id
stringlengths
6
19
text
stringlengths
1
1.02k
eng_text
stringlengths
1
1.02k
eclr:505
Tá córas na scéimeanna teanga ina chuid lárnach den Acht ó tharla gurb é seo an phríomh-mheicníocht atá ar fáil chun dualgas reachtúil a leagan ar chomhlachtaí poiblí breis seirbhísí a sholáthar trí Ghaeilge.
Language schemes are an integral part of the Act as they are the primary mechanism available to statutorily require public bodies to provide additional services through Irish.
eclr:506
Is é an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta a aontaíonn scéimeanna teanga le comhlachtaí poiblí agus níl aon bhaint ag Oifig an Choimisinéara Teanga leis an bpróiseas sin.
The Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht is responsible for the confirmation of language schemes and the Office of An Coimisinéir Teanga does not play any part in that process.
eclr:507
Is cúram don Oifig, áfach, faireachán a dhéanamh ar an mbealach a gcuireann comhlachtaí poiblí na scéimeanna teanga i bhfeidhm.
This Office is responsible for monitoring the way in which public bodies implement their language schemes.
eclr:508
Is gnách leis an Oifig seo scrúdú a dhéanamh ar an dul chun cinn atá á dhéanamh ag comhlachtaí poiblí i gcur i bhfeidhm na scéime teanga tar éis chéadbhliain feidhme na scéime.
It is customary for this Office to examine the progress made by public bodies in implementing the language scheme once the first year of its operation has passed.
eclr:509
Tá sé mar chuspóir leis an méid seo a chinntiú go bhfuil córais, struchtúir agus socruithe cuí á gcur in áit a chinnteoidh go n-éireoidh leis an gcomhlacht poiblí na gealltanais reachtúla a chur i ngníomh laistigh de thréimhse feidhmiúcháin na scéime.
The objective of this review is to ensure that public bodies have the appropriate systems, structures and arrangements in place to allow for the successful implementation of their statutory commitments within the operational timeframe of the scheme.
eclr:510
Dírítear san iniúchadh tríú bliain ar fhianaise a bheith ar fáil a léiríonn ar éirigh leis an gcomhlacht poiblí forálacha na scéime teanga a chur i bhfeidhm go cuí.
The third year audit concentrates on obtaining evidence that demonstrates whether or not the provisions of the language scheme were implemented successfully by the public body.
eclr:511
Le linn na bliana 2014, rinne an Oifig monatóireacht ar chur i bhfeidhm 22 scéim teanga.
During 2014, the Office monitored the implementation of 22 language schemes.
eclr:512
Tréimhse scéim i bhfeidhm
Type of scheme
eclr:513
An dara scéim teanga
Second language scheme
eclr:514
Bliain amháin
Three years
eclr:515
Is gnách go n-éiríonn leis an Oifig seo teacht ar shocrú leis na comhlachtaí poiblí a chinntíonn go mbaintear amach, in am trátha, an méid a bhíonn geallta go reachtúil.
In the majority of cases, this Office manages to reach a satisfactory agreement with most public bodies to ensure that statutory commitments are implemented in due course.
eclr:516
Faoi réir fhorálacha na reachtaíochta, níl sé de chumhacht ná d’údarás ag an Oifig seo aon leasú a dhéanamh ar an méid a bhíonn daingnithe ag an Aire i scéim teanga le comhlacht poiblí.
In accordance with the provisions of the legislation, this Office does not have the power nor the authority to amend commitments given by a public body that have been confirmed in a language scheme by the Minister.
eclr:517
Uair amháin eile, is é an easpa foirne le Gaeilge agus easpa acmhainní airgeadais na deacrachtaí is mó a bhí ag comhlachtaí poiblí le linn na bliana 2014 chomh fada agus a bhain sé le feidhmiú na ngealltanas a bhí tugtha ina scéimeanna teanga.
Once more, the greatest obstacles faced by public bodies in implementing the commitments they had made in their language schemes during 2014 were the availability of staff with competency in Irish and the lack of financial resources.
eclr:518
Is minic a chiallaigh sé seo gur bhain moill le comhlíonadh gealltanas áirithe a raibh mar chuspóir acu cur le raon agus caighdeán na seirbhísí a bhí le cur ar fáil trí Ghaeilge.
This often led to a delay in the fulfilling of commitments aimed at increasing the range and quality of services in Irish.
eclr:519
Iniúchadh ar fhógairtí taifeadta chórais teileafóin na n-údarás áitiúil
Audit of recorded oral announcements in use by local authorities in telephone systems
eclr:520
Sna Rialacháin (I.R. 391 de 2008) atá déanta faoi fho-alt 9(1) d’Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003, leagtar dualgais áirithe ar gach comhlacht poiblí a thagann faoi scáth an Achta maidir le húsáid na dteangacha oifigiúla i dtaca le stáiseanóireacht, comharthaíocht agus fógairtí taifeadta béil.
The Regulations (S.I. 391 of 2008) which have been made under subsection 9(1) of the Official Languages Act 2003 set out obligations regarding the use of official languages on stationery, signage and recorded oral announcements for all public bodies under the remit of the Act.
eclr:521
Ceann d’fheidhmeanna an Choimisinéara Teanga, faoi réir fho-alt 21(a) den Acht, is ea faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh fhorálacha an Achta.
One of the functions of An Coimisinéir Teanga, under subsection 21(a) of the Act, is to monitor the implementation of and compliance with the provisions of the Act.
eclr:522
Níl sé de dhualgas ar chomhlachtaí poiblí, údaráis áitiúla san áireamh, teachtaireachtaí taifeadta béil a úsáid ag uimhreacha poiblí ar a gcóras teileafóin, ach sa chás go bhfuiltear á n-úsáid, tá dualgas orthu déanamh cinnte de go bhfuil na fógairtí sin ag cloí leis na Rialacháin i.e. caithfidh na fógairtí taifeadta a bheith i nGaeilge nó i nGaeilge agus i mBéarla agus an teachtaireacht a bheith comhionann sa dá theanga oifigiúla.
Public bodies including local authorities are not obliged to use recorded oral announcements at public telephone numbers on their systems, but if they are in use, they are obliged to ensure that those announcements are adhering to the Regulations, i.e. the announcement must be in Irish or in Irish and English and must convey the same message in both official languages.
eclr:523
Mar chuid de chlár iniúchta na hOifige don bhliain 2014, socraíodh iniúchadh a dhéanamh ar úsáid na dteangacha oifigiúla ar fhógairtí taifeadta béil atá in úsáid ag na húdaráis áitiúla.
As part of the Office’s audit plan for 2014, it was decided to audit the use of official languages on recorded oral announcements in use by local authorities.
eclr:524
Bhí sé mar chuspóir ag an iniúchadh seo teacht ar thuairim ghinearálta maidir le leibhéal géilliúlachta na n-údarás áitiúil do na Rialacháin.
The aim of the audit was to develop an overall view of the level of compliance by local authorities with the Regulations.
eclr:525
Ag amanna éagsúla, cuireadh glaonna teileafóin ar phríomhoifigí na n-údarás, le linn ghnáthuaireanta oibre agus tar éis ghnáthuaireanta oibre na n-oifigí, chomh maith le glaonna ar na Rannóga Tithíochta agus ar na Leabharlanna tar éis gnáthuaireanta oibre.
At different times, a call was made to the main number of each local authority, both during and after normal working hours, as well as a call to the Housing Section and the Library outside of normal working hours.
eclr:526
Cuireadh tuairisc i dtaobh an eolais a fuarthas ar aghaidh chuig na húdaráis áitiúla.
A report on what the audit revealed was sent to each local authority.
eclr:527
Tugadh tréimhse ama dóibh siúd nach raibh ag cloí leis na Rialacháin le hathbhreithniú a dhéanamh ar an tseirbhís taifeadta a bhíothas a chur ar fáil, mura raibh sé sin déanta acu san idirlinn, agus iarradh orthu a chinntiú go gcloífí leis na Rialacháin san achar is giorra ama ab fhéidir.
A period of time was given to those authorities who were not in compliance with the Regulations to review their systems, unless they had already done so, and they were asked to ensure compliance in as short a timeframe as possible.
eclr:528
Iarradh go gcuirfí amchlár ar fáil le go mbeadh ar chumas na hOifige seo an dul chun cinn a mheas an athuair.
They were requested to provide a timeframe by which they would be compliant so that this Office could re-check compliance levels.
eclr:529
Bhí 34 údarás áitiúil sa Stát ag an am ar tosaíodh ar an iniúchadh seo.
They were requested to provide a timetable to enable this Office to evaluate the progress made.
eclr:530
Ba léir nach raibh a bhformhór ag cloí go sásúil leis na Rialacháin.
There were 34 local authorities in the State at the commencement of this audit.
eclr:531
Ní raibh fógairtí taifeadta béil in úsáid ag Comhairlí Contae an Chabháin ná Comhairle Contae Chorcaigh ag na huimhreacha a tástáladh.
Cavan and Cork County Councils were not using recorded messages at the numbers that were tested.
eclr:532
Bhí teachtaireachtaí taifeadta ag príomhuimhreacha na n-eagraíochtaí á n-úsáid ag 14 údarás i rith gnáthuaireanta oibre agus astu sin bhí 12 theachtaireacht nach raibh ag cloí leis na Rialacháin.
14 local authorities made use of a recorded message during normal working hours and of this total 12 were not compliant.
eclr:533
I gcás na dteachtaireachtaí ag an Rannóg Tithíochta agus ag an Leabharlann tar éis gnáthuaireanta oibre, bhí 20 as 23 agus 12 as 13 de na teachtaireachtaí nach raibh géilliúil, faoi seach.
In the case of messages in use by Housing Sections and Libraries, 20 out of 23 and 12 out of 13 respectively of these messages were not compliant.
eclr:534
Scéimeanna daingnithe
Schemes confirmed
eclr:535
Dhaingnigh an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta sé chéadscéim teanga, naoi dara scéim teanga agus sé tríú scéim teanga le linn na bliana 2014.
The Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht confirmed six new language schemes, nine second language schemes and six third language schemes during 2014.
eclr:536
San iomlán, dhaingnigh an tAire 21 scéim teanga le comhlachtaí poiblí in 2014.
In total, the Minister confirmed 21 language schemes with public bodies during 2014.
eclr:537
Le linn na bliana reatha, scoireadh cúig chomhlacht phoiblí a raibh scéim teanga daingnithe ag an Aire leo.
During the current year 5 public bodies, who had agreed language schemes with the Minister, were dissolved.
eclr:538
Bhí 99 scéim teanga, a chuimsigh móriomlán 113 comhlacht poiblí, daingnithe faoi dheireadh 2014.
There were 99 language schemes, covering a total of 113 public bodies confirmed by the end of 2014.
eclr:539
Scéimeanna in éag
Schemes expired
eclr:540
Bhí 53 de na 99 scéim teanga thuasluaite imithe in éag faoi dheireadh na bliana 2014.
Of the 99 language schemes, 53 had expired by year end 2014.
eclr:541
In éagmais an dara scéim teanga nó an tríú scéim teanga a bheith aontaithe ag na comhlachtaí poiblí seo, ní raibh aon dualgas orthu treisiú ar na seirbhísí a chuirtear ar fáil don phobal trí Ghaeilge.
This meant that, in the absence of a second or third language scheme, no additional commitments in relation to improved services in Irish were required of those public bodies.
eclr:542
Cé gur tháinig méadú ar líon na scéimeanna teanga a d’aontaigh an tAire, tháinig ardú chomh maith ar an meántréimhse a bhfuil scéimeanna in éag, ó 32 mí go 50 mí.
While the number of language schemes being confirmed by the Minister increased during the year, the average period that schemes had expired also increased, from 32 months to 50 months.
eclr:543
Ina theannta seo, bhí iarrtha ag an Aire ar 48 comhlacht poiblí an dara dréachtscéim a ullmhú agus ar 7 gcomhlacht phoiblí an tríú dréachtscéim a ullmhú.
In addition, the Minister had requested 48 public bodies to prepare a second draft scheme and 7 public bodies to prepare a third draft scheme.
eclr:544
GEARÁIN
COMPLAINTS
eclr:545
Tháinig laghdú ar líon na gcásanna nua – ó 756 sa bhliain 2012 go dtí 701 sa bhliain 2013 (-7%) – a cuireadh faoi mo bhráid inar chreid daoine den phobal go raibh cúis ghearáin acu de bharr deacrachta nó faidhbe i dtaca le seirbhís a fháil trí Ghaeilge ón státchóras.
There was an increase in the number of new cases – from 702 in 2013 to 709 in 2014 (+1%) – which were brought to my attention in which members of the public considered they had reason to complain because of difficulties or problems associated with obtaining services through Irish from public bodies.
eclr:546
Mar a rinneadh sna blianta roimhe seo, fuarthas comhréiteach ar chuid mhór de na gearáin sin tríd an gcóras neamhfhoirmiúil réitithe gearán a fheidhmíonn m’Oifig nó trí chomhairle a chur ar fáil do ghearánaithe.
As happened in previous years, most of the complaints were resolved through the informal complaints resolution mechanism operated by my Office or through providing advice to the complainants.
eclr:547
Is mór agam an comhoibriú a fuair m’Oifig le déileáil le cásanna ar an mbealach sin.
I am grateful for the cooperation my Office received in dealing with cases in that way.
eclr:548
Tá réimse na ngearán fairsing agus ilghnéitheach, agus braitheann an cur chuige atá de dhíth go mór ar dhearcadh an chomhlachta phoiblí lena mbaineann sé.
The range of complaints is wide and varied and the amount of time and effort required often depends on the attitude of the public body concerned.
eclr:549
Bíonn comhoibriú maith le fáil go hiondúil ó fhormhór na gcomhlachtaí poiblí.
Public bodies are, for the most part, cooperative.
eclr:550
Tháinig líon suntasach gearán arís ó Chontae na Gaillimhe (13.8%), Contae Chiarraí (8.8%), Contae Dhún na nGall (5.3%), Contae an Chláir (4.3%), Contae Chorcaí (3.4%), Contae Chill Chainnigh (2.7%), agus Contae na Mí (2.4%).
From a geographical perspective, the majority of the complaints once more came from County Dublin, 37% of complaints, a small reduction on last year. 24% of coExtracting 'image9.jpg' (image/jpeg) to 274/img/image9.jpg
eclr:551
Gearáin: Deacrachtaí agus Fadhbanna – Staitisticí
Extracting 'image10.jpg' (image/jpeg) to 274/img/image10.jpg
eclr:552
Gearáin le linn 2014 • Complaints during 2014
Extracting 'image11.jpg' (image/jpeg) to 274/img/image11.jpg
eclr:553
Céatadán na ngearán de réir cineáil • Percentage of complaints by type
Extracting 'image12.jpg' (image/jpeg) to 274/img/image12.jpg
eclr:554
Gearáin: An Ghaeltacht agus lasmuigh den Ghaeltacht • Complaints: Gaeltacht and non-Gaeltacht
Extracting 'image13.jpg' (image/jpeg) to 274/img/image13.jpg
eclr:555
Staitisticí
Complaints: Difficulties and Problems – Statistics
eclr:556
Bhí ardú ó 21.4% go 25.7% ar chéatadán na ngearán a bhain le húsáid na Gaeilge ar chomharthaíocht agus ar stáiseanóireacht comhlachtaí poiblí, i gcomhréir leis na Rialacháin faoi fho-alt 9(1) den Acht.
There was an increase from 21.4% to 25.7% in the percentage of the complaints relating to the use of Irish on public bodies’ signage and stationery, in accordance with the Regulations under subsection 9(1) of the Act.
eclr:557
Bhí ísliú ar chéatadán na ngearán a bhain le sárú forálacha d’achtacháin eile a bhaineann le stádas nó le húsáid na Gaeilge, ó 5.7% go 3.8%.
There was a decrease in the percentage of complaints relating to a breach of the provisions of other enactments concerning the status or use of Irish, from 5.7% to 3.8%.
eclr:558
Ar ndóigh, baineann na gearáin maidir le húsáid na Gaeilge ar chomharthaí tráchta leis an réimse seo chomh maith, ach léirítear an figiúr sin go hiondúil mar fhigiúr neamhspleách: 7.2% de na gearáin a bhain le húsáid na Gaeilge ar chomharthaí tráchta – laghdú maith ar líon na bliana seo caite (15.8%).
Of course, complaints relating to the use of Irish on road signs belong by right to this category, but this is generally provided as an independent figure: 7.2% of complaints related to the use of Irish on traffic signs, a substantial reduction on last year’s figure (15.8%).
eclr:559
Sa Lámhleabhar do Chomharthaí Tráchta a leagtar síos na dualgais atá ar na húdaráis bóithre i leith úsáid na Gaeilge ar chomharthaí tráchta.
The obligations on roads authorities in respect of road traffic signage are set out in the Traffic Signs Manual.
eclr:560
Bhí ardú, go 9.9%, in 2014 ar chéatadán na ngearán maidir le deacrachtaí a bhain le hainm agus seoladh i nGaeilge.
There was an increase in 2014, to 9.9%, in the percentage of complaints regarding problems with the use of names and addresses in Irish.
eclr:561
Bhain siad sin le hainmneacha agus seoltaí a bheith litrithe go míchruinn i nGaeilge, nó litrithe i mBéarla, le córas ríomhaireachta gan a bheith in oiriúint don síneadh fada nó le seoltaí a bheith á gclárú i mBéarla go huathoibríoch ar chlár ríomhaireachta, gan rogha Gaeilge.
These concerned names and addresses that were spelt incorrectly in Irish, or spelt in English, where computer systems could not handle the síneadh fada or with the registration of addresses in English automatically on computer systems, without an Irish language option.
eclr:562
Tá sé molta ag an Oifig seo, mar chuid den athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla, go gcuirfí mír leis an reachtaíocht i dtaca leis an ábhar seo.
It has been recommended by this Office, as part of the review of the Official Languages Act, that a section be added to the legislation in respect of this issue.
eclr:563
Tháinig ardú ar chéatadán na ngearán i dtaca le freagraí i mBéarla ar chomhfhreagras i nGaeilge, ó 7.0% in 2013 go 8.7% in 2014, ábhar díomá i bhfianaise an fhoráil seo a bheith i bhfeidhm ó 2004.
There was an increase in complaints regarding replies in English to correspondence in Irish, from 7.0% in 2013 to 8.7% in 2014, a matter of some disappointment in light of the fact that this provision has been in place since 2004.
eclr:564
Ábhar imní eile dom, go háirithe, is ea líon na gcomhlachtaí poiblí atá ag baint úsáid as córais mheaisínaistriúcháin le freagra i nGaeilge a eisiúint, mar a luadh i dtuarascáil na bliana seo caite.
The increase in the use of machine translation systems by public bodies to reply in Irish to official correspondence is a further matter of concern to me, as was mentioned in last year’s annual report.
eclr:565
Níos minice ná a mhalairt, bíonn na freagraí sin doléite agus dothuigthe.
These responses are invariably illegible and incomprehensible.
eclr:566
Is é atá i gceist le himscrúdú ná fiosrúchán oifigiúil a sheoltar ar bhonn foirmiúil reachtúil de réir na bhforálacha atá in Acht na dTeangacha Oifigiúla.
An investigation is an official enquiry carried out on a formal statutory basis in accordance with the provisions of the Official Languages Act.
eclr:567
Tá an t-údarás agus na cumhachtaí cuí chuige seo tugtha dom mar Choimisinéir Teanga faoin Acht; baineann sé seo le cásanna inar dóigh liom gur theip ar chomhlachtaí poiblí a ndualgais reachtúla a chomhlíonadh faoin Acht, agus baineann sé freisin le haon fhoráil d’aon achtachán eile a bhaineann le stádas nó le húsáid na Gaeilge.
As Coimisinéir Teanga, I have been given the relevant authority and powers under the Act to carry out investigations, not only in cases where I suspect that public bodies have failed to comply with their statutory obligations under the Act, but also under any provisions of any other enactments which relate to the status or use of Irish.
eclr:568
Is féidir imscrúdú a dhéanamh a bheadh bunaithe ar ghearán ó aon duine, ar iarratas ón Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, nó ar mo thionscnamh féin.
An investigation may be conducted based on a complaint from an individual, on the request of the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht, or on my own initiative.
eclr:569
Is próiseas foirmiúil é an córas imscrúdaithe a thógann cuid mhaith ama agus acmhainní ar an gcomhlacht poiblí a bhíonn i gceist agus ar m’Oifigse.
The investigation process is a formal procedure, the completion of which may require a substantial amount of time and resources from both the public body concerned and my Office.
eclr:570
Dá bhrí sin, is iondúil go ndéantar iarracht an gearán a réiteach ar dtús trí chóras neamhfhoirmiúil réitithe gearán na hOifige.
As a result, efforts are usually made to resolve the complaint in the first instance through the informal complaints procedure operated by the Office.
eclr:571
Tá dualgas reachtúil ar chomhlachtaí poiblí agus ar dhaoine ar leith ar oifigigh de chuid comhlachtaí poiblí iad comhoibriú leis an imscrúdú agus faisnéis nó taifid dá gcuid a bhaineann le hábhar an imscrúdaithe a thabhairt dom.
Public bodies and individuals who are officials of public bodies have a statutory obligation to cooperate with the investigation and to provide me with information or records they may have which relate to the subject of the investigation.
eclr:572
Is iondúil go n-iarrtar tuairisc i scríbhinn maidir leis an ábhar ar an gcomhlacht poiblí chomh maith.
A written report on the matter is usually requested from the public body also.
eclr:573
Má iarraim ar aon duine ar leith teacht i mo láthair le faisnéis ó bhéal a thabhairt, tá an duine sin i dteideal na ndíolúintí agus na bpribhléidí céanna is a bheadh ag finné os comhair na hArd-Chúirte.
If I require any person to attend before me to provide information orally, such person is entitled to the same immunities and privileges as a witness before the High Court.
eclr:574
Déantar foráil san Acht d’fhíneáil nach mó ná €2,000 agus/nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 6 mhí a ghearradh ar dhuine a chiontófaí i gcúirt as diúltú comhoibriú le himscrúdú, as loiceadh ina d(h)ualgas comhoibriú le himscrúdú nó as bac a chur le hobair imscrúdaithe.
The Act provides for a fine not exceeding €2,000 and/or imprisonment for a term not exceeding 6 months for a person convicted of failing or refusing to cooperate with an investigation or who hinders or obstructs such an investigation.
eclr:575
Is féidir imscrúdú a sheoladh i gcásanna ina líomhnaítear gur theip ar chomhlacht poiblí a dhualgais reachtúla a chomhlíonadh i dtaca le:
An investigation may be conducted in cases where it is alleged that a public body failed to comply with its statutory obligations in respect of:
eclr:576
· Forálacha díreacha an Achta;
Direct provisions of the Act;
eclr:577
· Rialacháin atá déanta faoin Acht;
Regulations made under the Act;
eclr:578
· Scéim teanga atá daingnithe faoin Acht;
A language scheme confirmed under the Act;
eclr:579
· Aon fhoráil d’aon achtachán eile a bhaineann le stádas nó le húsáid na Gaeilge.
Any provision of any other enactment relating to the status or use of Irish.
eclr:580
Ciallaíonn “achtachán” reacht nó ionstraim arna déanamh faoi chumhacht a thugtar le reacht.
An “enactment” is defined as a statute or an instrument made under a power conferred by a statute.
eclr:581
Tá dualgas reachtúil orm faoin Acht tuarascáil a eisiúint chuig na páirtithe cuí i gcás ina seolaim imscrúdú.
I am statutorily obliged under the Act to issue a report to the relevant parties in cases where I have conducted an investigation.
eclr:582
Bíonn mo chinneadh i leith an ghearáin agus na moltaí cuí sa tuarascáil sin.
My decision on the complaint and the relevant recommendations are included in that report.
eclr:583
Is féidir achomharc a dhéanamh chuig an Ard-Chúirt ar phonc dlí i gcoinne an chinnidh laistigh de cheithre seachtaine.
An appeal may be made to the High Court on a point of law against the decision within a period of four weeks.
eclr:584
Seoladh seacht n-imscrúdú nua le linn 2014.
A total of seven new investigations were commenced in 2014.
eclr:585
Bhí imscrúdú neamhchríochnaithe amháin ann a tugadh ar aghaidh ó 2013.
One uncompleted investigation was carried forward from 2013.
eclr:586
Mar sin, bhí ocht n-imscrúdú idir lámha le linn na bliana 2014 agus críochnaíodh trí cinn acu sin faoi dheireadh na bliana.
Consequently, there were eight investigations in hand during 2014 and three of those investigations had been completed by the end of the year.
eclr:587
Dá bhrí sin, tá achoimre ar thrí imscrúdú sa Tuarascáil seo.
Therefore, summaries are provided in this Report of three investigations.
eclr:588
Líon na nImscrúduithe
Number of Investigations
eclr:589
Tugtha ar aghaidh ón mbliain roimhe
Brought forward from previous year
eclr:590
Imscrúduithe seolta
Investigations launched
eclr:591
Iomlán idir lámha
Total in hand
eclr:592
Tugtha ar aghaidh go dtí an chéad bhliain eile
Brought forward to next year
eclr:593
Achoimrí atá iontu ar na tuarascálacha oifigiúla a eisíodh i nGaeilge de réir alt 26 den Acht chuig na páirtithe cuí de thoradh na n-imscrúduithe.
They are summaries of the official reports issued in accordance with section 26 of the Act to the relevant parties in Irish as a result of the investigations.
eclr:594
An Ghníomhaireacht um Fháil Iarnród
Railway Procurement Agency
eclr:595
Léirigh imscrúdú nach raibh an Ghníomhaireacht um Fháil Iarnród ag sárú na ndualgas reachtúil teanga atá daingnithe sna rialacháin agus sna hordacháin atá déanta faoi fho-ailt 95(2) agus 95(16) den Acht um Thrácht ar Bhóithre, 1961 ach go raibh sí ag sárú na ndualgas reachtúil teanga atá daingnithe sna rialacháin faoi fho-alt 9(1) d’Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 i gcás comharthaí i mBéarla amháin a bhí curtha in airde ag Stáisiún Uí Chonghaile.
An investigation found that the Railway Procurement Agency was not in breach of the statutory language obligations enshrined in the regulations and orders made under subsections 95(2) and 95(16) of the Road Traffic Act 1961 but that it was in breach of the statutory language obligations confirmed in the Regulations issued under subsection 9(1) of the Official Languages Act 2003 in respect of signs which had been erected in English only at Connolly Station.
eclr:596
Rinneadh gearán le m’Oifig i mí Eanáir 2013 maidir le húsáid na dteangacha oifigiúla, Gaeilge agus Béarla, ar chomharthaí de chuid na Gníomhaireachta um Fháil Iarnród a bhí curtha in airde ag Stáisiún Uí Chonghaile, Baile Átha Cliath.
A complaint was made to my Office in January 2013 in respect of the use of the official languages, Irish and English, on signs belonging to the Railway Procurement Agency which had been erected at Connolly Station in Dublin.
eclr:597
Ba chás leis an ngearánach gur i mBéarla amháin a bhí dhá chomhartha, dírithe ar thiománaithe LUAS, a bhí curtha in airde ag an stáisiún – ceann amháin leis an téacs “Stop! check your route” agus an ceann eile leis an téacs “One tram only in the marked area”.
It was of concern to the complainant that two signs, directed at Luas drivers, had been erected at the station in English only – one with the text “Stop! check your route” and the other with the text “One tram only in the marked area”.
eclr:598
In ainneoin an cheist a bheith á plé go leanúnach leis an nGníomhaireacht, trí chóras neamhfhoirmiúil réitithe gearán na hOifige, agus in ainneoin an chomhoibrithe iomláin a fuair m’Oifig ar an ábhar ón nGníomhaireacht, níorbh fhéidir an cheist a réiteach ar an mbonn seo.
Despite ongoing discussions with the Agency on the issue through the informal complaints resolution system operated by the Office, and despite complete cooperation on the part of the Agency, it proved impossible to resolve the issue in this manner.
eclr:599
Toisc nár éirigh leis na hiarrachtaí neamhfhoirmiúla sin an cheist a réiteach, beartaíodh tabhairt faoi imscrúdú sa chás, le teacht ar fhionnachtana agus le moltaí a dhéanamh ina leith, dá mba ghá, mar go raibh sin dlite don té a rinne gearán báilí de réir na reachtaíochta.
As the informal attempts failed to resolve the issue, it was decided to launch an investigation in the case to make findings and recommendations, if required, as the person who made a valid complaint was entitled to.
eclr:600
Tá dualgais reachtúla i bhfeidhm faoi úsáid na Gaeilge ar chomharthaí bóthair atá déanta faoi rialacháin agus ordacháin faoi fho-ailt 95(2) agus 95(16) den Acht um Thrácht ar Bhóithre, 1961.
There are statutory obligations in effect in respect of the use of Irish on road signs which are made under the regulations and orders under subsections 95(2) and 95(16) of the Road Traffic Act 1961.
eclr:601
Tá na dualgais sin daingnithe sa Lámhleabhar do Chomharthaí Tráchta agus is achtacháin iad na rialacháin agus na hordacháin thuasluaite chun críche fho-alt 21(f) d’Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003.
Those obligations are confirmed in the Traffic Signs Manual and the above-mentioned regulations and orders are enactments for the purposes of subsection 21(f) of the Official Languages Act 2003.
eclr:602
Caithfidh údaráis bóithre na tíre cloí leis na dualgais sin.
The country’s roads authorities must adhere to those obligations.
eclr:603
Tá dualgais reachtúla eile i bhfeidhm faoi úsáid na Gaeilge agus an Bhéarla ar chomharthaí nach comharthaí tráchta iad faoi na Rialacháin faoi fho-alt 9(1) d’Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003.
There are other legal obligations in effect with regard to the use of Irish and English on signs which are not road signs under the Regulations issued under subsection 9(1) of the Official Languages Act 2003.
eclr:604
Cuireadh an t-eolas, faisnéis agus eile ar fad a bhí iarrtha san imscrúdú ar fáil go críochnúil agus go gairmiúil do m’Oifig.
All the information and documentation which was requested by the investigation was provided in a complete and professional manner.