id stringlengths 6 19 | text stringlengths 1 1.02k | eng_text stringlengths 1 1.02k |
|---|---|---|
eclr:1105 | De bharr an lánchoisc a bhí ar earcaíocht le roinnt blianta bhíothas ag tabhairt le fios nach raibh ar a gcumas aon ní a dhéanamh faoi seo. | It was indicated that nothing could be done to rectify this situation due to the moratorium on recruitment in place for several years now. |
eclr:1106 | Anois agus maolú ag teacht ar an gconstaic sin is deacair a chreidiúint go mbeadh roinnt Ranna Rialtais ag tabhairt le fios nach bhfuil aon riachtanas ann go n-aithneofaí poist a mbeadh inniúlacht sa Ghaeilge ag baint leo. | Now that this barrier is being diluted, it is difficult to believe that Government Departments could claim that there is no necessity to identify jobs requiring proficiency in Irish. |
eclr:1107 | Ardaíonn an dearcadh seo ceisteanna tromchúiseacha maidir le toil an Stáit seirbhísí ar comhchaighdeán a sholáthar sa dá theanga oifigiúla. | This attitude raises a serious question regarding the willingness of the State to provide services of similar standard in both official languages. |
eclr:1108 | Bheifí ag súil le ceannaireacht ó Ranna Rialtais agus ó na hOifigí is mó tábhacht sa tír maidir le seirbhís eiseamláireach a sholáthar in dhá theanga oifigiúla an Stáit. | One would expect leadership from Government Departments and from the most important Offices in the country regarding delivery of an exemplary service in the State’s two official languages. |
eclr:1109 | Is eol dúinn ar fad nach féidir seirbhísí a sholáthar don phobal i nGaeilge ach amháin nuair a bhíonn dóthain daoine ar fáil chun na seirbhísí sin a sholáthar. | We all know that services can only be provided to the public in Irish when enough people are available to provide these services. |
eclr:1110 | Is beag is fiú a bheith ag bunú painéil earcaíochta do dhaoine leis an gcumas oibriú i nGaeilge agus i mBéarla mura bhfuil róil straitéiseacha aitheanta ar féidir leis na daoine sin oibriú iontu. | It is hardly worthwhile establishing recruitment panels for people able to work in Irish and in English if no strategic roles are identified for those people to work in. |
eclr:1111 | Feictear dom go bhfuil an cur chuige atá á ghlacadh ag roinnt Ranna Rialtais ag dul glan i gcoinne an chuspóra shonraigh a bhí luaite sa Straitéis 20 bliain don Ghaeilge go n-aithneofaí poist le riachtanas Gaeilge i scéimeanna teanga na gcomhlachtaí poiblí feasta. | It appears to me that certain Government Departments are taking an approach which is directly at odds with the specific objective identified in the 20 Year Strategy for the Irish Language, that is that jobs with an Irish language requirement would henceforth be identified in the language schemes of public bodies. |
eclr:1112 | Níl sé le brath go fóill go bhfuil an méid seo ag tarlú ar aon bhealach struchtúrtha ná iomlán in ainneoin go bhfuil breis agus cúig bliana caite ó foilsíodh an Straitéis. | It cannot be said that this is happening in any structured or overall fashion in spite of more than five years having elapsed since the Strategy’s publication. |
eclr:1113 | Ba le linn na bliana seo a fuair m’Oifig an líon is airde gearán riamh ar aon ábhar sonrach amháin. | This year marked the largest number of complaints ever received by my Office on one specific matter. |
eclr:1114 | Bhain na gearáin sin le córas na bpostchód nua, Eircode, agus go háirithe an cur chuige a glacadh ó thaobh seachadadh na bpostchód céanna. | These complaints related to the new postcode system, Eircode, and especially the approach adopted in the dissemination of the postcodes. |
eclr:1115 | Ar an iomlán, fuair m’Oifig os cionn 70 gearán a bhain leis an ábhar seo. | In total, my office received over 70 complaints on this matter. |
eclr:1116 | Níor chuir an t-olc a bhí ar dhaoine nuair a fuair siad an postchód nua ó Eircode aon iontas orm, faraor. | The anger of people when they received the new postcode from Eircode did not surprise me, unfortunately. |
eclr:1117 | Daoine ag fáil litreacha lena n-ainm agus sloinne i mBéarla nuair nár úsáid siad riamh ach an leagan Gaeilge agus míchruinneas de réir cosúlachta ag baint le seoltaí agus logainmneacha Gaeilge agus Gaeltachta. | People received letters with their name and surname in English when they only ever used the Irish language version and there were also apparent inaccuracies in addresses and in Irish language and Gaeltacht placenames. |
eclr:1118 | Thabharfadh sé le fios duit gur deacair leis an Stát déileáil le pobail agus le daoine aonair in aon teanga ach amháin i dteanga oifigiúil agus réamhshocraithe an Bhéarla. | This suggests that the State finds it difficult to deal with communities and individuals in any language apart from the official and default language – English. |
eclr:1119 | Is dlúthchuid dár gcéannacht é ár n-ainm agus sloinne agus níor chóir go dtógfadh aon duine nó eagraíocht orthu féin é a ghalldú. | Our name and surname is an integral part our identity and no person or organisation should take it upon itself to anglicise this. |
eclr:1120 | Thug mé faoi imscrúdú ar an gceist agus tá achoimre ar an imscrúdú sin sa tuarascáil seo. | I undertook an investigation on this matter and this report contains a summary on this investigation. |
eclr:1121 | Léiríonn an cheist seo uair amháin eile an gá atá le reachtaíocht láidir teanga le cosaint a thabhairt do bhunchearta an tsaoránaigh. | This issue once again highlights the need for robust language legislation to safeguard the basic rights of citizens. |
eclr:1122 | Ba chóir go mbeadh stádas reachtúil ag ainmneacha agus seoltaí Gaeilge. | Names and addresses in Irish should have statutory status. |
eclr:1123 | Ba chóir freisin go mbeadh sé de dhualgas ar chomhlachtaí poiblí na leaganacha oifigiúla de logainmneacha Gaeltachta a úsáid do gach gnó oifigiúil. | Public bodies should also be obliged to use the official versions of Gaeltacht placenames for all official business. |
eclr:1124 | Ar an iomlán, bhain 14.4% de na gearáin i dtaobh comhlachtaí poiblí le húsáid an leagain Gaeilge d’ainm agus sloinne agus seoladh. | In total, 14.4% of complaints about public bodies related to the usage of the Irish version of a name and surname and address. |
eclr:1125 | Bhí nós seanbhunaithe sa tír seo gur ceadmhach don saoránach ceachtar leagan – Gaeilge nó Béarla – dá n-ainm agus sloinne agus seoladh a úsáid leis an státchóras. | There has been a long-standing tradition in this country that citizens could use either version of their name and address – Irish or English – with the State. |
eclr:1126 | Go stairiúil, ba mhinic leagan Béarla d’ainm agus sloinne a bheith ar theastas breithe ach leagan Gaeilge a bheith in úsáid ar bhonn laethúil ar phas, ceadúnas tiomána, do chúrsaí cánach agus leasa shóisialaigh agus araile. | Historically, it was often the case that an English version of a name was on a birth certificate but an Irish version was used on a daily basis on a passport, driving licence, for tax and social welfare purposes etc. |
eclr:1127 | De bharr cúrsaí slándála, tá athrú ag teacht ar an gcás seo anois, agus bítear ag súil le cruthúnas úsáide ar feadh tréimhse dhá bhliain den chuid is mó sula ceadmhach leagan eile seachas an leagan ar an teastas breithe a úsáid ar cháipéisí stáit. | For security reasons, this is changing now, and it is expected, for the most part, that there be proof of usage for two years before a different version of one’s name may be used on state documents that is different to that on a birth certificate. |
eclr:1128 | Ní mór a chinntiú go gcuirfear córas cuí i bhfeidhm a chinntíonn gur ceadmhach don saoránach an leagan is rogha leis nó léi a úsáid leis an Stát, ach a chinntíonn nach bhfuil aon bhaol slándála ann. | It is important to ensure that an appropriate system is put in place which allows the citizen to use whichever version he/she prefers with the State, while also ensuring there are no security concerns. |
eclr:1129 | GEARÁIN/IMSCRÚDUITHE | COMPLAINTS/INVESTIGATIONS |
eclr:1130 | Léiríodh uair amháin eile na deacrachtaí atá cruthaithe do shaoránaigh na tíre ar mian leo plé leis an státchóras trí Ghaeilge ach nach féidir leo mar nach bhfuil uasdátú rialta á dhéanamh ar sceideal na gcomhlachtaí poiblí le linn na bliana. | The number of complaints shows once again the difficulties created for citizens who wish to deal with the State through Irish but cannot do so as the schedule of public bodies isn’t being updated regularly. |
eclr:1131 | Fearacht na bliana seo caite, rinneadh líon suntasach gearán le m’Oifig le linn na bliana 2015 a bhain le comhlachtaí poiblí nach dtagann faoi scáth na reachtaíochta – 116 ar an iomlán, i gcomparáid le 115 an bhliain roimhe sin. | As was the case last year, a substantial number of complaints were made to my Office in 2015 relating to public bodies that don’t come under the legislation – 116 in total, compared to 115 the previous year. |
eclr:1132 | Arís, bhain a bhformhór mór le comhlachtaí poiblí a cuireadh ar bun ón uair a rinneadh an nuashonrú is déanaí ar sceideal na gcomhlachtaí poiblí in Acht na dTeangacha Oifigiúla siar i mBealtaine na bliana 2006. | Again, the vast majority of these related to public bodies that were established after the schedule relating to public bodies in the Official Languages Act was last updated in May 2006. |
eclr:1133 | Ar na líon is suntasaí gearán a rinneadh bhí 23 gearán i dtaobh an Údaráis um Shábháilteacht ar Bhóithre agus 33 gearán i dtaobh Uisce Éireann. | Amongst the most significant complaints received were 23 complaints regarding the Road Safety Authority and 33 complaints regarding Irish Water. |
eclr:1134 | Bhain ceithre ghearán leis an tSeirbhís Tástála Náisiúnta Gluaisteán agus dhá ghearán leis an gComhairle Mhúinteoireachta. | Four complaints were received about the National Car Testing Service and two complaints relating to the Teaching Council. |
eclr:1135 | Toisc nach raibh ar chumas m’Oifige na gearáin seo a fhiosrú, de bharr nár tháinig na comhlachtaí poiblí seo faoi scáth na reachtaíochta, ní féidir liom a rá an raibh sárú reachtúil i gceist in aon chás fiú dá mbeidís faoi scáth an Achta. | As my Office couldn’t investigate these complaints, because the public bodies concerned didn’t come under the legislation, I can’t say if a breach of legislation occurred, even if they did come under the Act. |
eclr:1136 | Mar a luaigh mé anuraidh, tá sé molta ag m’Oifig i gcomhthéacs an athbhreithnithe ar Acht na dTeangacha Oifigiúla go dtiocfadh gach comhlacht poiblí nuachruthaithe go huathoibríoch faoi scáth na reachtaíochta, mar a tharlaíonn i gcás reachtaíocht eile agus tá sin curtha san áireamh i gceannteidil an Bhille leasaithe. | As I stated last year, my Office has recommended in the context of the review of the Official Languages Act that every newly-established public body would automatically come under the Act, as happens with other legislation, and this has been included in the Heads of the amending Bill. |
eclr:1137 | Ní miste liom a lua go bhfuil cuid de na gearáin seo curtha ar a súile agam do na comhlachtaí poiblí cuí, lena gcead, agus go bhfuil an-chomhoibriú faighte agam ina leith, in ainneoin nach dtagann siad faoi scáth na reachtaíochta – an tÚdarás um Shábháilteacht ar Bhóithre go háirithe. | I should mention that some of the complaints received have been referred to the public bodies concerned, with their permission, and that I have received very good cooperation in this regard, despite the fact that the legislation does not apply to these bodies – the Road Safety Authority especially. |
eclr:1138 | Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leo as an gcomhoibriú sin. | I wish to thank the bodies concerned for this cooperation. |
eclr:1139 | Thug m’Oifig ocht n-imscrúdú chun críche le linn na bliana reatha agus tá achoimre le fáil orthu sin sa tuarascáil seo. | My Office completed eight investigations during the current year and these are summarised in this report. |
eclr:1140 | Is é an gnáthnós a bhíonn ag m’Oifig ná iarracht a dhéanamh ábhair ghearáin a réiteach gan dul i muinín imscrúdú. | My Office usually takes the approach of seeking to resolve complaints without recourse to an investigation. |
eclr:1141 | Ní bhíonn de rogha agam, áfach, ach imscrúdú a sheoladh má tharlaíonn nach mbíonn aon toradh sásúil ar an gcóras neamhfhoirmiúil. | However, I have no choice but to launch an investigation where the informal system fails to achieve satisfactory results. |
eclr:1142 | FAIREACHÁN | MONITORING |
eclr:1143 | Lean m’Oifig den obair faireacháin a bhíonn idir lámha aici go ciúin, cúramach agus seasmhach mar a dhéanann sí gach bliain. | My Office continued in the monitoring work it undertakes in a low key, careful and consistent manner as it does every year. |
eclr:1144 | Dhírigh an obair faireacháin cuid mhaith ar na scéimeanna teanga agus leanadh den chóras iniúchta atá bunaithe anois le roinnt blianta. | The monitoring work focused substantially on language schemes and the auditing system now in place for several years continued in operation. |
eclr:1145 | Éiríonn le m’Oifig teacht ar shocrú le formhór na gcomhlachtaí poiblí nach mbíonn gach cuid dá scéim teanga curtha i ngníomh acu tráth an iniúchta. | My Office succeeds in coming to an arrangement with most public bodies that haven’t fully implemented their language scheme at the time of the audit. |
eclr:1146 | I gcásanna áirithe, áfach, bíonn ar m’Oifig tabhairt faoi imscrúdú de thoradh an phróisis iniúchta faoi mar a tharla i gcás dhá údarás áitiúla a bhfuil cuntas tugtha orthu sa tuarascáil seo. | In certain cases, however, my Office has to undertake an investigation as a result of the audit process, as was the case regarding two local authorities that are detailed in this report. |
eclr:1147 | Cé nach bhfuil sé áirithe mar chuid d’obair faireacháin na hOifige, thugamar suntas don líon ard institiúidí oideachais nár fhreagair litir i nGaeilge ón Oifig seo ag lorg nuashonrú ar na foinsí teagmhála. | While not part of the monitoring work carried out by the Office, we took note of the high number of educational institutions that failed to respond to a letter in Irish from this Office seeking an update of their contact details. |
eclr:1148 | Cé nach féidir a dhéanamh amach an de thoradh an litir a bheith i nGaeilge nó de bharr mí-éifeacht riaracháin nár tugadh freagra, is díol spéise é mar sin féin. | While it cannot be ascertained whether the failure to respond was due to the letter being in Irish or due to administrative inefficiency, it was interesting nevertheless. |
eclr:1149 | Is ábhar é seo arbh fhéidir gur ghá filleadh uirthi go hoifigiúil mar chuid d’obair faireacháin na hOifige. | This is a subject that may need to be revisited on an official basis as part of the Office’s monitoring work. |
eclr:1150 | CUMARSÁID | COMMUNICATIONS |
eclr:1151 | Bhí tosaíocht faoi leith ag baint le cúrsaí cumarsáide agus comhairle do chomhlachtaí poiblí le linn na bliana 2015. | Communication and advice to public bodies were a priority during 2015. |
eclr:1152 | Lean mé den phróiseas ar chuir mé tús léi anuraidh do chruinnithe le hArd-Rúnaithe na Ranna Rialtais. | I continued the process commenced last year of meetings with the Secretaries General of Government Departments. |
eclr:1153 | Bhí éileamh mór freisin ó chomhlachtaí poiblí ar sheisiúin eolais a chur ar fáil do lucht bainistíochta agus don fhoireann i gcoitinne. | There was also a high demand from public bodies for information sessions for management and staff in general. |
eclr:1154 | Níor eitigh m’Oifig aon iarratas a cuireadh faoinár mbráid. | No such request made to the Office was refused. |
eclr:1155 | Tá sé tamall de bhlianta anois ó d’eagraigh m’Oifig aon seisiún eolais ginearálta do chomhlachtaí poiblí chun an tAcht a phlé. | A number of years have passed since my Office organised general information sessions for public bodies to discuss the Act. |
eclr:1156 | D’aithin muid go raibh géarghá lena leithéid i bhfianaise na n-athruithe móra pearsanra atá tar éis tarlú sa tseirbhís phoiblí agus dá thoradh sin eagraíodh seimineár eolais do chomhlachtaí poiblí le linn Oireachtas na Gaeilge. | We recognised the necessity for these in light of the major personnel changes that have taken place in the public service and as a result an information seminar was held as part of Oireachtas na Gaeilge. |
eclr:1157 | Thug sé ardú croí dom go raibh éileamh thar na bearta ar an seimineár seo. | I was hugely encouraged by the very large demand for places at this seminar. |
eclr:1158 | Ach na hacmhainní a bheith ar fáil, tá sé i gceist againn breis seimineár a eagrú le linn na bliana seo chugainn chun freastal ar an éileamh atá ann. | If we have sufficient resources available to us, we aim to hold further seminars next year to cater for demand. |
eclr:1159 | Ceann de na nithe is mó a thugann sásamh dom mar Choimisinéir Teanga ná an deis casadh le lucht labhartha na Gaeilge, grúpaí pobail agus gníomhaithe a bhíonn ag obair ar son na teanga. | One of the greatest causes of satisfaction from my role as Coimisinéir Teanga is the opportunity to meet Irish speakers, community groups and activists working in support of the language. |
eclr:1160 | Thug mé cuairt ar chuid mhaith ceantar i mbliana, ina measc Daingean Uí Chúis, chun labhairt le Comhlacht Forbartha Chorca Dhuibhne, Cois Fharraige ag an bhFéile Náisiúnta Drámaíochta, an Rinn do Dhaonscoil na Mumhan, agus Ros Muc do Scoil Samhraidh an Phiarsaigh. | I visited many areas this year, including Dingle/Daingean Uí Chúis, to speak Comhlacht Forbartha Chorca Dhuibhne; Cois Fharraige at An Fhéile Náisiúnta Drámaíochta; An Rinn for Daonscoil na Mumhan, and Ros Muc for Scoil Samhraidh an Phiarsaigh. |
eclr:1161 | Bíonn plé leanúnach agam freisin le Coistí agus Comhchoistí Oireachtais, an Comhchoiste um Fhormhaoirsiú ar an tSeirbhís Phoiblí agus Achainíocha go háirithe. | Ongoing discussions took place with Oireachtas Committees and Joint Committees, especially the Joint Committee on Public Service Oversight and Petitions. |
eclr:1162 | D’iarr an Comhchoiste sin orm teacht ina láthair i mí Eanáir chun ról agus cumhachtaí oifigí Ombudsman a phlé. | I was asked by this Joint Committee to appear before it in January to discuss the role and powers of Ombudsman offices. |
eclr:1163 | Níos deireanaí sa bhliain chas mé leis an gComhchoiste céanna chun Tuarascáil Bhliantúil 2014 a chíoradh. | Later in the year I again met this Joint Committee to discuss the 2014 Annual Report. |
eclr:1164 | Is deis luachmhar a bhíonn sna cruinnithe seo chun comhaltaí an Oireachtais a chur ar an eolas faoi obair na hOifige agus tá fáil ar na cainteanna a thug mé ar shuíomh gréasáin na hOifige. | These meetings afford an invaluable opportunity to make members of the Oireachtas aware of the work of the Office and the talks I gave are available on the Office web site. |
eclr:1165 | Rinne mé na scórtha agallamh le linn na bliana – ar an teilifís, ar an raidió, ar líne agus sna nuachtáin. | I gave scores of interviews during the year, on television, radio, on-line and in the newspapers. |
eclr:1166 | Ba mhaith liom mo bhuíochas a chur in iúl do m’iar-chomhghleacaithe sna meáin chumarsáide as a ngairmiúlacht i gcónaí agus mé ag plé leo. | I wish to thank my former colleagues in the media for their professionalism always in my dealings with them. |
eclr:1167 | Ina theannta sin, más mall is mithid, chuir muid tús le cuntas Twitter na hOifige @ceartateanga. | In addition, and it’s been a long time coming, we launched the Office Twitter account @ceartateanga. |
eclr:1168 | D’fhreagair mé sraith ceisteanna beo ar líne tríd an gcuntas sin agus táim buíoch de lucht leanúna an chuntais a chuireann ceisteanna faoi chearta teanga faoinár mbráid. | I answered a serious of questions live on-line through this account and I’m grateful to all of the account’s followers who submit questions in relation to language rights. |
eclr:1169 | I mí na Bealtaine d’fhreastail mé ar chomhdháil bhliantúil Chumann Idirnáisiúnta na gCoimisinéirí Teanga a bhí ar siúl in Ottawa. | I attended the annual conference of the International Association of Language Commissioners which took place in Ottawa in May 2014. |
eclr:1170 | B’ábhar mór bróid a bhí ann dom gur aontaíodh ag an gcruinniú sin comhdháil 2016 a reáchtáil anseo in Éirinn, i gCathair na Gaillimhe. | It was a matter of immense pride to me that the meeting decided to hold the 2016 conference here in Ireland, in Galway City. |
eclr:1171 | Tá mé i mo bhall de Chumann na nOmbudsman freisin agus d’fhreastail mé ar chruinnithe an chumainn sin i mBaile Átha Cliath. | I am also a member of the Ombudsman Association and I attended meetings of that Association in Dublin. |
eclr:1172 | Ar nós na gcoimisinéirí idirnáisiúnta, is deas a bheith in ann cúrsaí a bhaineann le mo phost a phlé leis na hOmbudsmain eile atá ag feidhmiú sa limistéar seo. | As is the case with the international commissioners, it is beneficial to have the opportunity to discuss matters relating to my position with other Ombudsmen operating in this jurisdiction. |
eclr:1173 | Tá an saineolaí airgeadais Páidí Ó Dálaigh agus an t-iriseoir Áine Ní Chiaráin ag treabhadh leo mar bhaill de Choiste Iniúchóireachta Inmheánaí na hOifige. | Financial expert Páidí Ó Dálaigh and journalist Áine Ní Chiaráin continued their work as members of the Internal Audit Committee of the Office. |
eclr:1174 | Is ar bhonn deonach a dhéantar an obair seo. | They carry out this work on a voluntary basis. |
eclr:1175 | Táim thar a bheith buíoch díobh as an mbealach gairmiúil agus dáiríre a dtugann siad faoi chomhlíonadh na gcúraimí seo le tacaíocht an iniúchóra inmheánaigh. | I’m very grateful to them both for the professional and earnest way they carry out these duties with the support of the internal auditor. |
eclr:1176 | Is le linn na bliana seo a tugadh m’Oifig faoi scáth an Achta um Shaoráil Faisnéise agus dhéileáil m’Oifig le dhá iarratas ar eolas faoin Acht sin. | This year saw my Office coming under the provisions of the Freedom of Information Act and the Office dealt with two requests for information under that Act. |
eclr:1177 | Ní miste liom a thabhairt le fios go bhfuil díolúintí áirithe ag m’Oifig faoin Acht um Shaoráil Faisnéise de thoradh íogaireacht na hoibre a bhíonn idir lámha againn. | I must point out that the Office has certain derogations under the Freedom of Information Act because of the sensitivity involved in the organisation’s work. |
eclr:1178 | Ar deireadh, ba mhaith liom buíochas faoi leith a ghlacadh le foireann na hOifige. | As would be expected, the data relating to people who make complaints to this Office are always protected. |
eclr:1179 | Oibríonn an fhoireann go dian dúthrachtach agus is mór agam a dtacaíocht agus a ngairmiúlacht. | In conclusion, I wish to sincerely thank the staff of the Office. |
eclr:1180 | An tÚdarás um Bóithre Náisiúnta | The National Roads Authority |
eclr:1181 | Léirigh imscrúdú a rinneadh ar an Údarás um Bóithre Náisiúnta (ÚBN): | An investigation carried out on the National Roads Authority (NRA) found: |
eclr:1182 | · Nach mbaineann dualgais reachtúla teanga le comharthaí nach comharthaí tráchta iad agus a bhíonn curtha in airde ag comhlacht Comhpháirtíochta Poiblí Príobháidí (CPP), agus | · That there is no statutory language obligation in respect of signs which are not road signs and which are erected by a Public Private Partnership (PPP) company, and |
eclr:1183 | · Gur sáraíodh na dualgais reachtúla teanga i gcás comharthaí áirithe tráchta a bhí curtha in airde ag ÚBN nó thar a cheann. | · That the statutory language obligations were breached in respect of certain road signs which were erected by the NRA or on its behalf. |
eclr:1184 | Ba chóir a nótáil freisin go ndearnadh roinnt de na comharthaí sin a leasú go sásúil le linn thréimhse an imscrúdaithe. | It should also be noted that there were a number of signs included which were satisfactorily corrected during the period of the investigation. |
eclr:1185 | Rinneadh gearáin éagsúla le m’Oifig maidir le húsáid na dteangacha oifigiúla, Gaeilge agus Béarla, ar chomharthaí a bhí curtha in airde ar bhóithre náisiúnta na tíre, agus a measadh a bhí curtha in airde ag ÚBN nó thar a cheann. | Different complaints were made to my Office concerning the use of the official languages, Irish and English, on signs that had been erected on the country’s national roads and which were thought to have been erected by the NRA or on its behalf. |
eclr:1186 | Tarraingíodh ceist na comharthaíochta seo anuas leis an Údarás ar bhonn neamhfhoirmiúil, tríd an gcóras a fheidhmíonn m’Oifig chuige sin, thar thréimhse ama ó mhí Feabhra 2010 ar aghaidh. | The question of these signs was raised with the Authority on an informal basis, through the system my Office operates for that purpose, over a period of time from February 2010 onwards. |
eclr:1187 | In ainneoin an chomhoibrithe a fuair m’Oifig ón Údarás i dtaca leis na fiosruithe neamhfhoirmiúla seo, agus na ngealltanas a tugadh i dtaca le ceartú roinnt de na comharthaí, bhí cuid de na comharthaí seo fós gan cheartú i mí Iúil na bliana 2014. | Despite the cooperation my Office received from the Authority in respect of these informal enquiries, and the commitments given in relation to the correction of some of the signs, some of these signs had still not been corrected by July 2014. |
eclr:1188 | Bhí amhras ann i dtaca le húinéireacht roinnt de na comharthaí. | There was some doubt as to the ownership of a few of the signs. |
eclr:1189 | Bhí ceisteanna freisin faoi na freagrachtaí reachtúla a bhí ar an Údarás i leith roinnt de na comharthaí sin. | There were also some questions as to the NRA’s statutory obligations in respect of some of the signs. |
eclr:1190 | Ba léir dom go raibh ceart reachtúil ag na gearánaithe faoin reachtaíocht go ndéanfaí fionnachtana agus moltaí foirmiúla (dá mba chuí) sna cásanna seo mar nár réitíodh na ceisteanna seo faoin gcóras neamhfhoirmiúil réitithe gearáin, bíodh is go raibh tréimhse ceithre bliana caite i gcás roinnt díobh agus gach iarracht déanta. | It was apparent to me that the complainants had a statutory right under the legislation that formal findings and recommendations (if appropriate) be made in these instances as the questions had not been resolved through the informal complaints resolution system although up to four years had passed in the case of some of the signs and every effort had been made. |
eclr:1191 | Chinn mé, chomh maith, gur ghá dul chun cinn le himscrúdú ar an ábhar chun go bhféadfaí léirmhíniú cruinn a dhéanamh ar an reachtaíocht a bheadh ina slat tomhais i gcás aon ghearán eile a dhéanfaí leis an Oifig amach anseo. | I decided, also, that an investigation was necessitated on the issue so that an accurate interpretation of the legislation could be made, which would provide a yardstick in the case of any other complaints made to the Office in the future. |
eclr:1192 | Tá dualgais reachtúla i bhfeidhm faoi úsáid na Gaeilge ar chomharthaí tráchta bóthair atá déanta faoi rialacháin agus ordacháin faoi fho-ailt 95(2) agus 95(16) den Acht um Thrácht ar Bhóithre, 1961. | There are statutory obligations in effect concerning the use of Irish on road traffic signs which are made under regulations and orders under subsections 95(2) and 95(16) of the Road Traffic Act 1961. |
eclr:1193 | Tá na dualgais sin daingnithe sa Lámhleabhar do Chomharthaí Tráchta (Lámhleabhar) agus is achtacháin iad na rialacháin agus na hordacháin thuasluaite chun críche fho-alt 21 (f) d’Acht na dTeangacha Oifigiúla. | Those obligations are confirmed in the Traffic Signs Manual (Manual) and the above-mentioned regulations and orders are enactments for the purposes of subsection 21(f) of the Official Languages Act. |
eclr:1194 | Caithfidh údaráis bóithre na tíre cloí leis na dualgais sin. | The country’s roads authorities must adhere to those obligations. |
eclr:1195 | Tá dualgais reachtúla eile i bhfeidhm faoi úsáid na Gaeilge agus an Bhéarla ar chomharthaí nach comharthaí tráchta iad faoi na Rialacháin faoi fho-alt 9(1) d’Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003. | There are other statutory obligations in effect concerning the use of Irish and English on signs which are not road signs under the Regulations under subsection 9(1) of the Official Languages Act 2003. |
eclr:1196 | Bheartaigh mé tabhairt faoi imscrúdú sa chás ar an 31 Iúil 2014, faoi na cumhachtaí reachtúla agus údaráis a thugann ailt 21-29 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla dom, mar a cheadaítear dom faoi fho-alt 21(f) den Acht de bharr gearáin a bheith déanta liom. | I decided to launch an investigation in this case on 31 July 2014, in line with the authority and legal powers granted to me by sections 21-29 of the Official Languages Act, as I am permitted to do under subsection 21(f) on foot of a complaint being made to me. |
eclr:1197 | Sheol mé litir chuig ceann an chomhlachta phoiblí ag lorg eolas ar leith, freagraí ar cheisteanna ar leith chomh maith le haon fhaisnéis, taifid nó rud eile den sórt sin a bhain le hábhar an imscrúdaithe. | I sent a letter to the head of the public body seeking particular information and answers to certain questions, as well as any information, record or such thing pertaining to the subject of the investigation. |
eclr:1198 | D’iarr mé go gcuirfí an t-eolas cuí sin ar fáil faoin 5 Meán Fómhair 2014. | I requested that the relevant information be provided by 5 September 2014. |
eclr:1199 | Fuair mé freagra dar dáta an 5 Meán Fómhair 2014 ar an litir sin. | I received a response to that letter dated 5 September 2014. |
eclr:1200 | Níor cuireadh aon ábhar tacaíochta ar fáil leis an litir sin, in ainneoin é sin a bheith iarrtha. | No accompanying documents were provided, despite their being requested. |
eclr:1201 | Ina fhreagra, chuir an tÚdarás tábla ar fáil ag leagan amach staid reatha na comharthaíochta a bhí faoi chaibidil san imscrúdú. | In its response, the Authority provided a table setting out the current position of the signage which was the subject of the investigation. |
eclr:1202 | Thug an tÚdarás le fios nach amhlaidh a sholáthraíonn an tÚdarás féin gach comhartha feadh na mbóithre náisiúnta, agus gur féidir le húdaráis áitiúla nó tríú páirtithe eile, ar nós cuideachtaí Comhpháirtíochta Poiblí Príobháidí (CPP), comharthaí a chur in airde agus go bhfuil thart ar 330km den ghréasán mótarbhealaí á oibriú agus á chothabháil ag cuideachtaí CPP faoi láthair. | The Authority advised that it does not itself supply all the signage on the national roads and that local authorities or other third parties, such as Public Private Partnership companies (PPPs), can erect signs, and that approximately 330 km of the motorway network are currently being worked and maintained by PPP companies. |
eclr:1203 | Thug an tÚdarás le fios freisin gur féidir le cuideachtaí tógála comharthaí a chur in airde i gcaitheamh scéimeanna feabhsaithe bóithre náisiúnta a thógáil. | The Authority also advised that building companies can erect signs during the building of road improvement schemes. |
eclr:1204 | D’áitigh an tÚdarás gur tháinig tromlach mór na gcomharthaí a bhí faoi réir an imscrúdaithe faoi chuimsiú na gcatagóirí seo. | The Authority maintained that the vast majority of the signs which were the subject of the investigation fell into these categories. |
Subsets and Splits
No community queries yet
The top public SQL queries from the community will appear here once available.