id
stringlengths
6
19
text
stringlengths
1
1.02k
eng_text
stringlengths
1
1.02k
eclr:2505
Dúirt an Roinn gur aithníodh suas le 1,000 mionchoigeartú teicniúil agus cuireadh cruthúnas ar fáil don imscrúdú i dtaobh na gceisteanna a d’eascair as an triail.
The Department stated that up to 1,000 minor technical adjustments had been identified, and evidence was furnished to the investigation of the questions that arose from the trial.
eclr:2506
Dúradh nár measadh é a bheith indéanta go teicniúil ná ó thaobh cúrsaí airgeadais aghaidh a thabhairt ar na ceisteanna seo ar fad le linn forbairt a bheith á déanamh ar chóras dátheangach.
It was stated that it was not thought feasible from a technical or monetary point of view to address all these questions while developing a bilingual system.
eclr:2507
De réir na Roinne chuirfeadh a leithéid moill shuntasach ar chur i bhfeidhm an chórais mar aon le hiarmhairt airgeadaíochta a thabhódh ‘athruithe tástála’.
In the Department’s opinion this would significantly delay the implementation of the system as well as having monetary consequences which the testing of changes would engender.
eclr:2508
Bhí an Roinn den tuairim nach mbeadh sé i gcomhréir réasúnta le riachtanais na hearnála ná na Roinne dá gcuirfí moill ar sheoladh an chórais go dtí go réiteofaí na fabhtanna ar fad, de bharr na práinne a bhí le córas éifeachtach TFC a chur ar fáil don earnáil.
The Department was of the opinion that it would not be reasonably proportionate to the needs of the sector or the Department if the launch of the system were delayed until all the faults were corrected, because of the urgency of providing an effective ICT system for the sector.
eclr:2509
Chuir an Roinn in iúl don imscrúdú go raibh an áis an Dearbhú Oifigiúil Tuistí PIP a chuimsiú i nGaeilge curtha san áireamh sa riachtanas don Chóras PIP, go raibh sé á dhearadh faoi láthair agus gur measadh go mbeadh sé ar fáil do chláruithe 2015-2016.
The Department informed the investigation that the facility to include the Official Parental PIP Declaration in Irish had been taken into account in the requirements for the PIP system, that it was currently being designed and that it was thought that it would be available for registrations in 2015-2016.
eclr:2510
D’eascair an t-imscrúdú seo as teacht a bheith ag tuismitheoirí leanaí réamhscoile ar leagan Gaeilge nó dátheangach d’fhoirm dearbhaithe cláraithe a bhí á giniúint ag córas ríomhaireachta.
This investigation arose from the availability to parents of pre-school children of an Irish or bilingual version of a registration confirmation form which was being generated by a computer system.
eclr:2511
Tháinig sé chun solais, mar chuid den imscrúdú seo, go raibh córas idirghníomhach nua á fhorbairt, ar bhonn céimneach, faoi choimirce na Roinne Leanaí agus Gnóthaí Óige, a bhí dírithe ar chur le héifeacht na gcóras riaracháin san earnáil seo.
It came to light, as part of the investigation, that a new online system was being developed, on a graduated basis, under the auspices of the Department of Children and Youth Affairs, which was intended to improve the administrative systems in this sector.
eclr:2512
Is ar na soláthraithe seirbhíse, is é sin na hionaid réamhscoile, a bhí an córas nua seo dírithe cé go mba léir go mbeadh ábhar á tháirgeadh ag an gcóras a bhí dírithe ar thuismitheoirí.
The system was aimed at the service providers, that is the pre-school centres, although it was apparent that some material produced by the system was aimed at parents.
eclr:2513
Tá sé réasúnach a bheith ag súil go mbeadh ábhar caighdeánach den chineál seo ar fáil i nGaeilge gan mórán stró, go háirithe agus naíonraí Gaelacha agus Gaeltachta ag feidhmiú sa tír seo le blianta fada.
It is reasonable to expect that standardised material of this kind would be available without too much difficulty, particularly as Irish Language and Gaeltacht naíonraí have been operating in this country for a long number of years.
eclr:2514
Níor ghlac an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige leis go raibh aon sárú reachtúil déanta ar fho-alt 18(1) d’Acht na dTeangacha Oifigiúla sa chás seo.
The Department of Children and Youth Affairs did not accept that there was any breach of subsection 18(1) of the Official Languages Act in this case.
eclr:2515
Chuir an Roinn dhá phríomhargóint os comhair an imscrúdaithe mar thaca don mhéid seo, is iad sin:
The Department put forward two main arguments in support of this contention, namely:
eclr:2516
· Nach raibh sé ‘indéanta go teicniúil’ leagan Gaeilge den chóras a chur ar fáil go comhuaineach leis an leagan Béarla de bharr cúrsaí airgeadais, moille, agus líon na mionchoigeartuithe teicniúla.
· That it was not technically feasible to provide an Irish version of the system simultaneously with the English version due to monetary considerations, delay and the number of minor technical adjustments.
eclr:2517
· Nach raibh an córas nua seo ag ceadú do bhaill den phobal iarratas a dhéanamh.
· That this new system was not permitting members of the public to make an application.
eclr:2518
Mhaígh an Roinn gur fhág an méid seo go raibh forbairt an chórais nua seo lasmuigh de théarmaí an ghealltanais a bhí tugtha sa scéim teanga.
The Department maintained that this meant that the development of the new system was outside the scope of the commitment given in the language scheme.
eclr:2519
Ba é an cás a bhí le meá ag an imscrúdú ná an raibh dualgas reachtúil ar an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige an córas idirghníomhach nua seo á chur ar fáil go comhuaineach sa dá theanga oifigiúla.
The case the investigation had to weigh was whether the Department of Children and Youth Affairs was statutorily obliged to provide this new interactive system simultaneously in both official languages.
eclr:2520
Chun an méid sin a mheas, ba ghá féachaint ar an dualgas a bhí leagtha ar an Roinn de thoradh an méid a bhí daingnithe ina scéim teanga.
To assess that, it was necessary to look at the obligation placed on the Department as a result of what was confirmed in its language scheme.
eclr:2521
Níor mhór a shoiléiriú ón tús go raibh difríocht i mbrí na bhfocal a bhí in úsáid idir an leagan Gaeilge agus leagan Béarla den ghealltanas ábhartha sa scéim teanga.
It was necessary to clarify from the start that there was a difference in the meanings of the words which were being used in the relevant commitment in the scheme between the Irish and English versions.
eclr:2522
Is éard a bhí luaite do sholáthar na seirbhíse sa leagan Béarla den ghealltanas ná, “where technically feasible” a bhí aistrithe mar “má fhéadtar sin a dhéanamh ó thaobh na teicneolaíochta de” sa leagan Gaeilge den scéim.
What was mentioned for the provision of the service in the English version of the commitment was “where technically feasible”, which had been translated as “if that can be achieved from a technological aspect” in the Irish version of the scheme.
eclr:2523
Ar ndóigh, ní hionann an dá riachtanas.
Of course, the two requirements are not the same.
eclr:2524
Bhí sé dearbhaithe i gCaibidil 5 den scéim teanga gurb é an leagan Béarla bunleagan na scéime agus is ar an mbonn sin a mheáigh mé an raibh sé indéanta go teicniúil an córas seo a chur ar fáil go comhuaineach sa dá theanga oifigiúla.
It was confirmed in Chapter 5 of the language scheme that the English version was the original text of the scheme and on that basis I assessed whether it was technically feasible to provide this system simultaneously in both official languages.
eclr:2525
Níor ghlac an Oifig le hargóintí i dtaobh costais nó moille i dtaca le gealltanais scéime – sa chás go bhfuil gealltanas daingnithe i scéim teanga ag an Aire, tá dualgas reachtúil ar chomhlacht poiblí an gealltanas sin a chur i bhfeidhm, beag beann ar chúinsí nó reachtaíocht eile.
The Office did not accept arguments of cost or delay in respect of scheme commitments – in any instance where a commitment in a scheme is confirmed by the Minister, the public body must proceed to implement it, irrespective of conditions or other legislation.
eclr:2526
Mar a léirigh an Roinn ina freagra, bhí os cionn 1,000 mionchoigeartú teicniúil sa chéad chéim den tionscadal, agus bheadh sé rídheacair dul i ngleic leo siúd ar fad ar bhonn dátheangach.
As the Department demonstrated in its answer, there were over 1,000 minor technical adjustments in the first stage of the project, and it would be extremely difficult to address all of them on a bilingual basis.
eclr:2527
Ghlac an t-imscrúdú leis an bhfianaise a cuireadh ar fáil mar thaca don ráiteas seo.
The investigation accepted the evidence supplied in support of this statement.
eclr:2528
Ba é seasamh na Roinne nach bhféadfaí aghaidh a thabhairt ar na mionchoigeartuithe seo laistigh den amchlár a bhí beartaithe do sholáthar an chórais nua seo agus ag an am céanna an córas a sholáthar ar bhonn dátheangach.
The Department’s stance was that these minor adjustments could not be addressed in the timetable that had been proposed for the supply of the new system while delivering the system on a bilingual basis.
eclr:2529
Ba léir dom, áfach, go raibh amchlár teann ag baint leis an togra seo ón am ar bronnadh an conradh i mí an Mhárta 2014 go dtí teacht i bhfeidhm cuid áirithe den chóras i bhfómhar na bliana céanna.
It was apparent to me, however, that this proposal had an extremely tight timetable imposed, from the time the contract was awarded in March 2014 until the implementation of certain parts of the system in the autumn of the same year.
eclr:2530
Chuir an Roinn doiciméad faoi bhráid an imscrúdaithe dar teideal “Functional Requirements Specification” a leag amach cuid mhaith mionsonraí i dtaca le réimsí feidhmiúlachta an chórais nua.
The Department provided the investigation with a document entitled “Functional Requirements Specification” which set out a lot of specifications in respect of the operational fields of the new system.
eclr:2531
Ba léir gur forbraíodh an doiciméad seo mar dhoiciméad oibre i mí Feabhra 2014 agus go raibh an leagan críochnaitheach ar fáil i mí Bealtaine na bliana céanna.
It was apparent that this document had been developed as a working document in February 2014 and that the final version was available in May of the same year.
eclr:2532
Thug mé suntas dó nach raibh aon tagairt déanta do riachtanais teanga sa doiciméad teicniúil seo.
It was significant that there was no mention of language requirements in this technical document.
eclr:2533
Mar phrionsabal ginearálta ní ghéillim don argóint nach féidir córais teicneolaíochta a chur ar fáil go chomhuaineach sa dá theanga oifigiúla.
As a general principle I do not yield to the argument that a technological system cannot be provided simultaneously in both official languages.
eclr:2534
Tá a leithéid déanta ag cuid mhaith comhlachtaí poiblí roimhe seo.
It has been done by quite a number of public bodies before.
eclr:2535
Mar aon le gnéithe eile d’aon tionscnamh teicneolaíochta is gá go mbeadh an réamhphleanáil déanta, na hacmhainní cuí curtha ar fáil agus na hamscálaí curtha in oiriúint más ann go bhfuil a leithéid le baint amach.
As well as any other aspect of any technological project, it is necessary that preplanning be carried out, the necessary resources be made available and that the timescales are in accordance if such a thing is to be achieved.
eclr:2536
D’fháiltigh mé roimh an eolas gur pléadh ceist na Gaeilge ag céim phleanála an chórais.
I welcomed the information that the question of Irish was discussed at the planning stage.
eclr:2537
Tá sé tábhachtach, sa chás go bhfuil córas den chineál seo á bheartú, go ndéanfaí cinnte de go bhfuil aon dualgas reachtúil teanga atá ar an gcomhlacht poiblí curtha san áireamh.
It is important, when proposing a system of this nature, that it is ensured that any statutory language obligation on the public body is included.
eclr:2538
Cé gur chuir an Roinn cás i mo láthair go ndearnadh scrúdú ar cheist na Gaeilge agus an córas á phleanáil, áfach, níor cuireadh aon fhianaise ar fáil gur áiríodh an mhír sa scéim teanga sa phleanáil sin – go deimhin, tugadh le fios go ndearnadh an phleanáil bunaithe ar chóras ‘FAOI MAR ATÁ’, rud a thabharfadh le fios nár áiríodh aon mhír sa scéim a bhí le teacht i bhfeidhm i gcás aon chóras nó foirm nua a bhí beartaithe.
Although the Department made a case to me that the question of Irish had been examined at the planning stage, no evidence was supplied that this element of the language scheme was taken into account in that planning – indeed, it was advised that the planning undertaken was based on a ‘AS THINGS STAND’ (trans.) system, which would give one to understand that no element of the scheme which was to come into effect, whenever a new form or system was proposed, was taken into account.
eclr:2539
Dhearbhaigh mé gur chóir cinnte a dhéanamh de go n-áireofaí é in aon réamhphleanáil feasta.
I confirmed that it should be ensured that it was taken into account in any preplanning in future.
eclr:2540
Ba léir ón eolas a cuireadh ar fáil don imscrúdú nach raibh an córas seo ar fáil don phobal i gcoitinne, faoi mar a dhearbhaigh an Roinn.
It was apparent from the information provided to the investigation that this system was not available to the public in general, as the Department confirmed.
eclr:2541
In ainneoin go bhféadfadh aischur a bheith á ghiniúint ag an gcóras a bhí dírithe ar an bpobal i gcoitinne nó ar aicme den phobal sin, ba léir go raibh an córas seo forbartha ar mhaithe lena úsáid ag eagraíochtaí réamhscoile.
Despite the fact that returns could be generated by the system that were directed at the public in general or a class of that public, it was apparent that the system had been developed for the benefit of preschool organisations.
eclr:2542
Ba léir freisin nach raibh rochtain ag an bpobal ar an gcóras chun aon iarratas a dhéanamh.
It was also apparent that the public did not have access to the system to make any applications.
eclr:2543
Ós rud é nár chóras é an córas PIP a bhí ag cur ar chumas an phobail i gcoitinne iarratas ar líne a dhéanamh, níorbh fhéidir go raibh sárú ar dhualgas reachtúil i gceist.
As the PIP system was not a system which was enabling the public in general to make online applications, it could not be said that there was a breach of statutory obligations.
eclr:2544
D’fháiltigh mé roimh dhearbhú na Roinne Leanaí agus Gnóthaí Óige go rabhthas ag oibriú i dtreo na sprice go mbeadh an leagan Gaeilge den fhoirm dearbhaithe, ab ábhar don bhunghearán, á ghiniúint ag an gcóras do chláruithe 2015-2016.
I welcomed the affirmation of the Department of Children and Youth Affairs that it was working towards the target that the Irish version of the confirmation form, which was the subject of the original complaints, would be generated by the system for registrations for 2015-2016.
eclr:2545
D’fháiltigh mé roimh chinneadh na Roinne tógáil uirthi féin socruithe eatramhacha a chur in áit nuair a chuir an Oifig seo ábhar an ghearáin ar a súile di.
I welcomed the decision of the Department to take upon itself to put interim arrangements in place when this Office brought the subject of the complaints to its attention.
eclr:2546
De thoradh na ngearán sin agus na socruithe a cuireadh in áit fágadh nach raibh aon iallach ar thuismitheoirí páistí naíscoile glacadh le foirm dhearbhaithe chórasghinte a bhí i mBéarla amháin.
As a result of those complaints and the arrangements put in place no parent of a preschool child was forced to accept a computer generated confirmation form in English only.
eclr:2547
Imscrúdú seolta: 16 Aibreán 2015
Investigation launched: 16 April 2015
eclr:2548
Tuarascáil eisithe: 7 Lúnasa 2015
Report issued: 7 August 2015
eclr:2549
An Roinn Oideachais agus Scileanna
The Department of Education and Skills
eclr:2550
Rinneadh cinneadh scor d’imscrúdú nuair a cuireadh in iúl dom nach raibh sé beartaithe dul chun cinn leis na trialacha caighdeánacha scoile ab ábhar don imscrúdú.
It was decided to discontinue an investigation when I was advised that it was not intended to proceed with the standardised school tests which were the subject of the investigation.
eclr:2551
D’eascair an cás seo ó dhualgas na hOifige seo imscrúdú a dhéanamh ar chomhlíonadh forálacha achtacháin a bhaineann le stádas nó le húsáid teanga oifigiúla de bharr gearán ó bhall den phobal.
The case arose from the obligation on the Office to conduct an investigation on the fulfilment of the provisions of an enactment relating to the status or use of an official language, as a result of a complaint from a member of the public.
eclr:2552
Ba chás leis an ngearánach go raibh tástálacha caighdeánacha Béarla le cur ar mhic léinn dara leibhéal, bliain sula gcuirfí tástálacha caighdeánacha Gaeilge ar na mic léinn dara leibhéal, fiú sna scoileanna Gaeltachta agus sna scoileanna a dhéanann teagasc trí mheán na Gaeilge.
The complainant was concerned that standardised English tests were to be introduced for second level students a year prior to standardised Irish tests being introduced, even in Gaeltacht schools and schools which teach through the medium of Irish.
eclr:2553
Thionscain mé an t-imscrúdú ar an Roinn Oideachais agus Scileanna chun a chur ó amhras an raibh nó nach raibh na dualgais reachtúla teanga atá daingnithe i bhfo-alt 6(i), (j) & (k) agus i bhfo-alt 7(2)(d) den Acht Oideachais, 1998, ar achtachán é a bhaineann le stádas nó le húsáid teanga oifigiúla – á gcomhlíonadh go cuí i dtaca leis na tástálacha caighdeánacha seo.
I initiated the investigation to remove any doubt as to whether or not the statutory language obligations that are confirmed in sections 6(i), (j) & (k) and section 7(2)(d) of the Education Act 1998, which is an enactment concerning the use or status of the official languages, were being properly fulfilled in respect of these standardised tests.
eclr:2554
Sheol mé an t-imscrúdú ar an 29 Deireadh Fómhair 2014.
I commenced the investigation on 29 October 2014.
eclr:2555
Ceadaítear dom, faoi fho-alt 24(3)(b)(iv) d’Acht na dTeangacha Oifigiúla, scor d’imscrúdú má thagaim ar an tuairim nach bhfuil aon sárú i gceist ar fhorálacha an Achta sin nó aon achtachán eile a bhaineann le stádas nó le húsáid na Gaeilge.
I am permitted, under subsection 24(3)(b)(iv) of the Official Languages Act, to discontinue an investigation if I come to the opinion that there is no breach of that Act or any other enactment concerning the status or use of an official language.
eclr:2556
I bhfianaise na litreach dar dáta an 11 Bealtaine 2015 thar ceann na Roinne ó Phríomhoifigeach dá cuid, rinne mé cinneadh scor den imscrúdú seo.
In light of the letter of 11 May 2015 from a Principle Officer on behalf of the Department, I decided to discontinue this investigation.
eclr:2557
Thug an Roinn Oideachais agus Scileanna deimhniú sa litir thuasluaite nach bhfuil sé beartaithe na trialacha caighdeánacha a thabhairt isteach do lucht an dara bliain de bharr mholtaí Thuarascáil Travers, a eisíodh mar chuid den idirphlé ar athchóiriú na Sraithe Sóisearaí.
The Department of Education and Skills confirmed in the above-mentioned letter that it is not intended to introduce the standardised tests for second year students in light of the recommendations of the Travers Report, which issued as part of the negotiations on the restructuring of the Junior Cycle.
eclr:2558
Ó tharla nach mbeadh sárú i gceist ar aon fhoráil reachtúil teanga maidir le stádas nó le húsáid na Gaeilge ní bheadh aon bhuntáiste breise ag eascairt as leanúint den imscrúdú, fad is nach bhfuil na trialacha caighdeánacha á mbeartú.
As there will be no breach of any statutory language provision in respect of the status or use of Irish there would be no extra benefit to be gained from continuing with the investigation, as long as standardised tests are not being contemplated.
eclr:2559
Dearbhaíodh nár chóir glacadh leis an gcinneadh go raibh an t-imscrúdú á scor agam gur ghéill mé do sheasamh na Roinne maidir leis an gceist seo, agus tugadh le fios go bhféadfaí glacadh leis go rachadh an Oifig i mbun imscrúdú athuair ar an ábhar dá gcinnfí amach anseo na trialacha caighdeánacha a dhéanamh agus an leagan Béarla a thionscnamh níos túisce ná an leagan Gaeilge.
The Department was advised that my decision to discontinue the investigation should not be construed as my yielding to the Department’s stance on this matter, and that it could be assumed that the Office would reinitiate the investigation if it was decided in the future to proceed with the standardised tests and to initiate the English tests prior to initiating those in Irish.
eclr:2560
Imscrúdú seolta: 29 Deireadh Fómhair 2014
Investigation launched: 29 October 2014
eclr:2561
Imscrúdú scortha: 28 Bealtaine 2015
Investigation discontinued: 28 May 2015
eclr:2562
GEARÁIN
COMPLAINTS
eclr:2563
Ón nGaeltacht a tháinig 26% de na gearáin agus tháinig na 74% eile ó cheantair lasmuigh den Ghaeltacht, ardú bheag ó anuraidh.
As happened in previous years, most of the complaints were resolved through the informal complaints resolution mechanism operated by my Office or through providing advice to the complainants.
eclr:2564
Foilsiú doiciméad áirithe
[Charts in Irish version]
eclr:2565
Eile (cúiseanna aonair)
Statistics
eclr:2566
Údaráis áitiúla • Local authorities 32.2% 34.7%
The following chapter contains a report on that investigation.
eclr:2567
Comhairle Cathrach na Gaillimhe
Galway City Council
eclr:2568
Léirigh imscrúdú gur sháraigh Comhairle Cathrach na Gaillimhe an dualgas reachtúil teanga atá daingnithe i bhfo-alt 18(1) d’Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 maidir le cur i bhfeidhm a scéime teanga chomh fada is a bhain sé le míreanna sonraithe den scéim sin.
An investigation found that Galway City Council breached the statutory language obligation which is confirmed in subsection 18(1) of the Official Languages Act 2003 in respect of its language scheme insofar as it concerned specified elements of that scheme.
eclr:2569
Daingníodh dara scéim teanga Chomhairle Cathrach na Gaillimhe faoi alt 11 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla agus tháinig sí i bhfeidhm ar an 23 Nollaig 2009.
Galway City Council’s second language scheme under section 11 of the Official Languages Act was confirmed and came into effect on 23 December 2009.
eclr:2570
Faoi fho-alt 14(3) den Acht, fanann forálacha na scéime i bhfeidhm ar feadh tréimhse trí bliana ón dáta a dhaingníonn an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta í nó go dtí go mbíonn scéim nua daingnithe ag an Aire de bhun alt 15 den Acht, cibé acu is déanaí.
Under subsection 14(3) of the Act, the provisions of the scheme remain in effect for three years from the date it is confirmed by the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht, or until a new scheme is confirmed by the Minister under section 15 of the Act, whichever is the later.
eclr:2571
De réir fho-alt 18(1) d’Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003, tá dualgas ar chomhlachtaí poiblí a chinntiú go rachfar ar aghaidh le scéim teanga atá daingnithe faoin Acht seo a chur i gcrích.
Under subsection 18(1) of the Official Languages Act 2003, a duty is placed on public bodies to proceed with implementing a language scheme which is confirmed under this Act.
eclr:2572
Mar chuid d’fheidhm faireacháin m’Oifige, rinneadh iniúchadh ar chomhlíonadh an dualgais faoi fho-alt 18(1) den Acht i gcás dara scéim teanga Chomhairle Cathrach na Gaillimhe ag deireadh na tréimhse trí bliana den scéim.
As part of the monitoring function of my Office, an audit was carried out on the fulfilment of the obligation under subsection 18(1) of the Act in respect of the second scheme of Galway City Council at the end of the third year of the scheme.
eclr:2573
De thoradh an phróisis sin, bhí an chosúlacht air nár cuireadh gealltanais ar leith de chuid na scéime teanga sin i bhfeidhm.
As a result of that process, it appeared that certain provisions of the scheme had not been implemented.
eclr:2574
Rinne m’Oifig iarracht cás na ngealltanas a raibh amhras faoina gcur i ngníomh a réiteach leis an gComhairle le linn an phróisis faireacháin agus iniúchta ach níor éirigh leis na hiarrachtaí sin comhréiteach a aimsiú.
My Office attempted to resolve the issue of the provisions regarding which there was some doubt as to their implementation during the monitoring and audit process but those attempts did not achieve a resolution.
eclr:2575
Sa bhreis air sin, rinne ball den phobal gearán le m’Oifig i mí na Nollag 2014 nach raibh suíomh gréasáin na Comhairle i gcomhréir leis an méid a bhí geallta sa scéim teanga agus nach raibh an tseirbhís cuntair ar fáil mar a bhí leagtha síos sa scéim.
On top of that, a member of the public made a complaint to my Office in December 2014 that the Council’s website was not in accordance with the provisions of the language scheme and that a counter service which was provided for in the scheme was not available.
eclr:2576
Nuair nár éirigh le m’Oifig an cheist seo a réiteach ar bhonn neamhfhoirmiúil, ní raibh de rogha agam ach imscrúdú foirmiúil a sheoladh faoi réir na ndualgas atá orm agus na gcumhachtaí atá tugtha dom go reachtúil.
When my Office’s informal attempts to resolve the matter were unsuccessful, I had no other option but to launch an investigation in line with the statutory obligations placed upon me and powers given to me.
eclr:2577
Bheartaigh mé imscrúdú a sheoladh ar an 15 Bealtaine 2015.
I decided to launch an investigation on 15 May 2015.
eclr:2578
Scríobh mé, mar chéad chéim den imscrúdú, chuig an bPríomhfheidhmeannach ag lorg eolas ar leith, freagraí ar cheisteanna ar leith, chomh maith le haon fhaisnéis, taifid nó rud den sórt sin a bhain le hábhar an imscrúdaithe.
As the first step of the investigation, I wrote to the Chief Executive, requesting particular information and responses to certain questions as well as any information, record or any such thing which was relevant to the subject of the investigation.
eclr:2579
D’iarr mé go gcuirfí an t-eolas cuí sin ar fáil faoin 8 Meitheamh 2015.
I requested that the relevant information be provided by 8 June 2015.
eclr:2580
Tháinig freagra ón gComhairle mar aon le hábhar tacaíochta i litir dar dáta an 4 Meitheamh 2015.
I received a response from the Council together with accompanying documentation in a letter dated 4 June 2015.
eclr:2581
Ina freagra, thug an Chomhairle le fios don imscrúdú nach raibh Oifigeach Gaeilge aici faoi láthair chun maoirseacht a dhéanamh ar fheidhmiú agus ar chur chun cinn na scéime teanga.
In its answer, the Council advised the investigation that it did not have an Irish Language Officer at the time to supervise the implementation and progression of the language scheme.
eclr:2582
Dhearbhaigh an Chomhairle go raibh 20% de laghdú tagtha ar fhoireann na heagraíochta de bharr iarrachtaí an Rialtais dul i ngleic leis an staid eacnamaíoch éigeandála a bhí ann agus go raibh, dá thoradh sin, laghdú ar a cumas a chinntiú go raibh sí ag cloí go hiomlán lena scéim teanga.
The Council confirmed that staffing levels had been reduced by 20% due to the efforts of Government to tackle the emergency economic situation and that its ability to ensure that the Council was adhering to its language scheme was reduced accordingly.
eclr:2583
Thuairisc an Chomhairle go raibh iarrachtaí déanta aici nithe áirithe a thabhairt chun cinn lena gealltanais a chomhlíonadh go dtí na caighdeáin cuí.
The Council reported that it had made some efforts to advance some of the commitments in the scheme to the required standard.
eclr:2584
Thug sí le fios chomh maith go raibh iarrtha arís agus arís eile aici ar an Roinn Comhshaoil, Pobail & Rialtais Áitiúil cead a thabhairt di duine a earcú don phost mar Oifigeach Gaeilge lánaimseartha, agus chuir sí fianaise ar fáil ina leith seo.
It advised also that it had asked the Department of the Environment, Community and Local Government over and over again for permission to recruit somebody for the position of fulltime Irish Language Officer, and it provided evidence to this effect.
eclr:2585
I dteannta an méid sin, thug an Chomhairle le fios go raibh sí i dteagmháil le Gaillimh le Gaeilge maidir le modhanna eile chun cabhair a fháil le cloí lena scéim.
As well as that, the Council informed the investigation that they had been in touch with Gaillimh le Gaeilge in respect of other methods of getting help to comply with its scheme.
eclr:2586
Mhaígh an Chomhairle go raibh na gealltanais ina scéim an-sonrach agus go raibh siad insroichte tráth a gcomhaontaithe, ach go raibh laghdaithe ar a cumas cloí leis an scéim de bharr ualach oibre agus laghdú acmhainní.
The Council claimed that the commitments in the scheme were definitive and that they were achievable at the time of its agreement, but that its ability to comply with the scheme was reduced due to the workload and reduced resources.
eclr:2587
D’fhill mé ar an gComhairle ag lorg a seasaimh i dtaca le gach aon cheann de na gealltanais a bhí leagtha amach san Aguisín leis an imscrúdú, mar a bhí riachtanach do riaradh an phróisis.
I reverted to the Council seeking its stance with regard to each individual commitment set out in the Appendix to the investigation, as was required for the administration of the process.
eclr:2588
D’iarr mé go dtabharfaí cuntas faoin 7 Iúil 2015 ar an dul chun cinn a bhí déanta i leith gach ceann de na gealltanais ábhartha ón tráth a daingníodh an scéim teanga.
I requested that an account be given by 7 July 2015 of the progress made in respect of each of the relevant commitments from the time the language scheme was confirmed.
eclr:2589
Mar fhreagra ar an litir sin, fuair mé litir dar dáta an 26 Meitheamh 2015 ag tabhairt le fios go raibh Oifigeach Gaeilge ceaptha ag an gComhairle ar bhonn sealadach ar feadh tréimhse sé mhí, agus ag lorg síneadh ama dá bharr.
In response to that letter, I received a letter dated 26 June informing me that the Council had appointed an Irish Language Officer in a temporary capacity for a period of six months, and requesting a time extension because of this.
eclr:2590
De bharr cheapachán an Oifigigh Gaeilge shealadaigh, shocraigh mé an t-imscrúdú a chur ar athló ar feadh tréimhse trí mhí, mar a bhí iarrtha, le deis a thabhairt don Chomhairle a dualgais reachtúla uile i dtaca le cur i bhfeidhm na scéime a chomhlíonadh.
I decided to adjourn the investigation for a period of three months, as requested, as a result of the appointment of the Irish Language Officer, to afford the Council the opportunity to implement all its obligations under the scheme.
eclr:2591
Chuir mé é sin in iúl don Chomhairle ar an 7 Iúil, agus dúirt mé go bhfillfinn ar an gComhairle ag deireadh mhí Meán Fómhair, le tuairisc a fháil ar an dul chun cinn, agus go ndéanfainn cinneadh i dtaca leis an imscrúdú ar fháil na tuairisce sin dom.
I informed the Council of that decision on 7 July, and advised that I would revert to the Council once more at the end of September for a progress report, and that I would make a decision in respect of the investigation on receipt of that report.
eclr:2592
Scríobh mé arís chuig an gComhairle ar an 30 Meán Fómhair, ag lorg na tuairisce sin, agus fuair mé an tuairisc i litir dar dáta an 14 Deireadh Fómhair.
I wrote once more to the Council on 30 September, seeking that progress report, and I received the report in a letter dated 14 October.
eclr:2593
Dúirt an Chomhairle go raibh an tOifigeach Gaeilge sealadach ceaptha gan cead na Roinne ach go raibh sí ag leanúint ar aghaidh leis an bpróiseas maidir le cead a fháil an post sin a líonadh ar bhonn buan.
The Council stated that the Irish Language Officer had been appointed without the permission of the Department but that it was continuing with the process of seeking permission to fill that position on a permanent basis.
eclr:2594
Thug an Chomhairle cur síos don imscrúdú sa tuairisc ar an méid a bhí déanta agus beartaithe faoi na míreanna éagsúla den scéim teanga, ina measc foirmeacha iarratais, eisiúintí preasa, seirbhísí TF, idirlíon agus suíomh gréasáin, seirbhísí cuntair agus bróisiúir/bileoga eolais.
The Council gave an account to the investigation in the report on the amount that had been achieved and was proposed in respect of the various elements of the language scheme, including application forms, press releases, IT services, internet and website, counter services and information brochures/leaflets.
eclr:2595
Anuas air sin, rinne an Chomhairle Cathrach cur síos ar bhearta breise a bhí curtha i bhfeidhm aici agus comhordú á dhéanamh ar ghéilliúlacht do Scéim Teanga na Comhairle agus le hAcht na dTeangacha Oifigiúla, 2003.
The City Council also gave an account of the additional measures it had implemented while coordinating compliance with the Council’s language scheme and the Official Languages Act 2003.
eclr:2596
Ghlac an Chomhairle buíochas leis an Oifig agus dúirt gur mhaith léi leanúint ar aghaidh leis an gcomhoibriú a bhí ar siúl idir an dá eagraíocht.
The Council thanked the Office and stated that it would like to continue with the cooperation which was in place between the two organisations.
eclr:2597
D’eisigh mé dréacht-tuarascáil ar an 23 Deireadh Fómhair 2015.
I issued a draft report on 23 October 2015.
eclr:2598
Agus í ag lorg soiléiriú ar ghnéithe éagsúla den dréacht-tuarascáil, d’iarr an Chomhairle go gcuirfí an t-eolas i dtaobh na ngearán agus an fhaireacháin ar an scéim teanga leis an tuarascáil.
While seeking clarification on various aspects of the draft report, the Council requested that the information in respect of the complaints and the monitoring of the language scheme be included in the report.
eclr:2599
Ní raibh aon amhras orm ach go raibh cuid mhaith gealltanais fhiúntacha i scéim teanga reatha na Comhairle Cathrach.
I was in no doubt that there were a good number of worthy commitments in the current language scheme of the City Council.
eclr:2600
Go deimhin, bhí go traidisiúnta agus tá go fóill an Ghaeilge aitheanta go láidir le Cathair na Gaillimhe.
Indeed, the Irish Language was traditionally and still is widely identified with Galway City.
eclr:2601
Tá ceantar Gaeltachta mar chuid de cheantar feidhme an údaráis áitiúil agus tá an ceantar Gaeltachta is mó sa tír ag luí ar thairseach na cathrach.
There is a Gaeltacht area within the local authority’s remit and the largest Gaeltacht area in the country is on its doorstep.
eclr:2602
Tá iarrachtaí móra ar siúl sa chathair le stádas agus úsáid na Gaeilge a neartú inti agus tá an Chomhairle Cathrach féin bainteach le cuid de na hiarrachtaí sin.
Huge efforts are being made to strengthen the status and use of the Irish language in the city and the City Council itself is associated with some of those efforts.
eclr:2603
Láidrigh an méid sin tuilleadh fós an riachtanas go bhféachfadh Comhairle Cathrach na Gaillimhe chuige go gcuirfí gach a raibh geallta sa scéim teanga i bhfeidhm go huile agus go hiomlán, gan trácht ar an dualgas reachtúil go ndéanfaí sin.
That strengthened even further the requirement that Galway City Council would ensure that all that was promised in the language scheme was implemented in full, without mentioning the legal obligation to do so.
eclr:2604
Ba í fírinne an scéil, áfach, mar a d’admhaigh an Chomhairle don imscrúdú, gur theip uirthi an méid sin a bhaint amach laistigh den sprioc-am a bhí leagtha síos go reachtúil sa scéim teanga.
The truth of the matter, however, as the Council admitted to the investigation, was that the Council failed to achieve that much, within the timescale which was set down statutorily in the language scheme.