text
stringlengths
421
164k
[Wikipedia:ga] Normannaigh thumb|deas|220px|Ridire Normannach Ó na Lochlannaigh a shocraigh síos sa Normainn i dtuaisceart na Fraince a shíolraigh na Normannaigh, arbh í an Fhraincis a dteanga labhartha. Ar nós na Lochlannach rompu, tháinig siad i dtír in Éirinn, i Sasana agus i dtíortha eile san Eoraip. Ba é Liam C...
[Wikipedia:ga] Rásaí Chaisleáin an Bharraigh Ruaig ar fhórsaí Sasanacha i gCáisleán an Bharraigh, Contae Mhaigh Eo, i mbun Éirí Amach 1798 in Éirinn a bhí i Rásaí Chaisleán an Bharraigh, ar an 27 Lúnasa 1798. Le linn Éirí Amach 1798, tháinig 1,000 saighdiúirí Francacha, faoin Ghinearál Humbert, i dtír ar an 22 Lúnasa...
[Wikipedia:ga] Nua-Eabhrac (cathair) Tá Cathair Nua-Eabhrac suite ar chósta thoir thuaidh Stát Aontaithe Mheiriceá (S.A.M.). Is í an chathair is mó daonra i Stáit Aontaithe Mheiriceá; bhí 8.5 milliún ina gcónaí ann sa bhliain 2024. Ach nuair a chuirtear daonra na mbruachbhailte san áireamh, bhí thart ar 19.9 milliún d...
[Wikipedia:ga] Óglaigh na hÉireann (1913-1919) :Féach freisin: Óglaigh na hÉireann (idirdhealú) Eagraíocht mhíleata ab ea Óglaigh na hÉireann, bunaithe sa bhliain 1913 ag náisiúnaithe Éireannacha. Cúlra Nuair a d'fhógair Rialtas impiriúil na Breataine go dtabharfaí Rialtas Dúchais d'Éirinn sa bhliain 1912, d'eagraig...
[Wikipedia:ga] Arm Cathartha na hÉireann Eagraíocht mhíleata ab ea Arm Cathartha na hÉireann (Béarla: Irish Citizen Army, giorrúchán: ICA) ar bhunaigh James Larkin, Jack White, Séamus Ó Conghaile agus daoine eile í sa bhliain 1913 leis an lucht oibre a chosaint ar lámh láidir Phóilíní Chathair Bhaile Átha Cliath. Ba é...
[Wikipedia:ga] Liosta áras ceoldrámaíochta Is foirgneamh ina gcuirtear ceoldráma agus saghsanna eile ealaíona taispeántais i láthair é áras ceoldrámaíochta. I measc na n-áras ceoldrámaíochta is cáiliúla, tá: An Airgintín * Amharclann Colón, Buenos Aires An Astráil * Teach Opera Sidní, Sidní an Bheilg * La Monnaie ...
[Wikipedia:ga] Áras Ceoldrámaíochta Heilsincí Tógadh Áras Ceoldrámaíochta Heilsincí sa bhliain 1993, i ngar do lár chathair Heilsincí na Fionlainne, le léargas bhreá ar an bpáirc poiblí agus an murlach atá ann. Tá sé fairsing ar a stáitse, ina chuid suíochán agus ina chuid spásanna poiblí, ina mbíonn deis taispeántais...
[Wikipedia:ga] An Opera Meitreapólach mion|An Opera Meitreapólach ag Ionad Lincoln I dteach an Opera Meitreapólach tá complacht an Opera Meitreapólaigh agus Ceolfhoireann an Opera Meitreapólaigh. In Ionad Lincoln i Nua-Eabhrac atá sé, ar Broadway ag Sráid 63 i Manhattan. Tógadh Ionad Lincoln i 1962, agus tá ceannairea...
[Wikipedia:ga] Naomh Pádraig Is é aspal náisiúnta na nGael é Pádraig Mac Calprainn, ar a dtugtar Naomh Pádraig nó Pádraig Naofa (17 Márta, 461, 492 nó 493 a cailleadh é). Thug sé an Chríostaíocht go hÉirinn.206x206px|thumb|Dealbh Naomh Pádraig i gContae na Mí|cléCeiliúrtar Lá Fhéile Pádraig ar an 17 Márta, an lá a cai...
[Wikipedia:ga] Cath Chluain Tarbh Ag Cath Chluain Tarbh, a troideadh ar Aoine an Chéasta 23 Aibreán 1014 i gCluain Tarbh atá inniu i gcathair Bhaile Átha Cliath, chloígh na Gaeil slua Lochlann go hiomlán ar deireadh. Maraíodh Brian Bóirmhe, ceannaire na nGael, áfach, ag deireadh an chatha, agus é ag guigh ina pubaill....
[Wikipedia:ga] Cluiche mion|Cluiche iomána nó cluiche iománaíochta Tá cluichí (cluiche is ea an uimhir uathu) á n-imirt chomh fada siar agus a théann foinsí stairiúla agus seandálaíochta. Is iad na cluichí is simplí, ar ndóigh, ná comórtasaí nirt, luais, agus léimnigh, ar a dtugtar lúthchleasaíocht. Gaolmhar le rith a...
[Wikipedia:ga] Henri Cartier-Bresson Ba ghrianghrafadóir Francach é Henri Cartier-Bresson (* 22 Lúnasa 1908; † 3 Lúnasa 2004). Aithnítear Cartier-Bresson mar ghrianghrafadóir sa 20ú haois a bhí cumas ealaíne ar leith ann. Bhain Cartier-Bresson úsáid as ceamara rangefinder Leica 35 mm, ag úsáid gnáthlionsa 50 mm, nó l...
[Wikipedia:ga] Spórt mion|Spórt Is éard a bhíonn i gceist le spórt ná imeacht le hiomaíocht fisiciúil ar bhonn comórtais, siamsaíocht, aclaíocht nó féin-fhorbairt srl. Bíonn gníomhaíocht fisiciúil in éineacht le iomaíochta, féinspreagadh agus córas scórála i gceist. Roinntear cineálacha spóirt de réir grúpaí: spóirt ...
[Wikipedia:ga] Stair Cur síos ar an saol atá caite, agus ciall a bhaint aisti, atá i gceist le stair. Is ón Fhraincis "Histoire" a tháinig an focal go Gaeilge, agus tá a bhunús sa bhfocal Gréigise ἱστορία, historia, a chiallaíonn eolas a fuarthas trí imscrúdú. Is féidir stair réigiúin leathain agus cultúir ar fad a ch...
[Wikipedia:ga] Ceoldráma Is cineál amharclannaíochta é ceoldráma ina bhfuil an ceol ina chomhpháirt bhunúsach agus ina nglacann amhránaithe róil dhrámatúla. De ghnáth is comhoibriú idir cumadóir agus leabhrógaí é an "saothar" sin (aistriúchán litriúil an fhocail Iodáilis "opera ") agus ionchorpraíonn sé roinnt de na t...
[Wikipedia:ga] Leictreon Sa bhfisic, is cáithnín fo-adamhach é an leictreon (Gréigis: ἤλεκτρον ḗlektron "ómra"), a léirítear go coitianta leis an tsiombail e−, a bhfuil lucht leictreach bunúsach diúltach aige. Níl comhpháirteanna ná fo-struchtúr ar bith ag an leictreon; i bhfocail eile, sainmhínítear go ginearálta é ...
[Wikipedia:ga] An Bhreatain Bheag Tír atá suite ar iarthar oileáin na Breataine í an Bhreatain Bheag nó Cymru sa mBreatnais. Tá dhá phríomhtheanga ann: an Béarla agus an Bhreatnais (ar a dtugtar freisin an Chomraig); agus sa Bhreatnais tugann muintir na tíre Cymru (fuaimnítear mar "comraí", leis an mbéim ar an gcéad s...
[Wikipedia:ga] An Eaglais Chaitliceach Rómhánach Eaglais de chuid na Críostaíochta atá san Eaglais Chaitliceach Rómhánach. An Eaglais Chaitliceach an t-ainm a thugann sí uirthi féin. Eagraíocht Ceann de na rudaí is léir láithreach sa Caitliceachas Rómhánach ná go bhfuil cumhacht lárnach ann, a thosaíonn leis an bPápa...
[Wikipedia:ga] Meiriceá Thuaidh Is mór-roinn é Meiriceá Thuaidh atá sé suite idir an tAigéan Atlantach thuaidh agus an tAigéan Ciúin. Aithníonn na Náisiúin Aontaithe go foirmiúil "Meiriceá Thuaidh" mar thrí réimse: Meiriceá Thuaidh, Meiriceá Láir, agus an Mhuir Chairib. Tíortha i Meiriceá Thuaidh * Na Bahámaí * Barb...
[Wikipedia:ga] Tíreolaíocht thumb|300px|right|Cairt fhisiceach an Domhain Go ginearálta, ciallaíonn an tíreolaíocht nó an gheografaíocht (ón tSean-Ghréigis γεωγραφία - geographia - "tuairisc a scríobh ar an domhan") an staidéar eolaíoch a dhéantar ar an Domhan agus a chuid tailte, tírdhreach, áitritheoirí agus feinimé...
[Wikipedia:ga] Fásach thumb|deas|Cuid d'Fhásach an tSahára san An Afraic|Afraic. thumb|deas|Fásach san Atacama. I dtíreolaíocht, is éard atá i bhfásach ná sórt tíre nó réigiún a fhaigheann an-bheagán titim uisce. Tugtar gaineamhlach ar fhásach atá déanta as gaineamh. Mar gheall ar seo, bíonn an cháil ar fhásaigh nach ...
[Wikipedia:ga] An tAigéan Atlantach Is é an tAigéan Atlantach (nó An Fharraige Mhór) an dara haigéan is mó ar domhan. Clúdaíonn sé limistéar de 85,133,000 km2 (nó 106,000,000 km² má chuirtear fomhuireanna an aigéin san áireamh). Is ó scaradh mhór-roinne na hAfraice agus Mheiriceá na miliúnta bliain ó shin a cruthaíodh...
[Wikipedia:ga] Indreabhán Baile beag in iarthar Chois Fharraige is ea Indreabhán (Inverin as Béarla). Maille le hiascach, bíonn seirbhís rialta farantóireachta go hÁrainn nach dtógann mórán thar uair an chloig. Inniu, is é seo an bealach is coitianta le dul go hÁrainn, mar gur gaire i bhfad an aistear as Indreabhán ná...
[Wikipedia:ga] Beoir Is deoch mheisciúil í an bheoir a dhéantar le huisce, braich, lus an leanna, agus fungas ar a dtugtar giosta (coipeadh). I bhfoclóir an Athar Uí Dhuinnín, deirtear gur é an deoch ar ghile le Gaeil. mion|clé|Guinness Stair mion|clé|Beoir gan alcólDlúthchuid de shaol na hEorpa a bhí sa leann i gcón...
[Wikipedia:ga] Brian Bóramha Bhí Brian Bóramha mac Cennétig (nó Brian Bóirmhe; An Mheán-Ghaeilge: Brian Bóruma; ) ina rí ar chúige Mumhan ó 976 agus ina Ard-Rí ar Éirinn ó 1002 go 1014. D’éirigh le Brian náisiún a bhunú ón dúiche. Cailleadh Brian Bóramha ar Aoine an Chéasta, an 23 Aibreán, 1014 i rith Chath Chluain T...
[Wikipedia:ga] An Bhreatain Is oileán í an Bhreatain Mhór (nó an Bhreatain) atá suite ar chósta thoir na hÉireann, soir ó thuaidh ón Aigéan Atlantach Thuaidh. Is í an Bhreatain Mhór an naoú hoileán is mó ar domhan, agus an t-oileán is mó san Eoraip. Le daonra de thart ar 59.6 milliún duine (ó lár na bliana 2008), is í...
[Wikipedia:ga] Oilibhéar Cromail Polaiteoir agus saighdiúir Sasanach ab ea Oilibhéar Cromail, nó Cromail mar a thugtar air de ghnáth (as Béarla, Oliver Cromwell; 25 Aibreán 1599 - 3 Meán Fómhair 1658). Bhunaigh sé deachtóireacht mhíleata sa 17ú haois agus rialaigh sé Sasana, Albain agus Éire mar "Thiarna Cosantóra". S...
[Wikipedia:ga] Meiriceá Theas Is fo-ilchríoch de chuid Mheiriceá é Meiriceá Theas. Bhain Martin Waldseemüller úsáid as an téarma "America“ den chéad uair sa bhliain 1507, chun tagairt a dhéanamh don áit ar a dtugtar "Meiriceá Theas" anois, mar ómós d'Amerigo Vespucci. D’aimsigh Alexander von Humboldt an fhíric seo sa ...
[Wikipedia:ga] Ros Mhic Thriúin Baile in iardheisceart chontae Loch Garman i bPoblacht na hÉireann is ea Ros Mhic Thriúin. Tá an baile suite ar an abhainn. an Bhearú, gar do theorainn Chontae Chill Chainnigh. mion Tá calafort ann, agus is é an tríú bhaile sa chontae i ndiaidh baile Loch Garman agus Inis Córthaidh. Dar...
[Wikipedia:ga] Caerdydd Is é Caerdydd (Cardiff as Béarla) príomhchathair na Breataine Bige. Tá Caerdydd suite i ndeisceart na tíre, le calafort breá. Stair Tháinig fás agus forbairt as cuimse fúithi sa 19ú hAois, leis an Réabhlóid Thionsclaíoch, mar go raibh saibhreas guail agus iarainn i ngleannta deiscirt na Breata...
[Wikipedia:ga] Kansas Is stát é Kansas, agus eascraíonn an t-ainm as an bhfocal Lakota Kansa, gur bhrí leis ná "muintir an ghaoith aneas", atá suite i Meániarthar Stáit Aontaithe Mheiriceá. Is í Topeka an phríomhchathair. Tá teagasc éabhlóid sna scoileanna conspóideach i Kansas mar tá neart Chríostaíthe bunúsacha ina ...
[Wikipedia:ga] Richard Wagner Ba chumadóir Gearmánach é Richard Wagner (22 Bealtaine 1813 – 13 Feabhra 1883). Óige Wagner Rugadh é i Leipzig, sa Ghearmáin, sa bhliain 1813. Fuair a athair bás nuair a bhí sé sé mhí d'aois. Phós a mháthair fear céile nua ach fuair sé bás nuair a bhí Richard sé bliana d'aois. Chas a shu...
[Wikipedia:ga] Máire Mhic Giolla Íosa Ba í Máire Pádraigín Mhic Giolla Íosa nó Mary McAleese (27 Meitheamh 1951 i mBéal Feirste a rugadh í) ina ochtú hUachtarán ar Éirinn ó 1997 go 2011. Saol Saolaíodh Máire Pádraigín Ní Lionnacháin in Ard Eoin i mBéal Feirste ar an 27 Meitheamh, 1951, an duine is sine de naonúr clai...
[Wikipedia:ga] Foclóirí Gaeilge Ní liosta críochnúil é seo a leanas. mion|255x255px|focal.ie suíomh Láithreáin gréasáin * foclóir.ie suíomh * téarma.ie suíomh * teanglann.ie suíomh * potafocal.com suíomh * gaois.ie suíomh * aistriulitriochta.ie suíomh * Litreoir, gramadóir, teasáras, inneall aistriúcháin, srl: féach ...
[Wikipedia:ga] Dúil Tá mórán cialla leis an focal dúil: * Go ginearálta, is éard atá i ndúil ná gíota bunúsach de rud éigin. * Ar feadh ama fada, chreid grúpaí daoine (mar shampla scoil Phíotágaráis nó na hailceimicithe) go raibh na dúile (dúil chlasaiceach nó na ceithre dúile clasaiceacha) ina bpríomhghíotaí den dam...
[Wikipedia:ga] Damhna mion|Lampa plasma a léiríonn cuid de na feiniméin plasma is casta, lena n-áirítear filiméadh. mion|NO2-N2O4 mion|Quartz oisan Go hiondúil, san fhisic chlasaiceach agus sa cheimic ghinearálta, is éard is damhna ann ná ní a líonann spás trí thoirt a bheith aige. agus a mbíonn mais aige, bíodh an ru...
[Wikipedia:ga] Animalia Is orgánaigh ilcheallacha, eocarótacha iad ainmhithe sa ríocht bhitheolaíoch Animalia. Den chuid is mó, itheann ainmhithe ábhar orgánach, ionanálaíonn siad ocsaigin, bíonn matánchealla (myocyte) acu, agus bíonn siad in ann bogadh. Is féidir leo sliocht a phórú trí atáirgeadh gnéasach, agus fás ...
[Wikipedia:ga] Bitheolaíocht thumb|150px|Animalia - Bó|Bos primigenius taurus thumb|150px|Planta - Triticum thumb|150px|Fungi - Morchella esculenta thumb|150px|Bacteria - Gemmatimonas aurantiaca (- = 1 Micrometer) Is í an bhitheolaíocht an brainse eolaíochta in a ndéantar staidéar ar rudaí beo, ar nós na n-ainmhithe a...
[Wikipedia:ga] An tAontas Eorpach Is eagraíocht idirnáisiúnta, pholaitiúil agus eacnamaíochta é an tAontas Eorpach (AE). Tá seacht dtír is fiche ann agus iad ar fad lonnaithe i mór-roinn na hEorpa. Tá daonra de thuairim is 447 milliún aige. Is é Aontaithe san éagsúlacht a mhana. Is é an euro (€) an t-airgeadra i bhfo...
[Wikipedia:ga] Planda Is iad na plandaí na heocaróit a chruthaíonn an ríocht Plantae; tá siad fótaisintéiseach den chuid is mó. Ciallaíonn sé seo go bhfaigheann siad a gcuid fuinnimh ó sholas na gréine, ag baint úsáide as clóraplastaí a dhíorthaítear ó insiombóis le cianabaictéir chun siúcraí a tháirgeadh ó dhé-ocsaíd...
[Wikipedia:ga] Fungas Is orgánach eocarótach é an fungas a bhaineann le Ríocht na bhFungas. Is grúpa monaifíléiteach iad na fungais a dtugtar Eumycota (fíor-fhungais nó Eumycetes) orthu, agus iad difriúil leis na slam-mhúscáin (myxomycetes) agus na huisce-mhúscáin (oomycetes). Is deacair fungais a thabhairt faoi deara...
[Wikipedia:ga] Nua-Eabhrac (stát) Ceann de na 50 stát de chuid Stáit Aontaithe Mheiriceá is ea Nua-Eabhrac. Is é Albany príomhchathair an stáit agus is í Cathair Nua-Eabhrac an chathair is mó agus is aitheanta ann. Úsáidtear an giorrúchán NY don phost. Tá Stát Nua-Eabhrac suite ar chósta an Aigéin Atlantaigh in oirth...
[Wikipedia:ga] Long Island Síneann Long Island amach soir as cathair Nua-Eabhrac. Tá sé os cionn 170 km ar fhad, ach níl sé mórán thar 30 km ar leithead in aon chuid de. De ghnáth nuair a luaitear an t-ainm, fágtar Queens and Brooklyn ar lár, mar go bhfuilid i gNua-Eabhrac, cé gur chuid den oileán iadsan maidir le tír...
[Wikipedia:ga] Spéirling Jeanne Ba é Spéirling Jeanne an séú spéirling sa bhliain 2004, ag bualadh Oileáin Maighdine na Stát Aontaithe, Pórtó Rícó, an Phoblacht Doiminiceánach, Haïti agus oirdheisceart na Bahámaigh. Stair na stoirme Ghluais Jeanne ó dheas ó Oileáin Maighdine na Stát Aontaithe ar 15 Meán Fómhair, agus...
[Wikipedia:ga] Iosrael Tír sa Mheánoirthear, ar bhruach thoir na Meánmhara is ea Iosrael. Bhí daonra de 8,4 milliún duine sa tír sa bhliain 2006. Daoine Tá móramh Giúdach in Iosrael, agus is stát Giúdach é. Ach bíonn lucht mór Arabach sa tír, maraon le mionlaigh eile. Tá dlúthbhaint ag tailte na bPalaistíneach le hIo...
[Wikipedia:ga] Teilifís mion|clé|RTÉ, Monadh Rois, Domhnach Broc Is é an rud atá i gceist leis an teilifís ná córas teileachumarsáide le pictiúir ghluaiste a chraoladh, ionas gur féidir iad a ghlacadh i bhfad ar shiúl ó áit a gcraolta leis an ngléas ar a dtugtar teilifíseán. * Tagraíonn an focal teilifís do na cláir, ...
[Wikipedia:ga] Coronation Street Sobaldráma Briotanach is ea Coronation Street (nó Corrie go neamhfhoirmeálta uaireanta). Ba é Tony Warren a chruthaigh é, agus cuireadh ar an aer ar dtús é ar 9 Mí na Nollag 1960. Ba faoin dteideal Florizel Street a ceapadh ar dtús é, ach dúirt Agnes, freastalaí tae ag comhlacht teilif...
[Wikipedia:ga] Eliel Saarinen Ailtire Fionlannach ab ea Gottlieb Eliel Saarinen (20 Lúnasa 1873 – 1 Iúil 1950) a bhain cáil amach as a chuid foirgneamh art nouveau i dtús an 20ú haois. Leag sé amach plean forbartha do lár Heilsincí i stíl iarsmúil, plean nár cuireadh i gcrích riamh. D'imigh sé go dtí Stáit Aontaithe...
[Wikipedia:ga] Eero Saarinen Ailtire Meiriceánach de bhunadh Fionlannach ab ea Eero Saarinen (20 Lúnasa, 1910 - 1 Meán Fómhair, 1961) a bhain cáil amach lena chruthanna cuaracha áirseacha. Ceanglaítear go minic é leis an Stíl Idirnáisiúnta. Ba mhac leis an ailtire Eliel Saarinen é, agus rinne sé staidéar faoi threoir ...
[Wikipedia:ga] Feithid Artrapód a bhaineann leis an rang orgánach is mó éagsúla atá beo ar domhan is ea feithid. clé|mion|328x328px clé|mion|220x220px|Físeán: feithid ag siúl is ag eitilt clé|mion|220x220px|Físeán: Hercostomus rogenhoferi ar Parnassia palustris san Ostair clé|mion|220x220px|Físeán: duilleog Tréithe ...
[Wikipedia:ga] Giorrúcháin agus acrainmneacha thumb|350px|Sampla de chomhartha dátheangach in Éirinn, le brí na n-acrainmneacha atá in úsáid air. An tÚdarás um Chosaint Iascaigh Mhara - Sea Fisheries Protection Authority thumb|350px|Sampla de chomhartha a bhaineann úsáid as an acrainm TCI Tá dhá chineál giorrúcháin an...
[Wikipedia:ga] Euro mion|clé|120px|Siombail don euro Is é an euro an t-airgeadra i gcás mórchuid de mhuintir na hEorpa (siombail: €; cód ISO 4217 EUR). Tháinig an euro de thoradh an athchóiriú airgeadais ba thábhachtaí san Eoraip ón Impireacht Rómhánach i leith. Cé gur féidir an euro a mheas mar áis chun an Cómharga...
[Wikipedia:ga] Arizona Is stát é Arizona i Stáit Aontaithe Mheiriceá, in iardheisceart na tíre. Is é Phoenix príomhchathair an stáit, agus is é freisin an 5ú cathair is mó daonra sa tír, mar araon an chathair is mó sa stát. Úsáidtear an giorrúchán AZ don phost. Tá achar 295,000 ciliméadar cearnach in Arizona agus 7,0...
[Wikipedia:ga] An Reifirméisean mion|Fabhalscéal - chroch Mairtín Liútar 95 téas ar dhoras ardeaglais Wittenberg Tugtar an Reifirméisean (nó an tAthleasú Creidimh) ar ghluaiseacht a thosaigh sa 16ú haois le leas a chuir ar an Eaglais Chaitliceach, ach a d´fhág an Eoraip scoilte i dtaobh cleachtadh creidimh. B’iad seo...
[Wikipedia:ga] Gaeilge na hAlban Ceann de na teangacha Gaelacha í Gaeilge na hAlban nó Gàidhlig, mar a deir lucht labhartha na teanga féin. Foghrúpa de chuid na dteangacha Ceilteacha is ea na teangacha Gaelacha, mar atá, Gaeilge na hÉireann, Gaeilge na hAlban agus Gaeilge Mhanann. Is iad na teangacha Briotánacha, mar ...
[Wikipedia:ga] Cathair na Mart Is baile í Cathair na Mart (Béarla: Westport agus Cahernamart) atá in iarthar Chontae Mhaigh Eo. Gar do Chuan Mó atá an baile. clé|mion|236x236px|Fairgreen Stair Tógadh Teach Chathair na Mart ar dtús ag Richards Cassels, ailtire Gearmáinis, sna 1730idí. Tá doinsiúní an caisleán Uí Máill...
[Wikipedia:ga] Iúil Caesar Bhí Iúil Caesar (); 13 Iúil 100 RC - 15 Márta 44 RC) ina ghinearál, ina pholaiteoir agus ina scríbhneoir sa tSean-Róimh. Bhí sé ina bhall den chéad triúracht, agus ina dhiaidh sin, bhain sé amach deachtóireacht na Poblachta Rómhánaí. Bíonn staidéar á dhéanamh fós ag scoláirí Laidine agus ag ...
[Wikipedia:ga] Asgard (luamh) :Baineann an t-alt seo leis an luamh cáiliúil i stair na hÉireann. Má tá suim agat san áit a luaitear i miotaseolaíocht na Lochlannach, féach Ascar. Is luamh le rige geaifil é an tAsgard (nó an Asgard i mBéarla), sé mhéadar déag ar a fhad. Bhí cáil ar an Asgard ó thabhairt i dtír na ngunn...
[Wikipedia:ga] Úrscéal Is iomaí ciall a bhaintear as an bhfocal úrscéal, agus is iomaí leabhar agus alt atá scríofa faoi. Go tipiciúil, áfach, is scéal fada eipiciúil é an t-úrscéal a bhfuil idir phlota agus laochra ann, agus na laochra curtha i láthair ar bhealach indibhidiúil, ionas gur féidir iad a aithint thar a c...
[Wikipedia:ga] Iasar Arafat Bhí Yasser Arafat (nó Iasar Arafat) (24 Lúnasa 1929 – 11 Samhain 2004) a rugadh faoin ainm Mohammed Abdel-Raouf Arafat al-Qudwa al-Husseini () ina uachtarán ar Údarás na Palaistíne. Polaitíocht Bhí Arafat ina bhunaitheoir agus ina cheannaire ar FATA, chomh maith le bheith ina chathaoirleac...
[Wikipedia:ga] Ollscoil mion|Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath|Coláiste na Tríonóide|alt=|300x300px Is institiúid ardoideachais agus taighde í an ollscoil, a bhronnann céimeanna acadúla. Cuireann ollscoil oideachas tríú leibhéal agus ceathrú leibhéal ar fáil. Stair D´fhéadfaí a rá gurbh í an chéad ollscoil san...
[Wikipedia:ga] Martin Luther B'é Máirtín Liútar (Gearmáinis: Martin Luther nó Martin Luder, Laidin: Martinus Lutherus. 10 Samhain 1483 - 18 Feabhra 1546) a chuir tús leis an Athleasú Creidimh, nuair a d'fhoilsigh sé na Cúig Théis Déag is Ceithre Scór i Wittenberg na Gearmáine ar an 31 Deireadh Fómhair 1517. B'eisean a...
[Wikipedia:ga] Der Ring des Nibelungen Sraith de cheithre opera a scríobh Richard Wagner is ea Der Ring des Nibelungen. Tá ceithre chinn acu ann, agus ba é Wagner é féin a chum idir cheoil agus liricí. Baineann siad le sean miotaseolaíocht na Gearmáine agus Chríoch Lochlann don chuid is mó, cé go bhfuil meascán de thr...
[Wikipedia:ga] Túrcú Is í Túrcú (Turku i bhFionlainnis agus Åbo i Sualainnis, an dara theanga sa tír) in iardheisceart na Fionlainne an cúigiú chathair is mó agus an chathair is sine agus is stairiúla sa tír sin. Bhí sí ina príomhchathair ar an bhFionlainn go dtí an bhliain 1812, nuair a bronnadh an chéimíocht sin ar ...
[Wikipedia:ga] Guaire Is baile margaidh i dtuaisceart Chontae Loch Garman é Guaire (Béarla: Gorey), ar bhóthar N11 idir Baile Átha Cliath agus Loch Garman. Tá ceangal bóthar iarann freisin comhthreomhar leis seo. Dar le daonáireamh 2016, bhí 10,366 duine ina gcónaí ann. Cúig chiliméadar ón mbaile tá Baile na Cúirte, ...
[Wikipedia:ga] Oileán Mhanann Is spleáchríoch de Choróin na Ríochta Aontaithe í Oileán Mhanann nó Manainn (Gaeilge Mhanann: Ellan Vannin; Béarla: Isle of Man). I Muir Éireann atá sí suite agus í comhchóngarach d'Éirinn, d'Albain, do Shasana agus don Bhreatain Bheag. Deirtear gur ó Mhanannán Mac Lir, dia farraige na se...
[Wikipedia:ga] Óglaigh Uladh mion|Ulster Volunteer Force Eagraíocht mhíleata a bunaíodh sa bhliain 1912 chun cur i gcoinne an Rialtais Dúchais d'Éirinn is ea Óglaigh Uladh (UVF, nó as Béarla, na Ulster Volunteers, agus le linn na dTrioblóidí an Ulster Volunteer Force). Stair 1910idí mion|1914 Bhunaigh an dlíodóir Edw...
[Wikipedia:ga] Panu Petteri Höglund Tá Panu Petteri Höglund (17 Mí na Samhna 1966 a rugadh é) ina ghníomhaí teanga agus litríochta de chuid na Gaeilge agus teangacha eile. Fionlannach ó dhúchas é, ach baineann cuid dá mhuintir leis an mionlach Sualannach, agus é féin ag glacadh páirt ghníomhach i saol cultúrtha an mhi...
[Wikipedia:ga] Ríomhphost deas|200px|thumb|Ríomhphost - sampla. Is éard is ríomhphost ann ná seirbhís a chuirtear ar fáil thar an Idirlíon (is seirbhísí eile iad an Gréasán Domhanda, FTP, srl.). Is féidir teachtaireachtaí a sheoladh ó ríomhaire ar bith atá ceangailte leis an Idirlíon go dtí ríomhaire eile atá ceangail...
[Wikipedia:ga] Grianghrafadóireacht thumb|220px|Grianghrafadán Is éard atá i ngrianghrafadóireacht ná íomhá seasta a thaifeadadh ar ábhar solas-íogair go ceimiceach, go meicniúil nó go digiteach. Go bunúsach ciallaíonn an focal grianghrafadóireacht scríobh le solas na gréine. Stair Tosaíodh ar íomhánna a cheapadh i g...
[Wikipedia:ga] Dubhghlas de hÍde Scoláire agus polaiteoir Éireannach ab ea Dubhghlas de hÍde () nó an Craoibhín Aoibhinn (a ainm cleite): 17 Eanáir 1860 - 12 Iúil 1949). Duine de bunaitheoirí Chonradh na Gaeilge ba ea é agus béaloideasaí cáiliúil. Eisean an chéad duine a roghnaíodh mar Uachtarán na hÉireann, agus b'in...
[Wikipedia:ga] Diarmaid Ó Súilleabháin mion|An Muileann gaoithe|Muilleann, [[Baile Bhuirne]] Scríbhneoir Gaeilge ba ea Diarmaid Ó Súilleabháin (29 Iúil 1932 – 5 Meitheamh 1985) a thug léargas ar shaol uirbeach a linne. Scríbhneoir cruthaitheach ba ea é, nuálaí ag an am. Saol Rugadh Diarmaid Ó Súilleabháin in aice lei...
[Wikipedia:ga] Acht an Aontais mion|Ríocht na hÉireann, 1542 – 1800 Tugtar Acht na hAontachta ar: * Acht an Aontais 1536 a cheangail Sasana agus an Bhreatain Bheag (Sasana a tugadh ar an aontas) * Acht an Aontais 1707 a cheangail Albain agus Sasana (Ríocht na Breataine Móire a tugadh ar an aontas) * Acht an Aontais 1...
[Wikipedia:ga] Michael Davitt (feachtasóir) ::Is é seo leathanach faoin pholaiteoir Mícheál Daibhéad. Duine eile an file; féach Michael Davitt. Bhí Mícheál Mac Daibhéid, Mícheál Dáibhéad nó Michael Davitt (25 Márta 1846 – 30 Bealtaine 1906) ina fheachtasóir sóisialta agus ina náisiúnach, as Contae Mhaigh Eo; ba é a b...
[Wikipedia:ga] Amharclann na Mainistreach Is amharclann i mBaile Átha Cliath í Amharclann na Mainistreach, nó Amharclann Náisiúnta na hÉireann. Bhí cuid mhaith de na scríbhneoirí agus aisteoirí is mór le rá in Éirinn sa chéad leath den 20ú haois bainte leis an amharclann, William Butler Yeats, Lady Gregory, Sean O'Cas...
[Wikipedia:ga] Annraoi Ó Liatháin Scríbhneoir Éireannach ab ea Annraoi Ó Liatháin (1917 – 1981). Bhí stíl chorraitheach éasca scríbhneoireachta aige a mheall go leor daoine óga i leith na léitheoireachta Gaeilge, go háirithe sa leabhar Laochra na Machairí, stair na Meiriceánach Dúchasach a throid in aghaidh ionradh na...
[Wikipedia:ga] An Ostair Poblacht i lár na hEorpa í an Ostair (Gearmáinis: Österreich), ar mar a dtugtar go hoifigiúil Poblacht na hOstaire (Gearmáinis: Republik Österreich). Tá teorannacha aici leis an nGearmáin, leis an tSeic, leis an tSlóvaic, leis an Ungáir, leis an tSlóivéin, leis an Iodáil, le Lichtinstéin agus ...
[Wikipedia:ga] Rothar thumb| Is éard atá i gceist leis an rothar, nó leis an ngearrán iarainn (nó each iarainn uaireanta) (úsáidtear leaganacha truaillithe den fhocal Béarla bicycle go coitianta i gcaint na Gaeltachta, cosúil le badhsacail agus badhsalaic; focal oifigiúil é badhsacal i nGaeilge na hAlban) ná cóir thai...
[Wikipedia:ga] Binn Éadair 300px|deas|thumb|Ceann Bhinn Éadair. Sráidbhaile cois farraige ar an taobh thuaidh de Bhaile Átha Cliath í Binn Éadair. Tá an chuid is mó den bhaile suite ar leithinis i gCuan Bhaile Átha Cliath, ar a dtugtar Ceann Bhinn Éadair. Cuid de Fine Gall atá ann. Dar le daonáireamh 2016, bhí 8,277 d...
[Wikipedia:ga] Conradh na Gaeilge Eagraíocht is ea Conradh na Gaeilge (seanlitriú: Connradh na Gaedhilge) a bunaíodh sa bhliain 1893 chun an Ghaeilge a chur chun cinn. Uachtarán reatha Paula Melvin. Is gnách dearcadh ar Dhubhghlas de hÍde mar phríomhbhunaitheoir an Chonartha, ós rud é gurbh eisean a chuir tús leis an...
[Wikipedia:ga] An Chríostaíocht thumb|upright|Íomhá den Croí Rónaofa. Is minic a bhíonn an íomhá seo le feiceáil i dtithe Críostaí, go háirithe i dtithe Caitliceacha. Is creideamh aondiach í an Chríostaíocht atá bunaithe ar shaol agus ráitis Íosa Chríost sa Tiomna Nua. Na trí dreamanna sa domhan Críostaí ná an Eaglai...
[Wikipedia:ga] Limistéar an euro mion|Limistéar an euro (1999/2002) mion|upright=1.6|Limistéar an euro, 2023 Is críoch airgeadra í limistéar an euro a thugann le chéile tíortha an Aontais Eorpaigh a ghlac leis an eoró mar airgeadra coitianta. Cruthaíodh an chríoch i 1999 le aon tír déag, agus tugadh isteach an Ghréig ...
[Wikipedia:ga] Ceanada Is tír i Meiriceá Thuaidh é Ceanada. Síneann a dheich gcúige agus a trí chríoch ón Aigéan Atlantach go dtí an tAigéan Ciúin agus ó thuaidh isteach san Aigéan Artach, rud a fhágann gurb é an dara tír is mó ar domhan de réir achair iomlán, leis an gcósta is faide ar domhan. Is é Ottawa príomhchath...
[Wikipedia:ga] Đồng Nai Is cúige de chuid Vítneam é Đồng Nai. Tá Đồng Nai suite taobh thoir thuaidh de Cathair Hô-Chi-Minh in oirdheisceart na tíre. Is é Biên Hòa an chathair is mó in Đồng Nai. Tá achar 5,895 km2 ag an gcúige. 2,838,600 duine an daonra sa bhliain 2014. Is iad dúichí an chúige ná: Cẩm Mỹ,Định Quán,Lon...
[Wikipedia:ga] Stát (polaití) mion|Na stáit Is polaití é stát faoi chóras rialachais. Níl aon sainmhíniú gan chonspóid ar stát. Sainmhíniú a úsáidtear go forleathan, tagann sé ón socheolaí Gearmánach Max Weber a dúirt gur "polaití" is ea "stát" a choinníonn monaplacht ar úsáid dlisteanach an fhoréigin, cé nach bhfuil...
[Wikipedia:ga] Vítneam Tír in oirdheisceart na hÁise is ea Poblacht Shóisialach Vítneam, agus í ag críochantacht leis an tSín, le Laos, leis an gCambóid agus le Murascaill Tonkin. Is í an Vítneaimis an teanga náisiúnta. Is í Ha Noi, i dtuaisceart na tíre, an phríomhchathair, ach is í Cathair Ho Chi Minh sa deisceart a...
[Wikipedia:ga] Yu Ming Is Ainm Dom Tháinig an gearrscannán íorónta Yu Ming Is Ainm Dom ar an scáileán an chéad uair sa bhliain 2003. Ba é Daniel O'Hara stiúrthóir an scannáin. Carachtair *Diyu Daniel Wu mar Yu Ming *Frank Kelly mar sean fhear *Paddy C. Courtney mar freastalaí bheár *Richard Morton mar Lenny Naisc she...
[Wikipedia:ga] Daniel O'Hara Is é Daniel O'Hara stiúrthóir an scannáin Yu Ming Is Ainm Dom agus scannáin eile. Is as Baile Átha Cliath ó dhúchas é O'Hara agus chaith sé tréimhse ina chónaí sa Ghearmáin tar éis dó céim a bhaint amach sa Staidéar Gnó le Gearmáinis i lár na nóchaidí. Is é Fluent Dysphasia (2004), ina bhf...
[Wikipedia:ga] Turas Teanga thumb|right|Clúdach leabhair Turas Teanga. Is scannán agus cúrsa oideachais é Turas Teanga a seoladh sa bhliain 2004, le Sharon Ní Bheoláin mar láithreoir. Tá dhá DVD agus leabhar amháin ann, agus craoladh na cláir atá sa scannán ar an teilifís ar TG4 agus Radio Telefís Éireann/RTÉ a hAon. ...
[Wikipedia:ga] Sharon Ní Bheoláin mion|Sharon Ní Bheoláin ar chlúdach leabhair Turas Teanga.|clé Is láithreoir cláir í Sharon Ní Bheoláin (rugadh 15 Feabhra 1971) ar RTÉ, TG4, srl, go háirithe do chláir i nGaeilge. Sa bhliain 2004, chuir sí an chlár oideachais Turas Teanga i láthair, atá foilsithe mar DVD, dlúthdhiosc...
[Wikipedia:ga] Vicí Saghas feidhmchláir Gréasáin is ea vicí a cheadaíonn do na húsáideoirí ábhar a chur leis (ar nós fóram Idirlín), agus a cheadaíonn dóibh an t-ábhar a chur in eagar chomh maith. Tugtar an téarma vicí ar na bogearraí chomhoibríocha a úsáidtear chun an saghas suímh Gréasáin sin a chruthú (féach ar bog...
[Wikipedia:ga] An Vítneaimis Is í an Vítneaimis teanga náisiúnta Vítneam. Labhraíonn tuairim is 75 mhilliún duine ar fud an domhain an teanga seo. Cosúil lena lán teangacha in oirthear na hÁise, ar nós na Sínise mar shampla, is teanga thonúil í an Vítneaimis. Ciallaíonn an méid sin gur féidir nach bhfuil de dhifríocht...
[Wikipedia:ga] An Protastúnachas Tugtar Protastúnachas ar an dtréith sin den Chríostaíocht a tháinig ar an saol i ndiaidh an tAthleasú Creidimh, agus go ginearálta ar na heaglaisí a thagann ón am sin agus ina dhiaidh. Tugtar tús áite, go hiondúil, do Mairtín Liútar, manach Aibhistíneach sa Ghearmáin a bhí ag iarraidh ...
[Wikipedia:ga] Valéry Giscard d'Estaing Uachtarán na Fraince idir 1974-1981 ab ea Valéry Giscard d'Estaing (2 Feabhra 1926 – 2 Nollaig 2020).clé|mion|1940idíUachtarán an Choinbhinsiúin AE ar an mBunreacht, agus duine de mhórúdair an Bhunreachta, nó an Conradh Liospóin, ab ea é, clé|mion|2015 Toghadh é d'Acadamh na Fra...
[Wikipedia:ga] An Ghearmáin Is tír mhór i lár na hEorpa í an Ghearmáin nó an Almáin (Gearmáinis: Deutschland), nó Poblacht Chónaidhme na Gearmáine (Gearmáinis: Bundesrepublik Deutschland) go hoifigiúil, a raibh thart ar 83 milliún duine ina gcónaí inti sa bhliain 2019. Is ball den Aontas Eorpach í. Tá teorainn aici le...
[Wikipedia:ga] Toirdhealbhach Ó Cearbhalláin Cláirseoir agus cumadóir ceoil ba ea Toirdhealbhach Ó Cearbhalláin nó Toirealach Ó Cearúlláin (Turlough O'Carolan i mBéarla) (1670 – 25 Márta 1738). Chum sé neart fonn agus amhrán, agus tá rian cheol chlasaiceach a linne le haithint go soiléir ar a shaothar. Tá éileamh mór ...
[Wikipedia:ga] Liosta ollscoileanna in Éirinn Liosta is ea se de hollscoileanna agus coláistí atá suite in Éirinn. Cuirtear comh-choláistí san áireamh. Poblacht na hÉireann * Ollscoil Átha Cliath ** Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath * Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath * Ollscoil na hÉireann ** Coláiste na h...
[Wikipedia:ga] Raidió Teilifís Éireann Is cuideachta leathstáit é Raidió Teilifís Éireann (RTÉ) agus is é RTÉ craoltóir seirbhíse na hÉireann. Tá sé ar cheann de na craoltóirí seirbhíse poiblí is sine atá ag feidhmiú ar fud an domhain. Foilsíonn sé liostaí seachtainiúla agus iris stíl mhaireachtála, 'RTÉ Guide'. Cuir...
[Wikipedia:ga] Ollscoil na Gaillimhe Cuireadh Ollscoil na Gaillimhe ar bun sa bhliain 1845. Bhí os cionn 18,000 mic léinn ag freastal uirthi in 2022. Bhí Ollscoil na Gaillimhe rangaithe san 2% de ollscoileanna is fearr ar fud an domhain in 2022. Bhí Ollscoil na Gaillimhe ar cheann de na hollscoileanna is fearr in Éir...
[Wikipedia:ga] An tAcht um Rialtas na hÉireann (1920) Fuair an tAcht um Rialtas na hÉireann (1920) aontú an rí ar 23 Nollaig 1920 agus chuir rialtas na Breataine an tAcht i bhfeidhm ar 3 Bealtaine 1921. Bhí an tAcht bunaithe ar an Tríú Bille um Rialtas Dúchais na hÉireann (1914). Reachtaíodh é le cur leis an ngealltan...