id
stringlengths
6
19
text
stringlengths
1
1.02k
eng_text
stringlengths
1
1.02k
eclr:1405
Rinne m’Oifig iarracht an cheist seo agus na gearáin éagsúla ina leith a réiteach go neamhfhoirmiúil leis an Roinn ach níor éirigh leis na hiarrachtaí sin.
My Office attempted to resolve this question and the various complaints informally with the Department but those attempts were unsuccessful.
eclr:1406
Go deimhin, b’fhiú dom a lua chomh maith gur ardaigh an Oifig seo an cheist seo faoi úsáid logainmneacha don chód poist nua leis an Roinn Cumarsáide siar chomh fada le mí Feabhra 2008.
In fact, I should mention that this Office had raised the question of the use of placenames for the new postal codes with the Department of Communications as far back as February 2008.
eclr:1407
Ó tharla gearáin a bheith déanta ag baill den phobal liom i dtaobh na ceiste seo nach raibh mé in ann teacht ar réiteach sásúil leis an Roinn ina leith, bheartaigh mé go raibh gá le himscrúdú le haon amhras a sheachaint.
As a complaint had been made to me by members of the public on this question and as I was unable to reach a satisfactory resolution with the Department in that respect, I decided that it was necessary to launch an investigation for the avoidance of doubt.
eclr:1408
Go bunúsach, theastaigh uaim de thoradh an imscrúdaithe seo a bheith ábalta a rá an amhlaidh a bhí nó nach raibh an fhoráil i scéim teanga na Roinne á cur i bhfeidhm go cuí.
Basically, I wanted to be able to say as a result of the investigation whether or not the provision in the Department’s scheme was being appropriately implemented.
eclr:1409
Sheol mé an t-imscrúdú ar an 5 Deireadh Fómhair 2015 trí litir a eisiúint, mar chéad chéim, chuig an Aire Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha, ag lorg eolas ar leith, freagraí ar cheisteanna ar leith chomh maith le haon fhaisnéis, taifid, nó rud den sórt sin a bhain le hábhar an imscrúdaithe.
I launched the investigation on the 5 October 2015 by issuing a letter, as a first step, to the Mnister for Communications, Energy and Natural Resources seeking particular information and responses to certain questions, as well as any information, record or any such thing which was relevant to the subject of the investigation.
eclr:1410
D’iarr mé go gcuirfí an t-eolas cuí sin ar fáil faoin 27 Deireadh Fómhair 2015.
I requested that the relevant information be provided to me on or before 27 October 2015.
eclr:1411
Seoladh freagra chugam i ríomhphost dar dáta an 28 Deireadh Fómhair 2015.
I was sent a response in an e-mail dated 28 October 2015.
eclr:1412
Níor cuireadh aon cháipéisí tacaíochta ar fáil.
No accompanying documents were provided.
eclr:1413
Sa ríomhphost sin chugam, shéan an Roinn go raibh aon sárú ar a dualgas reachtúil teanga i gceist sa chás.
In that e-mail the Department denied that there had been any breach of its statutory language obligations in this case.
eclr:1414
D’áitigh an Roinn gur bronnadh an conradh chun córas na bpostchód a dhearadh, a scaipeadh agus a chothabháil ar chuideachta phríobháideach theoranta agus go raibh sí den tuairim nach comhlacht poiblí a bhí sa chonraitheoir chun críocha Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003.
The Department contended that the contract to design, distribute and maintain the postcode system was awarded to a private company and that it was of the opinion that the contractor was not a public body under the Official Languages Act 2003.
eclr:1415
Thagair an Roinn do mhír eile ina scéim teanga reachtúil a bhain le tríú páirtithe a bhíonn ag obair ar son na Roinne a chur ar an eolas faoi ghealltanais na scéime teanga agus iad a spreagadh chun spiorad na scéime a léiriú.
The Department referred to another section in its statutory language scheme that related to informing third parties working on behalf of the Department about commitments in the language scheme and encouraging them to embrace the spirit of the scheme.
eclr:1416
Mhaígh an Roinn go raibh an méid sin déanta sa chás seo.
The Department claimed that that had been done in this case.
eclr:1417
Mar thaca leis an méid sin thug an Roinn le fios go raibh an conraitheoir tar éis dul i gcomhairle le Conradh na Gaeilge agus le Foras na Gaeilge chun ábhar áirithe a chur ar fáil ar bhonn dátheangach mar chuid den tionscnamh.
To support this case the Department informed me that the contractor had engaged with Conradh na Gaeilge and Foras na Gaeilge to provide certain materials on a bilingual basis as part of the project.
eclr:1418
Luaigh sí go raibh ábhar bolscaireachta dátheangach agus litreacha fógartha postchóid dátheangacha curtha i dtoll a chéile ag Eircode agus suíomh gréasáin dátheangach forbartha.
The Department said that Eircode had provided bilingual promotional material and bilingual notice letters relating to the postcodes as well as developing a bilingual website.
eclr:1419
Cuireadh ar a súile don imscrúdú go raibh baill foirne dhátheangacha earcaithe ag Eircode freisin le haghaidh a lárionaid glaonna agus Cód Cleachtais forbartha acu inar leagadh amach an chaoi a gcuirfí an Córas Náisiúnta Postchóid ar fáil don phobal.
The investigation was informed that Eircode had recruited bilingual staff for its central phone centre and that it had developed a Code of Practice where it was specified how the National Postcode System would be provided to the public.
eclr:1420
Dúirt an Roinn gur chóir a thabhairt faoi deara gur ón mbunachar sonraí GeoDirectory agus uaidh sin amháin a tháinig na seoltaí, seoltaí Gaeilge san áireamh, i mBunachar Sonraí Seoltaí Eircode.
It should be noted, the Department stated, that the addresses, including addresses in Irish, were included on the Eircode Address Data Base solely from the GeoDirectory data base.
eclr:1421
Thug an Roinn le fios go raibh an bunachar sonraí sin á chur ar fáil faoi cheadúnas ag An Post GeoDirectory (APG) do Capita, agus go raibh An Post freagrach as a scéim féin mar chomhlacht sainithe faoi Acht 2003.
The Department stated that this data base was being provided under licence by An Post and GeoDirectory (APG) to Capita, and that An Post is responsible for its own scheme as a specified company under the 2003 Act.
eclr:1422
Shoiléirigh an Roinn go raibh “Logainm” ag obair i gcomhar le APG chun aon difríocht idir a mbunachair sonraí a réiteach, mar thoradh ar roinnt fadhbanna a bheith aimsithe maidir leis an aistriúchán Gaeilge ar sheoltaí i mbunachar sonraí GeoDirectory.
The Department confirmed that, as a result of a number of problems identified in relation to the Irish language translations of addresses in the GeoDirectory data base, “Logainm” was working in conjunction with APG to resolve any differences in their data bases.
eclr:1423
Leagadh dréacht-tuarascáil (gan fionnachtana ná moltaí) faoi bhráid na Roinne ar an 24 Samhain 2015 le deis a thabhairt don chomhlacht poiblí a léiriú má bhí aon mhíbhrí bainte agam as an eolas a bhí curtha ar fáil aici san imscrúdú.
A draft report (minus findings and recommendations) was presented to the Department on 24 November 2015 to give the public body concerned an opportunity to illustrate if I had misconstrued the information that was provided to the investigation.
eclr:1424
Tar éis dom an dréacht-tuarascáil sin eisiúint, d’iarr an Roinn síneadh ama le freagra a chur ar fáil, mar go raibh eolas tagtha chun solais sa dréacht-tuarascáil nach raibh tugtha faoi deara aici sna buncháipéisí imscrúdaithe.
After that draft report was issued the Department requested more time to provide an answer, as information had come to light in the draft report that it hadn’t noticed in the original investigative documents.
eclr:1425
Ceadaíodh síneadh ama go dtí Dé Luain, an 21 Nollaig leis an dréacht-tuarascáil a fhreagairt.
A time extension until Monday 21 December was permitted to reply to the draft report.
eclr:1426
Cuireadh freagra faoi mo bhráid i ríomhphost dar dáta an 22 Nollaig 2015.
A reply was presented to me by e-mail on 22 December.
eclr:1427
Sa tuairisc ar an dréacht-tuarascáil, thug an Roinn le fios nach raibh an chúis a dtagann conraitheoir atá ag oibriú de bhun conradh leis an Roinn faoi scáth Acht na dTeangacha Oifigiúla soiléir di sna buncháipéisí imscrúdaithe.
In its response to the draft report the Department said that the reason a contractor working under contract with the Department comes under the Official Languages Act wasn’t clear in the original investigative documents.
eclr:1428
Thug an Roinn le fios gur thuig sí dearcadh an Choimisinéara Teanga agus d’aithin sí go bhféadfadh conraitheoir atá ag oibriú de bhun conradh leis an Roinn a bheith faoi réir Scéim Teanga na Roinne de réir léirmhíniú an Choimisinéara.
The Department said it understood the position of An Coimisinéir Teanga and recognised that a contractor working under contract with the Department could come under the language scheme of the Department according to the interpretation of the Commissioner.
eclr:1429
Thug an Roinn le fios arís go raibh cruinnithe tar éis a bheith ag APG le Brainse na Logainmneacha lena chinntiú go gcuirfí logainmneacha oifigiúla dearbhaithe Gaeilge san áireamh i mbunachar sonraí GeoDirectory.
The Department reiterated that APG and Brainse na Logainmneacha had meetings to ensure that confirmed placenames were included in the GeoDirectory data base.
eclr:1430
D’eascair an t-imscrúdú seo as líon substaintiúil gearán a rinne baill den phobal le m’Oifig ar an ábhar.
This investigation began following a substantial number of complaints on the matter to my Office.
eclr:1431
B’fhíor, mar a dúirt an Roinn ina freagra, nár chomhlacht poiblí chun críocha an Achta é Capita Business Support Services Ireland Limited – an comhlacht príobháideach ar ar bronnadh an conradh chun córas na bpostchód a dhearadh, a scaipeadh agus a chothabháil.
It is true, as the Department said in its response, that Capita Business Support Services Ireland Limited – the private company that was awarded the contract to design, distribute and maintain the system – is not a public body for the purposes of the Act.
eclr:1432
Ach níor ghá gur comhlacht chun críocha an Achta a bheadh ag soláthar na seirbhíse faoi chonradh thar ceann na Roinne chun go dtabharfaí faoi choimirce na reachtaíochta é – ba leor go mbeadh aon chomhlacht nó eagraíocht ag soláthar seirbhíse faoi chonradh thar ceann na Roinne le go leagfaí na dualgais reachtúla chéanna orthu is a leagann a scéim teanga ar an Roinn.
But a company providing a service under contract on the Department’s behalf need not come under the Act itself for it to come under the auspices of the legislation – it is enough that any company or organisation provides a service under contract on behalf of the Department for the same obligations in the language scheme to apply to it as apply to the Department.
eclr:1433
I measc na ndualgas sin tá gealltanas i dtaca le logainmneacha oifigiúla Gaeltachta a úsáid chun críocha corparáideacha.
Those obligations include the commitment regarding the use of official Gaeltacht placenames for corporate purposes.
eclr:1434
Cé go raibh mír ar leith sa scéim teanga a bhain le soláthraí seirbhíse a bheith á spreagadh le cloí le ‘spiorad na scéime’, thóg foráil san Acht féin a bhain leis an ábhar seo ceannas ar an ngealltanas sin.
Whilst the language scheme includes a section relating to the providers of services being encouraged to comply with the “spirit of the scheme”, the provision in the Act itself relating to this matter overrides that commitment.
eclr:1435
Tá forlámhas ag foráil dhlíthiúil i reachtaíocht atá daingnithe ag an Oireachtas, agus ní féidir le haon ghealltanas i scéim teanga leasú, maolú nó cealú a dhéanamh ar fhoráil in aon Acht.
A legal provision in legislation passed by the Oireachtas has supremacy, and no commitment in a language scheme can dilute or cancel a direct provision in the Act.
eclr:1436
Leag an fhoráil san Acht dualgas sonrach ar an gcomhlacht poiblí a chinntiú gur chloígh aon chonraitheoir a bhí ag feidhmiú thar a cheann le forálacha a scéime teanga i gcás seirbhísí atá á gcur ar fáil faoi chonradh.
The provision in the scheme placed a specific obligation on the public body to ensure that the contractor operating on its behalf adhered to the provisions in its scheme in relation to services being provided under contract.
eclr:1437
Dhearbhaigh an Roinn go raibh seirbhís á cur ar fáil thar a ceann nuair a dúirt sí sa litir freagartha don imscrúdú gur “bronnadh an conradh chun córas na bpostchód a dhearadh, a scaipeadh agus a chothabháil ar chuideachta phríobháideach theoranta, Capita Business Support Services Ireland Limited i mí na Nollag 2013.”
The Department confirmed that a service was being provided on its behalf when it said in its response to the investigation that “the contract to design, distribute and maintain the postcode system was awarded to a private limited company, Capita Business Support Services Ireland Limited, in December 2013.”
eclr:1438
Ba léir don imscrúdú gur bheartas de chuid na Roinne a bhí i bhforbairt córas postchód don tír, agus ní raibh aon amhras ach gur bronnadh conradh ar chomhlacht príobháideach chun an tseirbhís sin a sholáthar.
It was clear to the investigation that the development of the country’s postcode system was a policy of the Department, and there was no doubt that a contract was awarded to a private body to provide that service.
eclr:1439
Ó tharla gur seirbhís í seo a bhí á soláthar go neamhdhíreach ag an Roinn, lean dualgais na scéime dá réir.
Since that service was being provided indirectly by the Department the commitments under the scheme followed on.
eclr:1440
Ba léir go raibh cúram déanta d’ábhar agus de sheirbhísí áirithe a chur ar fáil as Gaeilge nó go dátheangach, le tacaíocht ó Fhoras na Gaeilge agus Conradh na Gaeilge, mar chuid den tionscnamh seo.
It’s clear that care was given to providing certain materials and services through Irish, with support from Foras na Gaeilge and Conradh na Gaeilge, as part of this project.
eclr:1441
In ainneoin an méid sin, ba bhunriachtanas é go gcomhlíonfaí dualgais reachtúla teanga agus níorbh fhéidir le haon socruithe eile teacht in áit na ndualgas sin ná na dualgais sin a mhaolú ar aon bhealach.
In spite of this it is a basic requirement that statutory language obligations are upheld and no other arrangements can replace those obligations or diminish them in any way.
eclr:1442
Ba é an bunriachtanas sa chás seo go dtabharfaí aird ar an ngealltanas a bhí tugtha maidir le húsáid logainmneacha Gaeltachta.
The basic requirement in this instance was that due regard be given to the commitment regarding the use of Gaeltacht placenames.
eclr:1443
Thug an Roinn Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha le fios go raibh “Logainm” agus GeoDirectory ag oibriú le chéile anois chun réiteach a fháil ar na difríochtaí a bhain le logainmneacha éagsúla.
The Department of Communications, Energy and Natural Resources said that “Logainm” and GeoDirectory were working together to resolve the differences between various placenames.
eclr:1444
Léirigh an méid seo dom go bhféadfadh an fhadhb a bhain le húsáid logainmneacha Gaeltachta a bheith seachanta ach an phleanáil cheart a bheith déanta roimh ré.
This indicates to me that the problem relating to the use of Gaeltacht placenames could have been avoided if the correct planning had been carried out beforehand.
eclr:1445
Bhí an cheist maidir leis an riachtanas atá ar chonraitheoirí, a bhíonn ag obair thar ceann na Roinne, cloí le téarmaí na scéime teanga pléite roimhe seo leis an Roinn de thoradh gearán a tháinig chun cinn roinnt blianta ó shin.
The question relating to the obligation that contractors working on behalf of the Department having to comply with terms of the language scheme were raised previously with the Department as a result of a complaint years previously.
eclr:1446
Dhearbhaigh an Roinn ag an am sin gur thuig sí an dualgas a bhí i gceist.
The Department confirmed at the time that it understood the obligation in question.
eclr:1447
Ní fhéadfaí mar sin a mhaíomh go raibh aon cheist aineolais anseo go háirithe i bhfianaise an riachtanas seo a bheith meabhraithe ag m’Oifig don Roinn le linn cruinniú faireacháin a tharla sé seachtaine sular seoladh an tseirbhís Eircode.
It shouldn’t be claimed, therefore, that there was any question of ignorance especially since the Department had been reminded of the obligation during a monitoring meeting six weeks prior to the launch of the Eircode service.
eclr:1448
B’ábhar iontais dom mar sin nár ghlac an Roinn leis ag an tús gur thit dualgais na scéime teanga ar an gconraitheoir a bhí i mbun an tionscnaimh seo thar a ceann.
It surprised me then that the Department didn’t accept at the outset that the obligations of the language scheme applied to the contractor undertaking this project on its behalf.
eclr:1449
Cé gur bhain an t-imscrúdú seo le húsáid logainmneacha Gaeltachta, ní fhéadfainn neamhaird a dhéanamh den olc a bhí ar dhaoine, a rinne teagmháil le m’Oifig, gur i mBéarla a bhí a n-ainm agus sloinne ar an litir seachadta Eircode.
Whilst this investigation related to the use of Gaeltacht placenames I couldn’t turn a blind eye to the anger those who contacted my Office felt because their names on the Eircode delivery letters were in English.
eclr:1450
Ghoill sé go smior ar dhaoine go bhfacthas dóibh gur thóg eagraíocht éigin uirthi féin a n-ainm agus sloinne a aistriú go Béarla, i ngan fhios dóibh, agus gur úsáideadh é sin chun críocha oifigiúla.
It upset people deeply that, as they saw it, an organisation had taken it upon itself to translate their names to English for official purposes, without their knowledge.
eclr:1451
Fuair m’Oifig 48 gearán ar an ábhar seo amháin.
My Office received 48 complaints on this matter alone.
eclr:1452
Is ábhar é seo ar thagair mé dó le linn comhfhreagras leis an Roinn agus mar chuid den litir oifigiúil a eisíodh agus mé ag seoladh an imscrúdaithe.
I referred to this matter in my correspondence with the Department and in the official letter that was issued when the investigation was launched.
eclr:1453
Thug an Roinn aghaidh ar ábhar seo agus í ag tabhairt freagra ar an dréacht-tuarascáil.
The Department addressed this matter when answering the draft report.
eclr:1454
Thug sí le fios gur bhain An Post úsáid as 'tuairisceoirí foirgnimh' chun an go sárófaí an dúshlán i dtaca le cinnte a dhéanamh de gur sannadh an postchód ceart do gach seoladh aonair agus gur seachadadh an postchód ceart chuige sin.
It said that An Post used ‘building identifiers’ to overcome the challenges of ensuring that the correct postcode was identified with each individual address and that the correct postcode was delivered.
eclr:1455
Dúirt sí gurb é an t-aon chuspóir amháin a bhí leis sin ná an postchód a sheachadadh go cruinn, agus dúirt gur dhealraigh sé gurb é an leagan Béarla d'ainm agus sloinne úinéir an tí a bhí sna 'tuairisceoirí foirgnimh' i gcásanna áirithe.
It said that the only objective was to deliver an accurate postcode and that it seemed that the English version of the homeowner’s name was used for ‘building identifiers’ in some instances.
eclr:1456
Níor thug sí aon mhíniú ar an gcúis a bhí leis an aistriúchán go Béarla a rinneadh ná níor ghlac sí aon leithscéal as go ndearnadh é.
No explanation was given as to why the translations to English took place nor was any apology offered that the translations occurred.
eclr:1457
Glacaim leis nach bhfuil aon reachtaíocht teanga ann i láthair na huaire a chinntíonn go bhfuil dualgas ar an Stát glacadh le rogha an tsaoránaigh maidir lena (h)ainm agus sloinne agus dá bharr sin ní raibh sí áirithe mar cheist reachtúil a raibh fionnachtana le déanamh ina leith san imscrúdú.
I accept that there is no language legislation at present that ensures the State has an obligation to accept the choice of the citizen regarding his/her name and because of that it wasn’t included as a statutory question for which findings had to be made as part of the investigation.
eclr:1458
Ach is cuid dhílis de chéannacht duine a (h)ainm agus sloinne.
However, one’s name and surname is integral to one’s identity.
eclr:1459
Níl aon leithscéal ann go ndéanfadh aon duine, comhlacht nó eagraíocht, ní áirím foras de chuid an Stáit, galldú ar an gcéannacht sin trí shonraí a chlárú i mBéarla nuair nach é sin a t(h)oil ná a rogha.
There is no excuse for any person, company or organisation, not to mention an agency of the State, to anglicise that identity by registering people’s details in English when that is neither their wish nor their choice.
eclr:1460
Is dóigh liom gur ceist thábhachtach í seo agus léirigh an méid a tharla le linn eisiúint na bpostchód an gá follasach atá le reachtaíocht a chosnaíonn ceart an tsaoránaigh go mbeadh a (h)ainm agus sloinne ina rogha teanga oifigiúla.
I feel this is an important question and what happened during the issuing of the postcodes shows the manifest need for legislation that protects people’s right to use their name and surname in either official language.
eclr:1461
Tá a leithéid molta ag m’Oifig go deimhin chomh fada siar le 2011 i gcomhthéacs an athbhreithnithe ar an Acht agus ag Coistí Oireachtais ina dhiaidh sin.
My Office recommended such a measure as long ago as 2011 as part of the review of the Act and at Oireachtas committees subsequently.
eclr:1462
Tá molta agam chomh maith go mbeadh stádas reachtúil ag leagan Gaeilge de sheoladh lasmuigh den Ghaeltacht mar chuid den fhoráil chéanna san Acht.
I have also recommended that the Irish versions of addresses outside the Gaeltacht be given a statutory standing as part of the same provision in the Act.
eclr:1463
Le tamall de bhlianta anuas, tá socruithe á ndéanamh le dlí a choisceann ar shaoránaigh aon leagan dá n-ainm agus sloinne a úsáid seachas an leagan atá ar a dteastas breithe, gan fianaise de ghnáth ar úsáid an leagain eile ar feadh tréimhse dhá bhliain ar a laghad a chur faoi bhráid an Stáit.
For some years now arrangements are being made in law which prevent citizens from using any version of their name except that which is on their birth certificate, without presenting evidence to the State that another version has been used for at least two years.
eclr:1464
Is ait liom, mar sin, go dtabharfaí cead do chomhlacht stáit aistriúchán Béarla a úsáid d’ainm agus sloinne duine ar bith chun críocha oifigiúla.
It mystifies me therefore that a state organisation would be allowed to use an English translation of a person’s name for official purposes.
eclr:1465
Is féidir go mbeadh ceist ann i dtaobh cosaint sonraí, sa chás go raibh sonraí pearsanta míchruinne á gcoinneáil i mbunachar sonraí ag eagraíocht stáit i ngan fhios do na daoine ar bhain na sonraí sin leo.
There may be a question in relation to data protection where incorrect personal information was being retained in a data base by a state body without the knowledge of those to whom the details applied.
eclr:1466
Tá an cheist ghinearálta sin curtha faoi bhráid an Choimisinéara Cosanta Sonraí agam.
I referred that general question to the Data Protection Commissioner.
eclr:1467
Imscrúdú seolta: 5 Deireadh Fómhair 2015
Investigation Launched: 5 October 2015
eclr:1468
Tuarascáil eisithe: 31 Nollaig 2015
Report Issued: 31 December 2015
eclr:1469
Comhairle do Chomhlachtaí Poiblí
Advice to Public Bodies
eclr:1470
Ceann d’fheidhmeanna na hOifige seo is ea comhairle nó cúnamh a sholáthar do chomhlachtaí poiblí a thagann faoi scáth na reachtaíochta maidir lena ndualgais faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla.
The functions of the Office include the provision of advice or assistance to public bodies coming under the aegis of the legislation with regard to their obligations under the Official Languages Act.
eclr:1471
Le linn na bliana 2015, rinne oifigigh ó chomhlachtaí poiblí teagmháil le hOifig an Choimisinéara Teanga ar 188 ócáid éagsúil le ceisteanna sonracha nó le comhairle a fháil maidir le dualgais teanga faoin Acht.
During 2015, officials from public bodies contacted the Office of An Coimisinéir Teanga on 188 separate occasions either with specific questions or seeking advice about their obligations under the Act.
eclr:1472
Méadú 79% í seo ar líon na n-iarratas in 2014.
This represents a 79% increase on the number of queries in 2014.
eclr:1473
Ar ndóigh, dá mhéad comhairle agus eolas soiléir, cruinn a chuirtear ar fáil do chomhlachtaí poiblí faoina ndualgais faoin Acht is ea is fearr is féidir a chinntiú go gcloítear le forálacha na reachtaíochta.
During the year we attended a number of events organised by public bodies and information was provided regarding the obligations placed on them by the Act.
eclr:1474
Mar chuid d’Oireachtas na Samhna i mBaile Átha Cliath, reáchtáil an Oifig Seimineár Eolais do chomhlachtaí poiblí.
We also accommodated requests made by individual public bodies to attend meetings in order to receive advice on specific obligations under the Act.
eclr:1475
Is deis a bhí sna hócáidí sin léargas a thabhairt ar obair na hOifige agus plé poiblí a dhéanamh ar fheidhmiú an Achta, cearta teanga an tsaoránaigh agus ábhair ghaolmhara eile.
As a result of the amount of interest expressed in this Seminar, the Office intends to increase the number of information events it organises in the future.
eclr:1476
I measc na n-imeachtaí ag ar thug an Coimisinéir Teanga cur i láthair bhí:
During the year An Coimisinéir Teanga accepted invitations from community organisations and other bodies to attend public events.
eclr:1477
· Seimineár ar Phleanáil Teanga a d’eagraigh Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne, Corca Dhuibhne, Ciarraí
An Coimisinéir Teanga made a presentation at the following events, amongst others:
eclr:1478
· Scoil Samhraidh an Phiarsaigh, Ros Muc, Gaillimh
· Lecture for Trainee Teachers in An Cheathrú Rua, Galway
eclr:1479
· Bronnadh Ghradaim Ghaelchultúr, Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, Baile Átha Cliath
· Presentation of Gaelchultúr awards, Dublin City Council, Dublin
eclr:1480
Tá leagan leictreonach den acmhainn oideachais, Cearta Teanga / Language Rights, le fáil ar líne ag www.coimisineir.ie/scoileanna.
An electronic version of an educational resource, Cearta Teanga / Language Rights, is available online at www.coimisineir.ie/schools.
eclr:1481
Le linn na bliana 2015 lean an Coimisinéir Teanga d’agallaimh a dhéanamh leis na meáin chumarsáide le léargas a thabhairt ar obair na hOifige, ar fheidhmiú an Achta agus ar cheisteanna gaolmhara.
During 2015, An Coimisinéir Teanga continued to undertake media interviews in order to provide an insight into the work of the Office, the implementation of the Act, and related matters.
eclr:1482
Ar cheann de na himeachtaí is suntasaí bhí craoladh beo an chláir Nuacht a hAon ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ó Oifig an Choimisinéara Teanga ar an 14 Bealtaine 2015 nuair a foilsíodh Tuarascáil Bhliantúil na hOifige, 2014.
The most significant event was the live broadcast of Nuacht a hAon on RTÉ Raidió na Gaeltachta during the launch of the 2014 Annual report on 14 May 2015.
eclr:1483
Comhairle Contae Loch Garman
Wexford County Council
eclr:1484
Léirigh imscrúdú gur sháraigh Comhairle Contae Loch Garman na dualgais reachtúla teanga atá daingnithe faoi na Rialacháin faoi fho-alt 9(1) d’Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 i gcás comhartha i mBéarla amháin a bhí curtha in airde i gceantar feidhme na Comhairle, ach nach raibh aon sárú déanta i gcás comhartha eile sa cheantar céanna.
An investigation found that Wexford County Council was in breach of statutory language obligations under subsection 9(1) of the Official Languages Act 2003 in respect of a sign which was erected in the area under the Council’s remit, but was not in breach of those obligations in respect of another sign in the same area.
eclr:1485
Rinneadh gearáin éagsúla le m’Oifig maidir le húsáid na dteangacha oifigiúla, Gaeilge agus Béarla, ar chomharthaí in Inis Córthaidh, i mí na Nollag 2014 agus i mí an Mhárta 2015.
Separate complaints were made to my Office in respect of the use of the official languages, Irish and English, on signs in Enniscorthy, in December 2014 and March 2015.
eclr:1486
Tarraingíodh ceist na gcomharthaí seo anuas leis an gComhairle ar bhonn neamhfhoirmiúil, ag tosú i mí na Nollag 2014.
The issue was raised informally with the Council, commencing in December 2014.
eclr:1487
In ainneoin meabhrúcháin dar dátaí an 24 Márta 2015 agus an 21 Bealtaine 2015, agus glaoch fóin dar dáta an 23 Meitheamh 2015 agus meabhrúchán dar dáta an 10 Iúil i gcás gearán faoi chomhartha “No Casual Trading…”, agus meabhrúcháin dar dátaí an 24 Aibreán 2015 agus an 9 Meitheamh, glaoch fóin dar dáta an 23 Meitheamh agus meabhrúchán dar dáta an 10 Iúil 2015 i gcás gearán faoi chomhartha ‘Mary Street 2006’, mar aon le litir chuig an bPríomhfheidhmeannach dar dáta an 13 Lúnasa, níor cuireadh aon fhreagra ar fáil don Oifig i dtaca leis na gearáin seo, 9 mí agus 6 mhí faoi seach ón uair a tharraingíomar anuas leis an gComhairle den chéad uair iad.
Despite reminders of 24 March 2015, 21 May 2015, a phone call of 23 June 2015 and a reminder of 10 July in respect of a sign “No Casual Trading…” , and reminders of 24 April 2015, 9 June, a phone call of 23 June and a reminder of 10 July 2015 in the case of a complaint in respect of a sign “Mary Street 2006”, as well as a letter of 13 August to the Chief Executive, no response was provided to the Office in respect of these complaints, nine months and six months respectively from the time we first brought them to the attention of the Council.
eclr:1488
Tuigeadh dúinn, ó admháil a seoladh chugainn, go raibh na gearáin seo curtha faoi bhráid na n-innealtóirí cuí, ach dúradh linn nárbh eol cathain a chuirfí freagra ar fáil.
We understood, from an acknowledgement issued to us, that these complaints had been forwarded for attention to the relevant engineers, but were told that they could not advise us as to when an answer would be forthcoming.
eclr:1489
Tá dualgas soiléir ar an gComhairle faoi na Rialacháin atá eisithe faoi fho-alt 9(1) d’Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 a chinntiú gur i nGaeilge nó i nGaeilge agus i mBéarla a bheidh comharthaí den chineál seo le héifeacht ón 1 Márta 2013 – ní cheadaítear comharthaí i mBéarla amháin.
There is a clear statutory obligation on the Council under the Regulations which are issued under subsection 9(1) of the Official Languages Act 2003 to ensure that signs of this nature are in Irish and English with effect from 1 March 2013 – signs in English only are not permitted.
eclr:1490
Mar is léir ón méid thuas, rinne m’Oifig iarracht an cás seo a réiteach trí chóras neamhfhoirmiúil réitithe gearán na hOifige.
As is apparent from the above, my Office attempted to resolve this matter through the informal complaints resolution system which it operates.
eclr:1491
Toisc nár éirigh leis na hiarrachtaí neamhfhoirmiúla sin an cheist a réiteach, chonacthas dom nach raibh an dara rogha agam ach imscrúdú a sheoladh le teacht ar fhionnachtana agus moltaí a dhéanamh sa chás, dá mba chuí, de bharr theip na Comhairle Contae freagra a sholáthar faoin gcóras neamhfhoirmiúil, ainneoin gach deis a bheith tugtha di – freagra a bhí tuillte ag na gearánaithe.
As those informal efforts did not succeed in resolving the issue, it was apparent to me that I had no other option but to launch an investigation to reach findings and make recommendations, if appropriate, as a result of the Council’s inability to provide an answer through the informal process – an answer to which the complainants were entitled.
eclr:1492
Bheartaigh mé tabhairt faoi imscrúdú sa chás ar an 22 Meán Fómhair 2015, mar a cheadaítear dom faoi fho-alt 21(c) den Acht, de bharr gearán a bheith déanta liom.
I decided to undertake an investigation on the matter on 22 September 2015, as provided for under subsection 21(c) of the Act, due to a complaint being made to me.
eclr:1493
Sheol mé litir chuig Príomhfheidhmeannach na Comhairle ag lorg eolas ar leith, freagraí ar cheisteanna ar leith chomh maith le haon fhaisnéis, taifid nó rud eile den sórt sin a bhain le hábhar an imscrúdaithe.
I sent a letter to the Chief Executive of the Council seeking particular information and answers to certain questions as well as any information, record or other such thing which related to the subject of the investigation.
eclr:1494
D’iarr mé go gcuirfí an t-eolas cuí sin ar fáil faoin 13 Deireadh Fómhair 2015.
I requested that the relevant information be provided by 13 October 2015.
eclr:1495
Fuair mé freagra dar dáta an 12 Deireadh Fómhair 2015 ar an litir sin ag tabhairt le fios go raibh comhartha amháin de na comharthaí a bhí faoi chaibidil bainte anuas agus nárbh í an Chomhairle a chuir an comhartha eile in airde.
I received a response dated 12 October 2015 to that letter, advising me that one sign had been removed and that the second sign had not been erected by the Council.
eclr:1496
Sa fhreagra ó Chomhairle Contae Loch Garman, dhearbhaigh an Chomhairle don imscrúdú go raibh córas i bhfeidhm aici chun a chinntiú go gcuirtear comharthaí in airde i nGaeilge agus i mBéarla, agus chur sí cóip den modh oibre a eisíodh chuig an bhfoireann bainistíochta ar fáil don imscrúdú.
In its response, the Council confirmed to the investigation that it had a system in place to ensure that signs were erected in Irish and English, and a copy of the procedures which were issued to management of the Council was provided to the investigation.
eclr:1497
Bhain an t-imscrúdú seo le húsáid na Gaeilge ar chomharthaí a thagann faoi na Rialacháin faoi fho-alt 9(1) d’Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003, agus le géilliúlacht údaráis áitiúil ar leith don reachtaíocht sa réimse seo.
This investigation concerned the use of Irish on signs which come under the remit of the Regulations under subsection 9(1) of the Official Languages Act 2003, and with a particular Council’s compliance with the legislation in this area.
eclr:1498
Cé nár thug an Chomhairle Contae le fios ina freagra gur ghlac sí leis go raibh dualgais reachtúla teanga á sárú i gcás na gcomharthaí seo, mar sin féin ghéill sí gur chóir an ceann a bhí faoi chúram na Comhairle a cheartú, agus rinne sí sin láithreach.
Although the County Council did not admit in its response that it was in breach of the statutory language obligations in respect of these signs, it conceded all the same that the one which came under the Council’s remit should be corrected, and it proceeded to do so immediately.
eclr:1499
D’fháiltigh mé roimhe sin, agus roimh dhearbhú na Comhairle go raibh córas i bhfeidhm aici le cinntiú go gcuirtear comharthaí in airde i nGaeilge agus i mBéarla.
I welcomed that, as I welcomed the confirmation by the Council that it had a system in place to ensure that signs were erected in Irish and English.
eclr:1500
Níor bhain an t-imscrúdú, áfach, le córas a bheith i bhfeidhm i dtaca le haon chomharthaí nua a bheadh á gcur in airde i gceantar feidhme na Comhairle, ach le córas soiléir a bheith i bhfeidhm le dul i ngleic le gearáin a dhéantar leis an gComhairle i dtaca le comharthaí atá in airde cheana féin agus nach bhfuil ag teacht leis an reachtaíocht.
The investigation, however, did not concern a system being in place in respect of new signs being erected in places within the Council’s remit, but rather concerned having a clear system in place to deal with complaints in respect of signs which are already erected but do not comply with the legislation.
eclr:1501
B’ábhar imní dom go raibh orm dul i muinín imscrúdú chun go ngníomhódh an Chomhairle i dtaca leis an dá chomhartha áirithe seo.
It was a matter of some concern to me that I had to undertake an investigation in order for the Council to act in respect of these two signs.
eclr:1502
Ba léir, ó na teagmhálacha éagsúla a bhí ag m’Oifig leis an gComhairle agus na freagraí a bhí á soláthar, nach raibh sí ag dul i ngleic mar ba cheart leis na gearáin seo.
It was apparent, from the various contacts my Office had with the Council, and the responses that were being provided, that these complaints were not being addressed in a proper manner.
eclr:1503
Ní fhacthas don imscrúdú ach an oiread gur beart sásúil a bhí ann comharthaí a bhaint anuas le bheith géilliúil don reachtaíocht.
The investigation was not convinced either that removing a sign in order to be compliant was an appropriate action.
eclr:1504
Má tá gá leis an gcomhartha, agus is léir nuair a crochadh an comhartha ar dtús gur measadh gur ghá, ba cheart go gcrochfaí é de réir mar a éilíonn an reachtaíocht.
If a sign is required, and it is clear that it was thought to be so when the sign was erected, then it should be erected in the manner required by legislation.