Dataset Viewer
Auto-converted to Parquet Duplicate
text
stringlengths
150
2k
label
stringclasses
6 values
Rinneadh an scannán The Hurt Locker sa bhliain 2008. Is iad Jeremy Renner, Anthony Mackie agus Brian Geraghty na réaltaí atá sa scannán. Ba í Kathryn Bigelow an stiúrthóir den scannán. Scríobh Mark Boal an script scannáin. Scaoileadh é ar an séú lá is fiche de mhí Meitheamh. Bhuaigh The Hurt Locker sé Oscar. Ghinn sé $...
Scannáin Mheiriceánacha
Planda crua leathuisciúil ilbhliantúil, Eorpach is Áiseach, a fhásann in uisce nó gar dó is ea biolar uisce (Nasturtium officinale). An gas folamh dreaptha fréamhach, na bláthanna beag bán crosfhoirmeach. Á shaothrú ón 19ú céad. Tá sé lán de vitimín C, agus baintear feidhm as a dhuilleoga géara mar tharsann is i sailéi...
Plandaí
Fine d’éin an tseandomhain is ea na Coraciidae, ar a dtugtar rollóirí mar gheall ar an cleasghleacaíocht aeróige a fheidhmíonn cuid acu, le linn deasghnátha suirí agus chosaint críche an éin.
Éin
Is éard atá om Coffee & Cigarettes (1986) ná gearrscannán a scríobhadh agus a stiúradh Jim Jarmusch sa bhliain 1986. Scaoileadh an gearrscannán seo i 1986 ar an gcláir teilifíse Saturday Night Live. Seo é an gearrscéal bunúsach Coffee & Cigarettes dar teideal Aisteach Tú a Fheiceáil. Baineann an gearrscéal le beirt fhe...
Scannáin Mheiriceánacha
Is scannán é Mortal Engines atá bunaithe ar an leabhar le Philip Reeve a bhfuil an t-ainm céanna air. B'é Christian Rivers stiúrthóir an scannáin, agus Hera Hilmar.
Scannáin Mheiriceánacha
Tá níos mó ná áit amháin in Éirinn a bhfuil an t-ainm Barr na Coilleadh air: Barr na Coilleadh, Contae Mhaigh Eo (Ceara): baile fearainn i gContae Mhaigh Eo Barr na Coilleadh, Contae Mhaigh Eo (Iorras): baile fearainn i gContae Mhaigh Eo
Tíreolaíocht na hÉireann
Scannán eachtraíochta Meiriceánach nár scaoileadh fós is ea Dora and the Lost City of Gold. James Bobin a stiúir. Cur in oiriúint don scáileán mór é den tsraith theilifíse úd de chuid Nickelodeon, Dora the Explorer. Tá Isabela Moner sa phríomhról mar Dora, agus tá Eugenio Derbez, Michael Peña, Eva Longoria, Benico Del ...
Scannáin Mheiriceánacha
Grúpa ilchineálach mór plandaí, cosúil le halgaí agus foirmeacha ó chealla aonaracha go dtí coirp mhóra idirdhealaithe. Tagann an dath scothdhearg ón meascán de líocha fótaisintéiseacha, clóraifill a, ficibileaphróitéiní is cairitéineóidigh taobh istigh de na cealla. Tarlaíonn atáirgeadh trí chruthú orgáin ar leith atá...
Plandaí
Polaiteoir Éireannach ab ea Mark Killilea, Óg (5 Meán Fómhair 1939 – 31 Nollaig 2018). Rugadh é i dTuaim i gContae na Gaillimhe. Feirmeoir agus ceantálaí a bhí ann chomh maith. Bhí sé ina bhall d'Fhianna Fáil. D'éirigh sé as an bpolaitíocht sa bhliain 1999.
Polaiteoirí na hÉireann
Is planda bláthanna é barr an mhilltigh mara (Triglochin maritima). Fásann sé timpeall an domhain sna bólaí ó thuaidh. Faightear é in eanaigh agus riascanna agus ar chladaigh, áiteanna ina mbíonn an talamh fliuch. Is planda nimhiúil é mar gheall ar an gciainíd atá taobh istigh ann. Cailltear eallach uaireanta dá bharr ...
Plandaí
Is éan é an crosán (Alca torda), agus is é an t-aon speiceas amháin sa ghéineas úd Alca. Ceann de speicis na fine úd Alcidae atá ann. Glactar leis gurb é an cineál éan is cóngaraí ó thaobh na géinitice de don fhalcóg mhór, speiceas a chuaigh in éag sa naoú haois déag agus nach raibh ábalta eitilt a dhéanamh. Murab iona...
Éin
Is é Kill Bill an 4ú scannán eisithe ag an stiúrthóir Meiriceánach Quentin Tarantino. Bhí sé in ainm a bheithe mar scannán epice amháin ach bhí sé scartha ina dhá scannán toisc gur mhair sé ceithre uair san iomlán. Bhí Vol.1 eisithe i mí Deireadh Fómhair 2003 agus bhí Vol.2 eisithe i mí Aibreáin 2004. Is scannán díolta...
Scannáin Mheiriceánacha
Tá níos mó ná áit amháin in Éirinn a bhfuil an t-ainm An Chluain air: An Chluain, Contae Chiarraí (toghroinn): toghroinn i gContae Chiarraí An Chluain, Contae Chiarraí (Uíbh Ráthach): baile fearainn i gContae Chiarraí An Chluain, Contae Chorcaí (Béarra): baile fearainn i gContae Chorcaí An Chluain, Contae Chorcaí (Main...
Tíreolaíocht na hÉireann
Tom trópaiceach Meiriceánach a shaothraítear sa Seandomhan is an Domhan Úr mar fhoinse na ruaime goirme plúirín. Tugtar planda an phlúirín air freisin.
Plandaí
Scannán is ea Star Wars Episode V: The Empire Strikes Back (1980). Is é Irvin Kershner stiúrthóir agus George Lucas scríbhneoir na scannán. Is é an dara cheann de naoi scannáin Star Wars.
Scannáin Mheiriceánacha
Bean rialta agus staraí de chuid na nGall-Ghael ba ea Mary Bonaventure Browne (c.1611 – c.1670). Ceannaí saibhir i gcathair na Gaillimhe ba ea a hathair agus bheadh sirriamacht an chontae aige ach Mionn an Ardcheannais a ghlacadh. Chuaigh Mary isteach i Siúracha Bochta Naomh Clára i gclochar Bheithil in aice le Baile Á...
Scríbhneoirí Éireannacha
Planda bliantúil nó ilbhliantúil a fhaightear i ngach uile réigiún ar Domhan, beagnach, ach an-chuid díobh i Meiriceá Thuaidh. Na duilleoga ubhchruthach i bpéirí urchomhaireacha. Na bláthanna buí de ghnáth le smáil dearga, déliopach, an liopa uachtarach le dhá mhaothán, an liopa íochtarach le 3 mhaothán, is dhá phlapa ...
Plandaí
Is scannán oll-laochra Meiriceánach ón mbliain 2025 é Thunderbolts*The New Avengers. Tá sé bunaithe ar an gcarachtar de chuid Marvel Comics den ainm chéanna, agus seicheamh ar Avengers: Endgame. Ba é Jake Schreier an stiúrthóir, agus ba Eric Pearson agus Joanna Calo na scríbhneoirí. Tháinig Avengers: Doomsday agus Aven...
Scannáin Mheiriceánacha
Tá níos mó ná áit amháin in Éirinn a bhfuil an t-ainm Cill Ghobnait air: Cill Ghobnait, Contae Chiarraí: ionad daonra, baile fearainn, agus toghroinn i gContae Chiarraí Cill Ghobnait, Contae Chiarraí (Corca Dhuibhne): láthair eaglasta i gContae Chiarraí Cill Ghobnait, Contae Chorcaí (Dúiche Ealla): baile fearainn i gCo...
Tíreolaíocht na hÉireann
Is éan mórchosach í an chearc mhailí (Leipoa ocellata) atá dúchasach don Astráil. Donn le spotaí bána ar na sciatháin. Áitríonn sí scrobarnach thirim, scrobarnach mhailí go háirithe. Itheann sí síolta, bláthanna, feithidí is laghairteanna. Ní gá di ól.
Éin
Géineas raithní is ea Aglaomorpha i bhfofhine Drynarioideae d'fhine Polypodiaceae. Úsáideann an Pteridophyte Phylogeny Group an t-ainm seo ina aicmiú 2016 (PPG I), ach úsáideann foinsí eile Drynaria. De réir PPG I, tá thart ar 50 speiceas sa ghéineas. Tá na plandaí sa ghéineas seo dúchasach don Afraic thrópaiceach, don...
Plandaí
Scannán tostach Meiriceánach is ea Intolerance a rinneadh sa bhliain 1916. D. W. Griffith a léirigh agus a stiúir. Eisíodh an scannán sna Stáit Aontaithe ar 6 Meán Fómhair 1916.
Scannáin Mheiriceánacha
An-chuid plandaí den chlann cyperaceae. Dhá cheann atá an-tábhachtach forleathan. Tá an chéad cheann, Carex, ar fud an Domhain ach an-choitianta i ngnáthóga fo-artacha, ailpíneacha is mongacha. Is cuid shainiúil den fhásra in áiteanna mar sin é. Ilbhliantúil riosómach le dosanna duilleog, cosúil le féar. An gas triantá...
Plandaí
Is scannán fantaisíochta-ghrinn Meiriceánach 2003 é The Cat in the Hat (Gaeilge: An Cat leis an Hata) faoi stiúir Bo Welch agus bunaithe ar an leabhar 1957 le Dr. Seuss The Cat in the Hat. Tá an phríomhpháirt ag Mike Myers sa scannán i ról an chait leis an hata, agus Dakota Fanning mar Sally. An deartháir Sally (atá ga...
Scannáin Mheiriceánacha
Tá níos mó ná áit amháin in Éirinn a bhfuil an t-ainm Baile an Chaisleáin air: Baile an Chaisleáin, Contae an Chláir: baile fearainn i gContae an Chláir Baile an Chaisleáin, Contae Cheatharlach: baile fearainn i gContae Cheatharlach Baile an Chaisleáin, Contae Chiarraí (Clann Mhuiris): baile fearainn i gContae Chiarraí...
Tíreolaíocht na hÉireann
Is planda bliantúil é an Papaver rhoeas, le hainmneacha coitianta lena n-áirítear an chailleach dhearg agus an cocán dearg, a fhásann 60 cm díreach ar airde, agus a tháirgeann laitéis bhán. Dúchasach don Eoraip is an Áise, agus tugtha isteach i dtíortha eile. Na duilleoga roinnte colgach; na bláthanna cruinn le 4 pheit...
Plandaí
Tá níos mó ná áit amháin in Éirinn a bhfuil an t-ainm Carraig na gCat air: Carraig na gCat, Contae Chorcaí: baile fearainn i gContae Chorcaí Carraig na gCat, Contae Shligigh (Luíne): baile fearainn i gContae Shligigh Carraig na gCat, Contae Shligigh (Tír Oirill): baile fearainn i gContae Shligigh
Tíreolaíocht na hÉireann
Is iarpholaiteoir Éireannach agus iarbhall den Chomhaontas Glas í Saoirse McHugh (a rugadh i 1990). B'ise iarrthóir an Chomhaontais Ghlais don pharlaimintcheantar Lár Tíre agus an Iarthuaiscirt i dtoghcháin Pharlaimint na hEorpa 2019.
Polaiteoirí na hÉireann
Is éan uisce atá dúchasach do na réigiúin mheasartha nó locha arda trópaiceacha ar fud an Domhain é an foitheach (nó an spágaire). Is ball d'fhine na Podicipedidae é. Snámhann sé faoin uisce le cabhair a chos. Méara na gcos maothánach is rud beag scamallach. Áitríonn sé uiscí úra is farraigí tanaí cois cladaigh. Cuid d...
Éin
Luibh bhliantúil nó ilbhliantúil atá dúchasach do réigiúin thrópaiceacha is mheasartha is ea amarantas. Na bláthanna beag de ghnáth, ag déanamh bláthraí tiubha, na teascáin iombhlátha i bhfáinní de 3 nó 5 cinn, go minic gealdaite. Táirgeann cuid de na speicis Áiseacha grán inite a úsáidtear in ionad gránbhairr.
Plandaí
Scríbhneoir gearrscéalta ba ea Síle Ní Chéileachair (1924 – 1985). Rugadh í ar 25 Iúil 1924 i gCúil Aodha. Chaith sí tamall i gColáiste Bhríde (coláiste ullmhúcháin) san Fhál Charrach agus cháiligh mar mhúinteoir i gColáiste Mhuire gan Smál i Luimneach. Bhí sí ag múineadh i gCrois Araild ar dtús agus ansin i gCromghlin...
Scríbhneoirí Éireannacha
Scríobhaí Éireannach ba ea Murchadh Riabhach Ó Cuindlis (fl. 1398 – 1418). Níl bliain a bhreithe ná bliain a bháis ar eolas againn. Is léir áfach go raibh sé ag obair mar scríobhaí idir na blianta 1398 agus 1418. Meastar gur i mBaile Locha Deacair gar d'Áth Liag i ndeisceart Chontae na Gaillimhe a saolaíodh é: is ann a...
Scríbhneoirí Éireannacha
Scannán 2014 ficsean eolaíochta faoi stiúir Christopher Nolan is ea Interstellar. Ghlac Matthew McConaughey, Anne Hathaway, Jessica Chastain, Ellen Burstyn, Mackenzie Foy, John Lithgow, Michael Caine agus Matt Damon páirt sa scannán. Léiríonn an scannán grúpa spásairí a théann trí pholl péiste ar lorg baile nua don chi...
Scannáin Mheiriceánacha
Éireannach ab ea George Nicolls (c. [1884] - 11 Bealtaine 1942). D'úsáid sé leagan Gaelach dá ainm freisin, Seoirse Mac Niocaill. Bhí sé ina bhall de Shinn Féin ar dtús agus ansin Cumann na nGaedheal.
Polaiteoirí na hÉireann
Scríbhneoir a rugadh i mBaile Átha Cliath in Éirinn ab ea James Augustine Aloysius Joyce (gaelaítear a ainm mar Séamus Seoige scaití). (2 Feabhra 1882 – 13 Eanáir 1941). Ba i mBéarla a scríobh sé a chuid saothair, ach feictear ina mhórshaothair ar nós Ulysses (1922) agus Finnegans Wake (1939) go raibh an-eolas aige ar ...
Scríbhneoirí Éireannacha
Bhí Fionntán Mac Aodha Bhuí (1924-2012) ina ailtire, pleanálaí agus gníomhaire teanga. Bhí ochtar cloinne aige. Orthu siúd tá Rónán Mac Aodha Bhuí, craoltóir.
Scríbhneoirí Éireannacha
Polaiteoir Éireannach ab ea Billy Kenneally (12 Deireadh Fómhair 1925 − 26 Lúnasa 2009). Bhí sé ina bhall d'Fhianna Fáil. Bhí a nia, Bill Kenneally, ina chiontóir gnéis.
Polaiteoirí na hÉireann
Scannán is ea Fear and Loathing in Las Vegas atá bunaithe ar an úrscéal le Hunter S. Thompson ón bhliain 1971. B'é Terry Gilliam stiúrthóir an scannáin.
Scannáin Mheiriceánacha
Planda seadánach bliantúil, laghdaithe go dtí gas scothdhearg cosúil le snáithe, ag iompar crobhaingí bláthanna bídeacha bána nó bándearga, is ea clamhán. Dúchasach do réigiúin thrópaiceacha is mheasartha. Táirgeann an síol ginidithe fréamh ghearrshaolach is gas féithleannach a chuardaíonn óstach. Nuair a dhéanann sé t...
Plandaí
Éan a áitríonn uiscí úra is cóstaí i Meiriceá, an Afraic, an India is oirdheisceart na hÁise is ea an chánóg sciorrach. Gaolmhar leis an ngreabhóg. An gob íochtarach níos faide caoile ná an gob uachtarach. Gabhann sí éisc trí eitilt go híseal agus an ghob íochtarach ag gearradh dromchla an uisce. Tugtar an ghob siosúir...
Éin
Eaglaiseach Éireannach agus réalteolaí ba ea Naomh Feargal (c. 700 – 27 Samhain 784 in Salzburg) nó Virgil nó Vigilius. Ba é ab Achadh Bhó, easpag Osraí agus easpag Salzburg é. Ba mhór an cháil a bhí air de thairbhe a léinn agus a naofachta de.. Tugadh “Aspal na Cairintia” air agus “an geoiméadraí” (.i. an tíreolaí).
Scríbhneoirí Éireannacha
Snáithín a fhaightear ó ghas duilleoige i ngné Fhilipíneach banana is ea abacá. Tugtar cnáib Mhainile nó Musa textilis air freisin. Is planda den fhine Musaceae é, is é sin, fine na mbananaí. Láidir snámhach. In úsáid chun cáblaí is cairpéid a dhéanamh. Saothraítear an t-abacá ar bhonn tráchtála sna hOileáin Fhilipínea...
Plandaí
Polaiteoir Éireannach ab ea Frank MacDermot (25 Samhain 1886 – 24 Meitheamh 1975). Bhí sé ina bhall den Lár-Pháirtí Náisiúnta ar dtús agus ansin d'Fhine Gael.
Polaiteoirí na hÉireann
Is cruidíní crainn talún iad na cúcabarraí ar baill den fhine Alcedinidae agus den ghéineas Dacelo iad. Tá an cruidín seo de bhunadh na hAstráile agus na Nua-Ghuine agus bíonn siad idir 28 agus 47 cm (11 agus 19 orlach) i bhfad le meáchan thart faoi 300 g (11 unsa). Is focal iasachta é ainm an éin seo ón Wiradjuri guug...
Éin
Éan Afracach fíodóra a áitríonn talamh féaraigh, coillearnach is riasc. Itheann sé síolta. Is lotnaid shuntasach talmhaíochta an cuília gobdearg, a chiapann barra gráin.
Éin
Is éan í an lasair choille, ball d'fhine na Fringillidae. Is iad an Eoraip, an Afraic agus iar-Áise na ceantracha dúchasacha di. Tugadh isteach fosta i gceantair eile iad, mar shampla isteach san Astráil, an Nua-Shéalainn, agus Uragua. Tá aghaidh rua agus ceann bán agus dubh ag an lasair choille. Tá dath donnbhuí nó do...
Éin
Speiceas pailme a fhaightear sna Séiséil san Aigéan Indiach is ea an cnó cócó dúbailte (Lodoicea maldivica; Béarla: coco-de-mer). An toradh i measc na dtorthaí is mó, suas le 20 kg, agus togann sé 10 mbliain air aibiú. Buacach, ionas go gcartar go minic ar chóstaí an aigéin sin é: mar sin, bhí eolas air roimh fhionnadh...
Plandaí
Tá níos mó ná áit amháin in Éirinn a bhfuil an t-ainm Cluain Gamhna air: Cluain Gamhna, Contae Luimnigh: baile fearainn i gContae Luimnigh Cluain Gamhna, Contae na Gaillimhe: baile fearainn i gContae na Gaillimhe Cluain Gamhna, Contae na hIarmhí: baile fearainn i gContae na hIarmhí Cluain Gamhna, Contae Thiobraid Árann...
Tíreolaíocht na hÉireann
Tá níos mó ná áit amháin in Éirinn a bhfuil an t-ainm Cill Chainnigh air: Contae Chill Chainnigh: contae Cill Chainnigh: cathair Cill Chainnigh, Barúntacht Cill Chainnigh, Contae Dhún na nGall: baile fearainn i gContae Dhún na nGall Cill Chainnigh, Contae Mhaigh Eo: baile fearainn i gContae Mhaigh Eo Cill Chainnigh, Co...
Tíreolaíocht na hÉireann
Éan creiche atá oiriúnaithe chun splíonach a ithe is ea an bultúr nó badhbh. Gan cleití fada ar a ceann is gan aon bholadh uaithi. Tá badhbh an tSeandomhain in éabhlóid le 20 milliún bliain. Bhíodh sí ar fud an Domhain, ach anois níl sa Domhan Úr. Badhbh an Domhain Nua a bhíodh ar fud an Domhain tráth, níl sé ach i Mei...
Éin
Scannán dúghrinn ficsin eolaíochta Meiriceánach is ea Repo Man a tháinig amach sa bhliain 1984. Scríobh agus stiúraigh Alex Cox é, a chéad scannán mar stiúrthóir. Ba le Harry Dean Stanton agus Emilio Estevez na príomhpháirteanna, le Tracey Walter, Olivia Barash, Sy Richardson, Vonetta McGee, Fox Harris, agus Dick Rude ...
Scannáin Mheiriceánacha
Tá níos mó ná áit amháin in Éirinn a bhfuil an t-ainm Coill an Easpaig air: Coill an Easpaig (Baile Átha Cliath): baile fearainn i gContae Bhaile Átha Cliath Coill an Easpaig (Cill Chainnigh): baile fearainn i gContae Chill Chainnigh Coill an Easpaig (Laois): coill i gContae Laoise Coill an Easpaig (Port Láirge): baile...
Tíreolaíocht na hÉireann
Tá níos mó ná áit amháin in Éirinn a bhfuil an t-ainm An Ghráinseach Thiar air: An Ghráinseach Thiar, Contae Chill Dara: baile fearainn i gContae Chill Dara An Ghráinseach Thiar, Contae Chorcaí (Mainistir Fhear Maí): baile fearainn i gContae Chorcaí An Ghráinseach Thiar, Contae Chorcaí (Cill na Mallach): baile fearainn...
Tíreolaíocht na hÉireann
Oide, file, scríbhneoir, náisiúnaí agus gníomhaire polaitiúil Éireannach ab ea Pádraig Anraí Mac Piarais, An Piarsach, (as Béarla, Patrick Henry Pearse; (10 Samhain 1879 – 3 Bealtaine 1916), agus é ar dhuine de cheannairí Éirí Amach na Cásca sa bhliain 1916. An teideal a bronnadh air ná Uachtarán an Rialtais Shealadaig...
Polaiteoirí na hÉireann
Planda ilbhliantúil síorghlas a fhásann timpeall 1 m ar airde is ea an t-éan parthais (Strelitzia reginae). Déanann sé tortán duilleog leathfhada fadghasach, agus tá sé dúchasach don Afraic Theas. Saothraítear in áiteanna eile é ar son a bhláthanna iontacha. I ngach bláth bíonn bláthra iomlán, cuid mhaith bláthanna iat...
Plandaí
Tá níos mó ná áit amháin in Éirinn a bhfuil an t-ainm Cill Éinne air: Cill Éinne, Contae an Chláir: baile fearainn agus paróiste dlí i gContae an Chláir Cill Éinne, Contae Laoise: baile fearainn i gContae Laoise Cill Éinne, Contae na Gaillimhe (Árainn): baile fearainn i gContae na Gaillimhe Cill Éinne, Contae na Gailli...
Tíreolaíocht na hÉireann
Is scannán grinn rómánsach Meiriceánach na bliana 2019 é Isn't It Romantic, atá stiúrtha ag Todd Strauss-Schulson agus scríofa ag Erin Cardillo, Dana Fox, agus Katie Silberman. Tá príomhpháirteanna sa scannán ag Rebel Wilson, Liam Hemsworth, Adam DeVine, agus Priyanka Chopra, agus tá an scannán faoi bhean a dhúisíonn t...
Scannáin Mheiriceánacha
Is planda é an cnó léana (Comarum palustre). Tom atá ann a fhásann sna bólaí i dtuaisceart an domhain uilig in aice le réisc, locha agus áiteanna fliucha eile. Go deimhin, fásann sé san uisce uaireanta.
Plandaí
Tá níos mó ná áit amháin in Éirinn a bhfuil an t-ainm Baile na Manach air: Baile na Manach, Contae an Longfoirt: baile fearainn i gContae an Longfoirt Baile na Manach, Contae Aontroma: baile fearainn agus ionad daonra i gContae Aontroma Baile na Manach, Contae Bhaile Átha Cliath: paróiste dlí, ionad daonra, agus baile ...
Tíreolaíocht na hÉireann
Is scannán oll-laochra Meiriceánach ón mbliain 2021 é Spider-Man: No Way Home. Tá sé bunaithe ar an gcarachtar de chuid Marvel Comics den ainm chéanna, Tháinig Spider-Man: Homecoming agus Spider-Man: Far From Home amach roimh ré. Ba é Jon Watts an stiúrthóir, agus ba Chris McKenna agus Erik Sommers na scríbhneoirí. Thá...
Scannáin Mheiriceánacha
Tom duillsilteach nó crann beag leata a fhásann 4 m ar airde is ea an chaor chon, nó an rós Ollannach (Viburnum opulus). Tá sé dúchasach don Eoraip is iarthar na hÁise. 3-5 mhaothán neamhrialta fiaclach ar na duilleoga. Na bláthanna cúigpheitealach bán, i mbraisle 4-10 cm ar leithead, na bláthanna seachtracha seasc, i ...
Plandaí
Scríbhneoir, scéalaí agus gníomhaí ón Lucht Siúil é Oein DeBharduin. Is é a scríobh An Drúchtín agus an Seilide (The Slug and the Snail an bunleagan Béarla), ar leabhar do pháistí é. Síolraíonn an scéal ó thraidisiún béil an Lucht Siúil. Is fáthscéal séimh é seo faoi éagsúlacht, faoi ghlacadh leat féin agus léargais éa...
Scríbhneoirí Éireannacha
Is éard is bláth ann ná an struchtúr atáirgthe a fhaightear i bplandaí bláthanna (plandaí sa roinn Magnoliophyta, ar a dtugtar freisin na hangaispeirmeacha). Tugtar an bláthra ar ghrúpáil na mbláthanna ar an bplanda.
Plandaí
Tá níos mó ná áit amháin in Éirinn a bhfuil an t-ainm Bun na hAbhna air: Bun na hAbhna (Buiríos Umhaill): baile fearainn i gContae Mhaigh Eo Bun na hAbhna (Iorras): baile fearainn i gContae Mhaigh Eo
Tíreolaíocht na hÉireann
Baill de ghné mhór plandaí bliantúla is ilbhliantúla, agus tom atá dúchasach do Mheiriceá Láir is Theas is ea cailceoláiria. Na duilleoga roctha i bpéirí urchomhaireacha; na bláthanna sainiúla démhaothánach, an maothán thíos séidte is cosúil le púitse. Fástar cineálacha mar mhaisiúchán, hibridí le bláthanna breactha bu...
Plandaí
Polaiteoir Éireannach ab ea Seán Daniel Treacy (22 Meán Fómhair 1923 – 23 Márta 2018). Bhí sé ina bhall de Pháirtí an Lucht Oibre. Chaith sé am ina Cheann Comhairle.
Polaiteoirí na hÉireann
Tá níos mó ná áit amháin in Éirinn a bhfuil an t-ainm An Aird Mhór air: An Aird Mhór, Contae Aontroma: baile fearainn agus rinn i gContae Aontroma An Aird Mhór, Contae Ard Mhacha: baile fearainn agus rinn i gContae Ard Mhacha An Aird Mhór, Contae Mhaigh Eo: baile fearainn i gContae Mhaigh Eo
Tíreolaíocht na hÉireann
Is cineál beithe caoile cuanna gearrshaolaí a fhásann 15-18 m in airde, le coirt shonrach airgeadbhán, í an bheith gheal. Dúchasach don Eoraip, de ghnáth na réigiúin fhuara. Fástar go minic mar mhaisiúchán í. Crann duillsilteach í an bheith gheal. Tá coirt mheathbhán air a mbíonn cuma an airgid air faoi sholas áirithe....
Plandaí
Baineann an t-alt seo leis na trí speiceas sa ghéineas Somateria; tugtar “éadar” ar an speiceas Somateria mollissima freisin. Is éan é an t-éadar. Trí speiceas de lachain mhara a chuimsíonn an géineas Somateria san fhine Anatidae iad, mar atá Somateria mollissima, Somateria spectabilis agus Somateria fischeri. Dúchasac...
Éin
Tá níos mó ná áit amháin in Éirinn a bhfuil an t-ainm An Bhuaile Bhán air: An Bhuaile Bhán, Contae an Chláir: baile fearainn i gContae an Chláir An Bhuaile Bhán, Contae Chill Mhantáin: baile fearainn i gContae Chill Mhantáin An Bhuaile Bhán, Contae Chorcaí: baile fearainn i gContae Chorcaí An Bhuaile Bhán, Contae Laois...
Tíreolaíocht na hÉireann
Is údar an-ráthúil í Marita Conlon-McKenna. Rugadh í i mBaile Átha Cliath ar an 5 Samhain 1956. Tá a lán duaiseanna agus ainmnithe faighte ag Marita Conlon-McKenna dá obair, agus aistríodh a obair isteach i níos mó 12 teangacha eile. Scríobhann sí leabhair ficsean stairiúil agus ficsean do pháistí. Bhuaigh a céad úrscé...
Scríbhneoirí Éireannacha
Polaiteoir Éireannach ab ea James Tully (18 Meán Fómhair 1915 – 20 Bealtaine 1992). Bhí sé ina leascheannaire ar Pháirtí an Lucht Oibre. Rugadh Tully in mBaile Charbhalláin, sráidbhaile gar do Cheanannas i gContae na Mí. Ar an 6 Deireadh Fómhair 1981, feallmharaíodh Anwar Sadat agus gortaíodh James Tully, a bhí ina Air...
Polaiteoirí na hÉireann
Scannán is é Dead Man a scríobhadh agus a stiúradh ag Jim Jarmusch. Scaoileadh é i 1995. Scannán dubh agus bán a bhí ann. Is scannán iartharach nua-aimseartha é le Johnny Depp agus Gary Farmer mar phríomh-aisteoirí. Ba é seo scannán dheireanach Robert Mitchum (caimeo).
Scannáin Mheiriceánacha
Is scannán oll-laochra Meiriceánach ón mbliain 2022 é Morbius. Tá sé bunaithe ar an gcarachtar de chuid Marvel Comics den ainm chéanna. Ba é Daniel Espinosa an stiúrthóir, agus ba iad Matt Sazama agus Burk Sharpless na scríbhneoirí.
Scannáin Mheiriceánacha
Speiceas an-mhór plandaí bliantúla is ilbhliantúla is ea balsam. Dúchasach don Eoraip, an Áise, an chuid is mó den Afraic, agus tuaisceart Mheiriceá. A ghais tréshoilseach uisciúil. A dhuilleoga ailtéarnach nó urchomhaireach, ubhchruthach fiaclach. Na bláthanna ar crochadh go cothrománach ó ghas caol taibhseach siogamo...
Plandaí
Tá níos mó ná áit amháin in Éirinn a bhfuil an t-ainm An Cheathrú Riabhach air: An Cheathrú Riabhach, Contae Cheatharlach: baile fearainn i gContae Cheatharlach An Cheathrú Riabhach, Contae Dhún na nGall (Cill Mhic Réanáin): baile fearainn i gContae Dhún na nGall An Cheathrú Riabhach, Contae Dhún na nGall (An Bheart): ...
Tíreolaíocht na hÉireann
Is scannán rómánsach/fantaisíocht Meiriceánach é Twilight atá bunaithe ar úrscéal le Stephenie Meyer. Stiúir Catherine Hardwicke an scannáin. Ghlac Kristen Stewart páirt mar Bella Swan, cailín 17 mbliana d'aois, agus Robert Pattinson páirt mar Edward Cullen, vaimpír.
Scannáin Mheiriceánacha
Tá níos mó ná áit amháin in Éirinn a bhfuil an t-ainm An Baile Dubh air: An Baile Dubh, Contae Cheatharlach: baile fearainn i gContae Cheatharlach An Baile Dubh, Contae Chiarraí (Corca Dhuibhne): baile fearainn, paróiste dlí, agus toghroinn i gContae Chiarraí An Baile Dubh, Contae Chiarraí (Clann Mhuiris): baile agus t...
Tíreolaíocht na hÉireann
Ord d’ éin choirp throma a bhíonn ag beathú ar an talamh agus a chuimsíonn turcaí, cearc fhraoigh, sicín, gearg an domhain nua agus gearg an tseandomhain, tarmachan, patraisc, piasún, francolin, éanlaith dhufaire agus na Cracidae is ea na Galliformes. Tagann an t-ainm ó "gallus", an Laidin i gcomhair an choiligh. Is ai...
Éin
Tá níos mó ná áit amháin in Éirinn a bhfuil an t-ainm An Aill air: An Aill, Contae an Chláir: toghroinn i gContae an Chláir An Aill, Contae Bhaile Átha Cliath: baile fearainn, baile, agus paróiste dlí i gContae Bhaile Átha Cliath An Aill, Contae Chiarraí: baile fearainn i gContae Chiarraí An Aill, Contae Mhaigh Eo: bai...
Tíreolaíocht na hÉireann
Is éan é grús coiteann (Grus grus). Is ball d'fhine na Gruidae é. Faightear ar fud na hEorpa agus tháinig sé ar ais go hÉirinn le déanaí, tar éis go ndeachaigh sé in éag ann tamall ó shin.
Éin
Thart faoin mbliain 1649 a mhair an file Toirdhealbhach Carrach Ó Conchubhair, agus cé nach bhfuil ar marthain dá chuid filíochta ach trí dhán, tá sé ar cheann de na foinsí is tábhachtaí Gaeilge ar chogaí 1641-1652 in Éirinn.
Scríbhneoirí Éireannacha
Is é an fabhcún tuaithe (Falco rusticolus) an fabhcún is mó dá bhfuil ann, 50-60 cm ar fhad. Dúchasach don réigiún Artach, áitríonn sé sléibhte is tundra. An clúmh bán, liath nó dorcha. Seilgeann sé gar don talamh, agus itheann éin a mhaireann ar an talamh den chuid is mó.
Éin
Tá níos mó ná áit amháin in Éirinn a bhfuil an t-ainm An Cnoc Glas air: An Cnoc Glas, Contae Chiarraí: toghroinn i gContae Chiarraí An Cnoc Glas, Contae Chill Chainnigh (Ceanannas): baile fearainn i gContae Chill Chainnigh An Cnoc Glas, Contae Chill Chainnigh (Crannach): baile fearainn i gContae Chill Chainnigh An Cnoc...
Tíreolaíocht na hÉireann
Tá níos mó ná áit amháin in Éirinn a bhfuil an t-ainm An Sráidbhaile air: An Sráidbhaile, Contae Chiarraí: ionad daonra, paróiste dlí, agus toghroinn i gContae Chiarraí An Sráidbhaile, Contae Laoise: baile fearainn, baile, paróiste dlí, agus toghroinn i gContae Laoise An Sráidbhaile, Contae Laoise (barúntacht): barúnta...
Tíreolaíocht na hÉireann
Feirmeoir agus scríbhneoir ba ea Dáibhí de Barra (Dáibhí Do Barra) (c.1758–1851). I gCarraig Thuathail i gContae Chorcaí a rugadh é, agus fuair sé scolaíocht i scoil scairte. D’fhan sé ina cheantar dúchais ar feadh a shaoil, agus bhí sé ar dhuine den bheagán a bhí ag saothrú an phróis i nGaeilge sa 19ú haois. Bhain sé ...
Scríbhneoirí Éireannacha
Crann pailme le stoc cuartha go sainiúil a fhásann 30 m ar airde le duilleoga clúmhacha suas le 6 m ar fhad is ea an cnó cócó nó an pailm cnó cócó (Cocos nucifera). Crotal snáithíneach seachtrach ar an toradh mór (an cnó cócó) is síol amháin ann, agus blaosc chrua inmheánach ag imchlúdach ciseal bia bháin is cuais lárn...
Plandaí
Scannán Meiriceánach is ea The Life of Emile Zola a rinneadh sa bhliain 1937. Bhuaigh an scannán an gradam don scannán is fearr ag na Gradaim an Acadaimh i 1938.
Scannáin Mheiriceánacha
Tor le duilleoga lannacha is bláthanna buí cumhra i bhfoirm piseanna is ea an aiteann. Suas le 2 m ar airde. Fairsing in Éirinn. Den chineál Ulex europeaus. Úsáidtear é chun ithir ghaineamhach a choinneáil daingnithe nó fálta a dhéanamh thart ar pháirceanna. Fadó bhí sé ina bhia d'ainmhithe. Dhéantaí camáin as a adhmad...
Plandaí
Is gearrscéalaí agus file Éireannach é Seán Ó Curraoin. Saolaíodh i mBearna, i gCois Fharraige, é. Tá gearrscéalta, filíocht, beathaisnéis ar Mháirtín Ó Cadhain, agus bailiúchán scéalta agus seanchais óna cheantar dúchais foilsithe aige. Is aistritheoir é freisin.
Scríbhneoirí Éireannacha
Scríbhneoir ba ea Donncha Ó Céileachair (1918 – 1960) a thuill clú lena chuid gearrscéalta agus eile agus a rinne gaisce ag cur nualitríochta na Gaeilge chun cinn.
Scríbhneoirí Éireannacha
Fisiceoir, agus polaiteoir Éireannach ab ea Alfred O'Rahilly, KSG (1 Deireadh Fómhair 1884 - 1 Lúnasa 1969). Bhí O'Rahilly ina bhall den Choiste an Bhunreachta 1922, a dhréachtaigh Bunreacht Shaorstát Éireann.
Polaiteoirí na hÉireann
Is údar Éireannach é Eoghan Mac Giolla Bhríde, a bhfuil trí chnuasach gearrscéalta foilsithe aige. As Gaoth Dobhair i dTír Chonaill d'Eoghan Mac Giolla Bhríde agus tá cónaí air faoi láthair i mBaile Átha Cliath. Is é a thríú cnuasach gearrscéalta Cnámh. Foilsíodh Idir Feoil is Leathar (Coiscéim) in 2002 agus Díbeartaig...
Scríbhneoirí Éireannacha
Is ceolaire de chuid an tSean-Domhain é an ceolaire feanearrach (Cisticola juncidis) le fáil go forleathan agus a n-áirítear a raon pórúcháin i ndeisceart na hEorpa, san Afraic (lasmuigh de na fásaigh agus an fhoraois bháistí), agus i nideisceart na hÁise anuas go dtí dtuaisceart na hAstráile. Éan beag a fhaightear go ...
Éin
Is éan mara é an guairdeall (Hydrobates pelagicus). Tugtar gearr róid, gearr róid bandaphrompach, gearr úisc, agus peadairín na stoirme ar an speiceas seo freisin. Úsáidtear an téarma guairdeall ar speicis éin eile sna géinis Hydrobates, Macronectes, Oceanites, agus Oceanodroma freisin, ach is é Hydrobates pelagicus an...
Éin
Is scannán grinn rómánsúil Meiriceánach 2006 é She's the Man (Gaeilge: Is ise an Fear) faoi stiúir Andy Fickman, inspioráidithe leis an dráma William Shakespeare Twelfth Night. Tá Amanda Bynes, Channing Tatum, Laura Ramsey agus Vinnie Jones sna príomhpháirteanna. Fócasaíonn an scannán ar an déagóir Viola Hastings a fhr...
Scannáin Mheiriceánacha
Is aisteoir, taibheoir, scríbhneoir agus scéalaí Éireannach é Páraic Breathnach. Rugadh agus tógadh Páraic i gCarna, Co. na Gaillimhe agus tá Gaeilge ón gcliabhán aige. Agus é ina mhac léinn i gColáiste na hOllscoile Gaillimh, bhí baint mhór aige leis an gCumann Drámaíochta, áit a ndeachaigh sé i gcomhar le Ollie Jenni...
Scríbhneoirí Éireannacha
Planda cumhra ilbhliantúil atá dúchasach do Mheiriceá Thuaidh agus Meicsiceo is ea beirgeamat. An gas cearnach; na duilleoga ubhchruthach fiaclach, i bpéirí urchomhaireacha; na bláthanna déliopach, corcra nó dearg, i bhfáinní go tiubh timpeall ar an ngas. Tarraingteach do bheacha is dordéin. Déantar an tae íochshláinte...
Plandaí
Is scríbhneoir agus scoláire í Sinéad Burke a rugadh i mBaile Átha Cliath. Fuair sí a céim mar mhúinteoir bunscoile as an hInstitiúid Oideachais Marino. Bhuaigh sí an bonn Vere Foster mar bhí sí ar bharr an ranga. Rinne sí PhD i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath ar an oideachas i gcearta daonna, go háirithe ag ...
Scríbhneoirí Éireannacha
Planda aonghais bliantúil is ea biolar garraí. 20-40 cm ar airde, le bonnduilleoga liopacha is duilleoga cleiteacha ag an ngas. A bhláthanna beag bán i gcruth croise. Meastar é a bheith dúchasach don Áise, ach saothraítear le fada ar fud an Domhain mar phlanda sailéid é.
Plandaí
End of preview. Expand in Data Studio

Wikipedia native topic classification: ga

Native ga text with topic labels, built from ga.wikipedia.org. Article intros are paired with their Wikipedia category. No machine translation or model-generated content.

  • Source: Wikipedia (ga edition), text licensed CC-BY-SA 4.0.
  • Schema: text (article intro), label (category name).
  • Categories: Éin, Plandaí, Scríbhneoirí Éireannacha, Polaiteoirí na hÉireann, Tíreolaíocht na hÉireann, Scannáin Mheiriceánacha

Attribution: Wikipedia contributors, ga.wikipedia.org.

Downloads last month
15