id stringlengths 6 19 | text stringlengths 1 1.02k | eng_text stringlengths 1 1.02k |
|---|---|---|
eclr:1005 | Coiste Gairmoideachais Chathair na Gaillimhe | Galway City Vocational Education Committee |
eclr:1006 | Coiste Gairmoideachais Chontae Chorcaí | County Cork Vocational Education Committee |
eclr:1007 | Coiste Gairmoideachais Chontae an Chláir | County Clare Vocational Education Committee |
eclr:1008 | Coiste Gairmoideachais Chontae Bhaile Átha Cliath | County Dublin Vocational Education Committee |
eclr:1009 | Coiste Gairmoideachais Chathair Bhaile Átha Cliath | City of Dublin Vocational Education Committee |
eclr:1010 | An Foras Áiseanna Saothair (FÁS) | The Training and Employment Authority (FÁS) |
eclr:1011 | An comhlacht poiblí scortha – an tAcht Breisoideachais agus Oiliúna, 2013 | Public body dissolved – Further Education and Training Act 2013 |
eclr:1012 | Comhairle Contae Luimnigh | Limerick County Council |
eclr:1013 | An tAcht um Athchóiriú Rialtais Áitiúil, 2014 | Local Government Reform Act 2014 |
eclr:1014 | Comhairle Cathrach Luimnigh | Limerick City Council |
eclr:1015 | Comhairle Contae Phort Láirge | Waterford County Council |
eclr:1016 | Comhairle Cathrach Phort Láirge | Waterford City Council |
eclr:1017 | Comhairle Contae Tiobraid Árann Thuaidh | North Tipperary County Council |
eclr:1018 | Scéimeanna daingnithe | Schemes confirmed |
eclr:1019 | Dhaingnigh an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta ocht gcéadscéim teanga, ocht ndara scéim teanga agus dhá thríú scéim teanga le linn na bliana 2015. | The Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht confirmed eight new language schemes, eight second language schemes and two third language schemes during 2015. |
eclr:1020 | San iomlán, dhaingnigh an tAire 18 scéim teanga le comhlachtaí poiblí in 2015. | In total, the Minister confirmed 18 language schemes with public bodies during 2014. |
eclr:1021 | Bhí 107 scéim teanga, a chuimsigh móriomlán 123 comhlacht poiblí, daingnithe faoi dheireadh 2015. | There were 107 language schemes, covering a total of 123 public bodies confirmed by the end of 2015. |
eclr:1022 | Scéimeanna in éag | Schemes expired |
eclr:1023 | Ag deireadh na bliana, bhí 65 céad-dréachtscéim fós le daingniú ag an Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta. | This number had reduced slightly since the end of last year when 53 language schemes had expired. |
eclr:1024 | Ina theannta seo, bhí iarrtha ag an Aire ar 39 comhlacht poiblí an dara dréachtscéim a ullmhú agus ar 11 chomhlacht phoiblí an tríú dréachtscéim a ullmhú. | This meant that, in the absence of a second or third language scheme, no additional commitments in relation to improved services in Irish were required of those public bodies. |
eclr:1025 | Tá eolas breise maidir leis na scéimeanna teanga daingnithe agus le hiarratais ar dhréachtscéimeanna a ullmhú le fáil san Aguisín a ghabhann leis an Tuarascáil seo. | In addition, the Minister had requested 39 public bodies to prepare a second draft scheme and 11 public bodies to prepare a third draft scheme. |
eclr:1026 | Scéimeanna / Schemes | [Tables and Charts in Irish version] |
eclr:1027 | Comhairle Contae Cheatharlach | Carlow County Council |
eclr:1028 | Léirigh imscrúdú gur sháraigh Comhairle Contae Cheatharlach na dualgais reachtúla teanga atá daingnithe sna rialacháin agus sna hordacháin atá déanta faoi fho-ailt 95(2) agus 95(16) den Acht um Thrácht ar Bhóithre, 1961 i gcás comharthaí bóthair i mBéarla amháin a bhí in airde i gceantar feidhme na Comhairle Contae, agus ag sárú na Rialachán i dtaca le comharthaíocht faoi fho-alt 9(1) d’Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 i gcás comharthaí ainmnithe ag eastáit tithíochta i gceantar feidhme na Comhairle. | An investigation found that Carlow County Council was in breach of the statutory language obligation which is confirmed in the regulations and in the orders which are made under subsections 95(2) and 95(16) of the Road Traffic Act 1961 in the case of road signs in English only erected in the council’s functional area and in breach of the Regulations in respect of signage under subsection 9(1) of the Official Languages Act 2003 in respect of named signs at a housing estate in the council’s functional area. |
eclr:1029 | Rinneadh gearáin éagsúla le m’Oifig maidir le húsáid na dteangacha oifigiúla, Gaeilge agus Béarla, ar chomharthaí éagsúla i gceantar feidhme na Comhairle: | A number of complaints were made to my Office in respect of the use of the official languages, Irish and English, on various signs in the Council’s functional area: |
eclr:1030 | (1) Comhartha bóthair i mBéarla amháin ar an R448 a raibh an téacs “Caution Major Junction Ahead” air. | (1) A road sign in English only on the R448 displaying the text “Caution Major Junction Ahead”. |
eclr:1031 | (2) Comhartha bóthair i mBéarla amháin ar an R448 a raibh an téacs “Heavy Vehicles Turning” air. | (2) A road sign in English only on the R448 displaying the text “Heavy Vehicles Turning”. |
eclr:1032 | (3) Comharthaí míchruinne in airde ag eastáit tithíochta i gceantar feidhme na Comhairle a raibh an téacs “Ashfield” “Gleann na Bearu”, “darach grove” agus “Oak Grove” orthu. | (3) Inaccurate text on signs erected at a housing estate in the Council’s functional area – “Ashfield”, “Gleann na Bearu”, “darach grove” and “Oak Grove”. |
eclr:1033 | I gcás chomhartha (1) thuas, bhí comhartha dá mhacasamhail ann (“Major Junction Ahead”) ar scor m’Oifig d’imscrúdú ina leith sa bhliain 2011, tar éis dúinn dearbhú a fháil go raibh an comhartha bainte anuas. | In the case of the sign mentioned above at (1), my Office had discontinued an investigation in respect of a similar sign (Major Junction Ahead) in 2011, having received confirmation that the sign had been removed. |
eclr:1034 | In ainneoin iarratas a bheith déanta ina leith, níor éirigh leis an gComhairle a dhearbhú do m’Oifig ó Bhealtaine 2015 arbh ionann an comhartha seo agus an comhartha a bhí faoi chaibidil san imscrúdú, nó an comhartha eile a bhí ann. | Despite a request from my Office in that respect, the Council failed to confirm to my Office from May 2015 whether this was the sign which was the subject of the previous investigation or whether it was different sign. |
eclr:1035 | I gcás chomharthaí (1) & (2), tá dualgais reachtúla i bhfeidhm faoi úsáid na Gaeilge ar chomharthaí tráchta bóthair atá déanta faoi rialacháin agus ordacháin faoi fho-ailt 95(2) agus 95(16) den Acht um Thrácht ar Bhóithre, 1961. | In the case of the signs mentioned at (1) and (2) above, there are statutory obligations in effect in respect of the use of Irish on road traffic signs which are made under the regulations and orders under subsections 95(2) and 95(16) of the Road Traffic Act 1961. |
eclr:1036 | Tá na dualgais sin daingnithe sa Lámhleabhar do Chomharthaí Tráchta agus is achtacháin iad na rialacháin agus na hordacháin thuasluaite chun críche fho-alt 21 (f) d’Acht na dTeangacha Oifigiúla. | Those obligations are confirmed in the Traffic Signs Manual and the abovementioned regulations and orders are enactments for the purposes of subsection 21(f) of the Official Languages Act. |
eclr:1037 | Caithfidh údaráis bóithre na tíre cloí leis na dualgais sin. | The country’s roads authorities must comply with those obligations. |
eclr:1038 | Maidir le ceist na gcomharthaí ag (3), bhí an leagan Gaeilge de na comharthaí míchruinn, bhí tús áite ag an mBéarla i gcás amháin acu agus bhí an téacs i mBéarla níos mó na an téacs i nGaeilge ar an dá chomhartha, in ainneoin fhorálacha na Rialachán atá eisithe faoi fho-alt 9(1) d’Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 (I.R. 391 de 2008). | As regards the signs at (3), the Irish versions of the signs were incorrect, the English text came first on one of them and the text in English was larger than the text in Irish on both signs, despite the provisions of the Regulations issued under subsection 9(1) of the Official Languages Act 2003 (S.I. 391 of 2008). |
eclr:1039 | Toisc nár éirigh le hiarrachtaí neamhfhoirmiúla na ceisteanna seo a réiteach, chonacthas dom gur ghá an t-imscrúdú seo a sheoladh le teacht ar fhionnachtana agus moltaí sa chás. | As the informal attempts to resolve this matter were not successful, it was apparent to me that it was necessary to launch an investigation to reach findings and make recommendations in the case. |
eclr:1040 | Bheartaigh mé tabhairt faoi imscrúdú sa chás ar an 22 Deireadh Fómhair 2015, mar a cheadaítear dom faoi fho-alt 21(c) den Acht de bharr gearán a bheith déanta liom. | I decided to undertake an investigation in the case on 22 October 2015, as I am permitted to do under section 21(c) of the Act as a complaint was made to me. |
eclr:1041 | Sheol mé litir chuig Príomhfheidhmeannach na Comhairle mar chéad chéim ag lorg eolas ar leith, freagraí ar cheisteanna ar leith chomh maith le haon fhaisnéis, taifid nó rud eile den sórt sin a bhain le hábhar an imscrúdaithe. | I sent a letter to the Chief Executive of the Council as a first step seeking particular information, answers to particular questions as well as any information, record or anything of that respect in connection with the subject of the investigation. |
eclr:1042 | D’iarr mé go gcuirfí an t-eolas cuí sin ar fáil faoin 13 Samhain 2015. | I requested that the relevant information be provided to me by 13 November 2015. |
eclr:1043 | Fuair mé freagra dar dáta an 11 Samhain 2015 ar an litir sin. | I received a response to that letter on 11 November 2015. |
eclr:1044 | Ina freagra ar an imscrúdú d’admhaigh Comhairle Contae Cheatharlach go raibh sí ag sárú a cuid dualgas reachtúil teanga chomh fada agus a bhain sé leis na comharthaí ab ábhar don imscrúdú. | In its response to the investigation, Carlow County Council admitted that it was in breach of its statutory language obligations in respect of the signs which were the subject of the investigation. |
eclr:1045 | Chomh maith leis sin, dheimhnigh sí gurb ionann an comhartha “Major Junction Ahead” agus an comhartha a bhí faoi chaibidil san imscrúdú a scoradh sa bhliain 2011 nuair a thug an Chomhairle dearbhú go raibh sé bainte anuas. | The Council also confirmed that the sign “Major Junction Ahead” was the sign which was the subject of the investigation discontinued in 2011, on the basis of the Council’s assurance that it had been removed. |
eclr:1046 | Thug sí le fios go raibh an comhartha sin agus an comhartha “Heavy Vehicles Turning” anois bainte anuas. | The Council advised that both that sign and the sign “Heavy Vehicles Turning” had by that time been removed. |
eclr:1047 | Dhearbhaigh sí go raibh na comharthaí ag an eastát tithíochta bainte anuas chomh maith agus comharthaí nua a bhí i gcomhréir leis na Rialacháin ordaithe. | The Council also confirmed that the signs at the housing estate had also been removed and that new signs had been ordered which were in accordance with the legislation. |
eclr:1048 | Thug an Chomhairle le fios don imscrúdú go bhfuil sí an-dáiríre ar fad faoina cuid dualgas faoin Acht agus faoi na Rialacháin. | The Council advised the investigation that it takes its obligations under the Act and under the Regulations very seriously indeed. |
eclr:1049 | Dhearbhaigh sí leis go bhfuil sí dáiríre faoi chomhlíonadh na ndualgas a eascraíonn ó na hAchtanna um Thrácht ar Bhóithre agus ón Lámhleabhar do Chomharthaí Tráchta. | It also confirmed that it was serious about fulfilling the obligations which arise from the Road Traffic Acts and the Traffic Signs Manual. |
eclr:1050 | Bhain an t-imscrúdú seo le húsáid na Gaeilge ar chomharthaí agus le géilliúlacht údaráis áitiúil ar leith don reachtaíocht sa réimse seo. | The investigation concerned the use of Irish on signs and the compliance of a particular local authority with legislation in that area. |
eclr:1051 | Thug an Chomhairle Contae le fios ina freagra gur ghlac sí leis go raibh dualgais reachtúla teanga á sárú i gcás na gcomharthaí seo agus thug sí faoina gceartú láithreach. | The Council accepted in its response that it was in breach of the legislation in respect of these particular signs and it undertook to correct them immediately. |
eclr:1052 | D’fháiltigh mé roimhe sin. | I welcomed that. |
eclr:1053 | Thug an Chomhairle Contae le fios chomh maith go gcuirfeadh sí an fhoireann ar an eolas faoina ndualgais faoin Acht, agus d’fháiltigh mé roimhe sin freisin. | The Council also advised the investigation that it would inform the staff as to their responsibilities under the Act, and I welcomed that also. |
eclr:1054 | In ainneoin na gcéimeanna a bhí glactha ag an gComhairle chun na comharthaí neamhghéilliúla a cheartú, ba léir dom go raibh dhá ábhar shuntasacha a tháinig chun cinn le linn an imscrúdaithe nach bhféadfaí neamhaird a dhéanamh díobh. | Despite the steps taken by the Council to correct the non-compliant signs, it was apparent to me that two substantive issues had arisen during the investigation that could not be ignored. |
eclr:1055 | Ar an gcéad ceann acu sin bhí an chosúlacht air nach raibh córas i bhfeidhm ag an gComhairle le plé go cuí le gearáin a chuir an Oifig seo (nó go deimhin, daoine den phobal) ina láthair, agus nach rabhthas ag dul i ngleic le dualgais reachtúla dá réir. | The first of these was that it appeared that the Council had no system in place to deal correctly with complaints that this Office (or indeed members of the public) brought to its attention, and that accordingly it was not getting to grips with statutory obligations. |
eclr:1056 | Bhain an dara ceist leis an Oifig seo a bheith tar éis scor d’imscrúdú i ndiaidh barántas a bheith tugtha ag an gComhairle agus go mba léir nár feidhmíodh de réir an bharántais sin. | The second question concerned this Office having discontinued an investigation after receiving guarantees, where it was apparent that the Council had not acted in accordance with that guarantee. |
eclr:1057 | Ba thromchúiseach an gníomh é seo, cibé acu a tharla sé trí dhearmad nó in aon turas. | This was a serious act, regardless of whether it happened accidently or on purpose. |
eclr:1058 | Ábhar imní dom ba ea go raibh orm dul i muinín imscrúdú chun go ngníomhódh an Chomhairle i dtaca leis na comharthaí áirithe seo. | It was a matter of some concern to me that I had to undertake an investigation for the Council to take action in respect of these signs. |
eclr:1059 | Ba léir, ó na teagmhálacha éagsúla a bhí ag m’Oifig leis an gComhairle agus na freagraí a bhí á soláthar, nach raibh sí ag dul i ngleic mar ba cheart leis na gearáin seo. | It was apparent, from the contacts my Office had with the Council and the responses received, that the Council was not tackling these complaints properly. |
eclr:1060 | Ní fhacthas don imscrúdú ach an oiread gur córas sásúil a bhí ann comharthaí a bhaint anuas le bheith géilliúil don reachtaíocht. | It did not appear to the investigation either that it was a satisfactory process that signs would be removed in order to comply with the legislation. |
eclr:1061 | Má tá gá leis an gcomhartha, agus is léir nuair a crochadh na comharthaí seo i dtús ama gur measadh gur ghá, ba cheart go gcrochfaí é de réir mar a éilíonn an reachtaíocht. | If a sign is required – and it is apparent that when these signs were first erected they were thought to be – it should be erected in the manner sought by the legislation. |
eclr:1062 | Bheinn ag súil de thoradh an imscrúdaithe go gcuirfí córas i bhfeidhm a chinnteoidh go ngabhfar i ngleic go gairmiúil le gearáin ón Oifig seo nó ó bhaill den phobal i dtaca le comharthaíocht neamhghéilliúil atá in airde i gceantar feidhme na Comhairle. | I would expect as a result of the investigation that a system would be put in place to ensure that complaints from this Office or from members of the public in respect of non-compliant signs erected in the Council’s functional area would be dealt with professionally. |
eclr:1063 | Maidir le dearbhú míchruinn a bheith faighte ag m’Oifig roimhe seo go raibh comharthaí áirithe bainte anuas, mheabhraigh mé don Chomhairle gur oifig reachtúil de chuid an Stáit í an Oifig seo agus gur cheart go gcaithfí léi ar an mbealach sin. | As regards incorrect assurances being received previously by my Office that these particular signs had been removed, I reminded the Council that this Office is a statutory office of the State and that it should be dealt with accordingly. |
eclr:1064 | Is gníomh tromchúiseach atá ann nuair nach ndéantar comhoibriú leis an Oifig seo agus tá foráil shonrach sa reachtaíocht a phléann leis an gceist seo. | It is a serious act when this Office is not cooperated with and there is a specific provision in the Act which deals with this issue. |
eclr:1065 | Mheabhraigh mé don Chomhairle go bhfuil de chúram orm tuairisciú chuig Tithe an Oireachtais má thagaim ar an tuairim nár cuireadh moltaí a rinneadh mar chuid de thuarascáil imscrúdaithe i ngníomh laistigh de thréimhse réasúnach ama. | I reminded the Council that I am obliged to report to the Houses of the Oireachtas if I arrive at the opinion that recommendations I made as part of a report on an investigation are not implemented within a reasonable time frame. |
eclr:1066 | Mhol mé, i measc nithe eile, go gcinnteodh Comhairle Contae Cheatharlach go gcloífí go hiomlán agus go cuí feasta leis na forálacha reachtúla teanga i gcás comharthaí bóthair agus i gcás aon chomharthaíocht nua eile atá á cur in airde aici agus go gcuirfeadh sí fianaise chuí ar fáil do m’Oifig, laistigh de 8 seachtaine ó dháta na tuarascála imscrúdaithe, go raibh na comharthaí uile ab ábhar don imscrúdú ceartaithe. | I recommended, amongst other things, that Carlow County Council ensure that it adheres fully and properly in future to the statutory language provisions in respect of road signs and in respect of any other signage it erects and that it furnishes my Office with satisfactory evidence that all the signs which were the subject of this investigation were corrected. |
eclr:1067 | Imscrúdú seolta: 22 Deireadh Fómhair 2015 | Investigation launched: 22 October 2015 |
eclr:1068 | Tuarascáil eisithe: 31 Nollaig 2015 | Report issued: 31 December 2015 |
eclr:1069 | Lean m’Oifig uirthi ag comhlíonadh a cuid feidhmeanna reachtúla go dúthrachtach le linn na bliana agus bhí ardú suntasach le brath i ngach réimse gníomhaíochta de chuid na hOifige. | My Office continued implementing its statutory functions diligently throughout the year and every area of the Office’s activity saw a substantial increase. |
eclr:1070 | Tháinig ardú 6.5% ar leibhéal na ngearán agus ardú 79% ar líon na gcomhairlí a cuireadh ar chomhlachtaí poiblí le hais na bliana 2014. | There was a 6.5% increase in the number of complaints and an increase of 79% in the number of advices given to public bodies during 2014. |
eclr:1071 | Rinne m’Oifig iarracht ar leith a bheith réamhghníomhach ag cur comhairle ar chomhlachtaí poiblí maidir lena gcuid dualgas faoin Acht agus cuireadh tús an athuair le seisiúin eolais ghinearálta do chomhlachtaí poiblí. | My Office made a special effort in being proactive in advising public bodies of to their obligations under the Act and general information sessions with public bodies were recommenced. |
eclr:1072 | Freastalaíodh freisin ar chuid mhaith iarratas ó ghrúpaí agus eagraíochtaí ar fud na tíre ar theastaigh uathu go labhrófaí leo faoina gcearta in úsáid na dteangacha oifigiúla. | Many groups and organisations throughout the country were also catered for in their requests for advice in relation to their rights in the use of the official languages. |
eclr:1073 | Tugadh faoin obair seo ar fad, agus tuilleadh lena chois, ar acmhainn an-íseal foirne agus gan ach seisear comhaltaí foirne ar fáil don Oifig. | All this work, and more besides, was undertaken with a very low staff compliment with only six staff members at the Office’s disposal. |
eclr:1074 | Bheinn ag súil go gcuirfí leis an líon foirne sin mar níl aon amhras orm ach go mbeadh ar chumas na hOifige níos mó fós a bhaint amach dá mbeadh soláthar níos fearr foirne ar fáil di. | I would hope that could be increased because I’m convinced that even more could be accomplished by the Office with a better staff compliment. |
eclr:1075 | Le linn dom a bheith ag seoladh Thuarascáil Bhliantúil 2014, i mí na Bealtaine, thug mé le fios go raibh mé ag leagan tuarascáil speisialta faoi bhráid Thithe an Oireachtais a bhain leis an Roinn Oideachais agus Scileanna. | In launching the 2014 Annual Report, in May, I indicated that I would submit a special report to the Houses of the Oireachtas pertaining to the Department of Education and Skills. |
eclr:1076 | Tá sé de dhualgas orm a leithéid a dhéanamh má thagaim ar an tuairim nár chomhlíon comhlacht poiblí aon chuid de mholtaí a bhí déanta i dtuarascáil imscrúdaithe. | I’m obliged to do this if I form the opinion that a public body has failed to comply with any recommendations made in an investigation report. |
eclr:1077 | Tháinig mé ar an tuairim sin i gcás na Roinne Oideachais agus Scileanna tar éis do m’Oifig iniúchadh a dhéanamh ar an mbealach ar tugadh faoi chomhlíonadh moltaí imscrúdaithe ar ábhar a bhain le ceapadh múinteoirí, ó phainéil, do scoileanna Gaeltachta. | I formed such an opinion in relation to the Department of Education and Skills following an audit by my Office into implementation by the Department of recommendations of an investigation relating to the appointment of teachers, from a panel, to Gaeltacht schools. |
eclr:1078 | In ainneoin go raibh córas leasaithe curtha i bhfeidhm ag an Roinn Oideachais agus Scileanna mheas mé gur theastaigh socruithe dochta daingne a chinnteodh nach bhféadfaí tabhairt ar aon scoil Ghaeltachta glacadh le múinteoirí nach raibh a gcaighdeán Gaeilge sách maith. | Despite the fact that the Department of Education and Skills had put a revised system in place, I thought that cast-iron arrangements were needed to ensure that no Gaeltacht school could be forced to accept teachers without an acceptable standard of Irish. |
eclr:1079 | Cé nach ionann an dualgas reachtúil, luíonn sé le réasún gurb amhlaidh a bheadh an cur chuige i gcás scoileanna a mhúineann trí Ghaeilge. | While the statutory obligation is different, it is logical that a similar approach would be taken in the case of Irish-medium schools. |
eclr:1080 | Ar ábhar gaolmhar, aithním gur gníomh dearfach agus suntasach a bhí i bhfoilsiú na cáipéise Moltaí Polasaí don Oideachas Gaeltachta a d’fhoilsigh an Roinn Oideachais agus Scileanna le linn na bliana 2015. | On a related matter, I recognise that the publication of the Policy Proposals for Educational Provision in Gaeltacht Areas document by the Department of Education and Skills during the year was a positive and significant development. |
eclr:1081 | Cuireadh fáilte ghinearálta roimh na moltaí a bhí déanta i leith an tsoláthair oideachais sna ceantair Ghaeltachta agus go deimhin roimh an mbealach ar thug an Roinn faoi dhul i gcomhairle leis na pobail Ghaeltachta. | There was a general welcome for the proposals made therein with regard to educational provision in Gaeltacht areas and indeed for the way the Department approached its consultation with Gaeltacht communities. |
eclr:1082 | Tá sé riachtanach anois go dtabharfaí brí do na moltaí sin agus go leagfaí síos creat don oideachas Gaeltachta a thugann aird go fírinneach ar riachtanais an chainteora dúchais agus an timpeallacht teanga ina bhfeidhmíonn na scoileanna Gaeltachta. | It is vital now that these proposals are acted upon and that a framework is put in place for Gaeltacht education that genuinely addresses the needs of native speakers and the linguistic environment in which Gaeltacht schools operate. |
eclr:1083 | Is bliain faoi leith í an bhliain seo amach romhainn ina ndéanfar comóradh ar Éirí Amach na Cásca, 1916. | The year ahead is a unique one in which the Easter Rising of 1916 will be commemorated. |
eclr:1084 | Déanfar cuid mhaith tráchta ar an bhfís a bhí ag ceannairí na linne sin do thír shaor agus do thír Ghaelach agus na híobairtí a rinne na glúnta a chuaigh romhainn ar mhaithe leis an bhfís seo. | Much discussion will take place about the vision of the leaders of the period for a free and Gaelic country and the sacrifices made by previous generations to realise this vision. |
eclr:1085 | Is ceart go ndéanfaí an méid sin a chomóradh. | It is right that this be commemorated. |
eclr:1086 | Beidh deis ann le linn na bliana seo amach romhainn machnamh a dhéanamh an athuair ar na mianta a bhí ann ar bhunú an Stáit. | The forthcoming year will provide an opportunity to reflect once more on the aspirations which existed at the foundation of the State. |
eclr:1087 | Lárnach sa mhachnamh seo beidh staid ár dteanga náisiúnta agus a háit imeallach i sochaí an lae. | Central to this reflection will be the state of our national language and its peripheral position in today’s society. |
eclr:1088 | Más mian linn go n-athrófaí an méid sin beidh gá le ceannaireacht agus crógacht agus go mbeidh mar oidhreacht ag an gcéad ghlúin eile go dtabharfar ár dteanga chuig áit níos folláine ná an staid ina bhfuair muid í. | Leadership and bravery will be needed to change this situation so that the next generation sees our language being brought to a healthier position than the position we found it in. |
eclr:1089 | I ndiaidh ceithre bliana a bheith caite ó fógraíodh go raibh athbhreithniú le déanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla táimid go fóill ag fanacht ar Acht leasaithe. | With four years having passed since the announcement that the Official Languages Act was to be amended, we still await an amended Act. |
eclr:1090 | Níl aon amhras ach go raibh bearnaí móra idir na moltaí a rinne m’Oifig i leith Acht neartaithe agus na moltaí a tháinig chun cinn ón gcomhairliúchán poiblí, i gcomparáid le ceannteidil an Bhille a foilsíodh i mí Aibreáin 2014. | Wide gaps certainly existed between the proposals made by my Office and those arising from the public consultation on the one hand, and those contained in the Heads of the Bill published in April 2014 on the other. |
eclr:1091 | I mí Feabhra na bliana seo d’fhoilsigh an Comhchoiste um Chomhshaol, Cultúr agus Gaeltacht a thuarascáil ar Cheannteidil an Bhille. | In February of this year the Joint Committee on the Environment, Culture and the Gaeltacht published its report on the Heads of the Bill. |
eclr:1092 | Sa tuarascáil sin rinne an Comhchoiste traspháirtí 34 moladh i ndáil leis na 13 cheannteideal atá sa Bhille. | This report contained 34 recommendations made by the Joint Committee in relation to the 13 Heads of Bill. |
eclr:1093 | Fáiltím roimh mholtaí an Chomhchoiste agus an bhéim a leag siad ar an riachtanas go neartófaí an tAcht reatha, gníomh a bhfuil géarghá leis. | I welcome the recommendations of the Joint Committee and the emphasis placed on the need to strengthen the current Act, a measure which is urgently required. |
eclr:1094 | Tá gach cosúlacht air anois nach bhfoilseofar an tAcht leasaithe le linn thréimhse an Rialtais seo. | It now seems unlikely that the amended Act will be published during the lifetime of the current Government. |
eclr:1095 | Dá réir sin, beidh an deis ligthe uainn Acht neartaithe a thabhairt i gcrích faoi mar a d’éiligh an pobal ionas go gcuirfí lena gcearta reachtúla teanga. | We will, therefore, have foregone the opportunity to put in place a strengthened Act as demanded by the public to strengthen their statutory language rights. |
eclr:1096 | Tá an baol ann nuair a aithnítear laigí na reachtaíochta reatha go ligtear i ndearmad go bhfuil codanna áirithe den Acht a fheidhmíonn go maith. | In identifying the weaknesses in the legislation, there is a danger that the parts of the Act which operate well could be overlooked. |
eclr:1097 | Tá trácht déanta agam go minic roimhe seo ar na leasuithe a mheasaim atá ag teastáil chun úsáid na Gaeilge a thabhairt chuig áit níos lárnaí i soláthar seirbhísí Stáit na tíre. | I’ve discussed on numerous occasions previously the amendments I believe are required to bring the use of Irish to a more central place in the provision of state services in this country. |
eclr:1098 | Ba chóir go mbreathnófaí ar úsáid na Gaeilge mar chur chuige nádúrtha i dtír a bhfuil dhá theanga oifigiúla aici, seachas mar ualach ar gá freastal air agus de réir cosúlachta gan an toil ná an acmhainn ann sin a dhéanamh. | The use of Irish should be looked at as a natural approach, in a country with two official languages, and not as a burden to be catered for with neither the will nor the resources there to achieve this. |
eclr:1099 | Ba dhíol suntais é gur le linn na bliana seo a d’fhoilsigh Airí na Breataine Bige an chéad cheann de shraith caighdeán a thiocfaidh i gcomharbas ar chóras na scéimeanna teanga sa tír sin in imeacht ama. | It was significant that this year marked the publication by the Welsh Ministers of the first of a series of standards which will succeed the system of language schemes in that country over time. |
eclr:1100 | Is córas níos sonraí é córas na gcaighdeán a leagfaidh dualgais chomónta ar eagraíochtaí Stáit agus a chuideoidh leis na saoránaigh a bheith eolach agus muiníneach as an gcaighdeán seirbhíse ba cheart a bheith ar fáil dóibh ina dteanga féin. | The standards system is a more precise one which lays down common obligations to State organisations and which assists citizens in being aware of and confident in the standard of service that should be available to them in their own language. |
eclr:1101 | Tá sé mar chuspóir leis an gcóras seo nach gcaithfí ar aon bhealach níos lú fabhair leis an mBreatnais thar mar a chaitear leis an mBéarla. | This system aims at ensuring that Welsh is treated no less favourably than English. |
eclr:1102 | Luath nó mall beidh orainn córas na scéimeanna teanga a leasú más ann gur mian linn rialú níos éifeachtaí a dhéanamh ar sholáthar seirbhísí Stáit trí Ghaeilge. | Sooner or later we’ll need to amend the language scheme system if wish to more effectively manage the provision of state services in Irish. |
eclr:1103 | Creidim gur fearr i bhfad go ndéanfaí na socruithe anois do chóras níos éifeachtaí a bhunú seachas a bheith ag cur muinín i gcóras mí-éifeachtúil na scéimeanna teanga. | I believe that it is far better to make arrangements now for the establishment of a more effective system rather than depending on the ineffective language scheme system. |
eclr:1104 | I gcaitheamh na mblianta ba é an clamhsán is mó a bhí ag Ranna Rialtais agus eagraíocht eile Stáit nach raibh dóthain foirne ar fáil dóibh le seirbhísí a sholáthar trí Ghaeilge. | In the course of the years the biggest complaint from Government Departments and other State organisations was the shortage of staff for the provision of services through Irish. |
Subsets and Splits
No community queries yet
The top public SQL queries from the community will appear here once available.