id
stringlengths
6
19
text
stringlengths
1
1.02k
eng_text
stringlengths
1
1.02k
eclr:2705
Ní raibh aon amhras ar an imscrúdú ach gurbh “aicme den phobal i gcoitinne” iad na sealbhóirí maoine seo faoi réir na ngnáthchleachtas i dtaca le forléiriú reachtúil.
The investigation was in no doubt that these property owners constituted “a class of the general public” under the usual terms of legal interpretation.
eclr:2706
I mbreithiúnas a tugadh san Ard-Chúirt i mí Feabhra 2015 diúltaíodh d’achomharc Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim i gcoinne chinneadh an imscrúdaithe.
In a judgement made in the High Court in February 2015 the appeal by the Office of the Revenue Commissioners against the findings of the investigation was rejected.
eclr:2707
Tá os cionn céad imscrúdú seolta ag an gCoimisinéir Teanga in imeacht na mblianta agus ba é seo an chéad uair a tugadh dúshlán Ard-Chúirte in aghaidh cinneadh imscrúdaithe a rinne an Coimisinéir.
An Coimisinéir Teanga has conducted over one hundred investigations over the years and this was the first occasion the finding of an investigation by An Coimsinéir Teanga was challenged in the High Court.
eclr:2708
GEARÁIN/IMSCRÚDUITHE
COMPLAINTS/INVESTIGATIONS
eclr:2709
Rinneadh líon suntasach gearán le m’Oifig anuraidh a bhain le comhlachtaí poiblí nach bhfuil faoi scáth na reachtaíochta – 115 san iomlán.
A substantial number of complaints were made to my Office last year relating to public bodies that don’t come under the legislation – 115 in total.
eclr:2710
Bhain a bhformhór mór le comhlachtaí poiblí a cuireadh ar bun ón uair a rinneadh an nuashonrú is déanaí ar sceideal na gcomhlachtaí poiblí in Acht na dTeangacha Oifigiúla siar i Meitheamh na bliana 2006.
The vast majority of these related to public bodies that were established after the schedule relating to public bodies in the Official Languages Act was last updated in June 2006.
eclr:2711
Toisc nach raibh ar chumas m’Oifige na gearáin seo a fhiosrú, de bharr nár tháinig na comhlachtaí poiblí seo faoi scáth na reachtaíochta, ní féidir liom a rá an raibh sárú reachtúil i gceist in aon chás fiú dá mbeidís faoi scáth an Achta.
As my Office couldn’t investigate these complaints, because the public bodies concerned didn’t come under the legislation, I can’t say if a breach of legislation had occurred, even if they did come under the Act.
eclr:2712
Ach léiríonn líon na ngearán na deacrachtaí atá cruthaithe do shaoránaigh na tíre ar mian leo plé leis an státchóras trí Ghaeilge ach nach féidir mar nach bhfuil uasdátú rialta á dhéanamh ar sceideal na gcomhlachtaí poiblí.
But the number of complaints does show the difficulties created for citizens who wish to deal with the State system through Irish but can’t as the schedule of public bodies isn’t being updated regularly.
eclr:2713
Tá sé molta ag m’Oifig i gcomhthéacs an athbhreithnithe ar Acht na dTeangacha Oifigiúla go dtiocfadh gach comhlacht poiblí nuachruthaithe go huathoibríoch faoi scáth na reachtaíochta, mar a tharlaíonn i gcás reachtaíocht eile.
My Office has recommended in the context of the review of the Official Languages Act that every newly-established public body would automatically come under the Act, as happens with other legislation.
eclr:2714
Tá sin curtha san áireamh i gceannteidil an Bhille leasaithe agus cuirim fáilte roimhe sin.
I welcome that that recommendation is included in the heads of the amending Bill.
eclr:2715
Bhain 9.9% de na gearáin le húsáid an leagain Gaeilge d’ainm agus seoladh le comhlachtaí poiblí.
9.9% of complaints related to the usage of the Irish version of a name and address with public bodies.
eclr:2716
Bhí nós seanbhunaithe sa tír seo gur ceadmhach don saoránach ceachtar leagan – Gaeilge nó Béarla – dá n-ainm agus sloinne a úsáid leis an státchóras.
There was a long-standing tradition in this country that citizens could use either version of their name – Irish or English – with the State.
eclr:2717
Go stairiúil, ba mhinic leagan Béarla d’ainm agus sloinne a bheith ar theastas breithe ach leagan Gaeilge a bheith in úsáid ar bhonn laethúil ar phas, ceadúnas tiomána, do chúrsaí cánach agus leasa shóisialaigh &rl.
Historically, it was often the case that an English version of a name was on a birth certificate but an Irish version was used on a daily basis on a passport, driving licence, for tax and social welfare purposes etc.
eclr:2718
De bharr cúrsaí slándála, tá athrú ag teacht ar an gcás seo anois, agus bítear ag súil le cruthúnas úsáide ar feadh tréimhse dhá bhliain den chuid is mó sula ceadmhach leagan eile seachas an leagan ar an teastas breithe a úsáid ar cháipéisí stáit.
For security reasons this is changing now, and it is expected, for the most part, that there be proof of usage for two years before a different version of one’s name may be used on state documents that is different to that on a birth certificate.
eclr:2719
Ní mór a chinntiú go gcuirtear córas cuí in áit a chinntíonn gur ceadmhach don saoránach an leagan is rogha leis nó léi a úsáid leis an Stát, ach a chinntíonn nach bhfuil aon bhaol slándála ann.
It is important to ensure that an appropriate system is put in place which allows the citizen to use whichever version he/she prefers with the State, while also ensuring there are no security concerns.
eclr:2720
Maidir le ceist na seoltaí, is minice ná a mhalairt a dhéantar clárú nó teagmháil leis an Stát trí chóras ar líne, agus go minic lorgaítear seoltaí trí chóras roghchláir, ar a bhfuil na seoltaí réamhshocraithe i dteanga amháin.
As regards the issue of addresses, more often than not registration or contact is made with the State through an online system and very often an address is sought through a menu system where addresses are pre-set in one language only.
eclr:2721
Ba cheart go dtabharfaí rogha don saoránach an leagan Gaeilge nó Béarla den seoladh a úsáid de réir a rogha féin.
Citizens should be entitled to use either the Irish or English version of their address depending on preference.
eclr:2722
Caithfear a chinntiú go bhfuil ar chumas chórais ríomhairí an Stáit plé leis an gceist seo agus le síntí fada mar ba chóir, le cinntiú go bhfuil ainmneacha agus seoltaí cruinn.
It must be ensured that computer systems operated by the State can deal with this issue appropriately and with the síneadh fada to ensure that names and addresses are accurate.
eclr:2723
I gcás amháin anuraidh, chuir údarás áitiúil in iúl do m’Oifig nach raibh i gceist aige an prótacal do chlárú ainmneacha a athrú, in ainneoin nach raibh ar a chumas spás a chur idir an dá eilimint de shloinne an ghearánaigh: ‘ÓDomhnaill’ a bhí á chlárú in ionad ‘Ó Domhnaill’ ar chártaí toghchánaíochta sa Chomhairle seo, mar shampla, agus ‘NíShe’ seachas ‘Ní Shé’.
In one instance last year a local authority informed my Office that it didn’t intend to change its protocol for registration of names in spite of the fact it couldn’t create a space between both elements of the surname of the complainant: ‘ÓDomhnaill’ was being registered rather than ‘Ó Domhnaill’ on the voting cards in this authority for example and ‘NíShe’ instead of ‘Ní Shé’.
eclr:2724
Cé nach raibh a leithéid inghlactha don Oifig seo dhiúltaigh an t-údarás áitiúil an scéal a chur ina cheart, toisc nach raibh aon dualgas reachtúil ina leith.
Whilst this was unacceptable to this Office the local authority refused to rectify the situation as there was no statutory obligation relating to the matter.
eclr:2725
Bheinn ag súil go réiteodh an leasú atá molta ar an reachtaíocht i dtaca le hainmneacha agus seoltaí na deacrachtaí seo atá ag eascairt ar bhonn laethúil.
I would expect that the recommendation made to amend the legislation insofar as it relates to names and address should resolve these difficulties that are occurring on a daily basis.
eclr:2726
Luadh sa Tuarascáil seo anuraidh an deacracht atá ag eascairt ar bhonn leanúnach i dtaca le húsáid córas meaisínaistriúcháin le haistriúcháin oifigiúla a sholáthar ar chomharthaíocht agus ar chomhfhreagras.
Last year’s Annual Report made reference to the difficulty that arises quite regularly relating to the use of machine translation to provide an official translation on signage and correspondence.
eclr:2727
Mar chuid de chlár iniúchta na hOifige don bhliain 2014, socraíodh iniúchadh a dhéanamh ar úsáid na dteangacha oifigiúla ar fhógairtí taifeadta atá in úsáid ag na húdaráis áitiúla.
As part of the audit programme undertaken by the Office in 2014 it was decided to investigate the usage of recorded announcements by local authorities.
eclr:2728
Bhí sé mar chuspóir ag an iniúchadh seo teacht ar thuairim ghinearálta maidir le leibhéal géilliúlachta na n-údarás áitiúil do na Rialacháin.
The aim of the audit was to reach a general opinion regarding the level of compliance with the Regulations by local authorities.
eclr:2729
Ag amanna éagsúla, cuireadh glaonna teileafóin ar phríomhoifigí na n-údarás, le linn gnáthuaireanta oibre agus tar éis gnáthuaireanta oibre na n-oifigí, chomh maith le glaonna ar na Rannóga Tithíochta agus ar na Leabharlanna tar éis gnáthuaireanta oibre.
Phone calls were made at different times to the main offices of local authorities, during work hours and after work hours, as well as calls to Housing Departments and Libraries after normal work hours.
eclr:2730
Ba iad Comhairlí Contae Dhún na nGall agus Laoise amháin a bhí ag baint úsáid as fógairtí taifeadta béil agus a bhí iomlán géilliúil do na Rialacháin.
Donegal and Laois County Councils were the only authorities that were using recorded oral announcements which were in compliance with the Regulations.
eclr:2731
Táimid i mbun cumarsáide leis na húdaráis áitiúla nach raibh a gcuid fógairtí taifeadta béil géilliúil chun a chinntiú go mbeidh siad géilliúil taobh istigh d’achar réasúnach ama.
We are in contact with the local authorities whose recorded oral announcements weren’t compliant to ensure that they are compliant within a reasonable period of time.
eclr:2732
Déanfar athbhreithniú ar an dul chun cinn sin i rith 2015.
Their progress will be reviewed during 2015.
eclr:2733
CUMARSÁID
COMMUNICATIONS
eclr:2734
Ceann de na nithe is mó ar bhain mé taitneamh as ó ceapadh mé sa ról seo ná an deis castáil le lucht labhartha na Gaeilge ó cheann ceann na tíre.
One of the aspects I have enjoyed most since being appointed in the role is the opportunity to meet Irish speakers from all parts of the country.
eclr:2735
Thug mé óráidí faoi chearta teanga an tsaoránaigh i nDún Chaoin, Caisleán an Bharraigh, an Spidéal agus ag Oireachtas na Gaeilge i gCill Airne i measc áiteanna eile.
I have given orations about the language rights of citizens in Dún Chaoin, Castlebar, An Spidéal and at Oireachtas na Gaeilge in Killarney amongst other places.
eclr:2736
Rinne mé píosaí cainte go rialta le grúpaí mac léinn ag ócáidí a bhí eagraithe ag Conradh na Gaeilge agus ag Aontas Mac Léinn na hÉireann chomh maith.
I spoke regularly to groups of students at events organised by Conradh na Gaeilge and the Union of Students in Ireland also.
eclr:2737
Tugann sé ardú meanman dom líon na ndaoine a tháinig chuig na hócáidí sin ar fad, an spéis agus an tuiscint a bhí ag daoine maidir lena gcuid cearta teanga agus an t-éileamh atá ann i measc an phobail go neartófaí na cearta sin.
The number of people who attended these events raised my spirits, as did the interest and understanding people had regarding language rights and the demand that those rights be strengthened.
eclr:2738
Rinne mé na scórtha agallamh i nGaeilge agus i mBéarla leis na meáin chumarsáide ó thosaigh mé sa phost.
I did scores of interviews in Irish and in English with the media since beginning in this role.
eclr:2739
Gabhaim buíochas le lucht na meán as a gcuid cúirtéise agus gairmiúlachta.
I’d like to thank the media for their courtesy and professionalism.
eclr:2740
Caithfidh mé a rá go bhfuil sé an-difriúil, agus fós beagán aisteach, a bheith ag freagairt ceisteanna mar Choimisinéir Teanga seachas a bheith ag cur ceisteanna i mo ról mar iriseoir roimhe seo!
I must say that it’s very different, and still a bit strange, answering questions as Coimisinéir Teanga rather than asking the questions as a journalist as I once did!
eclr:2741
Chuir mé tús chomh maith le sraith cruinnithe le hArd-Rúnaithe na Ranna Rialtais.
I also began a series of meetings with the Secretaries General of Government Departments.
eclr:2742
An aidhm atá leis na cruinnithe sin ná léargas gonta a thabhairt ar na dualgais atá ar chomhlachtaí poiblí faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla, mé féin a chur in aithne go pearsanta mar Choimisinéir Teanga nuacheaptha agus chun a léargas siúd a fháil ar úsáid na Gaeilge sa státchóras.
The aim of these meetings is to give a brief synopsis of the obligations on public bodies under the Official Languages Act, to introduce myself personally as the newly appointed Coimisinéir Teanga and to get their view on the usage of Irish in the state system.
eclr:2743
I mí an Mhárta 2014 d’fhreastail mé ar chomhdháil bhliantúil Chumann Idirnáisiúnta na gCoimisinéirí Teanga a bhí ar siúl in Barcelona.
I attended the annual conference of the International Association of Language Commissioners which took place in Barcelona in March 2014.
eclr:2744
Bhain mé an-tairbhe as an gcomhdháil agus is léir go bhfuil go leor le foghlaim óna chéile ag na naoi n-eagraíocht atá mar chuid don Chumann.
I benefited greatly from the conference and it is clear that the nine bodies that are members of the organisation have a lot to learn from each other.
eclr:2745
Ba chóir dom a lua chomh maith go raibh ról lárnach i mbunú Chumann Idirnáisiúnta na gCoimisinéirí Teanga ag mo réamhtheachtaí, Seán Ó Cuirreáin.
I should also mention that my predecessor, Seán Ó Cuirreáin, had a central role in the establishment of the International Association of Language Commissioners.
eclr:2746
Tá mé i mo bhall de Chumann na nOmbudsman agus d’fhreastail mé ar chruinniú de chuid an Chumainn i mBaile Átha Cliath.
I am a member of the Ombudsman Association and I attended a meeting of the Association in Dublin.
eclr:2747
Is féidir le post Ombudsman a bheith aonarach go maith in amanna agus bhí an-tairbhe le baint as an gcruinniú sin agus as cruinnithe eile a bhí agam le hOmbudsmain i rith na bliana.
The role of Ombudsman can be quite solitary at times and I found that meeting as well as other meetings I had with Ombudsmen on an individual basis throughout the year to be very beneficial.
eclr:2748
Cheap mé beirt bhall ar an gcoiste iniúchóireachta inmheánaí i mbliana chomh maith.
I also appointed two members to the internal audit committee during the year.
eclr:2749
Bhí an-áthas orm gur ghlac an t-iriseoir Áine Ní Chiaráin agus an saineolaí airgeadais Páidí Ó Dálaigh leis an gcuireadh a bheith ina mbaill den choiste.
I was delighted that journalist Áine Ní Chiaráin and financial expert Páidí Ó Dálaigh accepted invitations to become members of the committee.
eclr:2750
Na príomhchúraimí atá orthu ná scrúdú a dhéanamh ar na cleachtais agus na nósmhaireachtaí atá i bhfeidhm ag an Oifig i dtaca le cúrsaí airgeadais agus riaracháin agus is mór an chabhair domsa freisin iad a bheith ar fáil chun comhairle a chur ar fáil faoi ghnéithe éagsúla d’obair na hOifige.
Their primary duties are to examine the practices and procedures that are in place in the Office regarding financial and administrative matters and their advice on different matters relating to the workings of the Office has been a huge help to me.
eclr:2751
Mar a luaigh mé níos luaithe ceadaíodh struchtúr nua foirne don Oifig in 2014.
As I mentioned earlier a new staff structure was permitted for the Office in 2014.
eclr:2752
Is é Colm Ó Coisdealbha Stiúrthóir na hOifige anois agus táim faoi chomaoin mhór aige as an obair ar fad atá déanta aige ó thosaigh sé sa ról sin.
Colm Ó Coisdealbha is the Office Director now and I’m grateful to him for all the work he has done since commencing in that role.
eclr:2753
Ba mhaith liom chomh maith aitheantas a thabhairt don chuidiú a fuair mé ónár mBainisteoir Imscrúduithe, Órla de Búrca, go mór mór agus mé ag tosú amach sa phost, in éindí le Damhnait Uí Mhaoldúin, an t-iar-Bhainisteoir Cumarsáide atá imithe ar scor anois.
I’d also like to recognise the assistance provided by our Investigations Manager Órla de Búrca, especially when I took up this position, along with our former Communications Manager Damhnait Uí Mhaoldúin who has now retired.
eclr:2754
Tá Dualta Ó Broin tosaithe ag obair san Oifig mar Bhainisteoir Géilliúlachta ó shamhradh 2014 agus cuirim fáilte roimhe.
I’d also like to welcome Dualta Ó Broin who has joined the Office as Compliance Manager since summer 2014.
eclr:2755
Tugaim aghaidh ar an dara bliain sa ról seo le dóchas ach ag an am céanna le tuiscint go bhfuil dúshláin mhóra amach romhainn.
Nóirín Seoighe joined as Executive Officer in January 2014 and I’m very grateful to her, Éamonn Ó Bróithe and Deirdre Nic Dhonncha for their expertise and professionalism.
eclr:2756
Pictiúr 1: Uachtarán na hÉireann ag bronnadh an tSéala Oifigiúil ar an gCoimisinéir Teanga.
I look forward to my second year in this role with hope, but also recognise the significant challenges that lie ahead.
eclr:2757
Rinne Uachtarán na hÉireann mé a cheapadh i mo Choimisinéir Teanga go foirmiúil ar an 12 Márta 2014 ar chomhairle an Rialtais tar éis do Thithe an Oireachtais rún a rith ag moladh an cheapacháin.
The President formally appointed me as Coimisinéir Teanga on 12 March 2014 on the advice of the Government following a resolution passed by both Houses of the Oireachtas recommending the appointment.
eclr:2758
Fuair an ceapachán sin do théarma 6 bliana tacaíocht ó na páirtithe uile sa Dáil agus sa Seanad.
The appointment for a 6 year period received the support of all the parties in the Dáil and Seanad.
eclr:2759
Tháinig mé i gcomharbacht ar an gcéad Choimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, a d’éirigh as oifig ar an 23 Feabhra 2014.
I replaced the first Coimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, who resigned on 23 February 2014.
eclr:2760
Tá cur síos mion ar obair Oifig an Choimisinéara Teanga ó 2004 go dtí seo sna tuarascálacha bliantúla atá ar fáil ar shuíomh gréasáin na hOifige: www.coimisineir.ie.
A detailed account of the work of the Office since its establishment in 2004 is provided in the annual reports available on the Office’s website: www.coimisineir.ie.
eclr:2761
Tá fáil ar an suíomh freisin ar na cuntais airgeadais chuí.
The relevant financial accounts are also available on the website.
eclr:2762
Oifig neamhspleách reachtúil í Oifig an Choimisinéara Teanga a bhfuil de chúram uirthi monatóireacht a dhéanamh ar an gcaoi a bhfuil forálacha Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 á gcomhlíonadh ag comhlachtaí poiblí an Stáit.
The Office of An Coimisinéir Teanga is an independent statutory office whose responsibility is to monitor the manner in which the State’s public bodies comply with the provisions of the Official Languages Act 2003.
eclr:2763
Déanann an Oifig gach beart riachtanach chun a chinntiú go gcomhlíonann comhlachtaí poiblí a ndualgais faoin Acht féin, faoi na Rialacháin faoin Acht agus faoi scéimeanna teanga, sa chás gur ann dóibh.
The Office takes all necessary measures to ensure that public bodies fulfil their obligations under the Act itself, under the Regulations made under the Act and under language schemes, where these apply.
eclr:2764
Fiosraíonn an Oifig gearáin ón bpobal i gcásanna ina gcreidtear go bhfuil teipthe ar chomhlachtaí poiblí a ndualgais a chomhlíonadh faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla.
The Office investigates complaints from the public in cases where it is believed that public bodies may have failed to fulfil their obligations under the Official Languages Act.
eclr:2765
Fiosraíonn an Oifig freisin aon ghearán bailí ina líomhnaítear nach bhfuil foráil d’aon achtachán eile a bhaineann le stádas nó le húsáid na Gaeilge á comhlíonadh.
The Office also enquires into any valid complaints regarding allegations that a provision of any other enactment relating to the status or use of Irish has been contravened.
eclr:2766
Cuireann an Oifig comhairle ar fáil don phobal maidir lena gcearta teanga agus comhairle ar chomhlachtaí poiblí maidir lena ndualgais teanga faoin Acht.
My Office provides advice to the public about their language rights and to public bodies about their language obligations under the Act.
eclr:2767
Tá sé mar phríomhchuspóir ag an Acht a chinntiú go soláthraíonn an Státseirbhís agus an tSeirbhís Phoiblí seirbhísí Gaeilge ar bhonn níos líonmhaire agus ar chaighdeán níos airde in imeacht tréimhse ama.
The primary objective of the Act is to ensure that the services provided through Irish by the Civil and Public Service increase in both quantity and quality over a period of time.
eclr:2768
Shínigh an tUachtarán Acht na dTeangacha Oifigiúla ina dhlí ar an 14 Iúil 2003 agus trí bliana ina dhiaidh sin, ar an 14 Iúil 2006, tháinig gach foráil den Acht nach raibh tagtha i bhfeidhm le hOrdú Aire roimhe sin i bhfeidhm go hoifigiúil.
The President signed the Official Languages Act into law on 14 July 2003 and three years later, on 14 July 2006, all provisions of the Act not already commenced by Ministerial Order came into effect.
eclr:2769
Chiallaigh sin go raibh bunús reachtúil ón dáta sin ar aghaidh le gach foráil de chuid an Achta.
That meant that from this date onwards, every provision of the Act had a statutory basis.
eclr:2770
Shínigh an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta na Rialacháin um Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 (Alt 9) 2008 (I.R.
On 1 October 2008, the Minister for Community, Rural and Gaeltacht Affairs signed the Official Languages Act 2003 (Section 9) Regulations 2008 (S.I.
eclr:2771
Uimh. 391 de 2008) ar an 1 Deireadh Fómhair 2008.
No. 391 of 2008).
eclr:2772
Faoi na Rialacháin, tá dualgas ar chomhlachtaí poiblí a chinntiú go bhfuil a gcuid stáiseanóireachta, a gcuid comharthaíochta agus a gcuid fógairtí taifeadta béil á soláthar i nGaeilge amháin, nó i nGaeilge agus i mBéarla, de réir critéir ar leith atá daingnithe sna Rialacháin.
Under the Regulations, public bodies are obliged to ensure that their stationery, their signage and their recorded oral announcements are provided in Irish only, or in Irish and English, in accordance with certain provisions set out in the Regulations.
eclr:2773
Ní raibh aon Rialachán déanta faoi dheireadh na bliana 2014 maidir le fógráin ná maidir le fógairtí beo béil.
No Regulations had been made by the end of 2014 regarding advertisements or live oral announcements.
eclr:2774
Rinneadh leasú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla in alt 62 den Acht um an Dlí Sibhialta (Forálacha Ilghnéitheacha), 2011.
An amendment was made to the Official Languages Act in section 62 of the Civil Law (Miscellaneous Provisions) Act 2011.
eclr:2775
Ciallaíonn an leasú gur féidir aon Acht den Oireachtas a fhoilsiú ar an idirlíon in aon teanga oifigiúil amháin sula ndéanfar é a chló agus a fhoilsiú go comhuaineach sa dá theanga oifigiúla.
The amendment means that any Act of the Oireachtas may be published online in one official language before it is printed and published simultaneously in both official languages.
eclr:2776
Rinneadh leasú eile in alt 48 den Acht Comhshaoil (Forálacha Ilghnéitheacha), 2011 ar fhoráil d’Ionstraim Reachtúil Uimh. 872 de 2004 – an tOrdú Logainmneacha (Ceantair Ghaeltachta), 2004 – fad is a bhaineann sé leis an logainm, ‘An Daingean’.
An amendment was also made in section 48 of the Environment (Miscellaneous Provisions) Act 2011 to a provision of Statutory Instrument (No. 872 of 2004) – Placenames Order (Gaeltacht Districts) 2004 – in so far as it relates to the placename, ‘An Daingean’.
eclr:2777
Daingnítear sa leasú sin gurb iad ‘Daingean Uí Chúis’ i nGaeilge agus ‘Dingle’ i mBéarla na hainmneacha oifigiúla anois san áit a raibh ‘An Daingean’ roimhe sin.
This amendment confirms that ‘Daingean Uí Chúis’ in Irish and ‘Dingle’ in English are now the official placenames where ‘An Daingean’ was used previously.
eclr:2778
Fógraíodh athbhreithniú foirmiúil ar Acht na dTeangacha Oifigiúla mar ghné amháin de chlár oibre an Rialtais nua a tháinig i gcumhacht in 2011.
A formal review of the Official Languages Act formed part of the programme for government of the new administration that came to power in 2011.
eclr:2779
I mí Iúil 2011, d’fhoilsigh m’Oifig tráchtaireacht mar thuairisc speisialta faoi alt 29 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla ar fheidhm phraiticiúil agus ar oibriú fhorálacha an Achta.
In July 2011, my Office published a commentary, as a special report, under section 29 of the Official Languages Act on the practical application and operation of the Act.
eclr:2780
Ar an 31 Eanáir 2012, tháinig deireadh le tréimhse comhairliúcháin phoiblí a d’eagraigh an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta maidir leis an athbhreithniú.
A public consultation period organised by the Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht in relation to a review of the Official Languages Act ended on 31 January 2012.
eclr:2781
I mí an Aibreáin 2014, d’fhoilsigh an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an tAthbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003, a raibh príomhfhorálacha Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) mar chuid de.
In April 2014 the Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht published the Review of Official Languages Act 2003, part of which included the main provisions of the Official Languages (Amendment) Bill.
eclr:2782
Pictiúr 3: Damhnait Uí Mhaoldúin, a d’éirigh as a cuid cúraimí le linn na bliana.
Photo 3: Damhnait Uí Mhaoldúin who retired from her role during the year.
eclr:2783
Bhí Damhnait ar dhuine de chéad bhaill foirne na hOifige.
Damhnait was one of the Office’s original members of staff.
eclr:2784
Comhairle do Chomhlachtaí Poiblí
Advice to Public Bodies
eclr:2785
Ceann d’fheidhmeanna na hOifige seo is ea comhairle nó cúnamh a sholáthar do chomhlachtaí poiblí a thagann faoi scáth na reachtaíochta maidir lena ndualgais faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla.
The functions of the Office include the provision of advice or assistance to public bodies coming under the aegis of the legislation with regard to their obligations under the Official Languages Act.
eclr:2786
Le linn na bliana 2014, rinne oifigigh ó chomhlachtaí poiblí teagmháil le hOifig an Choimisinéara Teanga ar 105 ócáid éagsúil le ceisteanna sonracha nó le comhairle a fháil maidir le dualgais teanga faoin Acht.
During 2014, officials from public bodies contacted the Office of An Coimisinéir Teanga on 105 separate occasions either with specific questions or seeking advice about their obligations under the Act.
eclr:2787
Bhain thart ar 57% de na fiosrúcháin sin leis na dualgais atá ar chomhlachtaí poiblí maidir le húsáid na Gaeilge agus an Bhéarla ar chomharthaíocht, i stáiseanóireacht agus i bhfógairtí taifeadta béil, 10% le ceisteanna maidir le scéimeanna teanga, 6% le ceisteanna maidir le foilsiú doiciméad go dátheangach de réir alt 10 den Acht, agus 27% le ceisteanna eile i dtaca le hAcht na dTeangacha Oifigiúla.
Approximately 57% of these queries concerned advice on the duties of public bodies with regard to the use of the Irish and English languages on signage, stationery and recorded oral announcements, 10% concerned language schemes, 6% the publication of documents bilingually under section 10 of the Act and 27% concerned other matters to do with the Act.
eclr:2788
I rith na bliana freastalaíodh ar roinnt ócáidí a bhí eagraithe ag comhlachtaí poiblí agus roinneadh eolas leo maidir leis na dualgais atá orthu faoin Acht.
During the year we attended a number of events organised by public bodies and information was provided regarding the obligations placed on them by the Act.
eclr:2789
Chomh maith leis sin freastalaíodh ar iarratais a rinne comhlachtaí poiblí ar chruinnithe aonaracha chun comhairle a ghlacadh i dtaca le dualgais shonracha faoin Acht.
We also accommodated requests made by individual public bodies to attend meetings in order to receive advice on specific obligations under the Act.
eclr:2790
Le linn na bliana reatha ghlac an Coimisinéir Teanga le cuireadh ó eagraíochtaí pobail agus forais eile freastal ar ócáidí poiblí.
During the year An Coimsinéir Teanga accepted invitations from community organisations and other bodies to attend public events.
eclr:2791
Is deis a bhí sna hócáidí léargas a thabhairt ar obair na hOifige agus plé poiblí a dhéanamh ar fheidhmiú an Achta, cearta teanga an tsaoránaigh agus ábhair ghaolmhara eile.
These events were an opportunity to provide an insight into the work undertaken by the Office, the language rights of citizens and other related matters.
eclr:2792
I measc na n-imeachtaí ag ar thug an Coimisinéir Teanga cur i láthair bhí:
An Coimisinéir Teanga made a presentation at the following events, amongst others:
eclr:2793
· Cruinniú poiblí a d’eagraigh Craobh Chonradh na Gaeilge i gCathair na Mart
· Public event organised as part of Oireachtas Chois Fharraige
eclr:2794
Tá leagan leictreonach den acmhainn oideachais, Cearta Teanga / Language Rights, le fáil ar líne ag www.coimisineir.ie/scoileanna.
An electronic version of an educational resource, Cearta Teanga / Language Rights, is available online at www.coimisineir.ie/schools.
eclr:2795
Más mian le duine comhairle a lorg nó gearán a dhéanamh, is féidir foirm ghearáin ar líne a chomhlánú agus a sheoladh go leictreonach chuig an Oifig.
If a member of the public wishes to seek advice or make a complaint, there is an online form that can be completed and sent electronically to my Office.
eclr:2796
I gcomhréir le clár oibre r-sheirbhísí an rialtais, tá fáil ar an suíomh gréasáin trí www.gov.ie and tá nasc ar fáil anois faoin rogha ‘seirbhísí ar líne/gearáin’.
In accordance with the eGovernment agenda, the website is included in www.gov.ie and a link is available under ‘online services/complain’.
eclr:2797
Baineann leibhéal inrochtaineachta AA ar a laghad le gach leathanach den suíomh.
All pages of the website are, at a minimum, AA accessible.
eclr:2798
Glactar buíochas leis na hiriseoirí ar fad a chuir an oiread sin suime in obair na hOifige le linn na bliana agus a chabhraigh le cur chun cinn na hoibre sin trína gcuid tuairisceoireachta i mBéarla agus i nGaeilge.
The efforts of journalists who showed such an interest in the work of the Office during the year and who helped to progress that work through their reports, both in English and in Irish, are much appreciated.
eclr:2799
CUMANN IDIRNÁISIÚNTA na gCOIMISINÉIRÍ TEANGA
INTERNATIONAL ASSOCIATION OF LANGUAGE COMMISSIONERS
eclr:2800
Bunaíodh Cumann Idirnáisiúnta na gCoimisinéirí Teanga nuair a tháinig Coimisinéirí Teanga ó Cheanada, an Chatalóin, an Afraic Theas, an Bhreatain Bheag, New Brunswick, Éire, Ontario, an Chosaiv, agus Nunavut le chéile ag Comhdháil Idirnáisiúnta ar Chearta Teanga i mBaile Átha Cliath i mí na Bealtaine, 2013.
The International Association of Language Commissioners was founded by Language Commissioners from Canada, Catalonia, South Africa, Wales, New Brunswick, Ireland, Ontario, Kosovo and Nunavut when they met at the International Conference on Language Rights which took place in Dublin in May 2013.
eclr:2801
Toghadh Graham Fraser, Coimisinéir na dTeangacha Oifigiúla i gCeanada, mar chéad Chathaoirleach ar an gCumann agus Seán Ó Cuirreáin mar chéad Rúnaí.
Graham Fraser, Commissioner of Official Languages, Canada, was elected as the first Chairperson of the Association and Seán Ó Cuirreáin as the first Secretary.
eclr:2802
Is é misean CHUMANN IDIRNÁISIÚNTA NA gCOIMISINÉIRÍ TEANGA an comhionannas agus an éagsúlacht i gcúrsaí teanga ar fud an domhain a chur chun cinn agus tacaíocht a thabhairt do choimisinéirí teanga caighdeáin phroifisiúnta den scoth a bhaint amach:
The mission of the INTERNATIONAL ASSOCIATION OF LANGUAGE COMMISSIONERS is to support and advance language rights, equality and diversity throughout the world and to support language commissioners so they may work to the highest professional standards by:
eclr:2803
· trí thaithí a chomhroinnt agus eolas ar an gcleachtas is fearr a mhalartú;
· sharing experience and exchanging knowledge of best practice;
eclr:2804
· trí chomhairle agus cúnamh a thabhairt agus oifigí coimisinéirí teanga á mbunú;
· advising or assisting in the establishment of language commissioners offices;