atá ann cheana agus na Seirbhísí Deonacha Eorpacha a chothú go háirithe le scéimeanna a bhaineann le dlúthpháirtíocht, obair dheonach, seirbhís shibhialta agus scéimeanna soghluaisteachta do dhaoine óga, atá ag feidhmiú ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil, mar aon le tosaíochtaí a bhaineann le dlúthpháirtíocht agus an óige sna tíortha rannpháirteacha, agus, i gcás inarb iomchuí, chun tionchair agus cáilíochtaí na scéimeanna sin ar a chéile a fheabhsú agus a shaibhriú agus chun tógáil ar dhea-chleachtais.
Níor cheart go ngabhfadh an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach ionad na scéimeanna náisiúnta comhchosúla dlúthpháirtíochta, saorálaíochta, seirbhís shibhialta agus soghluaiseachta.
Ba ceart rochtain chomhionann ar ghníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta náisiúnta a áirithiú do gach duine óg.
Ba cheart comhpháirtíochtaí le líonraí Eorpacha atá speisialaithe i bhfadhbanna sóisialta práinneacha áirithe a spreagadh.
Chun tionchar an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh a uasmhéadú, ba cheart go mbeadh cláir eile de chuid an Aontais in ann rannchuidiú le cuspóirí an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh trí thacú le gníomhaíochtaí laistigh dá raon feidhme.
Ba cheart go mbeadh an rannchuidiú sin á mhaoiniú i gcomhréir le gníomhartha dlí ábhartha na gclár i dtrácht d'fhonn níos mó rannchuidithe a áirithiú i measc daoine óga, na sochaí sibhialta, agus scéimeanna saorálaíochta atá ann cheana sna Ballstáit.
A luaithe a bhíonn lipéad cáilíochta bailí acu, ba cheart rochtain ar thairseach an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh a thabhairt do na heagraíochtaí rannpháirteacha agus ba cheart go bhfaighidís na bearta cáilíochta agus tacaíochta a sholáthraítear de réir chineál na gníomhaíochta dlúthpháirtíochta a thairgtear.
Ba cheart don Chór Dlúthpháirtíochta Eorpach deiseanna nua a chur ar fáil do dhaoine óga chun tabhairt faoi obair dheonach, cúrsa oiliúna nó poist agus, ar a dtionscnamh féin, chun tionscadail dlúthpháirtíochta a dhearadh agus a fhorbairt, ar tionscadail iad lena ndéantar luach soiléir Eorpach a léiriú.
Ba cheart go gcuideodh na deiseanna sin le dul i ngleic le riachtanais shochaíocha atá fós gan chomhlíonadh agus ba cheart go rannchuideoidís le forbairt phearsanta, oideachais, shóisialta, shibhialta agus ghairmiúil na ndaoine óga a neartú.
Ba cheart don Chór Dlúthpháirtíochta Eorpach tacú le gníomhaíochtaí líonraithe do rannpháirtithe agus d'eagraíochtaí rannpháirteacha, chomh maith le tacú le bearta a áiritheoidh cáilíocht na ngníomhaíochtaí a dtacaítear leo agus bailíochtú a spriocanna foghlama a fheabhsú.
Ba cheart dó freisin rannchuidiú le tacú le heagraíochtaí atá ann cheana a chuireann gníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta chun feidhme agus ba cheart dó rannchuidiú lena neartú.
Eispéireas saibhir i gcomhthéacs foghlama foirmiúil agus neamhfhoirmiúil atá sa tsaorálaíocht, eispéireas a fheabhsaíonn forbairt phearsanta, shochoideachasúil agus ghairmiúil daoine óga, chomh maith lena saoránacht ghníomhach agus a n-infhostaitheacht.
Níor cheart go ngabhfadh saorálaíocht ionad cursaí oiliúna nó post agus ba cheart go mbeadh sí bunaithe ar chomhaontú i scríbhinn maidir le saorálaíocht.
Comhoibreoidh an Coimisiún agus na Ballstáit le chéile maidir le beartais saorálaíochta i réimse na hóige tríd an modh oscailte comhordaithe.
Ba cheart go mbeadh sé soiléir go bhfuil cursaí oibre agus poist neamhspleách ó shaorálaíocht, ó thaobh cúrsaí airgeadais agus ó thaobh cúrsaí eagraíochta de.
Níor cheart go mbeadh ionadú oibre ann choíche mar thoradh ar shealanna oiliúna.
Is féidir sealanna oiliúna agus poist le pá, áfach, a bheith ina spreagadh do dhaoine óga atá faoi mhíbhuntáiste agus do dhaoine óga a bhfuil níos lú deiseanna acu chun páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí a bhaineann le dlúthpháirtíocht nach mbeidís in ann rochtain a fháil orthu gan iad.
Is féidir le cursaí oiliúna an t-aistriú ón oideachas go dtí an fhostaíocht a dhéanamh níos éasca do dhaoine óga agus is féidir leo infhostaitheacht daoine óga a chothú, rud atá ríthábhachtach maidir lena gcomhthathú inbhuanaithe sa mhargadh saothair a bhaint amach.
Ba cheart go mbeadh sealanna oiliúna agus poist a sholáthraítear faoin gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach á n-íoc i gcónaí ag an eagraíocht rannpháirteach a bhfuil an rannpháirtí á óstáil nó á fhostú aici.
Ba cheart go mbeadh cursaí oiliúna bunaithe ar chomhaontú cúrsa oiliúna i scríbhinn i gcomhréir leis an gcreat rialála is infheidhme de chuid na tíre ina bhfuil an cúrsa oiliúna ar siúl agus, de réir mar is iomchuí, ba cheart dóibh a bheith i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar amach sa Mholadh ón gComhairle an 10 Márta 2014 maidir le Creat Ardchaighdeáin do Chúrsaí Oiliúna.
Bunaíodh an Foras Eorpach chun dálaí maireachtála agus oibre a fheabhsú (“Eurofound”) le Rialachán (CEE) Uimh. 1365/75 ón gComhairle chun rannchuidiú le dálaí maireachtála agus oibre níos fearr a phleanáil agus a chur ar bun trí ghníomhaíochaí a cheaptar chun eolas a mhéadú agus a scaipeadh.
Ba cheart do Eurofound na gnéithe meántéarmacha agus fadtéarmacha sa chomhthéacs sin a thabhairt ar aird freisin.
Ón uair a bunaíodh é in 1975, bhí ról tábhachtach ag Eurofound maidir le tacaíocht a thabhairt d'fheabhsú dálaí maireachtála agus oibre ar fud an Aontais.
Ag an am céanna, tá athrú tagtha ar choincheapa na ndálaí maireachtála agus oibre agus ar an tábhacht a bhaineann leo faoi thionchar forbairtí sochaíocha agus athruithe bunúsacha ar na margaí saothair.
Déanann Eurofound faisnéis atá speisialaithe agus lena soláthraítear breisluach laistigh de réimse saineolais Eurofound a chur ar fáil d'institiúidí agus do chomhlachtaí an Aontais, do na Ballstáit agus do na comhpháirtithe sóisialta.
Ba cheart do Eurofound leanúint de bheith ag déanamh suirbhéanna chun go leanfar de na hanailísí comparáideacha ar threochtaí i ndálaí maireachtála agus oibre agus ar fhorbairtí sa mhargadh saothair san Aontas.
Tá sé tábhachtach freisin go n-oibreodh Eurofound i ndlúthchomhar le comhlachtaí gaolmhara ar an leibhéal idirnáisiúnta, ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta.
Tá oifig idirchaidrimh ag Eurofound sa Bhruiséil.
Ba cheart na forálacha airgeadais agus na forálacha maidir le clársceidealú agus tuairisciú a bhaineann le Eurofound a nuashonrú.
Le Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1271/2013 ón gCoimisiún, foráiltear go bhfuil Eurofound le meastóireachtaí ex ante agus meastóireachtaí ex post a dhéanamh i leith gach ceann de na cháir agus na gníomhaíochtaí lena ngabhann caiteachas suntasach.
Ba cheart do Eurofound na meastóireachtaí sin a chur san áireamh ina chlársceidealú ilbhliantúil agus bliantúil.
Chun uathriail agus neamhspleáchas iomlán Eurofound a áirithiú, agus chun a chumasú dó a cuspóirí agus cúraimí a dhéanamh go cuí i gcomhréir leis an Rialachán seo, ba cheart buiséad leormhaith agus neamhspleách a dheonú dó ina mbeadh an t-ioncam ag teacht go príomha ó ranníocaíocht ó bhuiséad ginearálta an Aontais.
Ba cheart feidhm a bheith ag nós imeachta buiséadach an Aontais maidir le Eurofound, a mhéid a bhaineann le ranníocaíocht an Aontais agus le haon fhóirdheontais eile is inmhuirearaithe ar bhuiséad ginearálta an Aontais.
Ba cheart gurb í an Chúirt Iniúchóirí a dhéanfadh iniúchadh ar chuntais Eurofound.
Ba cheart gurb é Ionad Aistriúcháin Chomhlachtaí an Aontais Eorpaigh (an tIonad Aistriúcháin) a sholáthródh na seirbhísí aistriúcháin is gá chun go bhfeidhmeoidh Eurofound.
Ba cheart do Eurofound oibriú leis an Ionad Aistriúcháin chun táscairí cáilíochta, tráthúlachta agus rúndachta a bhunú, chun riachtanais agus tosaíochtaí Eurofound a shainaithint go soiléir, agus chun nósanna imeachta trédhearcacha oibiachtúla a chruthú do phróiseas an aistriúcháin.
Ba cheart na forálacha maidir le foireann Eurofound a bheith i gcomhréir leis na Rialacháin Foirne agus le Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais Eorpaigh (Coinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile), a leagtar síos i Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 ón gComhairle.
Ba cheart do Eurofound na bearta is gá a dhéanamh chun a áirithiú go ndéantar faisnéis rúnda a láimhseáil agus a phróiseáil go sábháilte.
Más gá, ba cheart do Eurofound rialacha slándála a ghlacadh atá coibhéiseach leo siúd a leagtar amach i gCinntí (AE, Euratom) 2015/443 agus i gCinneadh (AE, Euratom) 2015/444 ón gCoimisiún.
Is gá forálacha buiséadacha idirthréimhseacha agus forálacha idirthréimhseacha maidir leis an mBord Bainistíochta, maidir leis an Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus maidir leis an bhfoireann a leagan síos chun leanúnachas ghníomhaíochtaí Eurofound a áirithiú go dtí go gcuirfear an Rialachán seo chun feidhme,
Ba cheart go gcuirfeadh an eisceacht shainordaitheach dá bhforáiltear sa Treoir seo srian ar an gceart atáirgthe a fhágfaidh gur féidir le haon ghníomh, a bhfuil gá leis, a bheith ann d'fhonn saothar nó ábhar eile a athrú nó a thiontú nó a oiriúnú ar bhealach a chruthaíonn cóip i bhformáid inrochtana a chuireann ar chumas na ndaoine is tairbhithe rochtain a fháil ar an saothar nó ar an ábhar eile sin.
Áirítear leis seo na hacmhainní is gá a sholáthar chun déileáil le faisnéis atá i gcóip i bhformáid inrochtana.
Áirítear leis freisin athruithe a d'fhéadfadh a bheith riachtanach i gcásanna inar féidir le daoine áirithe is tairbhithe rochtain a fháil cheana ar fhormáid de shaothar nó d'ábhar eile ach nach féidir le daoine eile is tairbhithe, mar thoradh ar mhíchumais nó ar mhallachair éagsúla nó ar an leibhéal éagsúil míchumais nó mallachair den chineál sin.
Ba cheart a áireamh leis na húsáidí ceadaithe a leagtar síos sa Treoir seo go mbeadh cóipeanna i bhformáid inrochtana á ndéanamh ag na daoine is tairbhithe nó ag eintitis údaraithe a fhreastalaíonn ar a riachtanais, bíodh na heintitis údaraithe sin ina n-eagraíochtaí poiblí nó príobháideacha, go háirithe leabharlanna, forais oideachais agus eagraíochtaí neamhbhrabúsacha eile agus bídís ina n-eintitis údaraithe a fhreastalaíonn ar dhaoine faoi mhallachar cló nó faoi mhíchumas cló mar phríomhghníomhaíocht nó mar cheann dá bpríomhghníomhaíochtaí, dá n-oibleagáidí institiúideacha nó mar chuid dá misin chun leasa an phobail.
Ba cheart go n-áireofaí leis na húsáidí sin a leagtar síos sa Treoir seo freisin cóipeanna i bhformáidí inrochtana a bheith á ndéanamh ag duine nádúrtha d'úsáid eisiach na ndaoine is tairbhithe, ar duine nádúrtha é a dhéanann amhlaidh thar ceann duine is tairbhí nó a chuidíonn leis an duine is tairbhí cóipeanna den chineál sin a dhéanamh.
Níor cheart cóipeanna i bhformáid inrochtana a dhéanamh ach de shaothair nó d'ábhar eile a bhfuil rochtain dhlíthiúil ag daoine is tairbhithe nó ag eintitis údaraithe orthu.
Ba cheart go n-áiritheodh na Ballstáit nach mbeadh éifeacht dhlíthiúil ag aon fhoráil chonarthach a fhéachann le cur i bhfeidhm na heisceachta ar bhealach ar bith a chosc nó a theorannú.
Ba cheart go gceadódh an eisceacht dá bhforáiltear sa Treoir seo d'eintitis údaraithe cóipeanna i bhformáid inrochtana de shaothair nó d'ábhar eile a chumhdaítear leis an Treoir seo a dhéanamh agus a scaipeadh ar líne agus as líne laistigh den Aontas.
Leis an Treoir seo níor cheart go bhforchuirfear oibleagáid ar eintitis údaraithe cóipeanna den chineál sin a dhéanamh agus a scaipeadh.
Ba cheart go bhféadfadh cóipeanna i bhformáid inrochtana a rinneadh i mBallstát a bheith ar fáil sna Ballstáit uile, chun a n-infhaighteacht níos fearr a áirithiú ar fud an mhargaidh inmheánaigh.
Laghdódh sé sin an t-éileamh ar dhúbláil oibre maidir le táirgeadh cóipeanna i bhformáid inrochtana den saothar céanna nó den ábhar eile ar fud an Aontais, ag giniúint coigilteas agus gnóthachan éifeachtúlachta dá bharr.
Ba cheart, dá bhrí sin, go n-áiritheofaí leis an Treoir seo go bhféadfaí cóipeanna i bhformáid inrochtana a bheadh déanta ag eintitis údaraithe i mBallstát ar bith a chur i gcúrsaíocht agus go mbeadh rochtain ag daoine is tairbhithe agus ag eintitis údaraithe ar na cóipeanna sin ar fud an Aontais.
Chun malartú trasteorann den chineál sin a chothú, agus chun sainaithint agus comhar comhpháirteach na n-eintiteas údaraithe a éascú, ba cheart go spreagfaí comhroinnt dheonach faisnéise maidir le hainmneacha agus sonraí teagmhála na n-eintiteas údaraithe atá bunaithe san Aontas, lena n-áirítear suíomhanna gréasáin, má tá siad ar fáil.
Ba cheart, dá bhrí sin, go ndéanfadh na Ballstáit an fhaisnéis a fhaightear ó eintitis údaraithe a sholáthar don Choimisiún.
Níor cheart go dtabharfaí le tuiscint leis sin go mbeadh oibleagáid ar na Ballstáit iomláine agus cruinneas na faisnéise sin a sheiceáil ná go bhfuil an fhaisnéis sin ag cloí lena ndlí náisiúnta lena dtrasuítear an Treoir seo.
Ba cheart go gcuirfeadh an Coimisiún an fhaisnéis ar fáil ar líne ar lárphointe rochtana le haghaidh faisnéise ar leibhéal an Aontais.
Chuideodh sé seo freisin le heintitis údaraithe, mar aon le daoine is tairbhithe agus sealbhóirí cirt chun teagmháil a dhéanamh le heintitis údaraithe chun breis faisnéise a fháil, i gcomhréir leis na forálacha a leagtar amach sa Treoir seo agus i Rialachán (AE) 2017/1563 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle [10].
Ba cheart don lárphointe rochtana le haghaidh faisnéise thuasluaite a bheith comhlántach leis an bpointe rochtana le haghaidh faisnéise atá le bunú ag Biúró Idirnáisiúnta na hEagraíochta Domhanda um Maoin Intleachtúil (EDMI), dá bhforáiltear i gConradh Marrakech, a bhfuil sé mar aidhm ag an bpointe sin sainaithint eintiteas údaraithe, agus comhar eatarthu, a éascú ar leibhéal idirnáisiúnta.
Níor cheart go mbeadh sé d'éifeacht ag ceanglais údaraithe nó sainaitheantais, a d'fhéadfadh na Ballstáit a chur i bhfeidhm ar eintitis údaraithe, amhail na heintitis a bhfuil baint acu le soláthar seirbhísí de chineál ginearálta do dhaoine is tairbhithe, go gcuirfí cosc ar eintitis a chumhdaítear leis an sainmhíniú ar eintiteas údaraithe faoin Treoir seo ó thabhairt faoi na húsáidí a cheadaítear faoin Treoir seo.
I bhfianaise chineál sonrach na heisceachta dá bhforáiltear faoin Treoir seo, a raon feidhme shonrach agus an gá atá le deimhneacht dhlíthiúil dá tairbhithe, ba cheart nach gceadófaí do na Ballstáit ceanglais bhreise le haghaidh cur i bhfeidhm na heisceachta a fhorchur, amhail réamhfhíorú ar infhaighteacht tráchtála na saothar i bhformáid inrochtana, seachas iad siúd a leagtar síos sa Treoir seo.
Níor cheart go gceadófaí do na Ballstáit foráil a dhéanamh ach amháin i leith scéimeanna cúitimh maidir le húsáidí ceadaithe saothar agus ábhar eile atá cosanta ag eintitis údaraithe.
Chun ualaigh ar dhaoine is tairbhithe a sheachaint agus chun cosc a chur ar bhacainní maidir le scaipeadh trasteorann de chóipeanna i bhformáid inrochtana agus gan ceanglais iomarcacha ar eintitis údaraithe a fhorchur, is tábhachtach go gcuirtear srian ar fhéidearthacht na mBallstát chun foráil a dhéanamh maidir leis na scéimeanna cúitimh sin.
Dá bhrí sin, níor cheart go gcuirfeadh scéimeanna cúitimh de cheangal ar dhaoine is tairbhithe íocaíochtaí a dhéanamh.
Níor cheart go mbeadh feidhm acu ach amháin maidir le húsáidí na n-eintiteas údaraithe atá bunaithe ar chríoch an Bhallstáit a fhorálann don scéim sin agus níor cheart go gcuirfeadh siad de cheangal ar eintitis údaraithe atá bunaithe i mBallstáit eile nó i dtríú tíortha atá ina bpáirtithe i gConradh Marrakech íocaíocht a dhéanamh.
Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú nach gcruthófar ceanglais ina bhfuil ualacha níos troime maidir le malartú trasteorann cóipeanna i bhformáid inrochtana ná mar a bheadh i gcásanna nach trasteorann iad mar gheall ar scéimeanna cúitimh den chineál sin, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann le cineál agus leibhéal an chúitimh is féidir a bheith ann.
Agus leibhéal an chúitimh á chinneadh, ba cheart aird iomchuí a thabhairt ar nádúr neamhbhrabúsach gníomhaíochtaí eintiteas údaraithe, ar na cuspóirí leasa phoiblí atá á saothrú leis an Treoir seo, ar leasanna na ndaoine is tairbhithe den eisceacht, ar an díobháil a d'fhéadfaí a dhéanamh do shealbhóirí cirt agus ar an ngá atá ann scaipeadh trasteorann cóipeanna i bhformáid inrochtana a áirithiú.
Ba cheart freisin na dálaí sonracha atá ag gach cás ar leith, a thagann as cóip i bhformáid inrochtana ar leith a dhéanamh, a chur san áireamh.
Nuair is beag an díobháil a dhéanfaí do shealbhóir cirt, níor cheart go dtiocfadh aon oibleagáid maidir le híocaíocht cúitimh chun cinn.
Ráthaíonn UNCRPD, ar páirtí ann an tAontas, do dhaoine faoi mhíchumais an ceart rochtain a fháil ar fhaisnéis agus ar oideachas agus an ceart páirt a ghlacadh sa saol cultúrtha, eacnamaíoch agus sóisialta ar bhonn comhionann le daoine eile.
Le glacadh na Treorach seo, tá sé mar aidhm ag an Aontas a áirithiú go mbeidh rochtain ag daoine is tairbhithe ar leabhair agus ábhair chlóite eile atá i gcóipeanna i bhformáidí inrochtana ar fud an mhargaidh inmheánaigh.
Dá réir sin, is céad chéim riachtanach í an Treoir seo chun rochtain ar shaothair a fheabhsú do dhaoine faoi mhíchumas.
Ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar an staid maidir le hinfhaighteacht saothar agus ábhar eile i bhformáidí inrochtana seachas iad siúd a chumhdaítear leis an Treoir seo, mar aon le hinfhaighteacht saothar agus ábhar eile atá i gcóipeanna i bhformáid inrochtana do dhaoine faoi mhíchumais eile.
Tá sé tábhachtach go déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú grinn ar an staid i dtaca leis sin.
D'fhéadfaí athruithe ar raon feidhme na Treorach seo a mheas, más gá, ar bhonn tuarascála a thíolacfaidh an Coimisiún.
Ba cheart go gceadófaí do na Ballstáit leanúint d'fhoráil a dhéanamh d'eisceacht nó do theorannú chun leasa na ndaoine faoi mhíchumas i gcásanna nach gcumhdaítear faoin Treoir seo, go háirithe a mhéid a bhaineann le saothair agus ábhar eile agus le míchumais seachas iad siúd a chumhdaítear leis an Treoir seo, de bhun phointe (b) d'Airteagal 5(3) de Threoir 2001/29/CE.
Ní chuireann an Treoir seo cosc ar na Ballstáit ó fhoráil a dhéanamh maidir le heisceachtaí nó teorainneacha ar chearta nach bhfuil comhchuibhithe ag creat cóipchirt an Aontais.
Urramaítear sa Treoir seo na cearta bunúsacha agus comhlíontar na prionsabail a aithnítear go háirithe sa Chairt agus sa UNCRPD.
Ba chóir an Treoir seo a léirmhíniú agus a chur i bhfeidhm i gcomhréir leis na cearta agus prionsabail sin.
Forchuirtear le Conradh Marrakech oibleagáidí áirithe maidir le malartú cóipeanna i bhformáid inrochtana idir an tAontas agus tríú tíortha atá ina bpáirtithe sa Chonradh sin.
Tá na bearta a dhéanann an tAontas chun na hoibleagáidí sin a chomhlíonadh le fáil i Rialachán (AE) 2017/1563 ar cheart é a léamh in éineacht leis an Treoir seo.
Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir na Treorach seo eadhon feabhas a chur ar rochtain san Aontas ar shaothair agus ar ábhar eile atá cosanta ag cóipcheart agus ag cearta gaolmhara do dhaoine dalla, do dhaoine lagamhairc, nó do dhaoine atá faoi mhíchumas léitheoireachta cló ar bhealach eile, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr a fairsinge agus a héifeachtaí, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach.
scriostar pointe (e) agus pointe (f);
leasaítear mír 4 mar a leanas:
i bpointe (a), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú fleasc:
comhlíonann siad go hiomlán ceanglais an Chóid Sábháilteachta le haghaidh Árthaí faoi Thacaíocht Dhinimiciúil (Cód DSC) i Rún IMO A.373(10), sa leagan nuashonraithe de;”;
cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):
comhlíonfaidh tógail agus cothabháil árthaí paisinéirí ardluais agus a dtrealamh na rialacha maidir le haicmiú árthaí ardluais de chuid eagraíocht aitheanta, nó rialacha coibhéiseacha a úsáideann riarachán i gcomhréir le hAirteagal 11(2) de Threoir 2009/15/CE.”;
Maidir le longa nua agus longa atá ann cheana, comhlíonfaidh deisithe, athruithe agus modhnuithe móra agus na feistis a bhaineann leo na ceanglais do longa nua mar a leagtar amach i bpointe (a) de mhír 2; ní mheasfar gur modhnuithe móra iad athruithe ar long arb é an t-aon aidhm leo caighdeán an chumais teacht slán a ardú.
Comhlíonfaidh longa a tógadh le hábhar coibhéiseach roimh an 20 Nollaig 2017 ceanglais na Treorach leasaithí seo faoin 22 Nollaig 2025.
De mhaolú ar an Treoir seo, maidir le Ballstát a bhfuil níos mó ná 60 long paisinéirí aige a thógtar as cóimhiotal alúmanaim agus a bhfuil a bhratach ar foluain orthu an 20 Nollaig 2017, féadfaidh sé na nithe seo a leanas a dhíolmhú ó fhorálacha na Treorach leasaithí seo do na longa paisinéirí seo a leanas do na tréimhsí seo a leanas:
longa paisinéirí a thógtar le cóimhiotal alúmanaim tar éis an 20 Nollaig 2017 ar d'Aicme B, d'Aicme C nó d'Aicme D iad, go ceann tréimhse 10 mbliana tar éis an dáta sin; agus
ar choinníoll go n-oibrítear na longa sin go heisiach idir calafoirt an Bhallstáit sin iad.
Aon Bhallstát ar mian leis leas a bhaint as an maolú sin, tabharfaidh sé fógra don Choimisiún faoin 21 Nollaig 2019 faoin rún atá aige sin a dhéanamh agus cuirfidh sé an t-ábhar in iúl don Choimisiún.
Maidir le haon athrú eile a dhéanfar ina dhiaidh sin, cuirfidh siad in iúl don Choimisiún é freisin.
Cuirfidh an Coimisiún na Ballstáit eile ar an eolas i gcomhréir le hAirteagal 9(4).”;
Longa paisinéirí róró ar d'Aicme C iad agus a raibh a gcílí leagtha, nó a bhí i riocht comhchosúil déanmhais, an 1 Deireadh Fómhair 2004 nó ina dhiaidh, agus maidir le gach long paisinéirí róró ar d'Aicme A agus d'Aicme B iad, comhlíonfaidh siad Airteagal 6, Airteagal 8 agus Airteagal 9 de Threoir 2003/25/CE.”;
scriostar mír 2;
scriostar an dara fomhír de mhír 3;
Féadfaidh Ballstát, faoi réir an nós imeachta a leagtar síos i mír 4, bearta a ghlacadh lena gceadaítear coibhéisí do cheanglais shonracha ar leith den Treoir seo, ar choinníoll go bhfuil na coibhéisí sin ar a laghad chomh héifeachtach agus atá na ceanglais sin.”;
Ballstát a mbeidh leas á bhaint as na cearta a thugtar le mír 1, mír 2, nó mír 3, feidhmeoidh sé i gcomhréir leis an dara fomhír go dtí an seachtú fomhír den mhír seo.
Tabharfaidh an Ballstát fógra don Choimisiún maidir leis na bearta atá rún aige a ghlacadh, agus áireoidh, sé i bhfógra den sórt sin, dóthain sonraí chun a dheimhniú go gcothabháiltear an leibhéal sábhailteachta go leormhaith.
Má dhéanann an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh ina mbeidh a chinneadh, laistigh de thréimhse 6 mhí ón dáta a dtabharfar an fógra, nach bhfuil údar leis na bearta atá molta, beidh ar an mBallstát sin na bearta molta a leasú nó staonadh óna nglacadh.
Sonrófar na bearta arna nglacadh sa reachtaíocht náisiúnta ábhartha agus cuirfear in iúl don Choimisiún agus do na Ballstáit eile iad.
Cuirfear aon bheart den sórt sin i bhfeidhm maidir le gach long paisinéirí den aicme chéanna nó maidir le hárthaí a oibrítear faoi na dálaí sonraithe céanna, gan idirdhealú a dhéanamh i dtaca leis an mbratach atá acu ná le náisiúntacht ná áit bhunaíochta a n-oibreora.
Ní bheidh feidhm ag na bearta dá dtagraítear i mír 3 ach fad a oibrítear an long nó an t-árthach faoi na dálaí sonraithe.
Tabharfaidh Ballstáit fógra don Choimisiún i leith na mbeart dá dtagraítear sa dara fomhír agus sa cheathrú fomhír trí bhithín bunachar sonraí a bhunóidh agus a choinneoidh an Coimisiún chun na críche sin agus a mbeidh rochtain ag an gCoimisiún agus ag na Ballstáit air.
Cuirfidh an Coimisiún na bearta arna nglacadh ar fáil ar shuíomh gréasáin a mbeidh rochtain ag an bpobal air.”;
i mír 5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):
déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh ina mbeidh a chinneadh maidir le cé acu an bhfuil nó nach bhfuil údar le cinneadh an Bhallstáit oibríocht loinge nó árthaigh den sórt sin a chur ar fionraí nó na bearta breise a fhorchur, ar chúiseanna a bhaineann le baol tromchúiseach do shábháilteacht anama, do shábháilteacht maoine nó don chomhshaol, agus, mura bhfuil údar leis an bhfionraí nó le forchur na mbeart breise, ina mbeidh a chinneadh lena cheanglófar ar an mBallstát lena mbaineann an fionraí nó na bearta a tharraingt siar.
na tagairtí sonracha do na ‘coinbhinsiúin idirnáisiúnta’ agus do rúin IMO dá dtagraítear i bpointí (g), (m), (q) agus (zb) d'Airteagal 2, pointe (a) d'Airteagal 3(2), pointe (b) d'Airteagal 6(1) agus pointe (b) d'Airteagal 6(2).”;
i mír 2,
coigeartú a dhéanamh, i bhfianaise taithí, ar na sonraíochtaí teicniúla atá sna leasuithe a rinneadh ar na coinbhinsiúin idirnáisiúnta i gcás longa ar de chineál B, de chineál C nó de chineál D iad agus árthaí;”;
eilimintí teicniúla a shimpliú agus a shoiléiriú, i bhfianaise taithí a fuarthas óna gcur chun feidhme;
nuashonrú a dhéanamh ar na tagairtí d'ionstraimí eile de chuid an Aontais is infheidhme maidir le longa paisinéirí intíre.”;
cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3 agus mhír 4:
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10a chun na leasuithe ar an Treoir seo dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 den Airteagal seo a ghlacadh.
In imthosca eisceachtúla, i gcás ina dtugtar údar cuí leis trí anailís iomchuí arna déanamh ag an gCoimisiún agus d'fhonn bagairt thromchúiseach dho-ghlactha ar an tsábháilteacht mhuirí, an tsláinte, dálaí maireachtála agus oibre ar bord loinge, nó an mhuirthimpeallacht, nó chun neamh-chomhoiriúnacht le reachtaíocht mhuirí an Aontais a sheachaint, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10a, ar gníomhartha iad lena leasaítear an Treoir seo chun nach ndéanfar leasú ar na hionstraimí idirnáisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 2 a chur i bhfeidhm chun críche na Treorach seo.
Déanfar na gníomhartha tarmligthe sin a ghlacadh 3 mhí ar a laghad roimh dhul in éag don tréimhse a bhunaítear go hidirnáisiúnta do ghlacadh intuigthe an leasaithe lena mbaineann nó 3 mhí roimh an dáta ar a bhfuil sé beartaithe go dtiocfaidh an leasú sin i bhfeidhm.
Sa tréimhse roimh theacht i bhfeidhm an ghnímh tarmligthe sin, staonfaidh na Ballstáit ó aon tionscnamh a bhfuil sé mar aidhm leis an leasú a chomhtháthú sa reachtaíocht náisiúnta nó an leasú a chur i bhfeidhm maidir leis an ionstraim idirnáisiúnta lena mbaineann.”
Ó bunaíodh CV Europass den chéad uair in 2004, cruthaíodh os cionn 100 milliún CV Europass ar líne.
In dhá theimpléad forlíontacha le haghaidh cáilíochtaí, eadhon an Forlíonadh do Dioplóma Europass agus an Forlíonadh do Theastas Europass, cuirtear faisnéis ar fáil maidir leis an inneachar agus na torthaí foghlama a bhaineann le cáilíocht agus maidir leis an gcóras oideachais sa tír a eisíonn an cháilíocht.
Úsáidtear Pas Teanga Europass chun cur síos a dhéanamh ar scileanna teanga.
I dteimpléad Soghluaisteachta Europass déantar cur síos ar na scileanna a sealbhaíodh thar lear ar thaithí soghluaisteachta don fhoghlaim nó don obair.
Sa Mholadh ón gComhairle an 22 Bealtaine 2017, déantar foráil do chomhchreat tagartha chun cabhrú le daoine aonair agus le heagraíochtaí comparáid a dhéanamh idir na córais éagsúla cáilíochtaí agus idir leibhéil na gcáilíochtaí ó na córais sin.
Sa Mholadh ón gComhairle an 20 Nollaig 2012, tugadh cuireadh do Bhallstáit socruithe a chur ar bun, faoi 2018, i gcomhréir le himthosca náisiúnta agus le sainiúlachtaí náisiúnta, agus de réir mar a mheasann siad a bheith iomchuí, maidir le foghlaim sheachfhoirmiúil agus neamhfhoirmiúil a bhailíochtú, rud a chuireann ar chumas daoine aonair a gcuid eolais, a scileanna agus a n-inniúlachtaí a sealbhaíodh trí fhoghlaim sheachfhoirmiúil agus neamhfhoirmiúil a bhailíochtú agus a chuireann ar a gcumas cáilíocht iomlán, nó, páirtcháilíocht, i gcás inarb infheidhme, a bhaint amach.
Le Rún ón gComhairle an 28 Bealtaine 2004 maidir le beartais, córais agus cleachtais i réimse na treorach i rith an tsaoil a threisiú leagtar amach na príomhchuspóirí do threoirbheartas ar feadh an tsaoil do shaoránaigh uile an Aontais.
Le Rún ón gComhairle an 21 Samhain 2008, aibhsítear tábhacht na treorach don fhoghlaim ar feadh an tsaoil.
Sa tairseach do Dheiseanna Foghlama agus do Cháilíochtaí san Eoraip, tugtar rochtain ar fhaisnéis maidir le deiseanna foghlama agus cáilíochtaí arna dtairiscint i gcórais oideachais éagsúla san Eoraip agus maidir le comparáidí a dhéanamh idir na creata náisiúnta cáilíochtaí trí EQF a úsáid.
Le Lánléargas Scileanna AE, soláthraítear faisnéis maidir le scileanna do ghairmeacha éagsúla agus do thionscail shonracha, lena n-áirítear éileamh agus soláthar ar an leibhéal náisiúnta.
Is bealach cruthaithe í an anailís a dhéantar ar fholúntais poist agus ar threochtaí eile i margadh an tsaothair chun faisnéis scileanna a fhorbairt agus tuiscint a fháil ar shaincheisteanna maidir le bearnaí agus ganntanais i scileanna, chomh maith le heaspa comhoiriúna idir cáilíochtaí.
Tá sé mar aidhm ag an aicmiú ilteangach ar Scileanna, Inniúlachtaí, Cáilíochtaí agus Gairmeacha Eorpacha (ESCO), a ndearna an Coimisiún, i ndlúthchomhar leis na Ballstáit agus na geallsealbhóirí forbairt agus nuashonrú air ar bhonn leanúnach, trédhearcacht scileanna agus cáilíochtaí, chun críocha oideachais agus oiliúna, chomh maith le críocha atá bainteach leis an obair, a chur chun cinn.
D'fhéadfadh an Coimisiún ESCO a úsáid, laistigh de chreat Europass, tar éis dó tástáil iomchuí a chur i gcrích agus aird chuí a thabhairt ar sheasamh na mBallstát; úsáideann na Ballstáit ESCO ar bhonn deonach, tar éis dóibh tástáil agus meastóireacht a dhéanamh.
Is líonra comhair é an Líonra Eorpach Seirbhísí Fostaíochta (EURES), arna bhunú le Rialachán (AE) 2016/589 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle chun faisnéis a mhalartú agus idirbheartaíocht idir cuardaitheoirí poist agus fostóirí a éascú.
Cuireann sé cúnamh saor in aisce ar fáil do chuardaitheoirí poist ar mian leo bogadh chuig tír eile agus d'fhostóirí ar mian leo oibrithe a earcú ó thíortha eile.
D'fhéadfadh sineirgí agus comhar idir tairseach Europass agus tairseach EURES tionchar an dá sheirbhís a threisiú.
Déantar próisis mhargadh an tsaothair, amhail foilsiú na bhfolúntas poist, iarratais ar phoist, measúnú scileanna agus earcaíocht a bhainistiú níos mó de réir a chéile ar líne trí uirlisí a bhaineann úsáid as na meáin shóisialta, as mórshonraí agus as teicneolaíochtaí eile.
Déantar an próiseas chun iarrthóirí á roghnú a bhainistiú le huirlisí agus próisis a lorgaíonn faisnéis maidir le scileanna agus cáilíochtaí a shealbhaítear i suíomhanna foirmiúla, seachfhoirmiúla agus neamhfhoirmiúla.
Tarlaíonn an fhoghlaim fhoirmiúil, sheachfhoirmiúil agus neamhfhoirmiúil i bhfoirmeacha agus i suíomhanna nua faoi láthair agus déanann dreamanna éagsúla soláthróirí iad a thairiscint, go háirithe trí úsáid a bhaint as ardáin agus teicneolaíochtaí digiteacha, cianfhoghlaim, ríomhfhoghlaim, foghlaim idir piaraí, ollchúrsaí oscailte ar líne agus acmhainní oscailte oideachais.
Ina theannta sin, déantar scileanna, taithí agus gnóthachtálacha foghlama a aithint i bhfoirmeacha difriúla, mar shampla suaitheantais oscailte digiteacha.
Baintear úsáid as teicneolaíochtaí digiteacha freisin do scileanna a fhaightear trí fhoghlaim sheachfhoirmiúil amhail obair don óige agus obair dheonach.
Chun críocha an Chinnidh seo, tuigtear go bhfuil ciall leathan le scileanna, agus go gcumhdaítear iontu a bhfuil ar eolas ag duine, an méid a thuigeann duine agus an méid is féidir leis an duine a dhéanamh.
Tagraíonn scileanna do chineálacha éagsúla torthaí foghlama, lena n-áirítear eolas agus inniúlachtaí, chomh maith leis an gcumas an t-eolas a chur i bhfeidhm agus úsáid a bhaint as saineolas chun tascanna a chur i gcrích agus fadhbanna a réiteach.
Chomh maith leis an tábhacht aitheanta atá le scileanna gairmiúla, aithnítear go bhfuil scileanna idirdhisciplíneacha nó scileanna boga, amhail smaointeoireacht chriticiúil, obair foirne, réiteach fadhbanna agus cruthaitheacht, scileanna digiteacha nó teanga, ag éirí níos tábhachtaí agus gur réamhriachtanais thábhachtacha iad don lánsástacht phearsanta agus ghairmiúil agus gur féidir iad a chur i bhfeidhm i réimsí éagsúla.
D'fhéadfadh daoine aonair tairbhe a bhaint as uirlisí agus treoir maidir le measúnú agus cur síos a dhéanamh ar na scileanna sin agus scileanna eile.
Go traidisiúnta chuireadh daoine aonair an fhaisnéis maidir leis na scileanna agus na cáilíochtaí atá sealbhaithe acu i láthair i CV agus i ndoiciméid tacaíochta, amhail teastais nó dioplómaí.
Sa lá atá inniu ann, tá uirlisí nua ar fáil a d'fhéadfadh cur i láthair scileanna agus cáilíochtaí a éascú trí úsáid a bhaint as formáidí éagsúla digiteacha agus ar líne.
Is féidir leis na huirlisí nua sin tacú le féinmheasúnú a dhéanann daoine aonair ar scileanna a sealbhaíodh i suíomhanna éagsúla.
Ba cheart don Chreat Europass freagairt do na riachtanais atá ann anois agus a bheidh ann sa todhchaí.
Tá gá ag úsáideoirí le huirlisí chun a scileanna agus a gcáilíochtaí a dhoiciméadú.
Sa bhreis air sin, is féidir le huirlisí do mheasúnú scileanna agus féinmheasúnú scileanna, chomh maith le rochtain ar fhaisnéis ábhartha, lena n-áirítear faisnéis maidir le deiseanna bailíochtaithe agus treoir, a bheith tairbheach agus cinneadh á dhéanamh faoi dheiseanna fostaíochta agus foghlama.
Ba cheart go ndéanfaí uirlisí Aontais le haghaidh scileanna agus cáilíochtaí a oiriúnú do chleachtais athraitheacha agus do dhul chun cinn sa teicneolaíocht lena áirithiú go bhfanfaidh siad ábhartha agus tairbhiúil d'úsáideoirí.
Ba cheart é seo a bhaint amach trí, i measc nithe eile, ghnéithe nuálacha a chruthú, amhail uirlisí, eagarthóireacht agus dearadh doiciméad idirghníomhach, trí fhéachaint lena áirithiú go mbeidh na huirlisí níos cuimsithí, níos éifeachtaí agus níos éifeachtúla agus trí shimpliú, chomh maith le hinoibritheacht theicniúla mhéadaithe agus sineirgí a bheith ann idir uirlisí gaolmhara, lena n-áirítear iad siúd arna bhforbairt ag tríú tíortha, agus na riachtanais ar leith atá ag daoine faoi mhíchumas á gcur san áireamh.
Sa bhreis air sin, d'fhéadfaí bearta fíordheimhnithe a úsáid chun tacú le fíorú na ndoiciméad digiteach maidir le scileanna agus cáilíochtaí.
Ba cheart, dá bhrí sin, creat nua a chur in ionad chreat Europass arna bhunú le Cinneadh Uimh. 2241/2004/CE chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais athraitheacha.
Ba cheart do chreat Europass nua riachtanais agus ionchais gach úsáideora deiridh aonair a chomhlíonadh, amhail foghlaimeoirí, cuardaitheoirí poist, lena n-áirítear daoine dífhostaithe agus oibrithe, chomh maith le geallsealbhóirí ábhartha eile, amhail fostóirí (go háirithe fiontair bheaga agus mheánmhéide), comhlachais tráchtála, eagraíochtaí na sochaí sibhialta, oibrithe deonacha, cleachtóirí treorach, seirbhísí poiblí fostaíochta, na comhpháirtithe sóisialta, soláthróirí oideachais agus oiliúna, eagraíochtaí óige, soláthróirí oibre don óige, údaráis náisiúnta freagracha agus lucht ceaptha beartas.
Ba cheart na riachtanais atá ag náisiúnaithe tríú tír atá ag teacht isteach nó atá ina gcónaí san Aontas a chur san áireamh freisin chun tacú leo imeascadh.
Ba cheart go bhfabhródh creat Europass chun go bhféadfar cur síos a dhéanamh ar chineálacha éagsúla foghlama agus scileanna agus, go háirithe, iad sin a shealbhaítear trí fhoghlaim sheachfhoirmiúil agus neamhfhoirmiúil.
Ba cheart go ndéanfaí creat Europass a fhorbairt trí chur chuige dírithe ar an úsáideoir atá bunaithe ar aiseolas, agus trí bhailiú riachtanas, lena n-áirítear trí shuirbhéanna agus tástáil, agus aird á tabhairt ar na riachtanais ar leith atá ag spriocghrúpaí Europass agus a bheidh acu sa todhchaí.
Ba cheart go dtabharfadh tréithe Europass léiriú go háirithe ar thiomantas na mBallstát agus an Aontais chun a áirithiú go bhfuil rochtain chomhionann ag daoine faoi mhíchumas ar an margadh saothair agus ar theicneolaíochtaí agus córais faisnéise agus cumarsáide.
Ba cheart go mbeadh uirlisí Europass insonraithe, inoibrithe, intuigthe agus stóinseach, agus ar an gcaoi sin a bheith níos inrochtana d'úsáideoirí, go háirithe do dhaoine faoi mhíchumas.
Ba cheart nuashonruithe agus athruithe ar chreat Europass a dhéanamh i gcomhar leis na geallsealbhóirí ábhartha, amhail seirbhísí fostaíochta, cleachtóirí treorach, soláthróirí oideachais agus oiliúna, na comhpháirtithe sóisialta amhail ceardchumainn agus comhlachais fostóirí, agus lánurraim á tabhairt do chomhar polaitiúil leantach, amhail Próiseas Bologna i Limistéar Eorpach an Ardoideachais.
Tá comhar cuiditheach idir an Coimisiún, na Ballstáit agus na geallsealbhóirí ríthábhachtach d'fhorbairt agus do chur chun feidhme rathúil chreat Europass.
Ba cheart feidhm a bheith ag reachtaíocht ábhartha an Aontais maidir le cosaint sonraí pearsanta agus bearta cur chun feidhme náisiúnta maidir le próiseáil sonraí pearsanta a stóráiltear agus a phróiseáiltear de bhun an Chinnidh seo.
Ba cheart go mbeadh féidearthacht ag úsáideoirí an rochtain ar a sonraí pearsanta a shrianadh.
Ba cheart don rannpháirtíocht sa chreat bheith oscailte do thíortha neamh-AE an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch, do thíortha aontacha, do thíortha is iarrthóirí agus do thíortha is iarrthóirí ionchasacha ar aontachas leis an Aontas, i bhfianaise na spéise fadbhunaithe atá acu san Aontas agus i bhfianaise a gcomhoibrithe fadbhunaithe leis an Aontas sa réimse seo.
Ba cheart go mbeadh an rannpháirtíocht i gcomhréir leiforálacha ábhartha sna hionstraimí lena rialaítear an caidreamh idir an tAontas agus na tíortha sin.
Ba cheart go dtiocfadh an fhaisnéis faoi scileanna agus cáilíochtaí a chuirtear ar fáil trí chreat Europass ó réimse níos leithne tíortha agus córas oideachais ná díreach na tíortha rannpháirteacha agus ba cheart go mbeadh sí ina léiriú ar an imirce ó agus chuig áiteanna eile ar fud an domhain.
Ba cheart don Choimisiún cur chun feidhme agus faireachán comhleanúnach ar an gCinneadh seo a áirithiú trí ghrúpa comhairleach Europass atá comhdhéanta d'ionadaithe na mBallstát agus na ngeallsealbhóirí ábhartha.
Ba cheart don ghrúpa comhairleach, go háirithe, cur chuige straitéiseach maidir le cur chun feidhme agus forbairt ar Europass amach anseo a fhorbairt, agus comhairle a thabhairt maidir le forbairt uirlisí gréasáin, lena n-áirítear trí thástáil, agus maidir le faisnéis a chuirtear ar fáil trí ardán ar líne Europass, i gcomhar le grúpaí eile, i gcás inarb iomchuí.
Cuirtear cómhaoiniú do chur chun feidhme an Chinnidh seo ar fáil, inter alia, trí Chlár an Aontais Erasmus+, arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
Tá an coiste, arna chruthú faoin Rialachán sin, páirteach sa phlé straitéiseach ar dhul chun cinn chur chun feidhme Europass agus ar fhorbairtí sa todhchaí.
Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Chinnidh seo, eadhon creat cuimsitheach agus idir-inoibritheach uirlisí agus faisnéise a bhunú, go háirithe chun críocha fostaíochta trasnáisiúnta agus soghluaisteachta foghlama, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr éifeachtaí na gníomhaíochta, gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach.
Mar phrionsabal ginearálta, ba cheart na hoibleagáidí agus na hualaí riaracháin agus airgeadais ar na Ballstáit a chothromú i ndáil le costais agus sochair.
Na gníomhaíochtaí a chuirtear i gcrích i gcomhthéacs an Chinnidh seo, ba cheart go dtacófaí leo le saineolas na ngníomhaireachtaí Aontais, go háirithe an Lárionad Eorpach um Fhorbairt na Gairmoiliúna, laistigh dá réimsí inniúlachta.
Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh Uimh. 2241/2004/CE a aisghairm gan dochar do bhailíocht ná do stádas na ndoiciméad Europass a eisíodh roimhe seo.
Ba cheart go gcoinneofaí gach teimpléad doiciméid Europass seanbhunaithe laistigh den chreat nua go dtí an tráth a ndéantar na hathruithe nó na nuashonruithe is gá i gcomhréir leis an gCinneadh seo.
Chun aistriú réidh a áirithiú chuig ardán ar líne Europass, ba cheart go leanfaí d'oibriú an chórais faisnéise idirlíon-bhunaithe arna bhunú le Cinneadh Uimh. 2241/2004/CE go dtí go gcuirfear ardán ar líne Europass ar bun agus go mbeidh sé oibríochtúil,
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH: